Cúpla lá roimhe bhí preas ócáid ag Ceannaire TG4 agus dúirt: "Sa nach mór 100 bliain ó bunaíodh an stát, thacaigh an stát leis an nGaeilge mar shiombail den fhéiniúlacht náisiúnta ach níor léiríodh an uaillmhian chéanna do phobal chainteoirí na Gaeilge is a léirigh na húdaráis sa Bhreatain Bheag don Bhreatnais.”
Tháinig an Iar-Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuireáin, ina a chuid taighde ar pholasaí gach rialtas sa tír ó 1928 go dtí na seascadaí ar an tuairim gur "soiniciúlacht, cur i gcéill agus an mhéar fhada a bhí sa treis: is deacair brí ar bith eile a bhaint as polasaí an stáit ó 1928 ar aghaidh".
Bhí cuairt ar an dtír seo ag Uachtarán na Fraince i rith na seachtaine agus ba léir an dearcadh a bhí ag an Rialtas seachas ag an Náisiún ar an dTeanga Náisiúnta.
Bhí Uachtarán na Éireann (mar is gnáth dó) cúramach go mbeadh ár dteanga féin agus teanga na Fraince le feiscint agus le cloisint. Fiú an biaclár don Dinnéar Foirmeálta bhí sé i dteangacha náisiúnta an dá thír. Ach ní raibh sé soiléir (má bhí sé ann ar chor ar bith) go raibh mórán meas ag an Taoiseach nó ag Corps Politique na tíre uirthi.
Ar an gcóras giolcaireachta ó Aras an Uachtaráin bhí siad i nGaeilge nó dhá theangach. Sin an gnáth nós atá aige ó thosigh sé ar sin (cé gur "@PresidentIRL" a thugann sé ar féin ar chúis nach dtuigim). (https://president.ie/ga/ilmheain-agus-oraidi/eisiuinti-nuachta/statement-following-a-meeting-of-an-tuachtaran-michael-d-higgins-with-president-macron)
Mar ceannaire ar Rialtas na hÉireann bheithfeá ag súil le giolch nó dó sa Teanga Náisiúnta ach faraoir, níl an nós sin aige. Ní dóigh liom go bhfaca mé oiread is tuít amháin uaidh i nGaeilge ó thoghadh ian thaoiseach é. Gach tuít uaidh tá sé i mBéarla na Banríona agus mar a gcéanna sa chás seo - cé go raibh beagáinín Fraincise ag a tús a fháiltiú roimh an Uachtarán!
Mar an gcéanna ó suíomh nuachta an Rialtais - @MerrionStreet.ie - News from the Government of Ireland (sic). - gan focal sa Teanga Náisiúnta. Bhí giolch Emmanual Macron féin faoin ocáid ina theanga dhúchais féin agus nod dár dteanga mar clabhsúr.
Nach léiríonn sé a dúirt an Teachta Dála Catherine Martin dhá bhliain ó shin, "má tá rud tabhachtach le rá abair i mBéarla é." Nó mar a mhínigh Seán Ó Cuireáin linn roimpi gur teachtaireacht rí shoiléir í ó gach rialtas ó buníodh an stáit chuig pobal na Gaeilge "Labhraigí Gaeilge le chéile ach ná labhair linne í!".
Agus mé á scríobh seo bhí na giolchanna ó chomhfhreagraí polaitíochta Raidío na Gaeltachta, Eoin Ó Catháin an shoiléir agus cabhrach má bhí duine ag iarraidh na cúrsaí a leanúint. I gcomparáid leis na lag iarrachtaí sna mheáin Béarla a bhí ag brath ar athfhoilsiú ráitaisí i mBéarla seachas tuairiscáil "beo" sa chás seo.
* Fuair Tuairisc.ie cóip den litir seo, a sheol an tAire Catherine Martin agus an tAire Stáit Jack Chambers chuig a gcomhghleacaithe rialtais. (Iarrtha ag Airí na Gaeltachta ar airí rialtais eile go gcomhlíonfadh a ranna a ndualgais i leith na Gaeilge 7 MF 2021)
No comments:
Post a Comment