9.3.11

Gaeilge san daonáireamh

Tá feachtas seolta ag Conradh na Gaeilge chun pobal na Gaeilge a spreagadh leis an leagan Gaeilge den bhfoirm daonáirimh a ghlacadh agus Daonáireamh 2011 á reáchtáil ar an 10 Aibreán 2011.
Déanfar gach duine agus na teaghlaigh ar fad sa tír a áireamh ar an oíche sin (10 Aibreán 2011) agus beidh na foirmeacha daonáirimh chuige seo á ndáileadh ar an bpobal idir 15 agus 20 Márta 2011. Is le linn na tréimhse seo go mbeidh deis ag daoine an leagan teanga is fearr leo a roghnú, agus tá Conradh na Gaeilge ag moladh do dhaoine atá muiníneach as a gcuid Ghaeilge, an leagan Gaeilge den bhfoirm daonáirimh a ghlacadh agus a líonadh.

Arsa Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Comóradh céad bliain atá ann i mbliana ó bhí feachtas Áireamh na nDaoine, 1911 ar bun ag Conradh na Gaeilge; spreag an feachtas sin pobal na hÉireann le bród a bheith acu as a gcumas Gaeilge, agus is tráthúil an bhliain í go bhfuil
Conradh na Gaeilge ar ais i mbun spreagtha arís in am do Dhaonáireamh 2011.

Bhí toradh an-dearfach ar an bhfeachtas Áireamh na nDaoine, 1911 de chuid Chonradh na Gaeilge ag tús an chéid seo caite - mhéadaigh líon na ndaoine a líon an fhoirm daonáirimh isteach i nGaeilge ó 300 iontráil ina raibh an Ghaeilge úsáidte i ndaonáireamh 1901, go breis 's 25,000 iontráil i nGaeilge do dhaonáireamh 1911. (Tá Daonáireamh 1911 (Béarla) ar líne anois!)

Deir Aodán Ó Sé, Ball de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge: "Is iomaí duine le Gaeilge nach mbeadh ar eolas go bhfuil sé de cheart acu an leagan Gaeilge den bhfoirm daonáirimh a lorg, ná go bhfuil fiú a leithéid de leagan den bhfoirm le fáil ar an chéad dhul síos. Tá súil againn, ní hamháin go léireoidh feachtas feasachta Chonradh na Gaeilge go bhfuil a leithéid de rogha ann do Ghaeilgeoirí, ach go spreagfaidh an feachtas líon i bhfad níos mó de phobal na Gaeilge chun leas a bhaint as an bhfoirm i nGaeilge i nDaonáireamh 2011 an mhí seo chugainn."
Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment