Nuair a tháinig chomrialtas Liam MacCoscair i réin sa bhliain 1973 rinne siad Scoil Dhún Chaoin a athoscailt a dhún Roinn Oideachais de chuid Fiana Fáil roimhe sin. Anois ní hamháin go bhfuil an scoil cáiliúil sin faoi bhagairt ach tá chuile scoil sa Gaeltacht nach mór.
![](https://blogger.googleusercontent.com/img/b/R29vZ2xl/AVvXsEgnP3VGBdccjOuDLllTV_pPskUoBwjJmoSJFXKzcNj4io-SgSkIo0CAsPurIag-5mLvAS-UWEQTdvW0O_3na_YkBgC0H7TlWiZ1fDSogLH0ZPiy9uwEqUDjcXKwHH3aAvJyImvgsOuIoOTH/s200/scoildhunchaoin.jpg) |
Le dúnadh? |
Tá an Roinn Oideachais ag lorg aighneachtaí faoin athbhreithniú atá ar bun acu faoi lathair maidir le bunscoileanna beaga(níos lú na 50 dalta).
Beidh leir scoileanna beaga Gaeltachta i gceist san athbhreithniú seo agus tá an chontúirt ann go mbeadh brú ar chuid acu nascadh le scoileanna ina bhfuil an bhéarla mar mheán teagaisc iontu. Iarrtar orainn ár dtacaíocht a leiriú do na scoltacha seo tré aighneacht a sheoladh isteach chuig Roinn an Oideachais ag déanamh cursíos ar thábhacht na teanga agus na scoile go ginearálta ins na pobail bheaga tuaithe seo.
Seo an ceistneoir i bhfoirm doiciméad Word.
![Share/Save/Bookmark](https://lh3.googleusercontent.com/blogger_img_proxy/AEn0k_tk0xrXEB0GzGrsEqHedI1HsISUVAdts-YW1izrxwkZuxIiQtNLzNK1q_cBMYenZoaWOHKT0SB36R3YxDWsSnUerkRy1usxU6BVymfb4WZLEJYnvb3LzwugNrk=s0-d)
Deireadh le scoileanna Gaeltachta?
No comments:
Post a Comment