9.3.10

An tÚdarás ós comhair an chomchoiste!

Ag deireadh mhí na Samhna, foilsíodh an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge i bhfoirm dréachta, agus ó shin i leith tá an dréachtstraitéis chéanna faoi chaibidil ag an gComhchoiste Dála um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.


An tAcadamh, an tÚdarás, agus Fiontar os comhair an Chomhchoiste Oireachtais (Gaelport; 24 Márta'10)

Go dtí seo tá deis tugtha ag an gComhchoiste Dála seo d’eagraíochtaí náisiúnta Gaeilge agus d’eagraíochtaí Gaeltachta tionchar a imirt ar an straitéis ach a gcuid tuairimí a chur i láthair os comhair an Chomhchoiste. Le linn mhí Eanáir, tugadh cuireadh do shé eagraíocht Ghaeilge agus duine aonair amháin teacht os comhair an Chomhchoiste agus a dtuairimí maidir le Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i láthair.

Bhí ionadaithe ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Conradh na Gaeilge, Pobal, Comhluadar, TG4 agus Foras na Gaeilge chomh maith leis an taighdeoir agus gníomhaire pobail, Donncha Ó hÉallaithe i measc na ndaoine a bhí i láthair. (Tuairisc!)

I dtreo dheireadh mhí Feabhra, thaisteal toscaireacht de chuid an Chomhchoiste go dtí Conamara, áit ar tugadh an deis d’eagraíochtaí Gaeltachta a bhíonn ag plé le cur chun cinn na Gaeilge ar bhealaí éagsúla a dtuairimí i dtaobh na straitéise a chur os comhair an Chomhchoiste. Tá liosta ar fáil anseo de na heagrais a bhí i láthair chun léargas a thabhairt don chomhchoiste ar staid na Gaeilge sa Ghaeltacht, agus na himpleachtaí teanga a bhaineadh le cur i bhfeidhm na straitéise sa tréimhse fiche bliain amach romhainn.

Seo mar shampla aighneacht Guth na Gaeltachta. Le linn na deireadh seachtaine céanna, d’fhreastail toscaireacht de chuid an Chomhchoiste ar Thóstal na Gaeilge, chun tuairimí an phobail i leith na straitéise a bhailiú.

Baileoidh lucht an Chomhchoiste le chéile amárach(10 Márta 2010) i dTeach Laighean ag 2pm, áit a ndéanfaidh ionadaithe ó Údarás na Gaeltachta, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus Fiontar DCU cur i láthair ar na láidreachtaí agus na laigí a bhaineann leis an dréachtstraitéis, agus ar na hathruithe a fheictear dóibh a bhfuil gá iad a chur i bhfeidhm ar an straitéis sula gcuirfear í i bhfeidhm.

Ag labhairt dó ag Tóstal na Gaeilge le déanaí, dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeilge, Pádraig Ó hAoláin, gur deis a bhí sa straitéis chun tús a chur le ‘ré nua radacach’ don teanga.
Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment