30.3.10

Imscrúduithe an Choimisinéara Teanga i 2009

Tuairisc an Choimisinéara Teanga don bhliain 2009 foilsithe.
Méadú 15% ar líon na ghearáin ó 2008.

Tuarascáil Bhliantúil 2009

Cuireadh níos mó gearán ón bpobal i láthair Oifig an Choimisinéara Teanga maidir le deacrachtaí nó fadhbanna le seirbhísí stáit trí Ghaeilge le linn 2009 ná mar a cuireadh in aon bhliain eile ó bunaíodh an Oifig.

Léiríonn Tuarascáil Bhliantúil na hOifige a foilsíodh inniu go ndearnadh 687 gearán éagsúil leis an Oifig le linn na bliana 2009 – méadú 15% ar an mbliain roimhe sin.

Réitíodh formhór mór na gcásanna sin trí chomhairle a chur ar an ngearánach nó trí idirbheartaíocht neamhfhoirmiúil leis an gcomhlacht poiblí cuí.

Sa chás nárbh fhéidir teacht ar réiteach ar an mbealach sin, tionscnaíodh imscrúduithe foirmiúla.

Seoladh 17 gcinn d’imscrúduithe foirmiúla le linn na bliana 2009 sa bhreis ar phéire a bhí fós idir lámha ó dheireadh na bliana roimhe sin. Tugadh chun críche 16 cinn de na himscrúduithe sin agus scoireadh de phéire eile nuair a thángthas ar chomhaontuithe sásúla. Bhí imscrúdú amháin fós idir lámha ag deireadh na bliana.

Cinneadh i dtrí imscrúdú éagsúla gur sháraigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte dualgais reachtúla teanga. Chruthaigh dhá imscrúdú ar leith go raibh dualgais sáraithe ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta agus b’amhlaidh an scéal i gcás amháin ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus ag Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim.

Rinne dhá údarás áitiúla, Comhairle Contae na Gaillimhe agus Comhairle Contae Fhine Gall, faillí ina ndualgais reachtúla teanga de réir imscrúduithe. Bhí teip i gcomhlíonadh dualgais reachtúla teanga i gceist freisin i gcás na gcomhlachtaí poiblí seo a leanas: an Chomhairle Ealaíon, Ard-Mhúsaem na hÉireann, Oifig an Choimisinéara Faisnéise agus Iarnród Éireann.

Má theip ar chomhlachtaí poiblí dualgais teanga ar leith a chomhlíonadh go cuí, ní hionann sin agus a rá go raibh faillí á déanamh acu i leith dualgais teanga go ginearálta.

Ón nGaeltacht a tháinig an ceathrú cuid de na gearáin a rinneadh anuraidh leis an gCoimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin. Ar bhonn réigiúnach, tháinig 38% de na gearáin ó Chontae Bhaile Átha Cliath agus 16% de na gearáin ó Chontae na Gaillimhe.

Níl i ndéileáil le gearáin ach gné amháin d’obair Oifig an Choimisinéara Teanga.

Tugadh faoi mhionchlár iniúchtaí ar chomhlachtaí poiblí le monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla. Bhain na hiniúchtaí sin le gnéithe ar leith de na dualgais dhíreacha faoin Acht féin, leis na Rialacháin atá déanta faoin Acht agus le scéimeanna reachtúla teanga.

Anuas air seo, rinne fostaithe i gcomhlachtaí poiblí 377 iarratas i rith na bliana i dtaca le comhairle a fháil maidir lena ndualgais teanga. B’ionann sin agus méadú 153% ar an mbliain roimhe sin agus tharla sé, tríd is tríd, de thoradh theacht i bhfeidhm na Rialachán nua maidir le húsáid na Gaeilge ar chomharthaíocht agus ar stáiseanóireacht.

Seoladh feachtais eolais le linn na bliana chomh maith i dtaca le húsáid na Gaeilge sna cúirteanna agus ar chomharthaí tráchta.

Agus é ag seoladh na Tuarascála Bliantúla, dúirt an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, go raibh forbairt déanta ag cuid mhór den státchóras ar líon agus ar chaighdeán na seirbhísí a chuirtear ar fáil trí Ghaeilge agus go raibh méadú ar thuiscint an phobail agus an státchórais ar chearta teanga.

“Os a choinne sin, tá bearnaí suntasacha fós idir leibhéal na seirbhíse a sholáthraítear trí Ghaeilge i gcomparáid leis na seirbhísí céanna sin trí Bhéarla. Tionscnamh fadtéarmach a bheidh ann a chinntiú go líonfar na bearnaí sin,” a dúirt sé.

“Go ginearálta, is dócha go bhfuil seasamh na Gaeilge ag leibhéal náisiúnta níos daingne anois ná ag aon tréimhse eile le deireanas. Tá a bhfuil i ndán don Ghaeilge mar theanga bheo phobail, áfach, fiú sna ceantair is láidre Ghaeltachta ag an leibhéal is leochailí dá bhfuil ann – ag pointe géarchéime más fíor do chuid den lucht anailíse – go háirithe i measc an aosa óig. Cé go leanfaidh mórán ag labhairt na Gaeilge, teastaíonn toirt chriticiúil le go mairfidh sí mar theanga phobail. Ní go fánach a dhéanann tuismitheoirí Gaeltachta rogha teanga dá gclann agus cibé rogha a dhéanann siad, déantar chun leas na bpáistí é. Gach uair a chuireann oifigigh stáit iallach ar chainteoirí Gaeilge an Béarla a roghnú, daingníonn siad teachtaireacht dhiúltach. Caithfear eagraíochtaí pobail sa Ghaeltacht a chumasú le cinntiú go gcloistear glór na Gaeltachta agus nach gcuirtear ina thost é,”
a dúirt sé.

“Caithfidh an Straitéis 20 Bliain atá beartaithe don teanga a bheith láidir a dhóthain le dul i ngleic le daingniú na Gaeilge mar theanga bheo phobail sa Ghaeltacht mar cheann amháin dá croícheisteanna. Nuair a aontófar an Straitéis, tá sé riachtanach go gcuirfear tús éifeachtach agus gasta lena cur i bhfeidhm iomlán. Mura raibh seo le tarlú, agus go rabhthas le caitheamh léi mar a tharla le hiliomad tuarascálacha inmholta roimhe seo, b’fhearr dá gcaithfí i leataobh anois í ar mhaithe le tuilleadh soiniciúlachta a sheachaint. Beart de réir briathra a theastaíonn in áit focail mhilse,” a dúirt Seán Ó Cuirreáin.

An Coimisinéir Teanga: Seán Ó Cuirreáin

Comhairle Contae na Gaillimhe

Rinne an Coimisinéir Teanga sraith moltaí tar éis imscrúdú a léirigh gur sháraigh Comhairle Contae na Gaillimhe dualgais reachtúla teanga nuair a cuireadh oifigeach de chuid na Comhairle gan líofacht saGhaeilge i mbun oibre i gceantar Gaeltachta an Spidéil i gCo. na Gaillimhe. Léirigh an t-imscrúdú freisin go raibh sárú breise i gceist sa chás céanna nuair a eisíodh freagra i scríbhinn i mBéarla ar chumarsáid i nGaeilge.

Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim
Léirigh imscrúdú gur sháraigh Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim foráil de chuid Acht na dTeangacha Oifigiúla nuair nár comhlíonadh gealltanais ina scéim teanga maidir le foilsiú 20% dá preasráitis go dátheangach agus maidir le suíomh gréasáin scáthánaithe dátheangach a chur i gcrích.

Chonacthas don Choimisinéir Teanga nach raibh cleachtas na heagraíochta inghlactha agus í ag foilsiú an leagain Ghaeilge de phreasráitis ar bhonn siarghabhálach ar a suíomh gréasáin tar éis moille, in amanna, idir ceithre agus naoi mí ó chéadfhoilsiú na bpreasráiteas i mBéarla.

Imscrúdú scortha
Rinneadh imscrúdú eile a scor nuair a thug Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim dearbhuithe faoi úsáid na Gaeilge i bhfoilseacháin a d’eiseofaí don phobal i gcoitinne feasta maidir le hathruithe cánach cáinaisnéisí.

Ard-Mhúsaem na hÉireann
Rinne an Coimisinéir Teanga seacht gcinn de mholtaí tar éis dó teacht ar chinneadh go raibh Ard-Mhúsaem na hÉireann ag sárú dualgais reachtúla teanga faoin National Cultural Institutions Act 1997 maidir le líon leordhóthanach foirne a bheith ag an eagraíocht sin a bhí inniúil sa Ghaeilge chun seirbhísí a sholáthar sa teanga sin chomh maith lena soláthar trí Bhéarla.

Tháinig sé chun solais le linn an imscrúdaithe nach raibh cumas sa Ghaeilge tugtha mar riachtanas i gcás aon cheann de na 103 folúntas a líonadh agus foireann bhreise á ceapadh ag an Ard-Mhúsaem ó thús feidhme na reachtaíochta i mí na Bealtaine 2005. Tugadh le fios go raibh an Ghaeilge “inmhianaithe” i gcás 17 gcinn de na folúntais ach ní dhearnadh aon tagairt ar chor ar bith do chumas sa teanga sna 86 cás eile, d’ainneoin an riachtanais faoin reachtaíocht dóthain foirne a cheapadh le hinniúlacht sa Ghaeilge.

Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
Léirigh imscrúdú gur sháraigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte Acht na dTeangacha Oifigiúla agus í i mbun cumarsáide leis an bpobal maidir le heipidéim fhliú na muc. Sholáthair an Fheidhmeannacht comharthaí i mBéarla amháin maidir le fliú na muc do chomhlachtaí poiblí lena gcur in airde in aerfoirt, i gcalafoirt agus in ospidéil, i measc áiteanna eile, agus scaip an Fheidhmeannacht leabhrán faisnéise i mBéarla amháin i mí na Bealtaine 2009 ar an bpobal i gcoitinne. Ós rud é go raibh dóthain ama ag an bhFeidhmeannacht chun an leabhrán faisnéise i mBéarla a ullmhú agus a dhearadh, chonacthas don Choimisinéir Teanga nárbh fhiú trácht ar an méid moille a bheadh i gceist chun leabhrán, ina raibh beagán le cois míle focal, a aistriú go Gaeilge.

Léirigh imscrúdú eile go raibh sárú déanta ag an bhFeidhmeannacht ar fhoráil d’Acht na dTeangacha Oifigiúla maidir le cur i bhfeidhm gealltanas áirithe dá scéim teanga do Limistéar an Iarthair. I measc na ngealltanas a sáraíodh, bhí forálacha maidir le leaganacha dátheangacha d’fhoirmeacha a bheith ar fáil, gealltanais maidir le hearcaíocht agus socrúcháin i gceantair Ghaeltachta, cúram othar a bheith ar fáil sna hospidéil i rogha teanga an othair, agus aonad riaracháin Gaeilge ar leith le foireann le Gaeilge líofa a bheith bunaithe i nGaeltacht na Gaillimhe.

Léirigh imscrúdú eile gur sháraigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte Acht na dTeangacha Oifigiúla nuair a scaipeadh cumarsáid i mBéarla amháin maidir leis an leicneach i mí an Aibreáin 2009. Scaipeadh an chumarsáid i mBéarla amháin ar gach dalta dara leibhéal ón Idirbhliain go dtí an Ardteistiméireacht agus ar a gcuid tuismitheoirí/caomhnóirí.

Ní bhfuarthas aon sárú ar dhualgais teanga, áfach, nuair a fiosraíodh gearán maidir le cúinsí teanga a bheith curtha san áireamh agus cúram iarobráide á shocrú d’othair i gContae na Gaillimhe.

An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Léirigh imscrúdú gur sháraigh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta foráil de chuid Acht na dTeangacha Oifigiúla nuair nár comhlíonadh gealltanais ina scéim teanga chomh fada is a bhain sé le tosaíocht a thabhairt d’fhoireann le hinniúlacht sa Ghaeilge a chur ar dualgas i rannóga riaracháin a sholáthraíonn seirbhísí do bhunscoileanna sa Ghaeltacht agus do Ghaelscoileanna. Chomh maith leis sin, theip ar an Roinn an céatadán d’ábhar Gaeilge ar a suíomh gréasáin a mhéadú go 30% agus leaganacha Gaeilge de phreasráitis inar fógraíodh scéimeanna nua nó athruithe polasaí a fhoilsiú. Níor cuireadh i bhfeidhm ach an oiread gealltanas maidir le huimhir theileafóin thiomnaithe a sholáthar le haghaidh fiosrúchán i nGaeilge.

Léirigh imscrúdú eile gur sháraigh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta Acht na dTeangacha Oifigiúla maidir le cumarsáid a fhreagairt sa teanga oifigiúil chéanna i gcás freagra a eisíodh ag Oifig an Aire chuig cathaoirleach bord bainistíochta gaelscoile.

An Roinn Gnóthaí Eachtracha
Léirigh imscrúdú gur sháraigh an Roinn Gnóthaí Eachtracha Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfoilsiú trí Bhéarla amháin a dhéanamh ar an doiciméad ar a dtugtar White Paper – The Lisbon Treaty 2009, fad is a bhí an leagan Gaeilge fós á ullmhú, in ainneoin na forála reachtúla gur gá doiciméid ina leagtar amach tograí beartais phoiblí a fhoilsiú go comhuaineach i ngach ceann de na teangacha oifigiúla.

Oifig an Choimisinéara Faisnéise
Léirigh imscrúdú gur sháraigh Oifig an Choimisinéara Faisnéise foráil de chuid Acht na dTeangacha Oifigiúla nuair nár comhlíonadh go cuí gealltanas amháin ina scéim teanga maidir le príomhchinntí an Choimisinéara Faisnéise a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na hOifige go comhuaineach agus go dátheangach.

An Chomhairle Ealaíon
Chinn an Coimisinéir Teanga tar éis imscrúdú go raibh an Chomhairle Ealaíon ag sárú dhá fhoráil éagsúla reachtúla a bhain le húsáid na Gaeilge agus preasráitis á n-eisiúint aici. Bhain foráil amháin le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus bhain an fhoráil eile leis an Acht Ealaíon 2003. Chinn an Coimisinéir Teanga nár leor go n-eiseofaí preasráiteas i dteanga amháin i dtosach agus go bhfoilseofaí sa teanga eile é ar shuíomh gréasáin trí lá níos déanaí ar an meán nó, go deimhin, aon tréimhse níos déanaí.

Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
Léirigh imscrúdú nár sháraigh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath a dualgas reachtúil teanga i gcás comharthaí nua leictreonacha, a raibh teachtaireachtaí inathraithe orthu i mBéarla amháin, a chur in airde ag fógairt tosaíochta d’iompar poiblí ag Faiche an Choláiste i gCathair Bhaile Átha Cliath. Leasaíodh an riachtanas a bhí ann a leithéid de chomharthaíocht a bheith déanta i bhformáid dhátheangach agus foilsíodh an leagan nua den Lámhleabhar do Chomharthaí Tráchta ar shuíomh gréasáin na Roinne Iompair Oíche Nollag 2008.

Coimisiún na Scrúduithe Stáit
Léirigh imscrúdú nár sháraigh Coimisiún na Scrúduithe Stáit foráil den Acht Oideachais 1998 i dtaca le cinntiú go raibh inniúlacht sa Ghaeilge ag scrúdaitheoirí agus ag scrúdaitheoirí comhairleacha na scrúduithe stáit a roghnaíodh le marcáil a dhéanamh ar pháipéir a freagraíodh sa teanga sin.

Eile
Léirigh imscrúdú gur sháraigh Comhairle Contae Fhine Gall Acht na dTeangacha Oifigiúla nuair a scaipeadh leabhrán faisnéise ar an bpobal i gcoitinne i gceantar feidhme na Comhairle i mBéarla amháin agus gur sháraigh Iarnród Éireann an reachtaíocht i gcás inar scaipeadh bileog eolais i mBéarla amháin ar aicme den phobal i gcoitinne.

An Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí
Imscrúdú scortha
Rinne an Coimisinéir Teanga cinneadh imscrúdú a scor i gcás a bhain leis an Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí nuair a tugadh dearbhú ar leith maidir le Lámhleabhair Shaorála Faisnéise (Alt 15 & 16) na Roinne a fhoilsiú go dátheangach i gcomhréir le gealltanas ina scéim reachtúil teanga.

Tá an tuairisc iomlán le fáil ar shuíomh an Choimisinéara
Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment