“Is é an rud is mó a chuir iontas orm ná an méid daoine atá sásta an Ghaeilge a labhairt, fiú mura bhfuil ann ach cúpla focal, agus an dea-mhéin a thaispeáin daoine dom agus mé ag cur tús le mo thuras foghlama taca an ama seo anuraidh,” a dúirt sé, dár le alt i dTuairisc.ie ar maidin (17/7/2016)
Cén fáth a gcuireadh sé seo íontas air? Agus nach trua nach bhfuil an Stát Chóras féin "sásta an Ghaeilge a labhairt!"
Ní ghlacann sé leis go bhfuil “géarchéim teanga sa Ghaeltacht” ná nach bhfuil dóthain á déanamh ag an Stát chun dul i ngleic leis an ngéarchéim sin.
I bhfocail Sheáin Uí Chuirreáin, 'Níltear sásta barántas a thabhairt go mbeidh seirbhísí stáit á soláthar i nGaeilge do phobal na Gaeltachta gan cheist gan choinníoll, rud a chiallaíonn go bhfuil an státchóras le leanúint de bheith ag rá le pobal na Gaeltachta: “Labhraígí Gaeilge le chéile ach ná labhraígí linne í”.' (23/1/2014)
An solas glas! Ar an lá céanna tá nuacht againn go bhfuil páirtí polataíochta amháin ní hamháin sásta polasaí teanga a fhógairt ach tá siad sásta gníomh a dhéanamh ós comhair an pobal tré suíomh iomlán Gaeilge a seoladh - caomhaontasglas.ie. Níl aon pháirtí eile sásta é sin a dhéanamh. Ar a laghad tá an páirtí sin sasta labhairt leis an bpobal agus, íontas na n-íontas - eatartha féin. Níl feabhas ar bith ar shuíomh na páirtithe eile ó 2010 faraoir! |
No comments:
Post a Comment