15.7.10

Ni maith linn ainmneacha Gaeilge

Seo cóip de litir a fuair mé ar liosta lena bhfuil baint agam. Cén fáth nach bhfuil ionad orm?

What's that in English?
"A Chairde,
Tá ár gcairde in Oifig an Ard-Chláraitheora, nó An tSeirbhís um Chlárú Sibhialta (Béarla), tar éis moladh dúinn teastais breithe, báis agus posadh a fháil ar an idirlín anois ar certificates.ie (Béarla) Níl aon Ghaeilge ar an suíomh seo, ná aon bhealach le teastas a fháil sa gcéad teanga náisiúnta.

Deireann oifig an Choimisinéara Teanga nach féidir leo aon rud a dhéanamh mar nach bhfuil aon phlean aontaithe faoi seo go fóill.

Moltar dúinn scríobh chuig An tAire Pat Carey, mar gur faoina chúram a thagann Oifig Ard-Chláraitheora, [agus cé go bhfuil an Fheidhmeannas Seirbhísí Sláinte bainteach leis an suíomh chomh maith, deirtear gur faoi údarás an tArd-Chláraitheora a thagann na teastais].

Tá polasaí frith-Ghaelach ag oifig an Ard Chláraitheora le tamall maith. Tá sé thar am feachtas nua a thosú maidir le clárú páistí le ainmneacha agus sloinnte Gaeilge (rud nach molann oifig
an Ard. Chláraitheora do shaonáraigh na hÉireann)"

Nuair a chuaigh mé chuig an súiómh tá sé ceart a rá nach féidir rud ar bith a fheiscint i nGaeilge. Ach ar shuíomh an Ard-Chláraitheora tá leathannach Apply for Certificates (sic)is féidir foirm i nGaeilge a íoslódáil má thuigeann tú Béarla mar deireann siad "Certificate Application Form in Irish"

Molaim do dhaoine dul chuig an leathannach seo (Béarla) agus gearán a dhéanamh - i nGaeilge ar ndóigh - leis an seirbhís féin.
Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment