14.7.10

Freagraí faoi chúrsaí Oideachas

Togadh na freagraí seo ó thaifid Díospóireachtaí Pairliminte mar atá sé scríofa ann.

Chun an Aire Oideachais agus Eolaíoctha (sic)
To the Minister for Education and Science

Chun a fhiafraí den Tánaiste agus Aire Oideachais agus Scileanna cén uair go díreach a bheas an Coimisiún um Chóiríocht Scoile ag tuairisciú di maidir leis an mbreithniú ar nósanna imeachta nua a bhaineann le bunscoileanna nua a bhunú; an gcuirfear teanga na scoile san áireamh go dearfach sna nósanna imeachta nua seo do bhunú bunscoileanna nua i gcomhthéacs Bhunreacht na hÉireann, ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge 2006, agus ghealltanas an Chomhchoiste Dála um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta go leanfaí leis an tacaíocht do scoileanna lán-Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh.
- Caoimhghín Ó Caoláin.

Chun a fhiafraí den Tánaiste agus Aire Oideachais agus Scileanna cén fáth nár tugadh aitheantas do Ghaelscoil Ráth Tó i Meán Fómhair 2010 nuair nach bhfuil sé de chumas ag na scoileanna atá sa cheantar cheana féin i limistéar Ráth Tó, limistéar a aithníodh lena leathnú de réir critéir Rannóg Pleanála Chun Cinn na Roinne Oideachais agus Scileanna, freastal a dhéanamh ar mhian Bhunreachtúil na dtuismitheoirí mar phríomhoideachasóirí a bpáistí, chun oideachas lánGhaeilge a sholáthar dá bpáistí; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh.
-Caoimhghín Ó Caoláin.

* For WRITTEN answer on Tuesday, 11th May, 2010.
Reference Number: 19198/10, 19199/10

Freagra


Tánaiste Mary Coughlan

I propose to take questions 399 and 400 together.
Tá fúm Ceisteanna 19198 agus 19199 a fhreagairt le chéile.

Tá an Coimisiún um Chóiríocht Scoileanna chun tuairisc a chur faoi mo bhráid go gairid maidir leis an athbhreithniú ar na nósanna imeachta do bhunscoileanna a bhunú. I measc na gceisteanna atá faoi chaibidil mar chuid den athbhreithniú tá tábhacht na Gaeilge, ceist na héagsúlachta agus an chaoi ina bhfuil an Ghaeilge ina bealach chun éagsúlacht a chur ar fáil. Tar éis don tuairisc a bheith ullmhaithe beidh orm ceisteanna polasaí agus socruithe riachtanacha a bhreithniú agus a chinneadh céard iad na nósanna imeachta úra a bheidh le cur ar bun. Breithneofar sa chomhthéacs seo caomhnú agus cur chun cinn na Gaeilge trí Ghaelscoileanna a bhunú. Is féidir liom a dheimhniú don Teachta go bhfuil ról maighdeogach le himirt ag an mbunscolaíocht i gcaomhnú agus i leathnú na céad teanga oifigiúla. Bhí cur chun cinn na Gaeilge ina haidhm mhór ariamh ag Rialtais na hÉireann i ndiaidh a chéile agus cosnaíodh i gcónaí a hionad sa chóras oideachais. Comhartha air seo an chaoi inar aithníodh líon suntasach Gaelscoileanna nua le blianta beaga anuas – 17 ar fad ó 2005 i leith. Tá staidéar ar an dtír déanta ag Rannóg Pleanála Chun Cinn mo Roinnse chun a fháil amach céard iad na ceantair ina bhféadfadh gá a bheith le cuid mhaith cóiríocht breise de bharr athruithe deimeagrafacha insna blianta amach romhainn. I ndiaidh na mionanailíse seo ba léir gur den chríonnacht é pleanáil chun scoileanna nua a bhunú a thosnódh ag obair i Meán Fómhair 2010 chun freastal ar an éileamh méadaitheach i gceantair shainaitheanta áirithe. Rinneadh pléanna mionsonraithe i rith 2009 leis na pátrúin go léir maidir leis na ceantair a bhí faoi chaibidil. Maidir leis an gcuid is mó de na ceantair seo ba é tuairim ghluaiseacht na nGaelscoileanna nár leor an t-éileamh breise ar sholáthar trí Ghaeilge chun bunú Gaelscoile nua a bharántú. Rinneadh iarratas sainiúil ar Ghaelscoil nua a bhunú i Ráth Tó, Co na Mí. Ach tar éis anailíse mionsonraithe ar an méadú ar líon na ndaltaí i Meán Fómhair i mbliana agus ar chumas na scoileanna atá ann cheana, ba léir nár ghá scoil nua a bhunú chun riar ar an bhfás deimeagrafach. Bhí mo Roinnse deimhin de gur féidir leis na scoileanna atá ann riar ar an méadú réamheasta deimeagrafach i Meán Fómhair 2010. Athbhreithneofar an cás seo roimh Meán Fómhair 2011 i bhfianaise na riachtanas agus na bpléanna leis na comhlachtaí pátrúnachta.

Question 402: To ask the Tánaiste agus Aire Oideachais agus Scileanna conas gur féidir léi a rá gur léir nár ghá scoil nua a bhunú agus go bhfuil a Roinnse deimhin de gur féidir leis na scoileanna atá ann riar ar an méadú réamh-mheasta déimeagrafach i Meán Fómhair 2010, i gceantar Ráth Tó nuair is é mian na dtuismitheoirí sa cheantar go ndéanfaí oideachas a bpáistí a riaradh trí mheán na Gaeilge ach nach bhfuil gaelscoil sa cheantar agus gur dhiúltaigh a Roinnse aitheantas a thabhairt do Ghaelscoil Ráth Tó le hoscailt i Meán Fómhair 2010, d’ainneoin gur aithníodh Ráth Tó mar cheann de na limistéir aitheanta ar leith go bhfuil éileamh ardaithe ann ar bhunú bunscoileanna a rachadh i mbun feidhmíochta i Meán Fómhair 2010 de réir anailís mhionshonraithe Rannóg Pleanála Chun Cinn na Roinne Oideachais agus Scileanna féin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [17841/10]
Brian Hayes


Mary Coughlan (Tánaiste; Minister, Department of Education and Science; Donegal South West, Fianna Fail)

I propose to take Questions Nos. 401 and 402 together. (sic)

Tá ról maighdeogach le himirt ag an mbunscolaíocht i gcaomhnú agus i leathnú na céad teanga oifigiúla. Bhí cur chun cinn na Gaeilge ina haidhm mhór ariamh ag Rialtais na hÉireann i ndiaidh a chéile agus cosnaíodh i gcónaí a hionad sa chóras oideachais. Comhartha air seo an chaoi inar aithníodh líon suntasach Gaelscoileanna nua le blianta beaga anuas – 17 ar fad ó 2005 i leith.

Bhféidir go bhfuil sé le fios ag an dTeachta go bhfuil an Coimisiún um Chóiríocht Scoileanna ag athbhreithniú faoi láthair na nósanna imeachta do bhunscoileanna a bhunú. Nuair a d’fhógair mo réamhtheachtaí go raibh an t-athbhreithniú á thosnú dúirt sé nach mbunófaí bunscoileanna nua ar bith sula mbeadh an t-athbhreithniú curtha i gcrích agus nósanna imeachta nua curtha ar bun, ach amháin in áiteanna inar cheart scoileanna nua de bharr fás a bheith tagtha ar an daonra. De réir na socruithe eatramhacha atá i bhfeidhm maidir le haitheantas a thabhairt do bhunscoileanna nua fad is atá an t-athbhreithniú ar na nósanna imeachta ar siúl, is cóir do Chathaoirleach an Choimisiúin um Chóiríocht Scoileanna comhairle a chur ar an tAire i gcásanna ina gcuireann níos mó ná pátrún amháin in iúl gur mian leis scoileanna a oscailt in áiteanna inar gá scoileanna nua de bharr fás a bheith tagtha ar an daonra.

Tá staidéar mar gheall ar an dtír déanta ag an Rannóg Pleanála Chun Cinn chun a fháil amach céard iad na ceantair inar fhéadfadh gá a bheith le cuid mhaith cóiríocht breise insna blianta amach romhainn. Thug an staidéar seo le fios nach raibh gá ar bith le scoileanna nua sa scoilbhliain 2009/10 de bharr athruithe a bheith tagtha ar an daonra. Ní hionann sin is a rá nár tháinig méadú ar an gcohórt freastal scoile i gceantair áirithe. Tar éis na hanailíse mionsonraithe seo ba léir go mba chríonna an rud é pleanáil a dhéanamh do bhunú scoileanna nua, a thosnódh ag obair i Meán Fómhair 2010, chun riar ar éileamh méadaitheach i gceantair sainaitheanta áirithe. Bhí comhairliúchán mionsonraithe ann i rith 2009 leis na pátrúin go léir maidir leis na ceantair a bhí á machnamh. I gcás formhór na gceantar seo ba í tuairim lucht na gluaiseachta Gaelscoileanna nár leor an t-éileamh breise ar sholáthar lán-Ghaelach chun údar maith a bheith le bunú Gaelscoile nua.

Rinneadh iarratas sainiúil ar bhunú Gaelscoile i Ráth Tó, Co na Mí. Tar éis anailíse mionsonraithe ar an méadú i líon na ndaltaí i Meán Fómhair na bliana seo, agus ar chumas na scoileanna atá ann, áfach, ba léir nár ghá scoil nua a bhunú chun riar ar an bhfás deimeagrafach. Bhí mo Roinnse deimhin de gur féidir leis na scoileanna atá ann riar ar an méadú réamheasta deimeagrafach i Meán Fómhair 2010. Déanfar athbhreithniú ar an scéal roimh Mean Fómhair 2011 ag tógaint cúrsáí riachtanais san áireamh agus taréis dul i gcomhairle leis na comhluchtaí patrúnachais.
Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment