8.7.10

Gaelcholáiste nua do Charraig Uí Laighean

I ndiaidh tréimhse dhá bhliain de dhian-fheachtas tá cúis an-mhór ceiliúrtha ag muintir Charraig Uí Laighin le fógairt an scéala go bhfuil aitheantas sealadach bronnta ar an nGaelcholáiste nua a bheidh ag oscailt i 2012. Le hoscailt na scoile seo beidh sé mar an Gaelchampas is mó sa tír, le bun- agus iarbhunscoil lán-Ghaeilge chomh maith le scoil do pháistí le riachtanais speisialta ar aon suíomh amháin.

Chuir Gaelscoileanna Teo fáilte mór roimh chinneadh na Roinne suíomh 21 acra a cheannach i mBaile an Riabhaigh, Carraig Uí Laighean don scoil. Chuir an Teachta Dála áitiúil Michael McGrath an dea-scéal in iúl do choiste bunaithe na scoile ag deireadh na seachtaine seo caite.

Deir Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaelscoileanna Teo ina thaobh, "gur cinneadh an-dearfach é seo a chinntíonn go mbeidh an ghaelscolaíocht mar rogha do thuismitheoirí agus do dhaltaí Charraig Uí Laighin agus tuismitheoirí an cheantair máguaird. Gabhann Gealscoileanna Teo. comhghairdeas mór leis an gcoiste as an éacht atá bainte amach acu agus leis an Roinn Oideachais agus Scileanna as aitheantas a thabhairt don éileamh ó thuismitheoirí agus don riachtanas a bhaineann le soláthar na gaelscolaíochta".

Beidh an Coiste Gairmoideachais (Béarla) mar phátrún ar an nGaelcholáiste agus tá sé i gceist an suíomh a fhorbairt le go mbeidh áiseanna ann le freastal ar suas go 700 mac léinn. Tá breis agus 460 mac léinn cláraithe ag a dtuismitheoirí leis an scoil nua, dar le cathaoirleach an choiste bunaithe, Noel O'Regan, rud a léiríonn gur rogha an-láidir í an Ghaelscolaíocht mar chóras oideachais i measc an phobail.

Cuireann an scoil fáilte roimh iarratais ar áiteanna scoile ó thuismitheoirí a bhfuil a bpáistí ag freastal ar bhunscoileanna lán-Ghaeilge nó Béarla. Tabharfar cabhair bhreise do pháistí ag teacht ó scoileanna Béarla ag tús na scoilbhliana má tá gá acu leis. "Déanfaimid ár ndícheall le cinntiú go mbeidh an Gaelcholáiste ar fáil do gach páiste sa cheantar ar fágáil na bunscoile dóibh" a deir an tUasal O'Regan.

Thar ceann an choiste bunaithe, ghabh sé buíochas le gach éinne a bhí bainteach leis an bhfeachtas, ina measc siúd an Teachta Dála Batt O'Keeffe (le linn a ré mar Aire Oideachais), iar Theachta Dála Barry Cogan agus cathaoirleach Choiste Gairmoideachais Chontae Chorcaí, Barra O'Briain.
Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment