5.4.21

Bua scoile ach teip chórais!

Bhí clár ar Raidío na Gaeltachta inniú faoin agóid ar son Scoil Dhún Chaoin a chuir ar bhoithre na smaointe mé. 

Is de bharr chinneadh Rialtas Fhianna Fáil dúnadh an Scoil sna seachóidí. Is cuimhin liom bheith páirteach i gcuid de na h-agóidí ag an am. Bhí máirseáil ón Scoil go Baile Átha Cliath agus bhí lucht na Gaeilge ar fud na tíre ar buile ach ní raibh Fianna Fáil sásta bogadh ar an gceist. Dúirt Fine Gael go rabhadar sásta í a choimead ar oscailt. 

Is mar gheall ar sin a rinne me rud éigin nach ndearna mé roimhe (nó ó shin). Caith mé mo vóta sa bhliain 1973 ar son Fine Gael!

Richard Burke TD
Rinneadar mar a ghealladar agus d'fhogair an tAire Oideachais, Richard Burke, go gcoimeadfaí Scoil Dhún Chaoin ar oscailt. Bua? 

Cinnte bua don scoil agus do pháistí Dhún Chaoin. Ach ní raibh an scoil ath-oscailte go hoifigiúil nuair a bhuail an Rialtas céanna buile tubaisteach a chuir deireadh le féidearthacht an stáit seirbhís ceart a thabhairt do phobal na Gaeilge agus do phobal Gaeltachta. Rinne Aire Airgeadais an Rialtais sin, Richie Ryan TD, socrú i mí na Samhna 1974 nach mbeadh eolas ar an nGaeilge ina riachtanas feasta do státseirbhísigh.  Mhínigh sé don Dáil go raibh an Rialtas “lánmhuiníneach go músclóidh na hathruithe seo, a chuireann spreagadh in áit éigeantais, dea-mhéin bhreise don Ghaeilge agus go gcuideoidh siad le leathnú na teanga laistigh agus lasmuigh den státseirbhís trí atmaisféar níos fabhraí a chothú di….”

Richie Ryan TD
Cé gur féidir gur le dea-mhéin a mhaígh an tAire Ó Riain an méid sin nach é ceacht na staire go raibh bunús iomlán fabhtach leis. Ó shin i leith, brúdh an teanga an oiread sin go leataobh gur cuma ann nó as di i bhfeidhmiú an-chuid Ranna Rialtais agus gníomhaireachtaí stáit. Teip iomlán mar pholasaí a bhí ann dúirt Seán Ó Cuirreáin, Coimisinéir Teanga sa bhliain 2013. “Déanann an Stát infheistíocht mhór i múineadh na Gaeilge agus cuireann sé de dhualgas ar dhaltaí scoile na tíre staidéar a dhéanamh ar na teangacha oifigiúla, ar aon dul leis an gcleachtas i dtíortha eile. Ach, os a choinne sin, teipeann ar an Stát úsáid na Gaeilge a éascú dóibh siúd atá tar éis í a shealbhú. Tá lúb ar lár suntasach sa chur chuige seo,” 

I bhfocail ár Uachtaráin, Micheál D. Ó hUigin, "...tá fadhb chulturtha éigin ag cur srian ar an gcóras, agus ar oifigigh shinsearacha sa chóras, an ceannaireacht a mbeadh muid ag súil léi a thaispeáint"  Nach féidir a rá gur cuidigh agus gur chúthaigh cinne an Rianaigh leis an bhfadhb chulturtha sin?

Is cosúil anois nach bhfuil páirtí ar bith sa Stáit seo - pairtí ar bith - atá sásta gníomh suntasach a dheanamh ar son na teanga. Chomh luath agus a théann siad i gcumhacht deineann siad dearmad uirthí. 

An féidir linn polaiteoir ar bith i bpairtí ar bith atá sásta labhairt sa Teanga Náisiúnta ár ábhar seachas an Teanga féin, le linn díospóireachta i dteach ar bith den Oireachtas! Agus má táid sásta an féidir a rá go gcabhraínn lucht An Oireachtais leo?

An féidir le Tithe an Oireachtais cuidiú le labhairt na Gaeilge sna díospóireachtaí?


Share/Save/Bookmark

28.1.21

Amach anseo! - "Ce qui est mesuré est fait!"

Seo litir a sheol me chuig Aire na Gaeltachta, Catherine Martin, Fo-hAire na Gaeltachta Jack Chambers agus Cathaoirleach Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge lá nó dhó ó shin. 


Tá Bille Teanga á plé anois ag an Dáil faoi láthair (Céin an Choiste) agus is cosúil go bhfuil an gnáth rud ar siúl ag an Rialtas - méar fhadachas. Cad is brí le "a luath agus is féidir"? An bun fhadhbh leis an Bille ná nach bhfuil aon sprioch dáta luaite ann agus mar sin níl critéir ratha ann. Mar a déarfadh na Francaigh, "Ce qui est mesuré est fait!"

>>

A chara,


Tá mise ag iarraidh gnó a dhéanamh leis an stáit ó 1966 i leth agus is ró mhinic a theipeann ar na Ranna nó Comhluchtaí Stáit seirbhís ceart a thabhairt dom sa Teanga Náisiúnta. I ndairíre bhí sé beagáinín níos éasca duine le Gaeilge a fhail sna seascaidí ach is baolach tá cursaí i bhfad níos measa anois go mór mór ó cuireadh deireadh le riachtanas sa dhá teanga oifigiúil sa stáit sheirbhís sna seachtóidí.


BhI mé ag breathnu ar an díospóireacht den gCoiste Gaeilge Gaeltacht & Pobal Labhartha na Gaeilge ar an Aoine seo caite agus chuir se an díomá orm nach raibh an Aire Stáit, Jack Chambers sásta a admháil go bhfuil rian den “méar-fhadachas” san Bille nua. Tá an iomarca “a luath agus is féidir” trén bille go mór mór nuair a bhaineann sé le fostú daoine le Gaeilge sa Stáit Seirbhís agus ag cinntiú go mbeadh seirbhís ina dTeanga féin sna cheantair Ghaeltachta. 


Tá cónaí agamsa sa Gaeltacht le breis is 20 bliain agus ní féidir liom na seirbhísí is simpli, ceadúnas tiomána, seirbhísí sláinte nó leasa sóisialta agus eile gan mórán trioblóid a chuir orm féin. Níl dóchas ar bith agam go mbeadh feabhas ar bith ar chúrsaí de bharr an Bhille lochtach seo. 


D’fhoilsigh Rialtas na Tíre seo ar an 6 Meitheamh 1928 Ionstraim Reachtúil “Uimhir 33 de 1928, Local Offices and Employments (Gaeltacht) Order, 1928." Faoi na rialacháin nua seo bheadh tréimhse trí bliana ag aon fhostaithe nua a mbeadh cúraimí Gaeltachta orthu sna húdaráis áitiúla nó sna húdaráis sláinte le hoiread Gaeilge a shealbhú le go bhféadfaidís a gcuid oibre a dhéanamh trí mheán na teanga sin. Bheidís le briseadh as a gcuid oibre mura mbeadh an cumas sin sa teanga bainte amach acu laistigh den tréimhse trí bliana. Siníodh Ionstraim Reachtúil eile sa bhliain 1944 ag rá nach mór an rud céanna.


Níor cuireadh na rialacháin seo i bhfeidhm riamh.  Faraoir, is cosúil nach dtuigeann an Rialtas seo ach an oiread cé chomh tabhachtach is atá gníomh intomhaiste nó inmheasta a dhéanamh le  sprioch mar sin a chuir i gcríoch. 


Iárraim oraibh ar a laghad an dá rud seo, cinntiu i dtabh earchaíocht sa stáit sheirbhís agus soláthar seirbhísí trí Ghaeilge ón Stát sa Ghaeltacht.


Seo h-iad na leasaithe is tabhachtaí a bhaineen leis na pointí sin. Ar ndóigh tá rudaí eile gur féidir iad a leasú ach dár liomsa cabhródh an dá cheann seo liomsa i mo shaol pearsanta féin agus i saol mo chomharsan sa Ghaeltacht.


Gura maith agat as é seo a léamh agus tá súil agam go mbeidh toradh leis!


Beir bua


Eoin Ó Riain 

<<


Share/Save/Bookmark

15.1.21

Cuir i gcomparáid agus i gcodarsnacht le chéile!

 Tá clár nuachta ar RaidIo na Gaeltachta gach maidin. Adhmhaidin atá air agus tá sé ioncurtha le h-aon chlár eile nuachta ar na stáisiún Béarla.

Bíonn agallaimh le ionadaithe ó na páirtithe polataíochta go minic. Tá sé de nós ag na páirtithe reamhphoiblíocha a dheanamh ar an gcóras giolcaireachta twitter. Tá páirtithe áirithe níos fearr ná a gcomráidithe.

Ar maidin bhi agallamh ag an Aire Stáit Gaeltachta, Jack Chambers agus chuir a pháirtí fógra amach i mBéarla. Chuir sé focail Leas Cheann Chomhairle na Dála i gcuimhne dom nuair a bhí sí ina Cathaoirleach ar Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge (2016-2019): "Tá an teachtaireacht ag dul amach anois, má tá rud tabhachtach le rá abair i mBéarla é!" (Féach thíos)

Ar an dtaobh eile chuir pairtí an pholaiteora eile réamh fógra a thaispeáin meas ar an dteanga agus ar lucht éisteachta Adhmhaidin.

Cé acu a léiríonn meas ar an dTeanga Náisiúnta? Mar a bhí scríofa ar na páipéir scrúdaithe fadó - "Cuir i gcomparáid agus i gcodarsnacht le chéile!"

Cruinniú an Choiste (19/11/2019)



Share/Save/Bookmark

21.10.20

Coimisinéir ós comhair an Choiste nua!

"Dá nglacfaí leis nach raibh dlite ar chomhlacht poiblí na seirbhísí seo a chur ar fáil go dátheangach ar an údar nárbh acmhainn dó sin a dhéanamh gan moill a chur leo, d’fhéadfaí a fhorléiriú as sin nuair ba thábhachtaí agus ba phráinne an tseirbhís nó an chumarsáid, gur lú an seans go gcuirfí ar fáil as Gaeilge í."

Tionóladh an chéad cruinniú de Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal na Gaeilge ar an 21ú lá Deireadh Fomhair 2020. Bunaíodh an coiste i mí Feabhra agus tá baill ón dá Theach den Oireachtas. Sé Aonghus Ó Snodaigh T.D. atá ina Chathaoirleach ar an gCoiste. Bunaíodh an Coiste seo mar comharba ar Bhuan-choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán. (2016-2019) a bhí faoi cathaoirleacht Catherine Connolly T.D. Tá an Coiste tiomanta d’úsáid na Gaeilge mar theanga choiteann i ngach gné de shaol na hÉireann a chur chun cinn.

Tugadh cuireadh do gCoimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, labhart leis an gcoiste ar a chuairimí an Choimisinéara, faoin dTuarascáil 2019, Tuarascáil Fearacháin 2019 agus faoin Bille Teanga atá ós comhair Tithe an Oireachtas faoi láthair.

Seo mar a labhair sé

Gabhaim buíochas leat, agus leis an gCoiste, as an gcuireadh teacht in bhur láthair. Is ábhar misnigh dom gur bunaíodh an Coiste seo chun úsáid na Gaeilge mar theanga choiteann i ngach gné de shaol na hÉireann a chur chun cinn. Nuair atá an oiread airde á tabhairt ar thosaíochtaí móra ar nós phaindéim COVID-19 agus an Bhreatimeachta, d’fhéadfadh ceisteanna tábhachtacha eile imeacht as radharc. Is ceist díobh sin inmharthanacht na teanga náisiúnta mar theanga bheo.

Pleanáil Teanga
Tá sé tráthúil mar sin go bhfuil an óráid seo á tabhairt agam agus leasuithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla faoi chaibidil ag Tithe an Oireachtais. Tá géarghá leis na leasuithe lena chinntiú go mbeidh freastal níos fearr á dhéanamh ag an Stát ar phobal labhartha na Gaeilge, ina rogha teanga, sa Ghaeltacht agus go náisiúnta. Chun léiriú a thabhairt ar an ngá atá leis an leasú, ba mhaith liom sliocht as litir ó dhuine a rinne gearán linn anuraidh a chur faoi bhur mbráid – gearán nach raibh ar ár gcumas a fhiosrú toisc nár tháinig an t-ábhar faoi dhlínse mo chuid feidhmeanna. (Seo roimh fhoilsiú an Bhille agus cuid de na leasuithe molta, dar ndóigh:)

 “Léiríonn a bhfuil sa litir agat, dar liom, cé chomh lag is atá Acht na dTeangacha mar uirlis chun cearta phobal na Gaeilge agus cearta an tsaoránaigh aonair le Gaeilge a chosaint…Cén t-ord luachála a chuireann lucht dréachtaithe Achta i bhfeidhm chomh fada is a bhaineann le Gaeilge? Mar shampla: an gcuirtear éascaíocht oibre na Státseirbhíse mar atá i láthair na huaire chun tosaigh ar feabhas a chur ar chumas na Státseirbhíse céanna oibriú trí Ghaeilge? An gcuirtear costas earcaíochta chun tosaigh ar inmhianaitheacht seirbhíse trí Ghaeilge? An gcuirtear éileamh poiblí chun tosaigh ar chearta absalóideacha teanga? An gcuirtear an status quo chun tosaigh ar nuálaíocht?...”

Tá cead tugtha ag scríbhneoir na litreach seo í a chur faoi bhur mbráid ina hiomláine agus más mian libh is féidir liom í a chur ar aghaidh chuig an gCléireach.

"...ní deirtear sa mBille leasaithe cé a bheidh freagrach as cur i bhfeidhm an phlean do sholáthar seirbhísí stáit a bheidh le hullmhú ag an gCoiste Comhairleach. Gan a leithéid a bheith ann, d’fhéadfadh éiginnteacht mhór a bheith ann amach anseo faoi cé air a dtiteann an fhreagracht go gcuirtear an plean i bhfeidhm."
Is léir go bhfuil cumas an Stáit seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil ar bhonn sásúil ag brath ar líon leordhóthanach foirne le Gaeilge a bheith ann chuige sin. Fáiltím, mar sin, roimh an sprioc inmholta sa mBille leasaithe go mbeadh dualgas reachtúil ann a chinntiú gur cainteoirí Gaeilge iad fiche faoin gcéad d’earcaigh nua sa tseirbhís phoiblí. Tá sé tábhachtach, áfach, go mbeadh muinín ag an bpobal go gcloífear leis an sprioc sin taobh istigh den tréimhse fhada ama, deich mbliana, atá curtha ar fáil chuige sin agus go dtabharfaí barántas nach gcuirfí an sprioc sin siar arís agus arís agus arís eile.

Is cinnte go mbeidh sé dúshlánach sprioc ghinearálta 20% a bhaint amach in earnálacha áirithe agus caithfear tabhairt faoin obair ar bhealach eagraithe, pleanáilte. Dírítear sa mBille ar Choiste Comhairleach a bhunú chun plean a ullmhú do sholáthar na seirbhísí poiblí. Tá an Coiste Comhairleach le bheith comhdhéanta den chuid is mó d’ionadaithe ón earnáil phoiblí. Arís, le muinín an phobail a chothú, ba chóir comhdhéanamh níos leithne a bheith ar an gcoiste sin.

Níos tábhachtaí fós, sílim, ní deirtear sa mBille leasaithe cé a bheidh freagrach as cur i bhfeidhm an phlean do sholáthar seirbhísí stáit a bheidh le hullmhú ag an gCoiste Comhairleach. Gan a leithéid a bheith ann, d’fhéadfadh éiginnteacht mhór a bheith ann amach anseo faoi cé air a dtiteann an fhreagracht go gcuirtear an plean i bhfeidhm. Maidir leis an bplean féin, tá sé ríthábhachtach go ndéanfaí freastal inti ar riachtanais phobal na Gaeltachta. Tá molta agam go rialta foráil a chur sa mBille le cinntiú gur oifigigh stáit le Gaeilge a bheidh lonnaithe sa nGaeltacht nó ag cur seirbhísí ar fáil sna ceantair shainiúla aitheanta sin. D’fhéadfaí, mar shampla, sainriachtanais phobal na Gaeltachta a thabhairt san áireamh sna caighdeáin teanga a leagfar amach faoi scáth an phlean.

Fáiltím roimh an bhfeidhm bhreise do m’Oifig atá leagtha síos sa mBille nua, is é sin gur féidir faireachán a dhéanamh ar fhorálacha in achtacháin eile a bhaineann le húsáid nó le stádas teanga oifigiúla. Tá os cionn céad píosa reachtaíochta ann a d’fhéadfadh teacht faoi scóip obair faireacháin na hOifige de thoradh an leasaithe seo – an tAcht Craolacháin, an tAcht um Thrácht ar Bhóithre, agus an tAcht Oideachais, gan ach cúpla ceann a lua. Roimhe seo is i bhfoirm imscrúdú amháin a d’fhéadfainn aghaidh a thabhairt ar aon sárú féideartha.

Tá iarracht déanta sa mBille nua dul i ngleic leis na fadhbanna aitheanta ó thaobh reachtaíocht teanga de. Táimid tagtha chomh fada anois, agus ag fanacht chomh fada, ba thrua go mór gan cur leis an méid atá geallta. Teastaíonn níos mó cinnteachta a chur faoin sprioc cainteoirí Gaeilge a earcú, breis ionchuimsitheachta a chinntiú i gcás an Choiste Chomhairligh agus an fhreagracht a shoiléiriú ó thaobh chur i bhfeidhm an phlean.

Tuarascáil Bhliantúil - Léargas Ginearálta. 
Tugadh cuireadh dom anseo inniu chun phríomhthorthaí mo Thuarascála Bliantúla agus mo Thuarascála Faireacháin, 2019 a chur in bhur láthair.

Tá cur síos sa Tuarascáil Bhliantúil ar na himscrúduithe a cuireadh i gcrích le linn na bliana 2019. Bhain an ceann is suntasaí díobh sin le Comhairle Contae Chiarraí.

Ba é seo an chéad uair a tionscnaíodh imscrúdú faoi fhoráil de chuid an Achta um Pleanáil agus Forbairt, 2000. Leagtar síos san Acht sin nach mór d’údaráis phleanála a bhfuil ceantar Gaeltachta faoina gcúram cuspóirí a áireamh ina bplean forbartha contae a bhaineann le cosaint oidhreacht teanga agus chultúrtha na Gaeltachta. Léiríodh san imscrúdú gur sháraigh Comhairle Contae Chiarraí an reachtaíocht sin nuair nár chuir sí i bhfeidhm coinníoll teanga a cheangail an Bord Pleanála de chead pleanála a deonaíodh d’fhorbairt tithíochta i mBaile an Fheirtéaraigh i nGaeltacht Chorca Dhuibhne. Is den riachtanas é go gcuirtear i bhfeidhm mar is ceart an fhoráil reachtúil seo mar gheall ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ar inmharthanacht na teanga má thagann ardú ar líon na ndaoine nach cainteoirí Gaeilge iad sna pobail a bhfuil an Ghaeilge i réim iontu go fóill.

Mhol mé go n-ullmhódh agus go mbunódh an Chomhairle Contae nósanna imeachta a bheidh le leanúint in aon chás ina gceanglófar coinníoll teanga de chead pleanála le haghaidh forbairt tithíochta sa nGaeltacht. Mhol mé, chomh maith, go gcuirfeadh Comhairle Contae Chiarraí m’Oifig ar an eolas maidir le haon chead pleanála a dheonófar i nGaeltacht Chiarraí go ceann cúig bliana i dtaca le hiarratais mhóra phleanála. Tá an faireachán atá á dhéanamh ag m’Oifig ar chur i bhfeidhm mholtaí an imscrúdaithe leanúnach, agus tá mé sásta leis an gcomhoibriú atá faighte ag m’Oifig ó Chomhairle Contae Chiarraí.

Faireachán
Is feidhm eile de mo chuidse, mar Choimisinéir Teanga, faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla. Chomh fada siar le 1925 dúradh i dTuarascáil Choimisiún na Gaeltachta, chun an dochar a dhéantar do stádas na Gaeilge sa nGaeltacht ag feidhmeannaigh stáit gan Ghaeilge a thuiscint, nár ghá ach stáisiún de chuid an Gharda Síochána a shamhlú, lán de chomhaltaí gan Ghaeilge i lár ceantair Gaeltachta.

Tá cuntas i dTuarascáil 2019 ar an bhfaireacháin a rinneadh ar chur i bhfeidhm moltaí a bhí déanta in imscrúdú a rinne mo réamhtheachtaí, Seán Ó Cuirreáin, in 2011 inar léiríodh gur sháraigh an Garda Síochána foráil de chuid Acht an Gharda Síochána. Bhain an fhoráil sin lena chinntiú, an oiread agus is féidir, gur comhaltaí den Gharda Síochána atá inniúil sa nGaeilge a bheidh ar stáisiún i ndúiche ina bhfuil limistéar Gaeltachta.

Rinneadh moltaí san imscrúdú sin a raibh d’aidhm acu a chinntiú gur Gardaí atá inniúil sa nGaeilge a bheadh ar dualgas sna stáisiúin sa nGaeltacht. In ainneoin teagmhálacha leanúnacha m’Oifige, níos mó ar an ábhar seo ná le haon chomhlacht poiblí eile maidir le cur i bhfeidhm moltaí imscrúdaithe riamh, níor cuireadh i bhfeidhm mar is ceart moltaí an imscrúdaithe sin. De réir na faisnéise a cuireadh ar fáil anuraidh ní raibh inniúlacht sa nGaeilge ach ag tuairim agus trian de chomhaltaí an Gharda Síochána atá ar stáisiún sa nGaeltacht.

I gcás ina measaim nár cuireadh moltaí imscrúdaithe i bhfeidhm go cuí laistigh d’achar réasúnta ama, is féidir liom tuarascáil ar an ábhar a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais. Tá chuile chosúlacht ar an scéal gurb é sin an t-aon rogha a bheidh os mo chomhair amach maidir leis an ábhar seo.

COVID-19
Tá an tír seo, fearacht an chuid eile den domhan, i ngreim ag géarchéim de bharr phaindéim COVID-19. Tá seirbhísí stáit ag tabhairt a n-aghaidhe ar dhúshláin mhóra san am i láthair agus soláthar á dhéanamh do riachtanais agus leas an phobail.

Is i gcúinsí den chineál seo a fhaighimid léargas éigin ar a dhaingne agus atá reachtaíocht atá dírithe ar chearta – ar nós Acht na dTeangacha Oifigiúla – fréamhaithe i gcórais riaracháin an Stáit.

Maidir leis na gearáin a d’fhiosraigh m’oifig, a bhain bealach amháin nó bealach eile leis an bpaindéim, feictear dom téama coitianta i gcuid de na freagraí a tugadh: go mb’éigean gníomhú go práinneach agus, i gcúinsí fíoreisceachtúla na géarchéime sláinte, cinneadh an dualgas reachtúil teanga a chur i leataobh, é a chur ar atráth, nó níor tugadh aird ar an dualgas sin toisc go gcuirfeadh sé moill ar an ngníomh a chur i gcrích.

Dá nglacfaí leis nach raibh dlite ar chomhlacht poiblí na seirbhísí seo a chur ar fáil go dátheangach ar an údar nárbh acmhainn dó sin a dhéanamh gan moill a chur leo, d’fhéadfaí a fhorléiriú as sin nuair ba thábhachtaí agus ba phráinne an tseirbhís nó an chumarsáid, gur lú an seans go gcuirfí ar fáil as Gaeilge í.

Críoch
Mar fhocal scor agus chun filleadh ar an bpríomh chúis go bhfuilim i bhur láthair anseo inniu, sé sin chun labhairt faoin leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, is cinnte go mbeidh go leor cainte idir seo agus achtú an Bhille faoi chéard atá indéanta agus céard nach bhfuil. Ba chóir, dar ndóigh, ag chuile staid den phróiseas seo, go bhféachfaí́ i gcónaí le freastal ar riachtanais phobal na teanga agus a gcearta, ag cur san áireamh stádas na Gaeilge mar theanga náisiúnta agus mar chéadteanga oifigiúil na tíre.

@Ceartateanga @aosnodaigh @OireachtasNews 

Share/Save/Bookmark

17.10.20

Deireadh le támáilteacht agus méarfhadachas?

Baineadh ardú €17.6m amach sa cháinaisnéis don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. 

Cinnte ba ardú an-suntasach don Ghaeltacht é a bhí ann. Cé go bhfuil sé go maith go bhfuil tús curtha le ciorruithe ar Fhoras na Gaeilge ó 2008 a aisiompú, tá obair mhór fós le déanamh leis an sprioc i leith maoiniú an Fhorais,  maoiniú, láidriú agus daonlathú an Údaráis, agus do na tionscadail aontaithe sa phlean infheistíochta, a bhaint amach. 

Is fiú a rá chomh maith gur baineadh €8m amach don Údarás agus €1.9m amach do TG4 mar airgead aon-uaire i mbliana chomh maith. Ta an-mholadh ag dul do gach duine páirteach sna fheachtais éagsúil, go háirithe iad siúd páirteach i SEAS an Chonartha agus/nó a rinne teagmháil lena polaiteoirí ó 2016, leis an airgead seo a bhaint amach. Agus cé go bhfuil buíochas ag dul do na hAirí, na polaiteoirí agus do na daoine sna húdaráis a rinne gníomh ar son ár n-éileamh chomh maith ní an ach tús - go fiú tús mall!

Dúirt Cathaoirleach ar an gCoiste Gaeltachta & Gaeilge an Oireachtais, Aengus Ó Snodaigh,   gur caitheadh “go dona leis an nGaeilge agus an Ghaeltacht trí chéile” i gcomparáid le réimsí eile." (Tuairisc.ie 14/10/2020)  Tá sé deacair easaontú leis go mór mór nuair a deintear comparáid leis an méid atá á infheistiú ag Rialtas na hÉireann sna ceantair Ghaeltachta agus an teanga sa Bhuiséad seo leis an méid a bhí roinnte leo roimh 2008.

Deireadh ré?
Dúirt an céad Coimisinéir Teanga sular éirigh sé as 2014 go raibh gach cosúlacht go raibh "an teanga á ruaigeadh ar leataobh go leanúnach chuig imeall na sochaí, agus áirím anseo cuid mhaith den riarachán poiblí?"  (Fochoiste Oireachtais faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 23/1/2014)

Bhí alt son Irish Times i 2015 (Mapping the State 21/11/2015 i mBéarla) eile ina dúradh "Even though (Arts, Heritage and the Gaeltacht) is really important in terms of national profile, in terms of funding, the drop since the recession might suggest that is not as important as other aspects.”

Bhuil an dearcadh sin athraithe? 

Fós ar an imeall?
Tá fáilte roimh an tús seo agus tá súil again gur tús atá ann agus nach mbeadh gá ag lucht na Gaeilge a rá go deo arís mar a dúirt Seosamh Mac Donnchadh tráth: “Níl againn ach fo-rannóg ag plé le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta – fo-rannóg de roinn atá mór agus ilghnéitheach...Agus tá an fho-rannóg sin lonnaithe i bhfad ó lár na cumhachta (thiar sna Forbacha i gConamara); tá siad ag bun an tslabhra cumhachta inmheánaigh laistigh dá Roinn féin; agus tá an mháthair-Roinn atá acu ag bun an tslabhra cumhachta lena mbaineann na Ranna Stáit i gcoitinne, rud a fhágann gur deacair di mórthionchar a imirt ar cheapadh polasaí ná ar fheidhmiú polasaí na Rann eile sin a bhfuil ról lárnach acu i bhfeidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge...”

Sílim nach bhfuil ann ach deireadh leis an dtús.  An chúis dóchais é go dtógfar caisleán mór dár bhféiniúlacht ar an mbunús seo agus go bhfuil deireadh leis an támáilteacht agus an méarfhadachas?

Moill, moilliú nó stopadh? Torthaí thaighde an Choimisinéara ar pholasaí Rialtas i leith na Gaeilge. (3/9/2013)


Share/Save/Bookmark

12.10.20

Sásta agus níos saibhre!

 Fuair mé litir "Dear Eoin," ó Electricity Ireland. Tá mé mar custaiméir leo le fada mar siad an t-aon dream a chuireann bille i nGaeilge chugam. Bhí an litir go hiomlán i mBéarla áfach.

Mar is gnáth dom  scríobh mé chucu ag gearán nach raibh an litir i nGaeilge agus mar is gnáth liom, chuir mé cóip de chuig an Coimisinéir Teanga. Sin nós atá agam nuair a fhaighim chomhfhreagas ó comhlucht poiblí nó ó roinn stáit. 

Scríobh mé chucha agus ar ball, gan mórán mhoill caithfidh mé a rá, fuair me freagra deas uatha.

Chuir mé cóip den fhreagra chuig an Coimisinéir Teanga agus tá mé €40 níos saibhre!

Is fiú gearán a dhéanamh!


Share/Save/Bookmark

6.10.20

Meas Oifige an Tánaiste!

Scríobh mé teachtaireacht chug an Tánaiste faoin méid a dúirt sé ar chlár teilifíse aréir. Mar is gnáth scríobh mé sa Teanga Náisiúnta agus seo a fuair mé mar admháil óna Rúnaí.

Teachtaireacht simplí. 

Mar a dúirt an Coimisinéir Teanga tráth "Bíodh is go bhfuil muid imithe i dtaithí ar an gcur chuige sin ní shin le rá go bhfuil sé ceart!"


@ceartateanga, 
@LeoVaradkar

Share/Save/Bookmark