Seo litir a sheol me chuig Aire na Gaeltachta, Catherine Martin, Fo-hAire na Gaeltachta Jack Chambers agus Cathaoirleach Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge lá nó dhó ó shin.
Tá Bille Teanga á plé anois ag an Dáil faoi láthair (Céin an Choiste) agus is cosúil go bhfuil an gnáth rud ar siúl ag an Rialtas - méar fhadachas. Cad is brí le "a luath agus is féidir"? An bun fhadhbh leis an Bille ná nach bhfuil aon sprioch dáta luaite ann agus mar sin níl critéir ratha ann. Mar a déarfadh na Francaigh, "Ce qui est mesuré est fait!"
>>
A chara,
Tá mise ag iarraidh gnó a dhéanamh leis an stáit ó 1966 i leth agus is ró mhinic a theipeann ar na Ranna nó Comhluchtaí Stáit seirbhís ceart a thabhairt dom sa Teanga Náisiúnta. I ndairíre bhí sé beagáinín níos éasca duine le Gaeilge a fhail sna seascaidí ach is baolach tá cursaí i bhfad níos measa anois go mór mór ó cuireadh deireadh le riachtanas sa dhá teanga oifigiúil sa stáit sheirbhís sna seachtóidí.
BhI mé ag breathnu ar an díospóireacht den gCoiste Gaeilge Gaeltacht & Pobal Labhartha na Gaeilge ar an Aoine seo caite agus chuir se an díomá orm nach raibh an Aire Stáit, Jack Chambers sásta a admháil go bhfuil rian den “méar-fhadachas” san Bille nua. Tá an iomarca “a luath agus is féidir” trén bille go mór mór nuair a bhaineann sé le fostú daoine le Gaeilge sa Stáit Seirbhís agus ag cinntiú go mbeadh seirbhís ina dTeanga féin sna cheantair Ghaeltachta.
Tá cónaí agamsa sa Gaeltacht le breis is 20 bliain agus ní féidir liom na seirbhísí is simpli, ceadúnas tiomána, seirbhísí sláinte nó leasa sóisialta agus eile gan mórán trioblóid a chuir orm féin. Níl dóchas ar bith agam go mbeadh feabhas ar bith ar chúrsaí de bharr an Bhille lochtach seo.
D’fhoilsigh Rialtas na Tíre seo ar an 6 Meitheamh 1928 Ionstraim Reachtúil “Uimhir 33 de 1928, Local Offices and Employments (Gaeltacht) Order, 1928." Faoi na rialacháin nua seo bheadh tréimhse trí bliana ag aon fhostaithe nua a mbeadh cúraimí Gaeltachta orthu sna húdaráis áitiúla nó sna húdaráis sláinte le hoiread Gaeilge a shealbhú le go bhféadfaidís a gcuid oibre a dhéanamh trí mheán na teanga sin. Bheidís le briseadh as a gcuid oibre mura mbeadh an cumas sin sa teanga bainte amach acu laistigh den tréimhse trí bliana. Siníodh Ionstraim Reachtúil eile sa bhliain 1944 ag rá nach mór an rud céanna.
Níor cuireadh na rialacháin seo i bhfeidhm riamh. Faraoir, is cosúil nach dtuigeann an Rialtas seo ach an oiread cé chomh tabhachtach is atá gníomh intomhaiste nó inmheasta a dhéanamh le sprioch mar sin a chuir i gcríoch.
Iárraim oraibh ar a laghad an dá rud seo, cinntiu i dtabh earchaíocht sa stáit sheirbhís agus soláthar seirbhísí trí Ghaeilge ón Stát sa Ghaeltacht.
Seo h-iad na leasaithe is tabhachtaí a bhaineen leis na pointí sin. Ar ndóigh tá rudaí eile gur féidir iad a leasú ach dár liomsa cabhródh an dá cheann seo liomsa i mo shaol pearsanta féin agus i saol mo chomharsan sa Ghaeltacht.
Gura maith agat as é seo a léamh agus tá súil agam go mbeidh toradh leis!
Beir bua
Eoin Ó Riain
<<
No comments:
Post a Comment