5.2.11

Na céimeanna tosaigh!

Na Céimeanna Tosaigh i dtreo Straitéis Inmharthana don Ghaeilge.

Ag seimineár poiblí lae a d’eagraigh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge inné, labhair saineolaithe ó réimsí éagsúla na pleanála teanga Gaeilge, ar na céimeanna tosaigh ar ghá a ghlacadh chun an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge a bhaint amach.

Agus é ag labhairt ag an seimineár, dúirt Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta, Liam Ó Cuinneagáin go bhfuil sé “tábhachtach go mbeadh an rannpháirtíocht lárnach atá molta d’Údarás na Gaeltachta soiléirithe go luath agus aontú ar bun faoi na pleananna atá i gceist i bhfeidhmiú na straitéise. Cé go bhfuil ról náisiúnta molta do Údarás na Gaeltachta agus Gaeilge, is ar bhonn Gaeltachta a fheidhmeoidh an eagraíocht go dtí go mbeidh na socruithe cuí déanta le feidhm náisiúnta a thabhairt dó”.

Labhair an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuireáin, ar an toradh atá anois le feiceáil ar an gcinneadh a ghlacadh sna 1970idí chun deireadh a chur leis an riachtanas do státseirbhísí Gaeilge agus Béarla a bheith acu agus dúirt gur “teip iomlán” a bhí sa bheart sin don Ghaeilge.  Luaigh sé cás na Roinne Oideachais agus Scileanna, a thug le fios le deireanas nach raibh dóthain Gaeilge ach ag 1.5% dá foireann riaracháin chun seirbhís a chur ar fáil sa teanga sin. “Ní haon eisceacht í an Roinn sin” a dúirt sé “ach tá easpa cumais sa Ghaeilge forleathan i bhformhór na Ranna Rialtais agus na ngníomhaireachtaí stáit.” (breis faoi oráid Sheaín Uí Chuireáin: Teip Iomlán!)

I láthair do dhíospóireacht idir na páirtithe polaitíochta ar cheisteanna na Gaeilge bhí, An tAire Pat Carey T.D., Fianna Fáil; Frank Feighan, TD., Fine Gael; Brian O’Shea, T.D., Páirtí an Lucht Oibre; Aengus Ó Snodaigh, T.D.,  Sinn Féin; agus Dominic Ó Brollcháin, CTR, Páirtí Sóisialta agus Daonlathach an Lucht Oibre.  I measc na gceisteanna a pléadh, cíoradh an Ghaeilge ag leibhéal na hArdteistiméireachta, an Ghaeilge sa Státchóras, tacaíochtaí do Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus plean feidhmithe chuige sin, agus ceist fheidmeanna Údarás na Gaeltachta. 

Ag eascairt as an seimineár is iad seo thíos na príomhéilimh á mbeidh á chur faoi bhráid na bpáirtithe polaitíochta ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge:


An Ghaeltacht
• Éilíonn an Chomhdháil go gcuirfear na hacmhainní agus na tacaíochtaí cuí ar fáil  d’Údarás na Gaeltachta chun leanúint dá chúram fiontraíochta sa Ghaeltacht.
• Éilíonn an Chomhdháil go gcuirfear gach tacaíocht ar fáil do theaghlaigh ar mian leo a bpáistí a thógáil trí Ghaeilge, sa Ghaeltacht agus ar ndóigh timpeall na tíre. 


Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge
• Éilíonn an Chomhdháil go mbunófar na struchtúir chuí d’fhonn Straitéis 20 Bliain na Gaeilge a chur i gcrích go héifeachtach agus go héifeachtúil, agus go mbainfear gach leas as saineolas agus scileanna earnáil dheonach na Gaeilge chuige seo.
• Éilíonn an Chomhdháil go ndéanfar cúraimí Údarás na Gaeltachta a shoiléiriú trí na cúraimí seo a dhaingniú i reachtaíocht chuí agus go leagfar síos clár ama d’achtú na reachtaíochta riachtanaí seo, agus go gcuirfear bonn reachtúil faoin Straitéis dá réir. 


An Ghaeilge sa Chóras Oideachais
• Éilíonn an Chomhdháil go dtabharfar tacaíocht iomlán don Ghaeilge mar chroí-ábhar ag leibhéal na hArdteistiméireachta, agus mar bhunchritéir iontrála do chúrsaí tríú leibhéal.
• Éilíonn an Chomhdháil go ndéanfar soláthar sa chóras oideachais chun curaclam Gaeilge a chur ar fáil go leibhéal na hArdteistiméireachta a thógann san áireamh sainriachtanais daltaí atá líofa sa Ghaeilge.
• Éilíonn an Chomhdháil go ndéanfar athbhreithniú ar an gcóras oideachais, d’fhonn bealaí feabhais a aimsiú chun cur le líofacht Gaeilge na ndaltaí ag leibhéal na bunscoile agus na hiar-bhunscoile.
• Éilíonn an Chomhdháil go ndéanfar freastal i gcónaí ar éilimh thuismitheoirí i dtaca le soláthar oideachas trí Ghaeilge.


An Ghaeilge sa Státchóras
• Éilíonn an Chomhdháil go gcuirfear Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 i bhfeidhm go hiomlán agus go forleathan i measc an státchórais.
• Éilíonn an Chomhdháil go ndéanfar atheagar ar chórais an Stáit chun seirbhísí feabhsaithe trí Ghaeilge a sholáthar go réamhghníomhach do phobal na Gaeilge.  Chuige sin, molann Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge go dtabharfar faoi idirdhealú dearfach i bpróisis earcaíochta an státchórais i bhfabhar siúd atá inniúil sa Ghaeilge agus sa Bhéarla.

Ag labhairt dó ag an seimineár poiblí, dúirt Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Pádraig Mac Criostail: “Teastaíonn go mbeidh polasaithe a fheidhmítear i dtaobh na Gaeilge, faoi chlár an chéad Rialtais eile, bunaithe ar fhianaise agus dea-chleachtas pleanála teanga, ar mhaithe le seasamh na Gaeilge a neartú.  Eascraíonn éilimh thoghchánaíochta na Comhdhála as saineolas na hearnála, mar aon le héilimh an phobail.  Rachaidh an Chomhdháil i mbun stocaireachta chun gealltanais na bpáirtithe polaitíochta i dtaobh na n-éileamh seo a dheimhniú”. 
Share/Save/Bookmark

1 comment:

  1. Labhair mé le Julian de Spáinn agus Helen Ó Murchú ann do NearFM:

    http://nearpodcast.org/podcast/index.php?id=544

    Táim ag súil go mbeidh fís den cuid deireanach den seiminéar agam go luath, cé go mbeidh sé ag éirí as dáta! :(

    ReplyDelete