10.5.10

Brú Béarla i gConamara?

Fadó bhí tagairt sa nuachtán Lá, nach maireann, den bhrú Béarla a bhí á dhéanamh ag An Post ar an nGaeltacht in mBearna in 2003. Chuireadar Barna thuas mar ainm ar an mBaile sin atá sa Ghaeltacht. Taobh istig de cúpla lá bhí an comhartha athraithe agus Bearna atá ar ó shin.

Cheapfá go mbeadh an ceacht foghlamtha ag an Post mar idir sin agus seo is an ainm Gaeilge amháin atá na "aigheanna siopaí" ar Oifigí Phoist sa Ghaeltacht ó shin. Nó b'shin a cheap mé go dtí inniú.

Le déanaí aistríodh oifig an phoist in Indreabhán ón Teach Mór soir go Siopa an Phobail ar an Chnoc. Tá an tainm neamhoifigiúil áiféiseach "INVERIN" scríofa ann. Sa sean oifig b'é Indreabhán a bhí scríte ós chomhair an dorais. Bliain nó dhó ó shin aistríodh Oifig an Phoist i mBaile na hAbhann go Tigh Dick agus Baile na hAbhann atá ós cionn an dorais ansin gan aon iarracht ar leagan aisteach eile a úsáid.

Seo pictiúir a tógadh inniú taobh amuigh den oifig nua ag Siopa an Phobail.

Bhfuil athrú meoin tagtha ar An bPost. Táid ag iarraidh an teanga a shéanadh arís, ar na stampaí agus anois sna hoifigí phoist i gcroí lár na Gaeltachta.
Share/Save/Bookmark

4 comments:

  1. Sílim go bhfuil lic péinte ag teastáil ón gcomhartha sin.....

    ReplyDelete
  2. Feictear dom go raibh Béarla in úsáid i gConamara le blianta - ar thug tú faoi deara cuid de na clocha cinn sna reiligí? An é nach raibh leagain Ghaeilge le fáil, meas tú, nó an é gur traidisiún a bhíodh ann Béarla a úsáid ar na leaca?

    ReplyDelete
  3. Tá an ceart a't Áine. B'shin an nós. Má thugann tú faoi deara tá na uaigheanna is ársa scríte an chuid is mó i mBéarla. Is rud nua sa Ghaeltacht iad a bheith scríofa i nGaeilge (le caoga nó seasca bliain anuas), cé go raibh Gaeilge a labhairt ann, agus í níos láidre ná mar atá sé anois, ach b'shin an nós is cosúil. Bíonn gach rud "oifigiúil" i mBéarla is cosúil.

    ReplyDelete
  4. Seo teachtaireacht a fuaireas le déanaí ó Oifig an Choimisinéara Teanga:
    "Beidh áthas ort a chloisteáil go bhfuil sé deimhnithe dom ag an bPost go bhfuil i gceist an leagan Béarla den logainm a bhaint anuas den chomhartha atá lasmuigh d’Oifig an Phoist in Indreabhán, agus gur aontaigh siad gurb é an polasaí leagan Gaeilge amháin a úsáid sa Ghaeltacht agus leagan dátheangach lasmuigh de."

    ReplyDelete