17.5.10

Athbhreithniú na n-eagras Gaeilge!

Athbhreithniú na nEagraíochtaí Gaeilge atá bunmhaoinithe ag Foras na Gaeilge

Seo Ráiteas éisithe ag an bhFóram Comhpleanála.
Ag cruinniú de na heagraíochtaí Gaeilge atá bunmhaoinithe ag Foras na Gaeilge, a tionóladh ar an Aoine seo caite, 14 Bealtaine, fáiltíodh roimh ráitis an Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais, agus Gaeltachta, Pat Carey TD, sna meáin chumarsáide maidir le leanúint de mhaoiniú na n-eagraíochtaí bunmhaoinithe fad agus atá athbhreithniú ar bun ag Foras na Gaeilge ar struchtúr maoinithe na n-eagras bunmhaoinithe, de réir éilimh ón gComhairle Aireachta Thuaidh/Theas (CATT) (Béarla).

Tionóladh dhá chruinniú de na heagraíochtaí bunmhaoinithe an tseachtain seo caite, ceann ar Dé Luain, 10 Bealtaine 2010, agus cruinniú eile ar Dé hAoine, 14 Bealtaine 2010. Ceapadh saineolaí i mbainistíocht athruithe chun éascaitheoireacht a dhéanamh ar chruinniú an Aoine. Bunaíodh Fóram Comhphleanála le linn na gcruinnithe agus tá moladh curtha ar fáil ag an bhFóram Comhphleanála chuig Foras na Gaeilge maidir le hathstruchtúrú na hearnála.

Freagraíonn an dá mholadh atá curtha faoi bhráid Fhoras na Gaeilge go dtí seo ó na heagraíochtaí bunmhaoinithe go díreach do threoir na CATT a eisíodh ar an 2 Nollaig 2009.

Léiriú atá san obair seo go bhfuil na heagraíochtaí bunmhaoinithe tiomanta don phróiseas atá ag dul ar aghaidh agus go bhfuil bonn láidir curtha cheana féin leis an struchtúr comhoibrithe nua tríd an Fóram Comhphleanála. Tá súil ag na heagraíochtaí bunmhaoinithe go leanfar den phróiseas ar bhonn comhpháirtíochta le Foras na Gaeilge i gcomhar leis na Ranna Rialtais ó thuaidh agus ó dheas chun leasa na Gaeilge agus earnáil dheonach na Gaeilge.
Share/Save/Bookmark

13.5.10

Gaeilge sa Spidéal

Tionólfar cruinniú poiblí i Scoil Éinne, an Spidéal, Dé Céadaoin 19 Bealtaine, ag 8.30i.n., chun plé a dhéanamh ar ullmhú plean Gaeilge don Spidéal.

Tá an cruinniú dírithe ach go háirithe ar thuismitheoirí óga, ionadaithe óna heagraíochtaí pobail agus ar an mórphobal trí chéile. Is é Comhlacht Forbartha an Spidéil atá ag eagrú na hócáide seo, chun deis a thabhairt don phobal páirt a ghlacadh sa phróiseas. Beidh an cruinniú ag díriú freisin ar thorthaí shraith shuirbhéanna a d’eagraigh an Comhlacht Forbartha ar úsáid na Gaeilge sa Spidéal.

Léiríonn na torthaí gurb é toil an phobail go leanadh an Ghaeilge mar phríomhtheanga an phobail agus creideann siad go bhfuil an Ghaeilge lárnach i bhféiniúlacht phobal an cheantair. Ach in ainneoin go bhfuil 66% den phobal ina gcainteoirí Gaeilge, de réir daonáireamh 2006, léiríonn na suirbhéanna gur beag dóchas atá ag an bpobal go bhfuil dóthain cainteoirí óga Gaeilge á chothú le go mbeidh an Ghaeilge slán sa chéad ghlúin eile. Tá sé seo fíor ach go háirithe leis an aos óg, áit nach gcreideann ach 10% de dhéagóirí go mbeidh an Ghaeilge mar phríomhtheanga an phobail i gceann 20 bliain.

Tá cruinniú na seachtaine seo chugainn á eagrú chun tabhairt faoina fadhbanna seo agus deir Comhlacht Forbartha an Spidéil go mbeidh ról ag gach duine in ullmhú phlean Gaeilge an Spidéil. Tá siad ag iarraidh ar an bpobal freastal ar an gcruinniú agus páirt ghníomhach a ghlacadh i bhfeachtas lena chinntiú go láidreofar staid na Gaeilge sa phobal. (Galway Advertiser)
Share/Save/Bookmark

Tacaíocht do Ghlór na nGael


Seo ráitéis ó Guth na Gaeltachta:

Is léir go bhfuil cuid mhór éiginnteachta ag baint le cúrsaí maoinithe san earnáil dheonach Gaeilge faoi láthair.

Tá fógra iomarcaíochta tugtha ag Glór na nGael do sheachtar dá gcuid fostaithe de bharr na héiginnteachta seo. Ba mhaith le Guth na Gaeltachta a dtacaíocht a léiriú do na heagrais Ghaeilge seo uilig agus go háirithe do Ghlór na nGael a bhfuil obair mhór déanta acu le blianta fada anuas le gné na Gaeilge den fhorbairt pobail a chothú ar fud na tíre agus go háirithe sa Ghaeltacht. Tá obair thábhachtach déanta acu mar aon leis na heagrais Ghaeilge eile. Is léir go bhfuil tiomantas láidir léirithe acu don teanga agus go spreagann na heagraíochtaí seo cuid mhór gníomhaíochtaí ar bhonn deonach sna pobail éagsúla.

Ba mhór an chontúirt é don teanga má ligtear an tiomantas seo le sruth agus na spriocanna uaillmhianacha atá sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge le baint amach againn. Is é an phríomhláidreacht atá ag an teanga ná an tiomantas deonach seo a spreagann sé sa phobal i gcoitinne agus tá ról lárnach ag na heagrais Ghaeilge sa phróiseas sin.

Share/Save/Bookmark

11.5.10

Barr 50 do cairt-staisiún?

Tá Raidió Rí-Rá, an chéad chairt-stáisiúin raidió Gaeilge don aos óg, ainmnithe i measc na mBarr 50 Gnó le Gaeilge 2010, gradaim a bhronnfar ag ceiliúradh bliantúil i dTeach an Ard-Mhéara, Baile Átha Cliath, Dé hAoine, 14 Bealtaine 2010.

Arsa Traic Ó Braonáin, Cathaoirleach Raidió Rí-Rá: “Léiríonn Raidió Rí-Rá nuálaíocht agus úrsmaoineamh sa ghnó i gcónaí tríd an teanga a úsáid ar bhealach nár baineadh leas as i ngnó na Gaeilge go dtí seo - idir na nua-theicneolaíochtaí is déanaí a úsáid, chláracha nuálaíocha a fhorbairt go leanúnach, agus theacht ar mhodhanna éisteachta agus ar mhodhanna margaíochta nua. “Is mór ag Raidió Rí-Rá aitheantas a fháil don obair cheannródaíoch seo atá ar siúl againn agus ainmniúchán i measc na mbarr 50 gnó is fearr le Gaeilge faighte ag an ógstáisiún i mbliana.”

Chomh maith le hainmniúchán a fháil do na Gradaim Bharr 50 Gnó le Gaeilge 2010 tar éis díreach dhá bhliain chraolta dó, d’éirigh le Raidió Rí-Rá dhá ainmniúcháin a fháil do Ghradaim Chumarsáide mhórmheasúla Oireachtas na Gaeilge anuraidh, áit gur ainmníodh Miriam Maher don ghradam Pearsa Raidió na Bliana agus an clár seachtainiúil PopNuacht don ghradam Clár Raidió na Bliana in iomaíocht le mórstáisiúin sheanbhunaithe Ghaeilge na tíre dá leithéid RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Deir Síne Nic an Ailí, láithreoir agus Oifigeach Caidrimh Phoiblí Raidió Rí-Rá: “Ós rud é gurb é Raidió Rí-Rá an t-aon chairtstáisiún lánGhaeilge don aos óg in Éirinn, táimid tiomáinte le seirbhís ar a laghad chomh maith lena macasamhail ar chairtstáisiúin Bhéarla a chur ar fáil do phobal na Gaeilge, agus go deimhin le seirbhís níos fearr fiú. “Tapaíonn an stáisiún gach deis le sár-úsáid a bhaint as an nGaeilge sa ghnó i gcónaí, agus tá Raidió Rí-Rá ag treabhadh an ghoirt ag soláthar sheirbhís cheoil agus Ghaeilge d’aos óg na tíre seo trí fheidhmchlár iPhone in aisce a chur ar fáil le híoschóipeáil, trí leas a bhaint as gréasánaíocht shóisialta ar nós Twitter agus Facebook, agus tríd an stáisiún a chur ar fáil ar ghutháin Nokia.”

Tá na hamhráin is mó ó na cairteacha á gcasadh ag Raidió Rí-Rá, go hiomlán trí mheán na Gaeilge, gan stad ar-líne ag www.rrr.ie ó thosaigh an stáisiún ag craoladh ar an idirlíon i mí an Mhárta 2008. Chaith an stáisiún trí sheachtain ag craoladh beo ar FM i Márta 2009 agus i Márta 2010 mar stáisiún oifigiúil Sheachtain na Gaeilge, agus bhí teacht ag níos mó ná milliúin go leith duine i mBaile Átha Cliath, Corcaigh, Gaillimh agus Luimneach ar an gcairtstáisiún Gaeilge le linn an chraolacháin bheo.

Tá sé beartaithe ag grúpa oibre Raidió Rí-Rá dul ar an gcóras teilifíse digití agus DAB amach anseo, agus go mbeadh stáisiún raidió Gaeilge lánaimseartha don aos óg ar an gcóras náisiúnta FM freisin. , an chéad chairt-stáisiúin raidió Gaeilge don aos óg, ainmnithe i measc na mBarr 50 Gnó le Gaeilge 2010, gradaim a bhronnfar ag ceiliúradh bliantúil Gradaim Barr 50 Gnó le Gaeilge i dTeach an Ard-Mhéara, Baile Átha Cliath, Dé hAoine, 14 Bealtaine 2010.
Share/Save/Bookmark

10.5.10

Brú Béarla i gConamara?

Fadó bhí tagairt sa nuachtán Lá, nach maireann, den bhrú Béarla a bhí á dhéanamh ag An Post ar an nGaeltacht in mBearna in 2003. Chuireadar Barna thuas mar ainm ar an mBaile sin atá sa Ghaeltacht. Taobh istig de cúpla lá bhí an comhartha athraithe agus Bearna atá ar ó shin.

Cheapfá go mbeadh an ceacht foghlamtha ag an Post mar idir sin agus seo is an ainm Gaeilge amháin atá na "aigheanna siopaí" ar Oifigí Phoist sa Ghaeltacht ó shin. Nó b'shin a cheap mé go dtí inniú.

Le déanaí aistríodh oifig an phoist in Indreabhán ón Teach Mór soir go Siopa an Phobail ar an Chnoc. Tá an tainm neamhoifigiúil áiféiseach "INVERIN" scríofa ann. Sa sean oifig b'é Indreabhán a bhí scríte ós chomhair an dorais. Bliain nó dhó ó shin aistríodh Oifig an Phoist i mBaile na hAbhann go Tigh Dick agus Baile na hAbhann atá ós cionn an dorais ansin gan aon iarracht ar leagan aisteach eile a úsáid.

Seo pictiúir a tógadh inniú taobh amuigh den oifig nua ag Siopa an Phobail.

Bhfuil athrú meoin tagtha ar An bPost. Táid ag iarraidh an teanga a shéanadh arís, ar na stampaí agus anois sna hoifigí phoist i gcroí lár na Gaeltachta.
Share/Save/Bookmark

4.5.10

Dispeagadh?


Ritheadh an Acht Teanga in 2003 agus tháinigh feabhas ar úsáid na Gaeilge ar stampaí díreach ansin. Roimhe sin ba díspeagadh don teanga a bhí ionnta, gan Gaeilge seachas ainm na tíre agus bhféidir stampa na Nollag agus stampa Naomh Phádraigh. Scríodh litreachta chuig na nuachtáin ag an am ag gearán faoi "Díspeagadh An Post" in 2003, ach i 2004 ba léir go raibh feabhas tagtha ar an scéal, ba cosúil go raibh casadh sa taoide!

Le deanaí thug mé faoi deara roinnt stampaí nach raibh Gaeilge ortha. Meas tú an bhfuil siad ag filleadh ar a sean-nós Béarlach!

An stampa ghrá a éisítear gach Lá Bhailintín is i mBéarla atá "Love Birds" scríofa ortha. Tagann siad seo i leabhrán "Wedding Stamp Booklet"(Béarla) nach bhfuil ach Béarla ortha. Dála an scéal nuair a chuireann An Post leabhrán stampaí amach is i mBearla atá siad - mar shampla an leabhrán na Nollag. D'fhéadfadh siad a rá go bhfuil an "love birds" ar an stampa mar chuid den ealaíon ach is leithscéal é sin dar liom.


An tarna stamp i mbliana a bhí i mBéarla na a stampa ag comóradh 25 bliain de gradam an Uachtaráin "Gaisce." Béarla amháin atá air seachas an focal Gaisce é féin. Díspeagadh eile?

Dála an scéal tá an suíomh ag an gradam san Gaisce i mBearla amháin chomh maith. Mar a dúirt an Piarsach, "Mór mo náir,,,"

Seans go bhfuil roinnt dóibh síud a deireann Uachtarán Chonradh na Gaeilge fostaithe anseo. Daoine a cheapann "nach teanga iomlán daonna í an Ghaeilge."
Share/Save/Bookmark

3.5.10

Stiúrthóirí naíonraí cáilithe de dhith!

Beidh Dianchúrsa d’ábhar Stiúrthóirí Naíonraí ar fáil ag deireadh mhí Bealtaine i mBaile Átha Cliath.

Ó tharla an oiread sin éileamh ar an Dianchúrsa d’ábhar Stiúrthóirí Naíonraí i mbliana, beidh Forbairt Naíonraí Teo. ag cur Dianchúrsa eile ar fáil ar an 24-28 Bealtaine, Luan go Aoine idir 9.00-5.00i.n.. Beidh an dianchúrsa ar siúl i lár na Cathrach i mBaile Átha Cliath. Is é seo an buncháilíocht atá ag teastáil ó FNT le feidhmiú mar Stiúrthóir Naíonra.

Beidh agallamh Gaeilge le déanamh acu siúd gur mhian leo freastal ar an Dianchúrsa seo chun caighdeán Gaeilge na hiarrthóirí a áireamh. Beidh na hagallaimh Gaeilge ar siúl i mBaile Átha Cliath ar an 11 agus 12 Bealtaine in Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath 9.

Is bunchúrsa é seo, trí mheán na Gaeilge, i mbainistíocht agus reáchtáil Naíonraí d’ábhar Stiúrthóirí Naíonraí nó d’éinne le Gaeilge líofa a bhfuil spéis acu Gaeilge a úsáid le páistí óga. Is cúrsa éigeantach é d’éinne atá ag iarraidh naíonra a bhunú faoi Forbairt Naíonraí Teo. Faoi láthair tá 156 naíonraí cláraithe le Forbairt Naíonraí Teo agus tá os cionn 3,500 leanaí ag freastal ar sheirbhísí chúram leanaí trí Ghaeilge.

Dúirt Clíona Frost, Ard-Fheidhmeannach FNT,“Tá an-áthas orm go bhfuil an borradh seo le feiceáil sna naíonraí Gaelacha. Léiríonn an tionchar atá ár naíonraí Gaelacha buanaithe á imirt sa phobal agus an nasc atá á chothú acu leis na gaelscoileanna fud fad na tíre, go bhfuil branda an Naíonra ag treisiú.”
“Is léir go bhfuil tuismitheoirí anois ag aithint buntáistí an Luath-Thumoideachais Iomlán agus iad ag roghnú réamhscolaíocht lán-Ghaeilge dá bpáistí.”

Tá Forbairt Naíonraí Teoranta ag obair go leanúnach leis na príomheagraíochtaí deonacha Gaeilge eile ar chur chun cinn na teanga agus ar chúram agus oideachas leanaí trí mheán na Gaeilge, ach go háirithe sa suíomh luath-thumoideachais.


Share/Save/Bookmark