21.1.10

Díoltóir Fograíochta

"Tá Teannadh Luais Lasrach de dhíth orainn chun Gaelscéal a fhorbairt mar phríomh mheán fógraíochta i nGaeilge!"

Tiocfaidh Gaelscéal, an nuachtán seachtainiúil Gaeilge is nuálaí, is bríomhaire agus is tráthúla dá bhfuil ann, i mbun táirgíochta go luath i 2010. Tabharfaidh sé spleáchadh do léitheoirí fud fad oileán na hÉireann ar chúrsaí reatha, idirnáisiúnta, náisiúnta agus réigiúnach; oideachas, spóirt, cúrsaí saoil, caitheamh aimsire maraon le saol na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Cuirfidh Gaelscéal áis idirghníomhach ar-líne ar fáil do Ghaeil chun teagmháil le chéile tré fís, fuaim & focal, chomh maith le caighdeán árd scríbhneoireachta an nuachtáin féin. Tabharfaidh fóraim agus blaganna deis do dhaoine gur suim leo, a dtuairimí a nochtadh ar iliomad ábhar.

Beidh béim faoi leith ar úsáid na meáin dhigitigh chun ábhar oideachasúil agus eile a fhorbairt. Teastaíonn lucht díolta fógraíochta fuinniúil & cruthaitheach uainn a mbeidh tionchar dearfach láithreach acu ar ár gnó. Tá taithí díol fógraíochta agus cumas réasúnta i nGaeilge an-tábhachtach don té a roghnófar.

Má mheasann duine go bhfuil na scileanna cuí ag éinne don chúram seo, cuir C.V. maraon le h-aon eolas ábharach eile ar ríomhphost chuig:
gaelsceal@gmail.com
ar ghnáthphost chuig:
Gaelscéal,
An Chuasnóg,
Baile Ard,
An Spidéal,
Co. na Gaillimhe.

GLACFAR LE H-IARRATAIS DO NA POIST GO DTí 5I.N. AR AN 29 EANAIR, 2010.

Share/Save/Bookmark

Sastacht GnaG!


Bhí an chead cruinniú ag an Comhchoiste Dála atá ag plé leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge inne (20 Eanáir, 2010). Craoladh an clár seo beo ach is féidir leat é a fheiceáil arís i gCartlann TG 4 Ní mór gliogáil ar "Cursaí Reatha." agus ar "Dáil Beo: Comhchoiste Gaeilge - 20/1/10" ansin. Maireann an craoladh timpeall 2.5 n-uaire.

Tá sé aontaithe ag an gComhchoiste cruinniú eile a bheith ann go luath le deis a thabhairt do eagraíochtaí Gaeltachta a dtuairimí a thabhairt faoin Straitéis. Tá Guth na Gaeltachta ag moladh do na Gaeltachtaí éagsúla cruinnithe poiblí a bheith acu roimh ré le plé a dhéanamh air.

Feach ar Míshastacht GnaG chom maith

Share/Save/Bookmark

19.1.10

Moladh CnaG don Choiste Oireachtais

Dea-mhúineadh na Gaeilge

Beidh toscaireacht ó Chonradh na Gaeilge ag moladh cúrsa comhtháite céimnithe Gaeilge a chur i bhfeidhm sna scoileanna; comhstádas a thabhairt don Ghaeilge ar chomharthaí bóthair dátheangacha; scéim earcaíochta a cheapadh don tseirbhís phoiblí le béim ar earcaigh dhátheangacha inniúla a fhostú; agus a chinntiú go mbíonn ról fiontraíochta agus cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht ag an údarás nua teanga atá luaite sa Dréacht-Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, nuair atá an Dréacht-Straitéis sin á plé ag cruinniú den Chomhchoiste Dála um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta i dTeach Laighean ag 2.00in Dé Céadaoin, 20 Eanáir 2010.

Arsa Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Géar-riachtanas is ea é go múinfí an Ghaeilge go héifeachtach ó thús go deireadh an chórais oideachais agus molann Conradh na Gaeilge go gcuirfí cúrsa comhtháite céimnithe Gaeilge i bhfeidhm ó na naíonán go dtí an tríú leibhéal mar ábhar práinne, agus go gcuirfí acmhainní ar fáil go leanúnach don Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíocht (COGG) leis an gcúrsa seo a chur á fheidhmiú.”

Creideann an Conradh gur ghá an-bhéim a leagadh ar oiliúint mhúinteoirí lena chinntiú go mbainfear spriocanna na Straitéise amach, agus moltar dea-nósmhaireachtaí i leith normalú agus úsáid na Gaeilge i measc ábhar oidí, trí ábhair a dhéanamh trí Ghaeilge ar an gcoláiste oiliúna agus trí tréimhse trí sheachtain a chaitheamh sa Ghaeltacht ag tús an chúrsa oiliúna, mar shampla.

Measann an Conradh go bhfuil an-tábhacht ag baint le feiceálacht na Gaeilge leis an teanga a normalú agus a chur chun cinn sa phobal freisin, agus moltar comhstádas leis an mBéarla a thabhairt don Ghaeilge ar chomharthaí bóthair dátheangacha, ionas go mbeidh an téacs i nGaeilge chomh sofheicthe agus chomh hinléite céanna leis an téacs i mBéarla ar gach comhartha nua amach anseo.

Deir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: “Tá ról ríthábhachtach ag an bpobal i gcur i gcrích Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge an Rialtais agus creideann an Conradh go mba chóir go mbeadh institiúid Ghaeilge ag plé leis an nGaeltacht agus leis an bpobal Gaeltachta mar chuid lárnach den Straitéis ar son chur chun cinn na teanga.

“Tá pobal na Gaeltachta i dteideal aitheantas ar leith ar bhonn teanga agus cultúir; ní féidir an Ghaeilge a bhuanú sa Ghaeltacht sa bhfadtréimhse, más neamhshuim leis an bpobal mór í, agus má dhiúltaíonn an státchóras i gcoitinne di. Mar sin creideann an Conradh gur chóir go mbeadh cúram ar an Údarás úr atá luaite sa Straitéis leanúint de bheith ag cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht, mar a bhí Údarás na Gaeltachta go dtí seo, agus go gcuirfí na hacmhainní cuí ar fáil don Údarás chuige seo.”


Molann Conradh na Gaeilge scéim earcaíochta don tseirbhís phoiblí faoina gcinnteofaí go mbíonn líon dóthanach foirne inniúil ar an nGaeilge le seirbhís shásúil Gaeilge a sholáthar i ngach rannóg stáit. Ba lú an caiteachas ar sheirbhísí seachtracha aistriúcháin, dá mb’fheidir leis na státseirbhisigh féin an obair a chur i gcrích go hinmheánach.

Tá Conradh na Gaeilge ag súil go gcabhróidh an cur i láthair os comhair an Chomhchoiste Dála le haontas tras-pháirtí a chothú maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, ar mhaithe le leanúnachas na Straitéise a chinntiú sa ghlúin romhainn.

Féach Mísástacht Glór na nGael foin gcruinniú choiste seo.
Share/Save/Bookmark

18.1.10

Míshastact GnaG

Bhí cruinniú poiblí ag Guth na Gaeltachta i nGaoth Dobhair ar an Aoine 15 Eanair faoin Straitéis 20 bliain don Ghaeilge agus bhí ionadaíocht leathan i lathair ó choistí pobail i nGaeltacht Dhún na nGall.

Léiríodh míshástacht laidir ag an chruinniú nach bhfuair Guth na Gaeltachta nó aon eagraíocht Gaeltachta eile cuireadh go dtí cruinniú an Comhchoiste Dála ar an Cheadaoin seo chugainn an 20 Eanair. Mar sin, glacadh an cinneadh iarraidh ar an Comhchoiste cruinniú eile a eagrú le deis a thabhairt do eagraíochtaí Gaeltachta a gcuid tuairimí a thabhairt faoin chaipéis tábhachtach seo.

Seo hiad miontuairiscí na cruinnithe:

1. Glacadh leis, cé go raibh ciorruithe móra sa bhuiséad i mí na Nollag, gur éirigh le feachtas Ghuth na Gaeltachta na cúig phrionsabal a bhí leagtha amach in éadan cuid de mholtaí an Bhord Snip Nua a chosaint. 2. Glacadh leis go gcaithfear díriú isteach ar an Straitéis 20 Bliain anois. 3. Rinne Éamonn Mac Niallais cur i láthair ar a bhfuil sa Straitéis 20 Bliain agus glacadh leis go ginearálta go bhfuil rudaí maithe ann má chuirtear an maoiniú cuí ar fáil agus má chuirtear i bhfeidhm na moltaí uilig. 4. É sin ráite, léiríodh míshuaimhneas áirithe faoin Straitéis agus moladh:

Údaras na Gaeltachta
  • Cinntiú go mbeadh cúraimí fiontraíochta an Údaráis sonraithe níos fearr sa cháipéis
  • Go mbeadh an teideal ‘Údarás na Gaeltachta agus na Gaeilge’ ar an ghníomhaireacht úr.
  • Go mbeadh fostaíocht teanga-lárnaithe luaite sa Straitéis mar cheann de phríomhaidhmeanna an Údaráis sa Ghaeltacht.
  • Go mbeadh maoiniú an Údaráis á dháileadh sa Ghaeltacht de réir pleananna sásúla teanga a bheith curtha ar fáil ag na ceantair/pobail agus go mbeadh an maoiniú bunaithe ar na pleananna sin.

An Cainteoir Dúchais
    Go bhfuil neamart á dhéanamh ar an chainteoir dúchais sa dréachtcháipéis agus gur chóir go mbeadh sé mar bunaidhm ghné na Gaeltachta den Straitéis cur le líon na gcainteoirí dúchais sa Ghaeltacht. Moladh:
    • Scéim cosúil le SLG a bheith ann dírithe ar an chainteoir baile agus ar na blianta 0-7.
    • Soláthar sonrach a dhéanamh don chainteoir dúchais i naíonraí agus bunscoileanna Gaeltachta nó i gcás ceantair le daonra níos ísle, go ndéanfar soláthar don chainteoir dúchais i sruthanna faoi leith ins na naíonraí agus ins na bunscoileanna
    • Go mbeadh curaclam úr ann dírithe ar riachtanais na gcainteoirí dúchais.
    • Go mbunófaí Bord Oideachais sa Ghaeltacht le haidhmeanna oideachais an Stáit sa Ghaeltacht a cheapadh, a bhainistiú agus monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn.
    • Go gcuirfí gréasáin Ionaid Tacaíochta Teaghlaigh sa Ghaeltacht ar fáil mar thaca do theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge.
    • Go ndéanfar soiléiriú sa Straitéis go ndáilfí maoiniú ar chúrsaí sóisialta, spóirt agus pobail ar phobail éagsúla Ghaeltachta ar an tuiscint go reáchtálfaí a gcuid imeachtaí tré Ghaeilge agus ar bhealachatá ag teacht le plean teanga an cheantair.
Oideachas
  • Go mbeadh áit sa churaclam scoile d’fheasacht chultúrtha/stair theanga na hÉireann leis an aos óg a chur ar an eolas faoi oidhreacht luachmhar chultúrtha na hÉireann.
  • Go nglacfaí leis an mholadh Aire Stáit don Gaeloideachas a bheith ceaptha sa Roinn Oideachais.
An Ghaeltacht
  • Go bhfuil soiléiriú ag teastáil sa Straitéis ar na hAonaid Sealbhaithe Teanga atá beartaithe do na trí phríomhcheantar Gaeltachta.
  • Go mbeadh sprioc sonrach luaite sa Stráitéis i dtaca le líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht mar atá le líon na gcainteoirí sa tír ina iomlán.
  • Go mbeadh sprioc sonrach luaite sa Stráitéis maidir le líon na gcainteoirí dúchais sa Ghaeltacht.
Eile
  • Go léireodh an Rialtas é féin an sampla ó thaobh ‘normalú’ na teanga de i dTithe an Oireachtais.
  • Go mbeadh soiléiriú ar ról lárnach eagraíochtaí pobalbhunaithe, sa Ghaeltacht agus lasmuigh de, i bhfeidhmiú na Straitéise ar an talamh agus go mbeadh maoiniú cuí á chur ar fáil do na heagraíochtaí sin thar thréimhse mheántéarmach in áit a bheith ag brath ar dheontas bliantúil, sé sin an deis a thabhairt pleananna a chur le chéile agus earcú agus forbairt a dhéanamh ar an fhoireann chuí.
  • Go mbeadh athbhreithniú neamhspleách á dhéanamh ar dhul chun cinn na Stráitéise ag mar shampla, an Coimisinéir Teanga, chuile 5 bliana nó mar sin.
  • Go gcinnteofar go bhfuil comhthéacs uile oileánda ag an Straitéis dá réir a chéile agus go bhfuil leor acmhainní agus tacaíochta ag pobal na Gaeilge ins na 6 conntae agus nach ndéantar atheagrú ar earnáil óg dheonach na Gaeilge ó thuaidh mar gheall ar phlean ata dírithe ar chúinsí na teanga ó dheas.
5. Léiríodh míshástacht láidir nach bhfuair Guth na Gaeltachta cuireadh chuig cruinniú an Chomhchoiste Oireachtais ar an Chéadaoin seo chugainn agus nach bhfuil aon eagraíocht Ghaeltachta eile le bheith i láthair ar an lá. Moladh cruinniú eile den Chomhchoiste a iarraidh d’eagraíochtaí Gaeltachta.

Tugadh buíochas do chuile dhuine a thug tacaíocht agus cuidiú don fheachtas go dtí seo. Tá sé iontach tábhachtach go mbeidh muid ag leanúint ar aghaidh ag tabhairt glór do mhuintir na Gaeltachta idir seo agus aontú dhréacht deiridh Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.


I láthair bhí:
1 An tAthair Brian Ó Fearraigh Coiste Ionad Naomh Pádraig, Dobhair
2 Anna Uí Chearbhaill Carraig an tSeascain
3 Antoin Mac Aodha Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair
4 Aodh Mac Laifeartaigh Coiste Céim Aniar, Na Dúnaibh
5 Aodh Mac Ruairí Coiste Aislann Rann na Feirste
6 Bernie Nic Phaidín Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair
7 Brídín Nic Chearáin Gaeltacht Bheo Fhánada
8 Caitlín Uí Chochláin Co. Co. Dhún na nGall, Leitir Ceanainn
9 Caitlín Uí Laifeartaigh Coiste Pobail Ghort a Choirce, Machaire Rabhartaigh
10 Ciarán Ó Brolacháin Na Gaeil Óga, Machaire Chlochair
11 Colm Ó Baoill Machaire Chlochair
12 Conchúr Mac Giolla Eáin Mín an Iolair
13 Dónall Ó Cnáimhsí An Ghlaisigh
14 Éamon Ó Ceallaigh Coiste Sheáin Bháin, Baile na Finne
15 Éamonn Mac Niallais Dún Lúiche
16 Gráinne Mhic Géidigh Coiste na mBan Tí, Dún Lúiche
17 Máire Mhic Niallais Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair
18 Máire Mhic Phaidín Coiste Pobail Ghort a Choirce, Machaire Rabhartaigh
19 Máire Nic Niallais Cnoc an Stollaire
20 Máire Uí Chomhaill Coiste Ionad Naomh Pádraig, Dobhair
21 Nodlaig Ó Cianáin Dún Lúiche
22 Pádraig O’Carroll Gaobh Dobhair
23 Pádraigín Nic Giolla Chearra Gaeltacht Bheo Fhánada
24 Seán Ó Duibhir Cois Claidí
25 Seán Ó Féarraigh Óige na Gaeltachta, Cnoc Fola
26 Síle Uí Chianáin Dún Lúiche
27 Tomás Mac Giolla Bhrighde Ard na gCeapairí
28 Tomás Ó Monacháin Ard Donn

Share/Save/Bookmark

14.1.10

Cruinniú Oireachtais faoin nGaeilge

Beochraolfaidh TG4 an cruinniú na seachtaine chugainn den Chomhchoiste Oireachtais um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta (Céadaoin 20 Eanáir, 2-4.30pm.)
(Tá suíomh an Chomhchoiste mBéarla amháin! "Tá an leagan Gaeilge de shuíomh gréasáin an Oireachtais á réiteach agus beidh sé ar fáil go luath.")

Tá cuireadh tugtha ag an gComhchoiste do roinnt eagras Gaeilge theacht ina láthair chun a dtuairimí faoin Dréacht Straitéis, seo, a foilsíodh ag deireadh na Samhna seo caite, a phlé leis.

Is é Tom Kitt, TD, (Béarla) Cathaoirleach an Chomhchoiste.

Beidh cruinniú ag Guth na Gaeltachta tráthnóna amárach, De hAoine 15 Eanair ag 4 a chlog sa Chrannóg (Doirí Beaga) le plé a dhéanamh ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Tá sé ann ag an am seo de bharr an droch aimsear le seans a thabhairt d'éinne a bheadh ag taistéal.
Creideann TG4 gur ócáid thábhachtach i saol na Gaeilge é an cruinniú seo agus gur maith is fiú an deis a thabhairt do dhaoine ar fud na tíre (agus ar fud an domhain a bhfuil an Líonchraoladh ar www.tg4.tv ar fáil dóibh) an plé seo a fheiceáil agus é ag tarlú. Is cuid lárnach de dhualgais TG4 mar chraoltóir seirbhíse poiblí imeachtaí Thithe an Oireachtais a chlúdach, rud a dhéantar go seachtainiúil ó Dáil Éireann agus go hócáidiúil ó imeachtaí na gComhchoistí, mar atá sa chás seo.

Scaip an scéal!

Share/Save/Bookmark

Méadú foghlamóirí

Borradh mór faoi ranganna ó cheann ceann na tíre

Gaelchultúr tar éis a ghréasán de ranganna Gaeilge oíche a mhéadú agus anois tá an comhlacht ag soláthar 40 rang i 13 ionad timpeall na tíre.

Ó bunaíodh Gaelchultúr in 2004, tá méadú 400% tagtha ar líon na ndaoine fásta atá ag freastal ar ranganna oíche an chomhlachta. Ó Bhaile Átha Cliath go Gaillimh agus ó Leitir Ceanainn go Corcaigh, tá deis á cur ar fáil acu do dhaoine fásta an Ghaeilge a fhoghlaim ar shlí thaitneamhach, éifeachtach. Tá an comhlacht, a bheidh ag cur tús le cúrsa an earraigh sna laethanta tosaigh de mhí Feabhra, tar éis ceantar nua, Baile Átha Luain, a chur leis an liosta ionad.

Ag labhairt dó faoin mborradh atá faoi na ranganna, dúirt Darren Ó Rodaigh, Stiúrthóir de chuid Ghaelchultúir: “Léiríonn an t-éileamh atá ar ár gcuid ranganna go bhfuil an cur chuige múinteoireachta atá againn ag oibriú. Is é an chéad sprioc eile atá againn ná ranganna a chur ar fáil taobh amuigh d’Éirinn. Tá roinnt mhaith foghlaimeoirí thar lear ag déanamh cúrsaí ar ár suíomh ríomhfhoghlama, ranganna.com, ach is mian linn an deis a chur ar fáil dóibh freastal ar chúrsaí sa seomra ranga chomh maith.”

Is féidir le foghlaimeoirí ar mian leo fáil amach cén leibhéal cumais atá acu sa Ghaeilge tabhairt faoi Thriail Socrúcháin Teanga Ghaelchultúir, atá le fáil saor in aisce ar a suíomh gréasáin. Tá suas le 10,000 duine tar éis an scrúdú seo ar líne a dhéanamh go dtí seo.

Is féidir leo siúd a bhfuil spéis acu tabhairt faoi chúrsa Gaeilge de chuid Ghaelchultúir an
t-earrach seo áit a chur in áirithe ann anois nó trí scairt a chur ar an uimhir íosghlao 1890 252 900. Níl ach líon teoranta spásanna ar fáil agus, dá bhrí sin, moltar dóibh siúd ar mian leo cúrsa a dhéanamh áit a chur in áirithe go luath. Tá oícheanta oscailte á n-eagrú ag an gcomhlacht i mBaile Átha Cliath, Corcaigh, Ceatharlach agus Sligeach ag a dtabharfar níos mó eolais faoi na ranganna.

Faigheann Gaelchultúr cabhair airgid ó Fhoras na Gaeilge.
Share/Save/Bookmark

11.1.10

Scléip 2010

Comortas tallainne na nIar-Bhunscoileanna
Tá dátaí Scléip! 2010 foilsithe ag Gaelscoleanna. Is éard atá i Scléip! 2010 ná comórtas tallainne náisiúnta atá dírithe go sonrach ar na hiar-bhunscoileanna lán Ghaeilge agus Gaeltachta. Beidh an comórtas roinnte in ocht rannóg éagsúla: Pop/Rac-cheol, ceol aonair, rince cruthaitheach (aonair), rince cruthaitheach (grúpaí), amhránaíocht aonair, grúpaí ceoil, drámaíocht/mím agus rannóg ilchineálach.

Thosaigh Scléip! sa bhliain 2005 agus tá sé ag fás agus ag forbairt ó shin i leith. Is é príomhaidhm an chomórtais ná daltaí na niar-bhunscoileanna a spreagadh le Gaeilge a úsáid i réimsí éagsúla de na healaíona trí dheis a thabhairt dóibh páirt a ghlacadh i gcomórtas spreagúil agus spéisiúil.

Tabharfaidh Scléip! 2010 deis do dhaltaí an Ghaeilge a labhairt agus a úsáid ina gcuid ceoil agus ina gcuid drámaíochta. Ba mhian linn go spreagfaí daltaí gaelscolaíochta an lae inniu mar a spreagadh iardhaltaí gaelscolaíochta eile ar nós roinnt do bhaill Kíla (Béarla) na Frames (Béarla) agus Dara Ó Briain.

Babhtaí Reigiúnacha:
  • Reáchtálfar Babhta Mumhan ar an 26 Eanáir 2009 san Amharclann Firkin Crane, Corcaigh.
  • Reáchtálfar Babhta Connacht ar an 27 Eanáir 2009 san Amharclann Town Hall, Gaillimh.
  • Reáchtálfar Babhta Laighean ar an 28 Eanáir 2009 san Amharclann Axis, Baile Munna, Baile Átha Cliath.
  • Reáchtálfar Babhta Uladh ar an 2 Feabhra 2010 i gCultúrlann Uí Chanáin, Doire.
  • Rachaidh buaiteoirí na gcomórtas thuasluaite ar aghaidh go Craobh Ceannais Scléip! 2010 a reáchtálfaí ar Shatharn, an 20 Márta 2010 san Amharclann Axis, Baile Munna, Baile Átha Cliath.

Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaithe na scoileanna lán-Ghaeilge. Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin. Tá 170 bunscoil agus 43 iar-bhunscoil lasmuigh den Ghaeltacht ag cur oideachais lán-Ghaeilge ar fáil faoi láthair.
Share/Save/Bookmark