14.1.10

Méadú foghlamóirí

Borradh mór faoi ranganna ó cheann ceann na tíre

Gaelchultúr tar éis a ghréasán de ranganna Gaeilge oíche a mhéadú agus anois tá an comhlacht ag soláthar 40 rang i 13 ionad timpeall na tíre.

Ó bunaíodh Gaelchultúr in 2004, tá méadú 400% tagtha ar líon na ndaoine fásta atá ag freastal ar ranganna oíche an chomhlachta. Ó Bhaile Átha Cliath go Gaillimh agus ó Leitir Ceanainn go Corcaigh, tá deis á cur ar fáil acu do dhaoine fásta an Ghaeilge a fhoghlaim ar shlí thaitneamhach, éifeachtach. Tá an comhlacht, a bheidh ag cur tús le cúrsa an earraigh sna laethanta tosaigh de mhí Feabhra, tar éis ceantar nua, Baile Átha Luain, a chur leis an liosta ionad.

Ag labhairt dó faoin mborradh atá faoi na ranganna, dúirt Darren Ó Rodaigh, Stiúrthóir de chuid Ghaelchultúir: “Léiríonn an t-éileamh atá ar ár gcuid ranganna go bhfuil an cur chuige múinteoireachta atá againn ag oibriú. Is é an chéad sprioc eile atá againn ná ranganna a chur ar fáil taobh amuigh d’Éirinn. Tá roinnt mhaith foghlaimeoirí thar lear ag déanamh cúrsaí ar ár suíomh ríomhfhoghlama, ranganna.com, ach is mian linn an deis a chur ar fáil dóibh freastal ar chúrsaí sa seomra ranga chomh maith.”

Is féidir le foghlaimeoirí ar mian leo fáil amach cén leibhéal cumais atá acu sa Ghaeilge tabhairt faoi Thriail Socrúcháin Teanga Ghaelchultúir, atá le fáil saor in aisce ar a suíomh gréasáin. Tá suas le 10,000 duine tar éis an scrúdú seo ar líne a dhéanamh go dtí seo.

Is féidir leo siúd a bhfuil spéis acu tabhairt faoi chúrsa Gaeilge de chuid Ghaelchultúir an
t-earrach seo áit a chur in áirithe ann anois nó trí scairt a chur ar an uimhir íosghlao 1890 252 900. Níl ach líon teoranta spásanna ar fáil agus, dá bhrí sin, moltar dóibh siúd ar mian leo cúrsa a dhéanamh áit a chur in áirithe go luath. Tá oícheanta oscailte á n-eagrú ag an gcomhlacht i mBaile Átha Cliath, Corcaigh, Ceatharlach agus Sligeach ag a dtabharfar níos mó eolais faoi na ranganna.

Faigheann Gaelchultúr cabhair airgid ó Fhoras na Gaeilge.
Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment