18.1.10

Míshastact GnaG

Bhí cruinniú poiblí ag Guth na Gaeltachta i nGaoth Dobhair ar an Aoine 15 Eanair faoin Straitéis 20 bliain don Ghaeilge agus bhí ionadaíocht leathan i lathair ó choistí pobail i nGaeltacht Dhún na nGall.

Léiríodh míshástacht laidir ag an chruinniú nach bhfuair Guth na Gaeltachta nó aon eagraíocht Gaeltachta eile cuireadh go dtí cruinniú an Comhchoiste Dála ar an Cheadaoin seo chugainn an 20 Eanair. Mar sin, glacadh an cinneadh iarraidh ar an Comhchoiste cruinniú eile a eagrú le deis a thabhairt do eagraíochtaí Gaeltachta a gcuid tuairimí a thabhairt faoin chaipéis tábhachtach seo.

Seo hiad miontuairiscí na cruinnithe:

1. Glacadh leis, cé go raibh ciorruithe móra sa bhuiséad i mí na Nollag, gur éirigh le feachtas Ghuth na Gaeltachta na cúig phrionsabal a bhí leagtha amach in éadan cuid de mholtaí an Bhord Snip Nua a chosaint. 2. Glacadh leis go gcaithfear díriú isteach ar an Straitéis 20 Bliain anois. 3. Rinne Éamonn Mac Niallais cur i láthair ar a bhfuil sa Straitéis 20 Bliain agus glacadh leis go ginearálta go bhfuil rudaí maithe ann má chuirtear an maoiniú cuí ar fáil agus má chuirtear i bhfeidhm na moltaí uilig. 4. É sin ráite, léiríodh míshuaimhneas áirithe faoin Straitéis agus moladh:

Údaras na Gaeltachta
  • Cinntiú go mbeadh cúraimí fiontraíochta an Údaráis sonraithe níos fearr sa cháipéis
  • Go mbeadh an teideal ‘Údarás na Gaeltachta agus na Gaeilge’ ar an ghníomhaireacht úr.
  • Go mbeadh fostaíocht teanga-lárnaithe luaite sa Straitéis mar cheann de phríomhaidhmeanna an Údaráis sa Ghaeltacht.
  • Go mbeadh maoiniú an Údaráis á dháileadh sa Ghaeltacht de réir pleananna sásúla teanga a bheith curtha ar fáil ag na ceantair/pobail agus go mbeadh an maoiniú bunaithe ar na pleananna sin.

An Cainteoir Dúchais
    Go bhfuil neamart á dhéanamh ar an chainteoir dúchais sa dréachtcháipéis agus gur chóir go mbeadh sé mar bunaidhm ghné na Gaeltachta den Straitéis cur le líon na gcainteoirí dúchais sa Ghaeltacht. Moladh:
    • Scéim cosúil le SLG a bheith ann dírithe ar an chainteoir baile agus ar na blianta 0-7.
    • Soláthar sonrach a dhéanamh don chainteoir dúchais i naíonraí agus bunscoileanna Gaeltachta nó i gcás ceantair le daonra níos ísle, go ndéanfar soláthar don chainteoir dúchais i sruthanna faoi leith ins na naíonraí agus ins na bunscoileanna
    • Go mbeadh curaclam úr ann dírithe ar riachtanais na gcainteoirí dúchais.
    • Go mbunófaí Bord Oideachais sa Ghaeltacht le haidhmeanna oideachais an Stáit sa Ghaeltacht a cheapadh, a bhainistiú agus monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn.
    • Go gcuirfí gréasáin Ionaid Tacaíochta Teaghlaigh sa Ghaeltacht ar fáil mar thaca do theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge.
    • Go ndéanfar soiléiriú sa Straitéis go ndáilfí maoiniú ar chúrsaí sóisialta, spóirt agus pobail ar phobail éagsúla Ghaeltachta ar an tuiscint go reáchtálfaí a gcuid imeachtaí tré Ghaeilge agus ar bhealachatá ag teacht le plean teanga an cheantair.
Oideachas
  • Go mbeadh áit sa churaclam scoile d’fheasacht chultúrtha/stair theanga na hÉireann leis an aos óg a chur ar an eolas faoi oidhreacht luachmhar chultúrtha na hÉireann.
  • Go nglacfaí leis an mholadh Aire Stáit don Gaeloideachas a bheith ceaptha sa Roinn Oideachais.
An Ghaeltacht
  • Go bhfuil soiléiriú ag teastáil sa Straitéis ar na hAonaid Sealbhaithe Teanga atá beartaithe do na trí phríomhcheantar Gaeltachta.
  • Go mbeadh sprioc sonrach luaite sa Stráitéis i dtaca le líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht mar atá le líon na gcainteoirí sa tír ina iomlán.
  • Go mbeadh sprioc sonrach luaite sa Stráitéis maidir le líon na gcainteoirí dúchais sa Ghaeltacht.
Eile
  • Go léireodh an Rialtas é féin an sampla ó thaobh ‘normalú’ na teanga de i dTithe an Oireachtais.
  • Go mbeadh soiléiriú ar ról lárnach eagraíochtaí pobalbhunaithe, sa Ghaeltacht agus lasmuigh de, i bhfeidhmiú na Straitéise ar an talamh agus go mbeadh maoiniú cuí á chur ar fáil do na heagraíochtaí sin thar thréimhse mheántéarmach in áit a bheith ag brath ar dheontas bliantúil, sé sin an deis a thabhairt pleananna a chur le chéile agus earcú agus forbairt a dhéanamh ar an fhoireann chuí.
  • Go mbeadh athbhreithniú neamhspleách á dhéanamh ar dhul chun cinn na Stráitéise ag mar shampla, an Coimisinéir Teanga, chuile 5 bliana nó mar sin.
  • Go gcinnteofar go bhfuil comhthéacs uile oileánda ag an Straitéis dá réir a chéile agus go bhfuil leor acmhainní agus tacaíochta ag pobal na Gaeilge ins na 6 conntae agus nach ndéantar atheagrú ar earnáil óg dheonach na Gaeilge ó thuaidh mar gheall ar phlean ata dírithe ar chúinsí na teanga ó dheas.
5. Léiríodh míshástacht láidir nach bhfuair Guth na Gaeltachta cuireadh chuig cruinniú an Chomhchoiste Oireachtais ar an Chéadaoin seo chugainn agus nach bhfuil aon eagraíocht Ghaeltachta eile le bheith i láthair ar an lá. Moladh cruinniú eile den Chomhchoiste a iarraidh d’eagraíochtaí Gaeltachta.

Tugadh buíochas do chuile dhuine a thug tacaíocht agus cuidiú don fheachtas go dtí seo. Tá sé iontach tábhachtach go mbeidh muid ag leanúint ar aghaidh ag tabhairt glór do mhuintir na Gaeltachta idir seo agus aontú dhréacht deiridh Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.


I láthair bhí:
1 An tAthair Brian Ó Fearraigh Coiste Ionad Naomh Pádraig, Dobhair
2 Anna Uí Chearbhaill Carraig an tSeascain
3 Antoin Mac Aodha Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair
4 Aodh Mac Laifeartaigh Coiste Céim Aniar, Na Dúnaibh
5 Aodh Mac Ruairí Coiste Aislann Rann na Feirste
6 Bernie Nic Phaidín Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair
7 Brídín Nic Chearáin Gaeltacht Bheo Fhánada
8 Caitlín Uí Chochláin Co. Co. Dhún na nGall, Leitir Ceanainn
9 Caitlín Uí Laifeartaigh Coiste Pobail Ghort a Choirce, Machaire Rabhartaigh
10 Ciarán Ó Brolacháin Na Gaeil Óga, Machaire Chlochair
11 Colm Ó Baoill Machaire Chlochair
12 Conchúr Mac Giolla Eáin Mín an Iolair
13 Dónall Ó Cnáimhsí An Ghlaisigh
14 Éamon Ó Ceallaigh Coiste Sheáin Bháin, Baile na Finne
15 Éamonn Mac Niallais Dún Lúiche
16 Gráinne Mhic Géidigh Coiste na mBan Tí, Dún Lúiche
17 Máire Mhic Niallais Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair
18 Máire Mhic Phaidín Coiste Pobail Ghort a Choirce, Machaire Rabhartaigh
19 Máire Nic Niallais Cnoc an Stollaire
20 Máire Uí Chomhaill Coiste Ionad Naomh Pádraig, Dobhair
21 Nodlaig Ó Cianáin Dún Lúiche
22 Pádraig O’Carroll Gaobh Dobhair
23 Pádraigín Nic Giolla Chearra Gaeltacht Bheo Fhánada
24 Seán Ó Duibhir Cois Claidí
25 Seán Ó Féarraigh Óige na Gaeltachta, Cnoc Fola
26 Síle Uí Chianáin Dún Lúiche
27 Tomás Mac Giolla Bhrighde Ard na gCeapairí
28 Tomás Ó Monacháin Ard Donn

Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment