Easpa smaointeoireacht chomhleanúnach an Stáit sa bhealach!
Bhí an aimsir go h-álainn nuair a thréigeamar ár gcuid den Slí Atlantaigh Fhiáin le aithne a chuir ar an chuid de atá ó thuaidh i dTír Chonaill. Ní raibh mórán eolais ar chósta na hÉireann idir Shligeach chomh fada le cathair ársa Cholmcille. Bhíomar i nGaoithdobhair fadó ag bainis ach ní in aon áit eile.
|
Gaeltacht? |
Rinne mé iarracht eolas a chuir ar an slí ar
an suíomh atá acu ar líne. I mBearla amháin atá sé ar ndóigh mar is cosúil nach bhfuil spéis acu sa Euro Ghaelach! Chuir sé beagáinín díomá orm (ach ní raibh mórán íontas orm) go raibh ainmneacha na háiteanna sa Ghaeltacht sa leagan trulaithe Béarla sna learscáileanna agus sa téacs. Don chuid is mó is féidir a dhéanamh amach cad é an ainm ceart ar na h-áiteanna - Derrybeg don baile Doire Beaga 7rl.
|
Bunbeg? |
Ach bhí fadhb agam le ceann amháin. Chinneamar ar dul go h-ait leis an ainm "Burtonport." Ní raibh fhios agam an raibh an áit sa Ghaeltacht nó nach raibh agus ní raibh fhios agam cén ainm Gaelach a bhí ar an mbaile sin. Ní raibh "Burtonport" ar na comharthaí boithre agus ní raibh ach "Burtonport" sa léarscáil. Tá fhios agam anois gur Ailt an Chorráin atá air agus go bhfuil sé sa Ghaeltacht oifigiúil agus mar sin tá dualgas ann an ainm ceart Gaelach a bheith ar chomharthaí.
Mar thurasóir cheap mé go raibh sé aisteach na comharthaí bóithre ar fad a bheith ag taispeáint an leagan Gaeilge den logainm. Ní dhéanann sé ciall gur ag tagairt den leagan Béarla amháin den logainm atá na léarscáil agus na leabhráin acu. Nach aisteach an rud é go bhfuil an dualgas céanna ar Suirbhéireacht Ordanáis Éireann i léarscáileanna a ullmhú agus a bhfoilsiú acu ach nach bhfuil an dualgas reachtúil céanna ar gníomhaireacht stáit eile,
Fáilte Ireland (sic) i leith na Gaeltachta?
Sampla den easpa smaointeoireacht chomhleanúnach ag an Stáit seo i leith teanga náisiúnta na tíre?
Ag fánaíocht agus amú ar an Slí Atlantaigh Fhiáin ó thuaidh!
No comments:
Post a Comment