23.11.12

An cuma le Fianna Fáil?


Tá an-chuid ag déanamh imní do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge ach is beag atá Fianna Fáil ag rá faoi! (Seachas focal anois is arís ó Éamon Ó Cuív atá ina Úrlábhraí Talamhíochta don pháirtí, ar RnaG!)

Ciúnas  Fianna Fáil!
Rannpháirtíocht Sinn Féin
Tá úrbhlabhrí acu - Michael Kitt - ó thosaigh a tearma Dála seo ach is cosúil nár labhair sé ar an ábhar ó shin! Cinnte, níl ráiteas ar bith faoin nGaeltacht ar an suíomh ag an bpáirtí. (Suíomh, dála an scéal atá maslach do phobal na Gaeilge - níos lú Gaeilge na an 1.5% gur féidir leo gnó a dhéanamh i nGaeilge sa Roinn Oideachas! ).

Rinne mé cúardú sa suíomh agus ní bheadh fhios ag éinne go raibh an cúram sin air ach amháin go bhfuil sé ráite ina teideal -  "Current Spokesperson on Housing, Planning and Gaeltacht Affairs." (sic).

Má deintear cuardach don bhfocal "Gaeltacht" sa suíomh is beag atá le fáil faoi. Níl ach ceithre ráitaisí sa bhliain 2012.  Dhá ceann ó Éamon Ó Cuív, agus ceann an duine ón na Seanadóirí Ó Domhnaill agus Burke. Agus táid go léir i mBéarla!  Cé gur shiúil Fianna Fáil amach as a Dáil mar agóid i gcoinne an achta easnamhach Gaeltachta níl siad féin ráiteas i nGaeilge a éisiúint.

Tá ainm Éamon Uí Cuív luaite mar duine atá níos mó ná báúil don teanga ach fiú ar a shuíomh idirlín féin is beag ráiteas nuachta atá i nGaeilge. Tá siad go léir - nó an chuid is mó acu - éisithe leis an réamh ráiteas "Níl leagan aistrithe ar fáil." Tá an suíomh féin níos fearr ó thaobh na Gaeilge de ná suíomh a pháirtí, ach ní bheadh sé sin ró dheacair!

Déan comparáid le Sinn Féin, a compánaigh sa Freasúra! Níl an suíomh féin acu i bhfad níos fearr na Fianna Fáil ach ar a laghad tá cor ráiteas éisithe acu go dhá theangach. Sé an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh an Urlabhraí Gaeltachta agus níl comparáid ar bith idir eisean agus Michael Kitt. Is i nGaeilge agus Béarla na ráitaisí uaidh, agus ó duine nó dhó eile de feisirí an pháirtí sinn.

Tá mé tar éis an diospóireacht den bplé a bhí ag  Comhchoiste Oireachtais um Fhormhaoirsiú ar an tSeirbhís Phoiblí agus Achainíocha (Béarla) ar "Thuarascáil an Choimisinéara Teanga maidir le bronnadh marcanna bónais as inniúlacht sa Ghaeilge i gcomórtais inmheánacha sa Roinn Coimirce Sóisialaí." Bhi sé spéisiúil nár cuireadh ceist ar na stáitsheirbhísigh ach ag triúr, an Leas Cathaoirleach Ó Snodaigh (SF), An Seanadóir Ó Clochartaigh agus an Teachta Dála Peter Mathews (FG). (Feach leis ar ár mblag: An Coimisinéir agus Sir Humphery!)

Cá raibh ionadaí Fianna Fáil? Nó an cuma leo faoin deispeagadh a bhí á léiriú ag na stáitsheirbhísigh don Gaeilge do Phobal na Gaeilge agus don gCoimisinéir Teanga?





Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment