19.1.12

Daoradh chun bháis? Deireadh leis na hEagraíochtaí?

Crann taca d’fhorbairt na Gaeilge mar theanga phobail é infreastruchtúr na n-eagraíochtaí Gaeilge. Tá na heagraíochtaí fréamhaithe sa phobal agus ballraíocht leathan acu a shaothraíonn ar bhonn deonach. Oibríonn foireann na n-eagraíochtaí go dícheallach agus tá taithí na mblianta acu ina gcuid sainréimsí oibre. A bhuíochas de shaothar na n-eagraíochtaí, tá fáil ag muintir na hÉireann le fada an lá ar an iliomad seirbhísí Gaeilge.

Iarradh ar Fhoras na Gaeilge athbhreithniú a dhéanamh ar an earnáil agus moltaí athchóirithe a mholadh. In ionad dul i gcomhairle leis an earnáil d’fhonn staid reatha na hoibre a fhiosrú agus teacht ar mhodhanna nua oibre, tá beartaithe ag an bhForas deireadh a chur le bunmhaoiniú an 19 eagras atá faoina scáth (Féach: Samhail Nua Mhaoinithe).  Ní bheadh na heagraíochtaí in ann feidhmiú gan bhunmhaoiniú. Chun obair na Gaeilge a dhéanamh feasta is mian le Foras na Gaeilge tairiscintí a lorg ar líon teoranta scéimeanna nach mairfeadh ach ar feadh trí bliana.

Is cúis mhór bhuartha don 19 eagras bunmhaoinithe go bhfuil sé i gceist ag an bhForas deireadh a chur leis an maoiniú acu.  Creiditear go ndéanfadh cur chuige ar bhonn córas scéimeanna iomaíocha dochar tromchúiseach, do-leasaithe don Ghaeilge sna blianta amach romhainn. Ar na pointí i gcoinne mholadh an Fhorais áirítear:

• Is eagraíochtaí pobail iad na heagraíochtaí bunmhaoinithe. Glacann cuid mhór daoine páirt iontu agus bíonn go leor eile ag brath orthu chun tacaíocht a thabhairt dóibh  maidir le hionad na Gaeilge a threisiú ina saol. Murab ionann agus an saol tráchtála mar a gcuirtear seirbhísí ar conradh, ní oirfeadh cur chuige ar bhonn tairiscintí chun freastal ar riachtanais an phobail ó thaobh na Gaeilge de.

• Téann moladh an Fhorais glan i gcoinne choincheap na pleanála teanga agus an riachtanas go mbeadh leanúnachas i soláthar seirbhísí.

• An acmhainn is mó atá ag na heagraíochtaí ná an fhoireann atá ag obair dóibh. Faoi réir mholadh an Fhorais, áfach, bheadh ar gach eagraíocht scaoileadh leis na fostaithe acu a bhfuil a bpostanna á maoiniú ag an bhForas. Thar oíche, chaillfí saibhreas na mblianta de dhúthracht agus de thaithí. Ní fhéadfadh riamh go mbeadh an saineolas ná an taithí céanna ag oibrithe ar conradh. Ina theannta sin, dhéanfaí scrios ar an nGaeilge mar rogha gairme do dhaoine amach anseo.

Aithnítear an gá atá le forbairt agus cuíchóiriú ar mhaithe leis na torthaí is fearr a bhaint amach, ar an luach airgid is fearr. Ní fheictear dúinn go mbeidh luach ar airgead á sholáthair trí na scéimeanna nua.  Táimid lán sásta obair i bpáirt leis an bhForas chun teacht ar mhúnlaí nua oibre a rachadh chun tairbhe na Gaeilge ar fud na hÉireann.

Dá réir sin, moltar, ag na heagraíochtaí, d’Fhoras na Gaeilge meicníocht idirbheartaíochta a aontú leo le teacht ar chóras nua maoinithe a thacóidh agus a spreagfaidh an Ghaeilge sa phobal ar bhonn pleanáilte agus aontaithe.

• Feach ar an píosa seo ón Sionnach Fionn - Meanwhile in Ireland another form of censorship...(Béarla 19/1/2012)

Share/Save/Bookmark

1 comment:

  1. Iontach suimiúil, is scannalach mar scéal. Cé hiad na heagraíochtaí? An ainmnítear iad?

    ReplyDelete