Showing posts with label Caeilge. Show all posts
Showing posts with label Caeilge. Show all posts

27.4.10

Ionaid ar fáil i nGaillimh agus Bhaile Átha Cliath

Tá Conradh na Gaeilge ag cur an dá áras i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh de chuid na heagraíochta ar fáil do phobal na Gaeilge le húsáid mar ionaid chomhdhála, chruinnithe, ranganna agus eile chun árais an Chonartha a fhorbairt mar lárionaid chultúrtha Ghaeilge i gcroílár an dá chathair.

Tá cúrsaí teagaisc Gaeilge, ciorcail chomhrá, oícheanta cheoil agus shóisialta, comhdhálacha agus cruinnithe rialta á reáchtáil in árais Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh araon, agus is féidir le heagrais Ghaeilge nó daoine aonair eile seomraí a ghlacadh ar cíos ón gConradh ar bhonn laethúil, seachtainiúil, míosúil nó fiú bliantúil le feidhmiú ó cheachtar den dá áras i gcaitheamh na bliana.

Deir Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Is fóram daonlathach phobal na Gaeilge é Conradh na Gaeilge agus tá an eagraíocht tugtha don chomhoibriú le heagrais Ghaeilge eile leis an teanga a chur chun cinn ar fud an oileáin. Ar scáth a chéile a mhaireann muid agus is mór againn an deis cuireadh a thabhairt do na heagraíochtaí agus do na daoine aonair atá ag feidhmiú ar son na Gaeilge freisin, leas a bhaint as áiseanna Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh le pobal na teanga a neartú sa dá chathair sin, agus go deimhin ar fud na tíre.”

Chomh maith le hArd-Oifig náisiúnta Chornadh na Gaeilge, feidhmíonn mór-eagrais na gluaiseachta ar son na teanga ón bhfoirgneamh ar Shráid Fhearchair cheana féin, ina measc Oireachtas na Gaeilge; Ógras; Seachtain na Gaeilge; Glór na nGael, Laighean; Rith 2010; Raidió Rí-Rá; An tIonad Saor-Chomhairle Dlí de chuid Chraobh na gCeithre Chúirt; An Siopa Leabhar; agus Club Chonradh na Gaeilge.

Feidhmíonn Togra Ghael-Fhorbairt na Gaillimhe de Chonradh na Gaeilge ó Aras na nGael ar 45 Sráid Doiminic i nGaillimh (Pic ar dheis!), mar aon le Club Áras na nGael agus Ógras, Cúige Chonnacht.

Rinneadh athchóiriú ar Cheannáras stairiúil Chonradh na Gaeilge ar 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 le déanaí buíochas le síntiúis fhlaithiúla ó chraobhacha an Chonartha agus le cabhair ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ó Chiste na Gaeilge, atá páirt-mhaoinithe ag an gCrannchur Náisiúnta (Béarla), agus tá an foirgneamh á fhorbairt anois mar ionad oibre, áis chruinnithe agus lárionad cultúrtha do phobal na Gaeilge sa phríomhchathair.

Tá Áras na nGael ag feidhmiú mar lárionad na Gaeilge i nGaillimh faoi láthair agus tá Conradh na Gaeilge ag obair ar láthair úr a aimsiú le hionad níos mó a fhorbairt le tuilleadh áiseanna a sholáthair do phobal na teanga sa chathair amach anseo freisin.
Share/Save/Bookmark

2.4.10

Iarrthóir óg d'Uachtarántacht Chonradh na Gaeilge

Tá nuacht, nascanna chuig blaganna agus pobalbreitheanna 7rl faoin dtoghchán ag an bun!

Tá Ardfheis Chonradh na Gaeilge le bheith ar siúl san Óstán Strand (Béarla), Luimneach, Aoine 16 go dtí Domhnach 18 Aibreán 2010.

Cé hé?

Ag brú níos faide ar aghaidh
Blag Sheáin Uí Adhmaill

- Cuireadh -

Leathannach eile Facebook!
Ghlacfainn Páirt Níos Mó sa Chonradh dá dToghfaí Ó HAdhmaill


Glór Anoir - Tá díospóireacht idir Phádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge agus Seán Ó hAdhmaill atá ag iomaíocht don Uachtarántacht don bhliain seo chugainn le fáil anseo - brú ar "Céadaoin / Wednesday" chun é a fháil. (Raidío na Gaeltachta; 31/3/2010)

Is cosúil nach gcoimeadtear na téipeanna ar-líne ar Raidío na Gaeltachta thar seachtain!




Rás eile le Rith 2010


Dúbhglás de hÍde- Céad Úachtarán Chonradh na Gaeilge


D'fhógair fear óg, Seán Ó hAdhmail, as Béal Feiriste a fheachtas toghchánaíochta d’Uachtaránacht Chonradh na Gaeilge le déanaí.

I 1910 bhí Conradh na Gaeilge ar cheann de na heagraíochtaí is mó, is gníomhaí agus is tábhachtaí in Éirinn. Is as litir a scríobh céad Uachtarán an Chonartha Dubhghlas de hÍde faoin nGaeilge éigeantach,

“Creidim ós rud nach bhfuair an Ghaeilge bás ach gur maraíodh í go mb’fhéidir go mbeidh rud beag brú a dhíth le hí a athréimniú…Brúfaidh mé ar aghaidh don Chonradh.”

I dteachtaireacht dírithe ar bhaill an Chonartha agus pobal na hÉireann as a dtiocfaidh baill nua an Chonartha, dar le Seán Ó hAdhmaill,

“Is libhse, na baill, príomheagraíocht deonach phobal na Gaeilge. Is libhse Conradh na Gaeilge. Is libhse Uachtaránacht Chonradh na Gaeilge chomh maith! Níl ionaim féin ach feithicil do mhianta na mball. Táim tar éis an tír a thaisteal le trí bliana anuas ag buaileadh le conraitheoirí, le coistí bunaithe gaelscoile, le múinteoirí, le daltaí scoile, le mic-léinn agus le daoine nach iad le mo chuid oibre ag cur chun cinn na Gaeilge.”

Leanann sé
“Níl mé críochnaithe ag éisteacht ná baol air. Ba mhaith liom bhur dtuairimí, tuairimí na baill ar chonas gur féidir leis an Chonradh dul i bhfeidhm ar phobal na hÉireann. Conas a dhéanann muid an Chonradh níos ábhartha don ghnáth duine agus conas a mhéadaíonn muid líon na ndaoine a roghnaíonn an Ghaeilge mar ghnáth theanga cumarsáide. “

Ar chúrsaí cearta agus oideachais, deireann sé
“Tá cearta na nGael le cinntiú chomh maith ar an dá thaobh den teorann, i leith rochtain ar an ngaelscolaíocht agus ach go háirithe ar sheirbhísí túslíne d’ardchaighdeán, ó chomhlachtaí poiblí.”

Agus ar thaifead an Chonradh:
“Tá an-obair déanta le blianta beaga anuas ag an gConradh ach go háirithe leis an fheachtas STÁDAS, le forbairt líonra na ciorcal comhrá sa tír tríd an fheachtais Is Leor Beirt, le bunú agus buanú Raidió Rí Rá, le bunú RITH 2010, agus leis an fheachtas GLAC LEIS. Tógfaidh muid ar seo le bhur dtacaíocht, baill reatha agus baill nua Chonradh na Gaeilge.”

Beidh Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge ar siúl san Óstán Strand i Luimneach idir an 16-18 Aibreán 2010.


Pobal Breitheanna
Ag críoch pobalbhreith An Druma Mór bhí 67% den vóta ag Seán Ó hAdhmaill & 32% ag Pádraig Mac Fhearghusa (ach sampla vótála beag - 58 a vótáil). N'fheadar cá ndeachaigh an 1% eile!
Tá pobalbreith ar an dtogchán fós ar siúl ag Gaelport


Le Léamh sna nuachtáin agus na Blaganna!
Tá tuilleadh nuacht ó na meáin anseo!


Uair Chinniúnach don Chonradh (Gaelscéal 16/4/2010)
Ré úr don Chonradh, ré úr don teanga? (iGaeilge 15/4/2010)
Ardfheis Conradh na Gaeilge (Galway Advertiser 15/4/2010)
Ardfheis Luimnigh ( Irish Times 14/4/2010)
Ardán i nGaelscéal (9/4/2010)
Aois nua don ré nua (Gaeltacht21; 8/4/2010)
Ró Óg nó Ró Shean (Dialann Scott; 7/4/2010)
"Tá Ó hAdhmaill ró-óg go fóill" dar le Mac Fhearghusa
(Gaelport; 7/4/2010)
Seán Ó hAdhmaill - An fear le Gaeilge a chur i mbéal na ndaoine in Éirinn arís?(An Codú; 5/4/2010)
Níl neart aige air.... (Cín Lae Uí Reachtair; 31/3/2010)
Cúis áthais agus uchtaigh (Máirtín Ó Muilleoir; 30/3/2010)
Seoladh Feachtas (An Druma Mór 29/3/2010)
Toghchán Uachtarántachta eile chugainn (iGaeilge; 23/3/2010)
cnag @ g2.0 :: Seán Ó hAdhmaill for President (LNAG10; 23/3/2010)
Dá bhfaighinn mo rogha den bheirt acu... (iGaelge; 1/3/2010)

Éamon Ó Cuív, IarAire Gaeltachta, leis an iarrthóir Seán Ó hAdhmail i gClub an Chonartha i mBaile Átha Cliath!



Share/Save/Bookmark