19.2.16

2. Éileamh: Aire Sinsearach. #GaelVóta #GE16

Cúig chúis go bhfuil gá le hAire Sinsearach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht le Gaeilge sa chéad Rialtas eile:

1. Le feidhmiú Plean 20 Bliain an Rialtais a stiúradh agus a bhainistiú, agus le
Bille na dTeangacha Oifigiúla a láidriú go suntasach.

2. Le tabhairt faoin ngéarchéim teanga sa Ghaeltacht.

3. Le mianta phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur chun cinn ag Bord
an Rialtais (chuige seo tá gá le hAire le tuiscint ar na fadhbanna agus ar na
riachtanais ar leith atá ag an earnáil).

4. Le Plé le hAirí Sinsearacha eile maidir leis na réimsí oibre s’acu a imríonn
tionchar ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht.

5. Le maoiniú dóthanach a chinntiú don earnáil.

Gaeilge ag an mBórd?


Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment