13.1.11

Obair sa nGaeltacht - easpa tacaíochta ón stáit

Leithcheal ar chruthú fostaíochta sa Ghaeltacht

Seo roinnt taighde ar bhuiséid chruthaithe fostaíochta an Rialtais le 5 bliana anuas ó thosaigh an ghéarchéim airgeadais sa tír. (foinse: www.finance.gov.ie)

Ar dtús, má fhéacann muid ar allúntais na bliana seo (Buiséad 2011) do bhuiséid chruthaithe fostaíochta do na heagraíochtaí éagsúla:

(foinse: An Roinn Airgeadais)
Tá sé soiléir go bhfuil ciorruithe ollmhóra déanta ar bhuiséad cruthaithe fostaíochta Údarás na Gaeltachta (-60%) i gcomparáid le haon eagraíocht eile.  Níl aon laghdú déanta ar bhuiséad an IDA nó SFADCO agus níl ach laghdú 5% déanta ar Fhiontar Éireann.

Má deintear iniúcadh ansin ar na figiúirí le cúig bliana anuas, tá patrún soiléir le feiceáil:
(foinse: An Roinn Airgeadais)
 Tá sé soiléir nach bhfuil mórán laghduithe déanta ar chaiteachas iomlán an Rialtais ó thaobh cruthú fostaíochta de (-1%) agus luíonn sé sin le ciall sa staid eacnamaíoch ina bhfuil muid faoi láthair.  An rud nach bhfuil soiléir nó cén fáth go bhfuil ciorruithe ollmhóra 73%  déanta ar bhuiséad cruthaithe fostaíochta sa Ghaeltacht nuair atá méadú 46% ar allúntais Fhiontair Éireann agus 20% ar SFADCO agus gan ach laghdú 11% i gceist don IDA?

Má thógann tú figiúirí Údarás na Gaeltachta as an áireamh, is léir go bhfuil méadú 10% déanta ar chaiteachas cruthaithe fostaíochta an Rialtais le cúig bliana anuas (ó €152M i 2007 go dtí €167M i 2011).  Cén fáth mar sin go bhfuil an t-idirdhealú soiléir seo á dhéanamh idir cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht agus taobh amuigh de ó thaobh polasaí Rialtais de?

* Deir an Roinn go bhfuil €4.2milliúin sa bhreis ar seo ag an Údarás i mbliana de bharr scaranna a dhíol siad anuraidh ach tá fos laghdú ollmhór de 50% i gceist le seo san aireamh.

** Tá €3milliúin sa bhreis curtha ar fáil ag an Roinn i 2010 don Údarás le riaraistí Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge a ghlanadh, sin an fath go bhfuil an figiúir seo ag EUR18 milliúin i gcainfhaisnéis 2011.

Tá seo bunaithe ar ráiteas ó Éamonn MacNialais Guth na Gaeltachta.

Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment