8.6.21

I measc na neamh-marbh?

Bhí alt san Examiner le deanaí (Béarla) ag caint faoin nós atá le feiscint i gCorca Dhuibhne daoine ag ceannach sean tithe agus fothracha mar "didean paindéime" le bliain anuas. Tharraing sé caint sna meáin shóisialta ar ndóigh. Tá sé spéisiúil an tagairt atá san alt faoin dteanga.

"Is deacair a bheith dearfach fé thodhchaí na Gaelainne i gCorca Dhuibhne nuair a léann tú alt mar seo. An dtuigeann na daoine atá ag bogadh anseo an tionchar atá acu ar mhionteanga? Ar chuma leo?" a dúirt duine amháin agus "Éire nua darb ainm Benidorm. Is ionann meoin na nÉireannach a bhogann isteach sa Ghaeltacht gan aird ar an Ghaeilge agus na Brits sa Spáinn srl nach labhrann Spáinnis," ráite i ngiolch eile. *

"Gheobhaidh siad cead pleanála le seantithe/ballóga/ fothracha ár sinsear a athchóiriú. Ní cheisteofar iad faoi theanga na háite. Ach ní thabharfaidh na húdaráis áitiúla cead pleanála do chainteoirí Gaeilge as an áit le fanacht ina gceantar dúchais." agus ar ndóigh, "..ar an drochuair tá cuid de mhuintir na Gaeltachta sásta maoin a sinsear a dhíol ar airgead. Bua ag an chathú. Is treise airgead ná dúchas."

Bhí pointe eile luaite sa cheann seo "Tá baill 'phobal na Gaeilge' a cheannaíonn tithe saoire sa nGaeltacht chomh dona céanna, nó níos measa seans, le Béarlóirí a aistríonn siar!"

Chuir sé sin siar mé go dtí an t-am inar aithríomar go Ghaeltacht Chonamara seacht mbliana deag nó mar sin ó shin. Nuair a cheannaíomar an teach tháinig duine den na comharsana le fáilte a chuir romhainn ach ansin chuireadh ceist orainn a léirigh an imní a bhíonn ar an chuid daoine i ngach cheantair Ghaeltachta ar an gcósta is dócha. "An mar teach saoire a cheannaigh sibh í?"

Níl mórán tithe saoire san áit ina bhfuil cónaí orainn agus mar sin níl sé cosúil leis na ceantracha siar uainn atá bánaithe sa gheimhreadh - dubh dorcha gan solas sna tithe.

Cé go bhfuil muid le fanacht ann tá fadhb teanga ann. Is Béarlóirí an chuid dár ghaolta agus an "tuiscint Bhéarla" ("You actually speak Irish all the time?") i leith na Gaeilge agus bíonn braistint nó mothú ionam gur cineál "truailliú" ar siúl againn atá chomh láidir agus chomh cuimsitheach - b'fhéidir níos chuimsithí - is atá an truailliú a deintear nuair a fhagann daoine a chuid salachar ar thaobh an mbóthair nó ar an dtrá!

Níl aon dabht go mairfeadh an Ghaeilge ach níl fhios agam an mairfeadh an Ghaeltacht mar atá sé anois. Mairfaidh sí mar cineál catheamh aimsire chuile sheans agus ní mar atá sí anois - gnáth meán cumarsáide sa chomharsanacht. An mbeadh Éire fágtha ina IarGaeltacht ina iomláine?

Tá an poinnte déanta chomh maith ag alt i dTuairisc.ie ar maidin chomh maith. Tá rabhadh a thabhairt ag saineolaithe phleanála in Albain "gur faide a mhairfidh polasaithe Gàidhlig na hAlban ná pobal labhartha na teanga sin."

Lean duine de na saineolaithe, Conchúr Ó Giollagáin ag rá "Mairfidh maorlathas na Gaeilge in Éirinn níos faide ná an pobal Gaelach mura mbeifear in ann straitéis tarrthála a chur i bhfeidhm atá níos ábhartha ná an cur chuige reatha. Is ionann glacadh leis na polasaithe neamhábhartha reatha agus géilleadh go hoifigiúil d’imeacht as na Gaeltachta." (Nach bhfuil sé seo soiléar nuair a chuirtear an Ghaeltacht sa Roinn "Chuile Rud Eile" le fothrigh na hoidhreachta agus músaeim na hiarsmaí. I measc na neamh-mharbh!)

Dár leis an Gillagáineach, "... go bhfuil pobal na Gaeltachta 'curtha sa riocht' go bhfuil siad 'ag tabhairt cúnaimh' don státchóras 'láthair oidhreachta agus siamsaíochta' a dhéanamh den Ghaeltacht do dhaoine 'ar spéis leo an Ghaeilge a chleachtadh ina dara teanga'”. Áit le Gaeilge a fhoghlaim agus sin a méid! Ach nuair atá an Gaeilge imithe...?

Nach ceart é sin a aithint agus ullmhú agus fáil faoi réir do ré na hiarGhaeltachta?


* Féach chom maith ar an sceal seo ón Bheatain Bheag (i mBéarla i "The National"): Second home crisis is hollowing out communities. (5/6/2021)
Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment