8.4.21

"Tiomanta!" Freagra ón Aire Chambers!

Re: Cinnteacht i mBille na dTeangacha Oifigiúla 2019

Scríobh mé litir ar líne chuig an Aire Stáit Ghaeltachta, Jack Chambers T.D. ar an 26 Eanáir 2021.

Jack Chambers T.D.
Príomh-Aoire an Rialtais
Aire Stáit na Gaeltachta & an Spóirt
Is mar seo a scríobh mé: 
"Tá mise ag iarraidh gnó a dhéanamh leis an stáit ó 1966 i leth agus is ró mhinic a theipeann ar na Ranna nó Comhluchtaí Stáit seirbhís ceart a thabhairt dom sa Teanga Náisiúnta. I ndairíre bhí sé beagáinín níos éasca duine le Gaeilge a fhail sna seascaidí ach is baolach tá cursaí i bhfad níos measa anois go mór mór ó cuireadh deireadh le riachtanas sa dhá teanga oifigiúil sa stáit sheirbhís sna seachtóidí.
 
"Bhí mé ag breathnu ar an díospóireacht den gCoiste Gaeilge Gaeltacht & Pobal Labhartha na Gaeilge ar an Aoine seo caite (22/1/2021) agus chuir se an díomá orm nach raibh an Aire Stáit, Jack Chambers sásta a admháil go bhfuil rian den “méar-fhadachas” san Bille nua. Tá an iomarca “a luath agus is féidir” trén bille go mór mór nuair a bhaineann sé le fostú daoine le Gaeilge sa Stáit Seirbhís agus ag cinntiú go mbeadh seirbhís ina dTeanga féin sna cheantair Ghaeltachta.

"Tá cónaí agamsa sa Gaeltacht le breis is 20 bliain agus ní féidir liom na seirbhísí is simpli, ceadúnas tiomána, seirbhísí sláinte nó leasa sóisialta agus eile gan mórán trioblóid a chuir orm féin. Níl dóchas ar bith agam go mbeadh feabhas ar bith ar chúrsaí de bharr an Bhille lochtach seo." 

Lean mé liom ag meabhrú dó an stair a bhí ag muintir na Gaeltachta ó 1928 ar aghaidh is iad ag lorg seirbhís i nGaeilge ón stáit mar a léríodh ag Seán Ó Cuirreáin sa bhliain 2013 beagáinín sula ndearna sé an cinneadh "gan leanúint orm agus, ar an bhealach sin, a bheith páirteach sa chur i gcéill!"

Fuair mé r-phoist ar an bpointe óna Rúnaí ar son an tUasal (sic) Jack Chambers TD, Aire Stait do Spóirt agus an Ghaeltacht, ag rá go raibh mo theachtaireacht faighte acu ar  Is minic a fuair mé a leitheid de fhreagra ó airí no rannaí stáit agus mar a déarfadh an seanachaí fadó "things rested so!" 

Ach dúsaigh rudaí! Ar maidin inniú fuair mé freagra, agus freagra sínithe ag an Aire féin - mar Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit na Gaeltachta agus an Spóirt. Thug mé faoi deara go raibh an Ghaeltacht luaite ar dtús anois acu!

Seo mar a scríobh sé:

Tag: - Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019

Eoin, a chara,

Táim ag scríobh chugat maidir le do chomhfhreagras thuas dár dáta 26 Eanáir 2021.

Mar is eol duit, cuireadh tús le Céim an Choiste do Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019 ar an Aoine 22 Eanáir 2021. Is é príomhchuspóir an Bhille ná Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a leasú ionas go mbeifear in ann feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí phoiblí trí Ghaeilge agus líon na gcainteoirí Gaeilge a earcaítear sa tseirbhís phoiblí a mheadú. Tá an Rialtas tiomanta na spriocanna seo a bhaint amach.

Tá mé ag tabhairt aghaidh ar seo trí mo leasú fhéin a chur chun chinn ar an mBille le moladh go mbeidh 20% d’earcaigh nua do chomhlachtaí poiblí inniúil sa Ghaeilge tráth nach ndéanaí ná 2030.

Anuas ar sin, ceadaíonn an Bille Coiste Comhairleach reachtúil um Sheirbhísí Gaeilge a bhunú d’fhonn soláthar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge a mhéadú agus a fheabhsú. Bunófar an Coiste Comhairleach tráth nach ndéanaí ná sé mhí tar éis an Bhille a bheith achtaithe. Leagtar amach feidhmeanna an Choiste Chomhairligh sa Bhille, lena n-áirítear Plean Náisiúnta a fhoilsiú ar mhaithe le soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a mhéadú. Beidh an Plean Náisiúnta ullmhaithe agus curtha faoi bhráid an Aire tráth nach ndéanaí ná dhá bhliain tar éis a bhunaithe.

Mar atá sonraithe sa Bhille, agus iad ag cur an Phlean Náisiúnta i dtoll a chéile, beidh an Coiste Comhairleach ag tabhairt airde ar na seirbhísí a sholáthraíonn comhlachtaí poiblí trí mheán na Gaeilge a mhéadú, ag féachaint go háirithe do sheirbhísí a sholáthraíonn comhlachtaí poiblí i Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, i mBailte Seirbhíse Gaeltachta agus i Líonraí Gaeilge. Anuas ar sin, tá dualgais ar na comhlachtaí poiblí cheana féin faoin bPríomh-Acht agus beidh tuilleadh dualgais acu faoin mBille seo, má achtaítear é. Beidh an tAire in ann rialacháin a fhorodú ionas go mbeidh na mionsonraí a bhaineann leis seo clúdaithe sna caighdeáin.

Chomh maith leis seo, beidh cumhachtaí breise ag an gCoimisinéir Teanga. Bheinn ag súil go gcloífidh na comhlachtaí poiblí leis na forálacha seo agus go ndéanfaidh siad é ar mhaithe leis an custaiméirí a bhfuil Gaeilge acu. Tá i gceist againn cur leo sin tríd leasú a thabharfaidh cumhacht don Coimisinéir Teanga faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh aon achtacháin a bhaineann le stádas nó úsáid teanga oifigiúla ag comhlachtaí poiblí. Is dul chun cinn mhór a bheidh anseo d’Oifig an Choimisinéara.

Tá mé ag iarraidh go mbeidh an Bille seo achtaithe chomh luath agus is féidir, le go mbeidh muid in ann tús a chur leis an obair thábhachtach faoi na caighdeáin, le go mbeidh muid in ann an Coiste Comhairleach a bhunú agus an Phlean Náisiúnta a fháil dréachtaithe.

Le gach dea-ghuí,


 




Jack Chambers T.D. 

Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit na Gaeltachta agus an Spóirt


Agus mé ag breathnú ar an fhreagra seo is níl ach trí rud dearfach le tógaint as nó b'fhéidir dhá rud...nó b'fhéidir rud amháin..

1. 20% d’earcaigh nua do chomhlachtaí poiblí inniúil sa Ghaeilge tráth nach ndéanaí ná 2030. (agus mé á léamh tugaim faoi dearadh gur "moladh" atá le bheith ann!). Má iníochtar ar earcaíocht sa Stáit Sheirbhís go rialta (Tuairisc gach bhliain ag rá "Earcaíodh XX daoine nua ach d'fhág XX ). An dtarlódh sé sin?

2. Coiste Comhairleach reachtúil um Sheirbhísí Gaeilge a bhunú. (Coiste eile????)
Coistí agus Páipéirí - freagra gach cheiste. Féach ar tuairiscí gach coiste eile - páipéirí bán agus páipéirí breaca! Nach bhfuil neart gníomhartha molta arís agus arís eile i gcomhaid ar seilfeanna agus cófraí gach rannog rialtais. Tá na focail go deas ach gníomh?

3. Cumhachtaí breise ag an gCoimisinéir Teanga. 
Is fada ó thuigeamar go raibh gá le méadú chumhachta na hoifige seo. Deireann an tAire go mbeidh sé "ag súil" go gclaoífeadh na comhluchtaí poiblí le na forálacha.... Mar a dúirt an fear eile "God bless his innocence!"

Tá sé deachair gan aontú le focal in alt i dTuairisc.ie le deanaí "Tá siad ag plé tábhacht na Gaeilge agus an Bhille Teanga nua sa Dáil faoi láthair - ‘Just like the time before, and the time before that,’ mar a deir Bob Dylan." 
 
Cé gur maith liom gur thóg an tAire Chambers am le scríobh chugam is baolach go bhfuil an soiniciúlacht go doimhin ionam tar éis níos mó ná cúig mbliain is caoga ag iarraidh plé le Rialtas na hÉireann i mo shaol pearsanta sa Teanga Náisiúnta. 

Tá na focail ón Aire go deas. Deireann sé go bhfuil an Rialtas "tiomanta" agus dairíre. Nach raibh gach rialtas tiománta agus dairíre faoin dteanga? Is baolach go mbaineann an fhadhb leis an "rialtas seasta." Nach bhfuil sé seo aitheanta ag ár nUachtarán féin ""...tá fadhb chulturtha éigin ag cur srian ar an gcóras, agus ar oifigigh shinsearacha sa chóras, an ceannaireacht a mbeadh muid ag súil léi a thaispeáint..." Ní mór déileáil leis an fhadhb sin agus ní fheicim rud ar bith sna díospóireachtaí san Oireachtas a thugann, nó b'fhéidir a admhaíonn sin.

D'admhaigh an Rialtas go raibh géarchéim sláinte ann bliain ó shin agus rinne an Rialtas gníomh ina leith. Tá géarchéim sa Ghaeltacht! An admhaíonn an Rialtas é sin fiú?

• Is fiú chomh maith an píosa seo i dtuairisc.ie a léamh: ‘Tá eagla orthu glacadh leis an fhírinne faoi ghéarchéim na Gaeltachta’ (9/4/2021) agus an píosa seo as NÓS: 'Ba cheart cosaint speisialta a thabhairt don fhocal "Gaeltacht!"' (9/4/2021)

Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment