Aire Stáit, Taoiseach & Aire ag Gaelgóireacht |
Má éiríonn leis an bpolasaí seo beidh an Rialtas ag tabhairt tacaíochta do theanga na daltaí scoile. Ach ní mór an ceist seo a chur: Cén fáth?
Má tá Gaeilge agam cén áit ar féidir liom é a úsáid? Ní féidir liom fiú ceadúnas tiomána a fháil tré Gaeilge, agus cónaí orm i gceantair Gaeltachta, gan ceist gan coinníol.
Tá focail breatha cloiste ón dTaoiseach, ón Aire Ghaeltachta (a bhí air Gaeilge a athfhoghlaim leis an bPolasaí a seoladh - agus moladh tuilte aige dá bharr) agus Aire Stáit na Gealtachta. Ach ar deireadh táid ag dul thár n-ais go Rialtas Bhleá Cliath agus Stát Chóras nach bhfuil "sásta barántas a thabhairt go mbeidh seirbhísí stáit á soláthar i nGaeilge do phobal na Gaeltachta gan cheist gan choinníoll, rud a chiallaíonn go bhfuil an státchóras le leanúint de bheith ag rá le pobal na Gaeltachta: 'Labhraígí Gaeilge le chéile ach ná labhraígí linne í.'"
Nó an amhlaidh go bhfuil athrú tár éis tárlúint?
#OidGaeltachta
No comments:
Post a Comment