Turascaíodh i dTuairisc.ie go raibh an cás seo le bheith ós comhair na cúirte ar an 20 Samhain 2014.
Seo aisbhaint as tuairisc an Choimisinéira Teanga (2013) a fhoilsíod níos túisce i mBliaina. Tá an cás seo le teacht ós comhair cúirte ar an 20 Samhain 2014. Tá an tuairisc ina iomláine le fáil anseo ar shuíomh an Choimisinéara.
>>
Léirigh imscrúdú gur sháraigh Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim na dualgais reachtúla teanga atá daingnithe i bhfo-ailt 9(1) agus 9(3) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003:
- i gcásanna inar eisíodh faisnéis i scríbhinn, i bhfoirm leabhrán eolais, i dtaca leis an gCáin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) agus nach raibh an chumarsáid sin leis an bpobal i gcoitinne nó le haicme den phobal i gcoitinne i nGaeilge nó dátheangach (i mBéarla agus i nGaeilge);
- i gcásanna inar eisíodh litreacha chuig aicme den phobal i gcoitinne i dtaca leis an CMÁ agus gur i mBéarla amháin a eisíodh na litreacha sin;
- i gcásanna gur i mBéarla amháin a bhí na ceannteidil stáiseanóireachta ar litreacha arna seoladh amach ag na Coimisinéirí Ioncaim.
IMSCRÚDUITHE Is é atá i gceist le himscrúdú ná fiosrúchán oifigiúil a sheoltar ar bhonn foirmiúil reachtúil de réir na bhforálacha atá in Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tá an t-údarás agus na cumhachtaí cuí chuige seo tugtha dom mar Choimisinéir Teanga faoin Acht; baineann sé seo le cásanna inar dóigh liom gur theip ar chomhlachtaí poiblí a ndualgais reachtúla a chomhlíonadh faoin Acht, agus baineann sé fosta le haon fhoráil d’aon achtachán eile a bhaineann le stádas nó le húsáid na Gaeilge. Is féidir imscrúdú a dhéanamh a bheadh bunaithe ar ghearán ó aon duine, ar iarratas ón Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, nó ar mo thionscnamh féin. Is próiseas foirmiúil é an córas imscrúdaithe a thógann cuid mhaith ama agus acmhainní ar an gcomhlacht poiblí a bhíonn i gceist agus ar m’Oifig. Dá bhrí sin, is iondúil go ndéantar iarracht an gearán a réiteach ar dtús trí chóras neamhfhoirmiúil réitithe gearán na hOifige. Tá dualgas reachtúil ar chomhlachtaí poiblí agus ar dhaoine ar leith ar oifigigh de chuid comhlachtaí poiblí iad comhoibriú leis an imscrúdú agus faisnéis nó taifid dá gcuid a bhaineann le hábhar an imscrúdaithe a thabhairt dom. Is iondúil go n-iarrtar tuairisc i scríbhinn maidir leis an ábhar ar an gcomhlacht poiblí chomh maith. Má iarraim ar aon duine ar leith teacht i mo láthair le faisnéis ó bhéal a thabhairt, tá an duine sin i dteideal na ndíolúintí agus na bpribhléidí céanna is a bheadh ag finné os comhair na hArd-Chúirte. Déantar foráil san Acht d’fhíneáil nach mó ná €2,000 agus/nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí a ghearradh ar dhuine a chiontófaí i gcúirt as diúltú comhoibriú le himscrúdú, as loiceadh ina d(h)ualgas comhoibriú le himscrúdú nó as bac a chur le hobair imscrúdaithe. Is féidir imscrúdú a sheoladh i gcásanna ina líomhnaítear gur theip ar chomhlacht poiblí a dhualgais reachtúla a chomhlíonadh i dtaca le: Forálacha díreacha an Achta; Rialacháin atá déanta faoin Acht; Scéim teanga atá daingnithe faoin Acht; Aon fhoráil d’aon achtachán eile a bhaineann le stádas nó le húsáid na Gaeilge. Ciallaíonn “achtachán” reacht nó ionstraim arna déanamh faoi chumhacht a thugtar le reacht. Tá dualgas reachtúil orm faoin Acht tuarascáil a eisiúint chuig na páirtithe cuí i gcás ina seolaim imscrúdú. Bíonn mo chinneadh i leith an ghearáin agus na moltaí cuí sa tuarascáil sin. Is féidir achomharc a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt ar phonc dlí i gcoinne an chinnidh laistigh de cheithre seachtaine. |
Sa bhreis air sin, tá rialacháin reachtúla déanta in I.R. Uimh. 391 de 2008 faoi fho-alt 9(1) den Acht a chiallaíonn gur féidir le ceannteidil stáiseanóireachta a bheith i nGaeilge nó dátheangach (Gaeilge agus Béarla) ach nach féidir leo a bheith i mBéarla amháin.
D’eascair an t-imscrúdú as roinnt gearán a rinneadh le hOifig an Choimisinéara Teanga le linn mhíonna an Aibreáin agus na Bealtaine 2013 gur scaip Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim leabhrán eolais i mí an Mhárta agus mí an Aibreáin 2013 i dtaca leis an CMÁ agus go raibh an chumarsáid sin i mBéarla amháin. Bhí an leabhrán eolais i dteannta litir phearsanta agus ba chosúil gur eisíodh leagan i mBéarla chuig an gcuid is mó den phobal agus leagan Gaeilge chuig na daoine a bhí cláraithe cheana féin le plé a dhéanamh i nGaeilge le hOifig na gCoimisinéirí Ioncaim. Lena chois sin, bhí na ceannteidil stáiseanóireachta i mBéarla amháin ar na litreacha Béarla.
Anuas air sin, rinneadh gearán leis an Oifig gur eisíodh cumarsáid i scríbhinn le faisnéis a thabhairt d’aicme den phobal i gcoitinne (i.e. dóibh siúd nach bhféadfaí uimhir chánach a aithint dóibh) i mí na Bealtaine, agus gur i mBéarla amháin a bhí an chumarsáid sin, na ceannteidil stáiseanóireachta san áireamh.
Scoir Oifig an Choimisinéara Teanga d’imscrúdú ar Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim in 2009 ina mhacasamhail de chás, i dtaca le scaipeadh faisnéise ar an bpobal i gcoitinne, nuair a tugadh gealltanais faoin gcur chuige a bheadh in úsáid feasta ag na Coimisinéirí Ioncaim. Gheall Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, san áit a n-eiseofaí eolas pearsanta scríofa agus eolas ginearálta i dteannta a chéile, go mbeadh an t- eolas pearsanta i nGaeilge, áit a mbeadh sé tugtha le fios ag an gcustaiméir gur theastaigh uathu go ndéileálfaí leo trí Ghaeilge, agus i mBéarla áit nach mbeadh iarratas den sórt sin déanta ag an gcustaiméir; ach go mbeadh an t-eolas ginearálta dátheangach nó i nGaeilge, mar a éilíonn fo-alt 9(3) den Acht.
Bunaithe ar an socrú seo ó 2009, rinne an Oifig iarracht na gearáin seo a réiteach ar bhonn neamhfhoirmiúil le hOifig na gCoimisinéirí Ioncaim ach níor éirigh leis na hiarrachtaí sin. Bhí gné amháin den ábhar a measadh a bheith réitithe go neamhfhoirmiúil: bhí glactha ag Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, le ríomhphost dar dáta an 25 Aibreán, nár cheart ceannteidil stáiseanóireachta i mBéarla amháin a bheith in úsáid agus dúradh go mbeadh sin curtha ina cheart a luaithe agus ab fhéidir. Ach eisíodh litreacha úrnua chuig aicme den phobal i gcoitinne (i.e. chucu siúd nach bhféadfaí uimhreacha cánach a aithint dóibh) i mí na Bealtaine agus bhí na ceannteidil stáiseanóireachta sin fós i mBéarla amháin, rud a chiallaigh nár feidhmíodh an socrú neamhfhoirmiúil, agus bhí ar an Oifig déileáil leis an gceist mar chuid d’imscrúdú reachtúil.
Sheol an t-imscrúdú litir chuig Cathaoirleach na gCoimisinéirí Ioncaim ag lorg freagraí ar cheisteanna ar leith chomh maith le haon fhaisnéis, taifid, nó rud den sórt sin a bhain le hábhar an imscrúdaithe. Ar an 4 Meitheamh, thug Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim tuairisc i scríbhinn mar fhreagra ar na ceisteanna a bhí tarraingthe anuas. I dteannta na tuairisce bhí cóip de thaifead amháin agus lorgaíodh dearbhú ina dhiaidh sin ó Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim nárbh ann d’aon taifead ábhartha eile ar ábhar an imscrúdaithe seachas an ceann amháin sin. Cuireadh an dearbhú sin ar fáil i ríomhphost dar dáta an 28 Meitheamh.
Níor ghlac Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim leis gur sháraigh sí fo-alt 9(3) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla i gceachtar cás a bhí faoi chaibidil ag an imscrúdú. Dearbhaíodh don imscrúdú gur seoladh leagan Gaeilge den leabhrán faisnéise chucu siúd arb eol do na Coimisinéirí Ioncaim iad a bheith cláraithe lena ngnóthaí cánach a dhéanamh trí Ghaeilge agus gur leagan Béarla den leabhrán faisnéise a seoladh chuig gach duine eile. Ach ghlac Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim leis go raibh na rialacháin i dtaca le stáiseanóireacht in I.R. Uimh. 391 de 2008 faoi fho-alt 9(1) den Acht sáraithe aici i gcás úsáid an Bhéarla amháin i gceannteidil stáiseanóireachta i litreacha a eisíodh.
Cuireadh in iúl don imscrúdú go raibh Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim feasach ar a dualgais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla agus gur cinneadh chuige sin, in ainneoin na bhfadhbanna ollmhóra lóistíochtúla, go ndéanfaí an fhaisnéis uile CMÁ ar shuíomh gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim, na ceisteanna coitianta san áireamh, a chur ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla ag an am céanna. Dúradh go raibh breis is 32,500 focal sna ceisteanna coitianta, Gaeilge agus Béarla araon, agus go raibh tuairim is 3,440 toghcheantar sa tír a raibh Gaeilge le cur orthu agus a chur isteach i gcáipéis chomhdhlúite, i dteannta cáipéisí cathrach agus contae ar leith i dtaobh luacháil maoine. Dúradh gur nuashonraíodh na ceisteanna coitianta go rialta agus gur cuireadh leaganacha Gaeilge agus Béarla ar fáil ag an am céanna, mar aon le leagan Gaeilge den pháipéar luachála teicniúil, agus breis is 8,000 focal ann, tamall gairid tar éis fhoilsiú an leagain Béarla agus gur cuireadh an chuid íocaíochta den suíomh gréasáin ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla ón tús.
Thug Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim le fios gur cuireadh leagan dátheangach den leabhrán faisnéise i dtaca leis an CMÁ ar fáil agus gur scaipeadh c.70,000 cóip den leabhrán dátheangach go forleathan trí na hoifigí faisnéise cánach, na leabharlanna áitiúla agus na hionaid faisnéise. Anuas air sin, dhearbhaigh Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim gur socraíodh ón tús go mbeadh rogha Ghaeilge ar fáil ar an Líne Chabhrach agus go mbeadh dóthain oibrithe ar fáil chun glacadh le glaonna trí Ghaeilge.
Thug Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim le fios go raibh sí den tuairim gurb í “an tslí is fearr freastal ar riachtanais chainteoirí Gaeilge ná tríd na bearta thuasluaite.” Ba é seasamh na hOifige sin ná gur éacht suntasach a bhí sa dul chun cinn a bhí déanta i dtréimhse ama an-ghearr agus go raibh sí lánsásta le leibhéal agus caighdeán na seirbhíse CMÁ a cuireadh ar fáil do chainteoirí Gaeilge sna cúinsí seo.
Ní raibh aon amhras ar an imscrúdú ach go raibh iarracht mhacánta déanta ag Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim seirbhís shásúil a sholáthar trí Ghaeilge i dtaca leis an gCáin Mhaoine Áitiúil, i bhforbairt eolais ar an suíomh gréasáin, i bhfoilseacháin agus ar líne chabhrach. Ach bhí ceisteanna faoi ghéilleadh na heagraíochta go cuí agus go hiomlán do na dualgais reachtúla teanga atá daingnithe san Acht agus sna rialacháin atá déanta faoin Acht i ngnéithe ar leith den scéal.

(1) Fo-alt 9(3) den Acht agus eisiúint faisnéise i scríbhinn (leabhrán eolais) i dtaca leis an gCáin Mhaoine Áitiúil i mí an Mhárta/an Aibreáin 2013.
Baineann an fhoráil i bhfo-alt 9(3) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla le cineál ar leith cumarsáide faisnéise a dhéanann comhlachtaí poiblí faoin Acht leis an bpobal i gcoitinne nó le haicme den phobal i gcoitinne. Sa chás is go dtagann cumarsáid áirithe faoi scáth fho-alt 9(3) den Acht, tá dhá rogha ag comhlacht poiblí ina leith – go mbeadh an chumarsáid sin trí Ghaeilge amháin nó go mbeadh sí dátheangach (Gaeilge agus Béarla). Ní fhágtar an rogha sa chás sin gur i mBéarla amháin a dhéanfaí an chumarsáid.
Ní raibh aon amhras sa chás seo ach:
Dá mba leis an bpobal i gcoitinne nó le haicme den phobal i gcoitinne an chumarsáid
sin, ní bheadh aon amhras ach go mbeadh sé san áireamh faoi fho-alt 9(3) den Acht.
Bhí an leabhrán faisnéise i dteannta ábhar eile – litir phearsanta agus foirm thuairisceáin phearsanta a scaipeadh ar c.1.69 milliún sealbhóir maoine ar fud an Stáit.
Ní raibh aon amhras sa chás seo ach:
- gur comhlacht poiblí a thagann faoi scáth an Achta a bhí i mbun na cumarsáide;
- gur i scríbhinn, tríd an bpost, a eisíodh an chumarsáid;
- go raibh sé mar aidhm ag an gcumarsáid sin faisnéis a sholáthar.
Dá mba leis an bpobal i gcoitinne nó le haicme den phobal i gcoitinne an chumarsáid
sin, ní bheadh aon amhras ach go mbeadh sé san áireamh faoi fho-alt 9(3) den Acht.
Bhí an leabhrán faisnéise i dteannta ábhar eile – litir phearsanta agus foirm thuairisceáin phearsanta a scaipeadh ar c.1.69 milliún sealbhóir maoine ar fud an Stáit.
Ní dhearnadh aon chás go raibh dualgas ar Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim an litir phearsanta nó an fhoirm chuí a sholáthar go dátheangach. Bhí dualgas ar na Coimisinéirí Ioncaim, de bharr forálacha ina scéim teanga, an litir phearsanta agus an fhoirm a sholáthar trí Ghaeilge dóibh siúd a chláraigh leo lena ngnóthaí cánach a láimhseáil trí Ghaeilge. Bhí aird tugtha ag na Coimisinéirí Ioncaim ar an ngné seo agus is cosúil gur trí Ghaeilge a eisíodh an litir, an fhoirm agus an leabhrán faisnéise chucu siúd a bhí cláraithe lena ngnóthaí cánach a dhéanamh trí Ghaeilge.
Ba é seasamh Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim nár eisíodh an leabhrán mar chumarsáid laistigh de théarmaí fho-alt 9(3) den Acht, mar go raibh sé tánaisteach don litir agus don tuairisceán CMÁ a eisíodh chuig daoine aonair ainmnithe ina raibh faisnéis phearsanta shonrach maidir le dualgais CMÁ an duine aonair. Dúirt na Coimisinéirí Ioncaim gur cheart breathnú ar an gclúdach litreach agus a raibh istigh ann ina n-iomláine mar chomhfhreagras faoi rún le cáiníocóirí aonair; i bhfocail eile, gur ghnó príobháideach é nár bhain ach leis na cáiníocóirí a bhí i gceist agus nár chumarsáid é le haicme den phobal i gcoitinne.
Chonacthas don imscrúdú gurbh é an bhunfhaisnéis chéanna a bhí á dáileadh ar bheagnach 1.7 milliún duine ar fud an Stáit sa leabhrán faisnéise seo; ba dhaoine iad a raibh ceangal comónta eatarthu mar shealbhóirí maoine – daoine ar cheart faisnéis ar leith faoin gCáin Mhaoine Áitiúil a sheoladh chucu. Ní raibh aon amhras ar an imscrúdú ach gurbh ‘aicme den phobal i gcoitinne’ iad na sealbhóirí maoine seo faoi réir na ngnáthchleachtas i dtaca le forléiriú reachtúil.
Níor leor litir phearsanta a bheith i dteannta na cumarsáide faisnéise seo le cealú a dhéanamh ar an dualgas é a eisiúint go dátheangach nó i nGaeilge amháin. D’fheadfaí idirdhealú sonrach a dhéanamh idir an chuid den chumarsáid a bhí aonarach agus pearsanta, agus an chuid arbh fhaisnéis don phobal i gcoitinne a bhí ann. Ní fhoráiltear sa reachtaíocht don chumarsáid a bheith ina aonar nó a bheith tánaisteach do chumarsáid eile. Fad is atá sí á déanamh ag comhlacht poiblí faoin Acht i scríbhinn le haicme den phobal i gcoitinne le faisnéis a sholáthar, tagann sí faoi bhrí na forála i bhfo-alt 9(3) den Acht.
Mar a dúradh cheana, scoireadh d’imscrúdú in 2009 de bharr dearbhuithe go gcloífí leis an reachtaíocht feasta. Ba léir go raibh an Grúpa Ardleibhéil (HLG) sna Coimisinéirí Ioncaim eolach faoi seo agus rinneadh tagairt ar leith d’Acht na dTeangacha Oifigiúla san aon taifead amháin a cuireadh ar fáil don imscrúdú:
B’ábhar iontais don imscrúdú nach raibh i seilbh na gCoimisinéirí Ioncaim mar thaifid ach tagairt fhánach amháin do chúrsaí teanga mar chuid de mhiontuairiscí ar chruinniú, go háirithe nuair a dúradh go ndearnadh athscrúdú/athbhreithniú ar an ábhar a ndearnadh comhshocrú ina thaobh in 2009.

- “Decision/Recommendations made by HLG (28th November 2012)... Issues re OLA (Official Languages Act) in the past...”
B’ábhar iontais don imscrúdú nach raibh i seilbh na gCoimisinéirí Ioncaim mar thaifid ach tagairt fhánach amháin do chúrsaí teanga mar chuid de mhiontuairiscí ar chruinniú, go háirithe nuair a dúradh go ndearnadh athscrúdú/athbhreithniú ar an ábhar a ndearnadh comhshocrú ina thaobh in 2009.
(2) An litir i mBéarla amháin a eisíodh i mí na Bealtaine 2013 chuig
aicme den phobal i gcoitinne, i.e. daoine nach raibh na Coimisinéirí
Ioncaim ábalta UPSP a aithint dóibh.
Maidir le heisiúint litreacha chucu siúd nach bhféadfaí uimhir chánach (UPSP) a
aithint dóibh, dúirt na Coimisinéirí Ioncaim ó tharla nach bhféadfaí a rá le cinnteacht
an raibh siad cláraithe do ghnóthaí cánach trí Ghaeilge nó trí Bhéarla gur socraíodh
na litreacha sin a bheith i mBéarla amháin.
Fiú dá ngéillfí don smaoineamh gur litir phearsanta a bhí anseo – agus ó tharla gan eolas faoin UPSP nó faoi rogha teanga an chustaiméara a bheith ag na Coimisinéirí Ioncaim is deacair sin a dhéanamh – bheadh dualgas reachtúil i gceist faoi scéim teanga na gCoimisinéirí Ioncaim cumarsáid a dhéanamh trí Ghaeilge leo siúd a bhí cláraithe chun na críche sin. Chonacthas don imscrúdú gur sárú reachtúil a bhí ann an litir chuig sealbhóirí maoine nárbh eol do na Coimisinéirí Ioncaim an UPSP a bhí acu a eisiúint i mBéarla amháin i mí na Bealtaine 2013.

(3) Na ceannteidil stáiseanóireachta i mBéarla amháin ar litreacha a
eisíodh idir Márta agus Bealtaine 2013 i dtaca leis an gCáin
Mhaoine Áitiúil, agus i gcás litreacha breise a eisíodh chucu sin
nach raibh an UPSP aitheanta dóibh i mBealtaine 2013.
Bhí glactha ag Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim leis go raibh na rialacháin i dtaca le stáiseanóireacht sáraithe aici i gcás úsáid an Bhéarla amháin i gceannteidil stáiseanóireachta i litreacha a eisíodh agus ní bheadh an t-ábhar seo ina chuid den imscrúdú murach gur eisigh na Coimisinéirí Ioncaim litreacha eile le ceannteidil stáiseanóireachta trí Bhéarla amháin i mí na Bealtaine chuig sealbhóirí maoine nach raibh UPSP aitheanta dóibh. Bhí gnéithe eile d’úsáid na dteangacha oifigiúla ar an stáiseanóireacht ar fheabhas i.e. clúdaigh na litreacha, ach bhí cuid de sheoladh na gCoimisinéirí Ioncaim agus eolas eile i mBéarla amháin sna ceannteidil stáiseanóireachta sna litreacha seo. Dhearbhaigh an t-imscrúdú gur sárú ar na Rialacháin atá déanta faoi fho-alt 9(1) den Acht (I.R. 391 de 2008) é nach raibh na ceannteidil stáiseanóireachta i nGaeilge go hiomlán nó dátheangach ar na litreacha i mBéarla a eisíodh idir Márta agus Bealtaine 2013 i dtaca leis an gCáin Mhaoine Áitiúil.
Rinne an t-imscrúdú na moltaí seo a leanas:
Thug Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim le fios go raibh achomharc chun na hArd- Chúirte ar phonc dlí in aghaidh an chinnidh san imscrúdú seo á dhéanamh aici faoi Alt 28 den Acht. Socraíodh deis éisteachta don achomharc san Ard-Chúirt ar dháta i mí Feabhra 2014.
<<
Turascaíodh in dTuairisc.ie go raibh an cás seo le bheith ós comhair na cúirte ar an 20 Samhain 2014.

- go gcinnteodh Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim go gcloífeadh sí feasta lena dualgais reachtúla faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003;
- sa chás go mbeadh aon chumarsáid i scríbhinn á déanamh leis an bpobal i gcoitinne nó le haicme den phobal i gcoitinne chun faisnéis a thabhairt, go gcloífí feasta leis an bhforáil atá leagtha amach i bhfo-alt 9(3) den Acht;
- go mbeadh na ceannteidil stáiseanóireachta atá in úsáid aici ag cloí go cuí feasta leis na Rialacháin atá déanta faoi fho-alt 9(1) den Acht;
- go seolfadh Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim meamram eolais laistigh de 6 seachtaine ó dháta na tuarascála chuig baill foirne sin na heagraíochta a d’fhéadfadh a bheith freagrach feasta as cumarsáid a dhéanamh leis an bpobal i gcoitinne nó le haicme den phobal i gcoitinne chun faisnéis a thabhairt ina ndeimhneofaí go raibh fionnachtain déanta ag an imscrúdú gur sháraigh Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim a dualgais reachtúla sa chás seo agus go bhfuil de dhualgas uirthi a chinntiú nach ligfear dá leithéid de shárú tarlú arís.
Thug Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim le fios go raibh achomharc chun na hArd- Chúirte ar phonc dlí in aghaidh an chinnidh san imscrúdú seo á dhéanamh aici faoi Alt 28 den Acht. Socraíodh deis éisteachta don achomharc san Ard-Chúirt ar dháta i mí Feabhra 2014.
<<
Turascaíodh in dTuairisc.ie go raibh an cás seo le bheith ós comhair na cúirte ar an 20 Samhain 2014.
No comments:
Post a Comment