3.8.10

Leasú Suntasach beartaithe don Phróiseas Aitheantais Iar-bhunscoileanna

Chuir Gaelscoileanna Teo. fáilte roimh fhógra an Tánaiste ar an 28 Iúil 2010 go dtiocfaidh leasú suntasach ar an bpróiseas a bhaineann le hiar-bhunscoileanna nua a aithint.

Faoin gcreatlach nua a bhunófar aontófar na critéir a úsáidfear chun iarratais do bhunú iar-bhunscoileanna a mheas. Mar thoradh ar an bpróiseas seo beidh trédhearcacht ag baint leis an bpróiseas cinnteoireachta ag leibhéal na Roinne Oideachais agus Scileanna maidir le h-aitheantas a bhronnadh ar scoileanna nua beartaithe.

Ag tagairt do na himpleachtaí a bheadh ann do na hiar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge, deir Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaelscoileanna Teo. , “Fáiltímid go mór roimh athchóiriú ar an bpróiseas aitheantais d’iar-bhunscoileanna, agus tá sé é an-tráthúil i bhfianaise an athbhreithnithe atá á chur i gcrích ar an bpróiseas mar a bhaineann le haitheantas bunscoileanna. Táimid muiníneach go mbeidh an t-athchóiriú beartaithe chun leasa an tsoláthair iar-bhunscolaíochta agus go dtabharfar aitheantas cuí do riachtanais agus don éileamh mór agus inchosanta ar sholáthar iar-bhunscolaíochta lán-Ghaeilge.”

I measc na gcritéir atá réamh-aitheanta ag an Tánaiste, áirítear an riachtanais a bhainfidh le cumas aon scoil nua a bhunófar chun freastal ar éagsúlacht. Freagraíonn na scoileanna lán-Ghaeilge do sholáthar na héagsúlachta ag leibhéal sainmheoin creidimh/teanga agus freastalaíonn siad ar gach cúlra teangeolaíoch, sóisialta agus acadúil na ndaltaí.

Agus í ag tagairt don mholadh go mbunófar Aonad i scoil lán-Bhéarla, tugann ní Ghréacháin an rabhadh, “Cé go bhfáiltímid roimh an mholadh do sholáthar Aonaid a fhreastalóidh ar mhianta na ndaltaí don ghaeloideachas sa chás nach mbeadh éileamh dóthanach do scoil neamhspleách, ní mór go leantar leis an idirphlé idir an Roinn agus Gaelscoileanna Teo. ar mhaithe le h-athbhreithniú agus forbairt chuimsitheach a dhéanamh ar mhúnla an Aonaid mar choincheap agus mar chur chuige. Is cinnte go sásaíonn sé riachtanais ar leith, ach tá alán dúshláin ag baint leis an múnla reatha. Beimid ag fáiltiú go mór roimh an deis dul i mbun comhairliúcháin leis an Roinn ar fhorbairt an mhúnla seo agus ar na critéir a bhainfidh le bunú iarbhuscoileanna lán-Ghaeilge amach anseo”.

Tá sé i gceist go mbunófar Grúpa Comhairleach sa bhFómhair a dhéanfaidh moltaí a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Tánaiste maidir le haitheantas d’iar-bhunscoileanna chun díriú ar an riachtanais a bheidh ann áit scoile a bheith ar fáil do 67,000 dalta breise faoi 2024.

Tréaslaíonn sí an Tánaiste as tabhairt faoin bpróiseas seo agus deir sí ina thaobh “...táimid tiomanta don chomhoibriú leis an Tánaiste agus leis an Roinn ar an gceist rí-thábhachtach seo, agus táimid ag súil go mór le ról lárnach a imirt sa dúshlán a bhaineann leis an gcóras is éifeachtachtaí a chur i bhfeidhm. Molaimid go gcinnteoidh an Tánaiste go mbeidh ionadaíocht le saineolas ar riachtanais na scoileanna lán-Ghaeilge ar an nGrúpa Comhairleach”.
Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment