10.2.10

An Tostal

An bhfuil fonn ceiste ort?

"Ó Aidhm go Feidhm" a bheidh mar theideal ar Thóstal na bliana seo, agus díreofar isteach ar chur i bhfeidhm Straitéis Fiche Bliain an Rialtais don Ghaeilge.

Le linn Thóstal na Gaeilge 2010 reáchtálfar seisiún ceisteanna agus freagraí le haoichainteoirí aitheanta. Beidh painéal de chúigear i láthair chun ceisteanna a fhreagairt ón urlár maidir le tosaíochtaí chur chun cinn na Gaeilge sa ghearrtéarma, sa mheántéarma agus sa fadtéarma.

Is í Gormfhlaith Ní Thuairisg, láithreoir an chláir Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta a bheidh mar chathaoirleach ar an seisiún seo, agus i measc na n-aoichainteoirí ar an bpainéal beidh: An tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, T.D.; an léachtóir sa Phleanáil Teanga le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh Dr. Conchúr Ó Giollagáin; an taighdeoir agus an gníomhaire pobail, Donncha Ó hÉalaithe; chomh maith le hUrlabhraí ar Ghnóthaí Eachtracha do Pháirtí an Lucht Oibre, Michael D. Higgins, T.D.; agus Urlabhraí Fhine Gael ar Ghnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta, Dinny McGinley, T.D..

Chun an deis a thapú chun ceist a chur ón urlár, is gá é seo a chur in iúl do Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge roimh ré, trí do chuid sonraí agus do cheist a chur chuig eolas@gaelport.com roimh Dé Céadaoin 24 Feabhra 2010.

Tar éis an seisiún ceisteanna agus freagraí , reáchtálfar fóram plé áit a bpléifear róil na bpáirtithe éagsúla i gcur i bhfeidhm Straitéis Fiche Bliain an Rialtais sa ghearrthéarma, is é sin, sa dhá bhliain atá amach romhainn.

Ar an bpainéal seo beidh Pádraig Ó hAoláin, Prímhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Ferdie Mac an Fhailigh, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Pádraig Mac Criostail, Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Muireann Ní Mhóráin, Príomhfheidhmeannach na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.
Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment