26.11.09

6.2 Réimsí Gnímh

An Ghaeltacht

Ina Ráiteas i leith na Gaeilge 2006 dhearbhaigh an Rialtas a pholasaí ó thaobh an Ghaeltacht a neartú mar phobal ina labhraítear Gaeilge agus dhaingnigh tacaíocht an Rialtais don Ghaeilge. Tá trí chuspóir a thagraíonn don Ghaeltacht sa Ráiteas:
Cuspóir 3: Tabharfar spreagadh agus tacaíocht do phobal na Gaeilge sa Ghaeltacht agus lasmuigh di, an Ghaeilge a thabhairt don chéad ghlúin eile mar theanga teaghlaigh. Chuige sin, cuirfear réimse leathan seirbhísí ar fáil trí mheán na Gaeilge.
Cuspóir 4: Tabharfar tacaíocht ar leith don Ghaeltacht mar cheantar labhartha Gaeilge.
Cuspóir 11: Leanfar le treisiú na hoibre atá ar bun ag An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus ag na gníomhaireachtaí agus na comhlachtaí a thagann faoina scáth, ar nós Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta agus Bord na Leabhar Gaeilge chun an Ghaeilge a chur chun cinn go náisiúnta agus chun í a chaomhnú agus a threisiú sa Ghaeltacht.

Moltar sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht 2007 gur chóir gurb é an príomhfhócas straitéiseach ó thaobh polasaí teanga sa Ghaeltacht ná tacaíocht a thabhairt do ghlúnta tuismitheoirí óga Gaeltachta amach anseo agus a chur ar a gcumas a gcuid leanaí a thógáil le Gaeilge. Dearbhaíonn an Tuarascáil ach go háirithe an tábhacht a bhaineann leis an méid cainteoirí gníomhacha Gaeilge atá i limistéir Ghaeltachta a chaomhnú agus cur leis an líon sin.

Is in aghaidh an chomhthéacs sin atá an Rialtas ag feidhmiú na n-athruithe móra atá leagtha amach sa Straitéis seo. Beidh forbairt córais pleanála teanga chuimsithigh ag leibhéal pobail sa Ghaeltacht ag croílár na straitéise a bhunófar lena chinntiú go mairfidh an Ghaeilge mar theanga pobail sa Ghaeltacht.

Stádas Teanga Pobal Gaeltachta – reachtaíocht nua
Glacann an Rialtas tríd is tríd le treo ghinearálta na moltaí i Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht maidir le stádas na Gaeltachta a bheith bunaithe ar chritéir teanga. Tabharfar stádas reachtúil dó sin trí Acht Gaeltachta nua. Beidh an sainmhíniú bunaithe ar an mórchuid ar na critéir atá leagtha amach sa Tuarascáil le roinnt athruithe bunúsacha.

Mar a dúradh cheana déanfar athstruchtúrú bunúsach ar Údarás na Gaeltachta mar ghníomhaireacht Gaeilge náisiúnta – Údarás na Gaeilge (agus a cheannáras sa Ghaeltacht) - agus beidh freagracht air maidir le cúrsaí Gaeilge ar fud an Stáit, agus coinneoidh sé cuid mhaith de na feidhmeanna atá faoi láthair aige. Ullmhófar reachtaíocht chun an comhlacht nua a chur ar bhonn reachtúil. Reáchtálfaidh Bord, a bheidh comhdhéanta d’ionadaithe tofa agus de chomhaltaí a cheapfaidh an tAire, Údarás na Gaeilge.

Comhthreomhar leis sin bunófar Coiste Comhairle Gaeltachta a bheidh comhdhéanta de chomhaltaí tofa de chuid Údarás na Gaeilge agus comhaltaí údáráis áitiúil a bheidh ina gcónaí laistigh den Ghaeltacht le comhairle a thabhairt go sonrach faoi chúrsaí a bhaineann leis an nGaeltacht. Cuirfidh Údarás na Gaeilge tacaíocht rúnaíochta ar fáil don Choiste.

Chun críocha pleanála teanga agus feidhmithe teanga beidh na cineálacha éagsúla idirghabhálacha straitéiseacha agus cothabhála teanga (lena n-áirítear pleananna teanga comhtháite) bunaithe ar riachtanais teanga aitheanta na bpobal éagsúil le súil an méid daoine a labhraíonn Gaeilge ó lá go lá a ardú.

I gcás pobal ina labhraíonn an tromlach iontu Gaeilge cuirfear an bhéim ar na pobail sin atá láidir ó thaobh na teanga a chosaint agus a neartú trína chinntiú go gcoinneofar an Ghaeilge mar theanga an phobail sna réigiúín sin. I gcás réigiúin Ghaeltachta eile ina labhraíonn mionlach sách mór an Ghaeilge ó lá go lá cuirfear an bhéim ar na gréasáin phobail Ghaeilge atá fós iontu a neartú.

Tabharfar tréimhse 2 bhliain do phobail nach mbeidh ábalta na critéir sa reachtaíocht nua a chomhlíonadh le pleananna a fhorbairt lena chinntiú go gcoinneoidh siad a stádas mar phobail Ghaeltachta. Ní bheidh pobail a dteipfidh orthu pleananna inbhuanaithe inghlactha a fhorbairt laistigh den tréimhse dhá bhliain san áireamh níos mó mar chuid den Ghaeltacht.

Déanfar athbhreithniú ar na pleananna gach seacht mbliana agus caillfidh áiteanna nach sroicheann an critéar teanga Gaeltachta a bheidh leagtha síos san Acht nua a stádas Gaeltachta. Féadfar áiteanna nua freisin a chur isteach sa Ghaeltacht má chomhlíonann siad na critéir teanga a bheidh leagtha síos faoin Acht nua.

Pleanáil Teanga sa Ghaeltacht

Faoin Acht nua tosófar próiseas pleanála teanga agus déanfar plean teanga a ullmhú ag leibhéal pobail do gach ceantar Gaeltachta. Déanfaidh na pleananna sin comhthathú ar an gcur chuige maidir le ceisteanna teanga, oideachas, pleanáil fhisiciúil agus forbairt shóisialta agus pobail. Beidh rannpháirtíocht agus comhoibriú ón bpobal ríthábhachtach. Cuirfear acmhainní ar fáil leis na pleananna teanga a chur i bhfeidhm.

Thar aon ní eile beidh na pleananna sin teangalárnaithe, beidh gach gné de shaol an phobail sna ceantair sin clúdaithe iontu. Le aghaidh a thabhairt ar an mbagairt d’inbhuanaitheacht na Gaeltachta mar eintiteas teanga tabharfar tosaíocht do ghníomhaíochtaí pleanála teanga a bhfuil gá leo le háit na Gaeilge mar theanga pobail a chinntiú. Beidh gníomhaíochtaí/pleananna sna pleananna teanga sin leagtha amach faoi na cinnteidil seo a leanas:
    ➢ Pleanáil Oideachais

    ➢ Seirbhísí Tacaíochta Teaglaigh, lena n-áirítear seirbhísí cúraim leanaí, seirbhísí réamhscoile, seirbhísi comhairle teanga do theaghlaigh, seirbhísí iarscoile, gréasáin do thuismitheoirí agus do leanaí a labhraíonn Gaeilge, seirbhísí comhairle réamhphósta agus réamhbhreithe, clár feasachta teanga do theaghlaigh, teiripe labhartha agus seirbhísí siceolaíochta agus seirbhísí sláinte poiblí.

    ➢ Seirbhísi Óige, lena n-áirítear feasacht teanga a chur chun cinn i measc daoine óga sa Ghaeltacht, i gcoláistí samhraidh agus i gcampaí Gaeltachta.

    ➢ Seirbhísí Rialtais Áitiúil.

    ➢ Pleanáil áitiúil agus fhisiciúil, lena n-áirítear forbairt infreastruchtúir, forbairt eacnamaíochta, polasaí tithíochta agus imlonnaithe.

    ➢ Forbairt Pobail.

    ➢ Pleanáil d’fhorbairt eacnamaíochta, thionsclaíoch, agus gnó áitiúil, lena n-áirítear cur chun cinn feasachta teanga i measc soláthróirí seirbhísí gnó i gceantair Ghaeltachta.

    ➢ Forbairt ar Thurasóireacht Oideachais/Cultúir.

    ➢ Seirbhísí Reiligiún.

    ➢ Cúram do Dhaoine Scothaosta.

    ➢ Cúram do Leanaí lena mbaineann riachtanais speisialta.

    ➢ Seirbhísí Sláinte.

    ➢ Spórt.
Cinnfear caiteachas an Stáit amach anseo sa Ghaeltacht de réir an tionchair a bheidh aige ar an teanga agus tabharfar tosaíocht faoi leith do thacaíochtaí teanga do theaghlaigh agus do dhaoine óga lena chinntiú go leanfar ag cur na teanga ar aghaidh ó ghlúin go glúin.

Cuirfear béim faoi leith ar chur chun cinn cultúr óige Gaeilge sa Ghaeltacht agus dá bharr sin déanfar tuilleadh forbartha ar sheirbhísí óige na Gaeltachta agus ar naisc trí Choláistí Samhraidh Gaeltachta le heagraíochtaí óige náisiúnta.

Déanfaidh an Stát forbairt freisin ar shraith chuimsitheach tacaíochtaí do theaghlaigh sa Ghaeltacht a labhraíonn Gaeilge i gcomhchomhairle le tuismitheoirí leanaí óga agus naíonán agus tuismitheoirí a bhíonn ag súil le páiste.

Pleanáil agus Forbairt sa Ghaeltacht
Ullmhóidh An Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil treoirlínte leathana pleanála chun cuidiú le húdaráis áitiúla maidir le feidhmiú an Achta Pleanála agus Forbartha sa Ghaeltacht lena chinntiú go dtabharfar cosaint d’fhéiniúlacht teanga faoi leith na Gaeltachta.

Agus aithint á tabhairt don ghá atá le comhoibriú níos fearr idir rialtas áitiúil agus rialtas náisiúnta agus idir na hearnálacha éagsúla agus iad ag seachadadh seirbhís éifeachtúil níos lánpháirtithe beidh sé mar aidhm ag An Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil i gcomhar leis An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus na Bainisteoirí Cathrach agus Contae forbairt a dhéanamh ar sheirbhísí roinnte nua agus beidh saineolas cuí do na limistéir Ghaeltachta ar fáil san earnáil pleanála.

Bainfidh an stádas céanna le pleananna limistéar Gaeltachta agus a bhaineann le pleananna bailte. Chomh maith le ceadú a fháil ón údarás áitiúil ceadóidh Údarás na Gaeilge na pleananna lena chinntiú go mbeidh dóthain ionchuir iontu ó thaobh a chinntiú go bhfuil an ghné a bhaineann le hinbhuanaitheacht na teanga sna pleananna.

Seirbhísí á Seachadadh chuig Pobail Ghaeltachta
Is iad An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus Údarás na Gaeilge a dhéanfaidh seachadadh ar an oiread seirbhísí nach seirbhísí teanga agus is féidir in aitheantas a bhfuil cruthaithe acu ó thaobh seirbhísí a sheachadadh trí Ghaeilge. Níl sé i gceist mar sin a mholadh go n-aistreofaí aon scéimeanna atá ann agus a fheidhmíonn Údarás na Gaeltachta nó An Roinn chuig Ranna nó gníomhaireachtaí eile ach scrúdófar cláir eile a d’fhéadfadh An Roinn nó an tÚdarás a sheachadadh sa Ghaeltacht.

Share/Save/Bookmark

6.3 Réimsí Gnímh

An Teaghlach ag cur na Teanga ar aghaidh - Idirgabháil go luath

Tá an-tábhacht leis na gníomhartha atá beartatihe sa réimse a bhaineann leis an teaghlach ó thaobh an teanga a chur ar aghaidh. Tá an cuspóir seo a leanas i Ráiteas i leith na Teanga 2006:

Cuspóir 3: Tabharfar spreagadh agus tacaíocht do phobal na Gaeilge sa Ghaeltacht agus lasmuigh de, an Ghaeilge a thabhairt don chéad ghlúin eile mar theanga teaghlaigh. Chuige sin, cuirfear réimse leathan seirbhísí ar fáil trí mheán na Gaeilge.

Is gné fhíorthábhachtach ó thaobh an phróisis pleanála teanga an teanga a chur ar aghaidh chuig an gcéad ghlúin eile sa teaghlach agus is cloch choirnéil é an cur ar aghaidh sin san obair ó thaobh cur leis an méid daoine a mbíonn an teanga go líofa acu.

Aithnítear níos mó agus níos mó ar fud an domhain cur ar aghaidh na teanga sa teaghlach mar cheann de na príomhcheisteanna a gcaithfear dul ina ceann má tá teangacha neamhfhorleathana le tabhairt slán. Teastaíonn treoir agus comhairle ó theaghlaigh ina labhraíonn na tuismitheoirí Gaeilge faoina gcuid leanaí a thógáil agus iad cothrom ó thaobh an dá theanga go háirithe mura labhraíonn ach tuismitheoir amháin an teanga.

Tá fíorthábhacht leis an mbaile, leis an teaghlach agus leis an gcomharsanacht – an chéim sin d’idirghníomhú neamhfhoirmiúil cainte ó lá go lá idir seantuistí, tuismitheoirí agus leanaí – ó thaobh an Ghaeilge a choinneáil mar theanga bheo. Is é an teaghlach an chloch choirnéil ó thaobh an teanga a chur ar aghaidh mar sin. Thar aon ní eile is sa teaghlach a chothaítear, a roinntear agus a mhúnlaítear ceangal dlúth le teanga agus gniomhaíochtaí teanga ina bhféiniúlacht phearsanta agus shóisialta chomh maith le féiniúlacht teanga agus cultúir.

B’fhéidir nach dtuigfeadh tuismitheoirí go hiomlán na buntáistí eacnamaíochta, fostaíochta agus oideachais a bhaineann le Gaeilge a labhairt lena gcuid leanaí.

Baineann na hidirghabhálacha atá molta sa réimse seo roinnt le spreagadh agus tacaíocht a thabhairt do thuismitheoirí a gcuid a leanaí a thógáil leis an dátheangachas agus roinnt le heolas fíriceach a chur ar fáil agus cur le feasacht faoi na buntáistí nádúrtha a bhaineann leis an leanbh a bheith ábalta níos mó ná teanga amháin a labhairt.

Is é an aidhm a bheidh le tacaíochtaí an Stáit mar sin ó thaobh chothú chur ar aghaidh na teanga sa teaghlach:
    • comhairle, treoir agus tacaíocht a chur ar fáil do theaghlaigh ina labhraítear Gaeilge sa teach; agus

    • níos mó tuisceana faoi dhátheangachas praiticiúil sa timpeallacht teaghlaigh a chur chun cinn.

    I dtéarmaí praiticiúla is é a bheidh i gceist leis sin:

    • cur le feasacht i measc tuismitheoirí, daoine a bheidh ina dtuismitheoirí amach anseo, agus i measc an phobail tríd is tríd faoi bhuntáistí an dátheangachais

    • tacú le hathrú patrúin teanga teaghlach ina labhraíonn tuismitheoir amháin Gaeilge le cur leis an líon leanaí a labhraíonn Gaeilge agus Béarla sa bhaile; agus

    • An scéala faoi na buntáistí a bhaineann leis an dátheangachas a thabhairt chuig oibrithe príomhshrutha na seirbhísí sóisialta agus sláinte a chuireann comhairle ar thuismitheoirí nua.
Tá go leor taithí i ndlínsí eile lena n-áirítear sa Bhreatain Bheag agus i dTír na mBascach maidir le tacaíocht do thuismitheoirí a bhíonn ag tógáil clainne le dhá theanga. Agus muid ag tógáil ar an taithí in Éirinn go háirithe ó thaobh tacú le gréasáin de theaghlaigh a labhraíonn Gaeilge agus ó thaobh tacaíocht teanga a chur ar fáil do leanaí i scoileanna Gaeltachta agus ar dheachleachtas idirnáisiúnta bunóimid raon de bhearta praiticiúla le tacú leis na nGaeilge a tharchur sa teaghlach:
    • Leanfar an Scéim Cúntóirí Teanga atá ag feidhmiú i scoileanna Gaeltachta chuig gach scoil inarb í an Ghaeilge an meán teagaisc.

    • Tabharfaimid tacaíocht níos fearr do ghréasáin de theaghlaigh a labhraíonn Gaeilge ag an leibhéal áitiúil.

    • Tacóimid le cláir le cuidiú le seantuistí agus le daoine scothaosta eile leis an teanga a chur ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile.

    • Bunófar deiseanna foghlama teanga a bheidh dírithe ar chuidiú le teaghlaigh nach labhraíonn ach tuismitheoir amháin iontu Gaeilge.

    • Cuirfidh na Coláistí Samhraidh Gaeilge níos mó béime ar thaithí foghlama teanga ó thaobh an teaghlaigh chun gur féidir gréasáin ina n-úsáidtear an Ghaeilge go nádúrtha a chur chun cinn agus cruthófar sásraí trína leanfar leo sin i measc teaghlach agus grúpaí cairde nuair a bhíonn an tréimse sa Choláiste Samhraidh thart.

    • Cuirfimid leis an bhfeasacht faoi na buntáistí a bhaineann leis an dátheangachas in obair phríomhshrutha gairmithe sláinte agus cúraim shóisialta a bhíonn ag obair le teaghlaigh óga.

    • Amach anseo is é Údarás na Gaeilge nua a dhéanfaidh obair na gcoistí cúraim leanaí contae maidir leis an earnáil réamhscolaíochta ar fud an Stáit.

Share/Save/Bookmark

6.4 Réimsí Gnímh

Riarachán, Seirbhísí agus Pobal

Tá na gníomhartha atá beartaithe a dhéanamh i réimsí riaracháin, seirbhísí agus pobail leagtha amach le cuidiú le cumas, deiseanna agus dearcaí a bhaint amach a chuideoidh le leathnú na Gaeilge. Tá cúig cinn de chuspóirí i Ráiteas i leith na Gaeilge 2006 maidir leis na réimsí sin:
Cuspóir 3: Tabharfar spreagadh agus tacaíocht do phobal na Gaeilge sa Ghaeltacht agus lasmuigh de, an Ghaeilge a thabhairt don chéad ghlúin eile mar theanga teaghlaigh. Chuige sin, cuirfear réimse leathan seirbhísí ar fáil trí mheán na Gaeilge.
Cuspóir 8: Leanfar leis an tacaíocht a thugann an Stát d’Fhoras na Gaeilge de réir an Achta um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999.
Cuspóir 11: Leanfar le treisiú na hoibre atá ar bun ag An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus ag na gníomhaireachtaí agus na comhlachtaí a thagann faoina scáth, ar nós Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta agus Bord na Leabhar Gaeilge chun an Ghaeilge a chur chun cinn go náisiúnta agus chun í a chaomhnú agus a threisiú sa Ghaeltacht.
Cuspóir 12: Leanfar agus déanfar forbairt ar úsáid na Gaeilge sa Gharda Síochána agus sna Fórsaí Cosanta.
Cuspóir 13: Aithníonn an Rialtas an ról fíorthábhachtach atá ag an earnáil dheonach Ghaeilge agus leanfar ag tabhairt tacaíochta di.
Athruithe Struchtúrtha
Mar a dúradh cheana i gCuid 6 déanfar roinnt athruithe móra struchtúrtha:
    • Forálfaidh reachtaíocht nua d’athstruchtúrú bunúsach ar Údarás na Gaeltachta ina ghníomhaireacht Gaeilge nua –Údarás na Gaeilge – agus beidh freagracht air as cúrsaí Gaeilge ar fud an Stáit, agus coinneoidh sé go leor de na feidhmeanna atá aige faoi láthair.

    • Leanfar ag tacú le Foras na Gaeilge ó thaobh acmhainní agus tacaíochtaí a chur ar fáil don teanga ag leibhéal uile-Éireann.

    • Aithneofar catagóir eile pobail teanga san Acht nua le soláthar a dhéanamh do spriocthionscnaimh le pobail/gréasáin nua teanga a fhorbairt lasmuigh den Ghaeltacht. I bpobail uirbeacha is mó a bheidh siad sin, pobail a bhfuil mais chriticiúil riachtanach de thacaíocht Stáit agus pobail acu don Ghaeilge.

    • Agus aitheantas á thabhairt don ghá atá le níos mó comhoibrithe idir rialtas áitiúil agus rialtas náisiúnta agus idir na hearnálacha éagsúla ó thaobh sheachadadh seirbhísí éifeachtacha lánpháirtithe déanfaidh na haisteoirí cuí comhoibriú le súil seirbhísí roinnte nua le saineolas cuí a fhorbairt do na limistéir Ghaeltachta sa réimse pleanála.

    • Féachfar an bhféadfadh Údarás na Gaeilge, ar bhonn gníomhaireachta, feidhmeanna trí Ghaeilge a dhéanamh do chomhlachtaí poiblí eile, laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht.

Bearta don Ghaeilge sa tSeirbhís Phoiblí
Ní mór cláir fheasachta teanga agus cláir oiliúna teanga a fhorbairt/a neartú le go mbeidh cion níos mó d’fhoireann na seirbhíse poiblí in ann go fírinneach feidhmiú i nGaeilge agus in ann seirbhísí a sheachadadh i nGaeilge do chustaiméirí a bhíonn á iarraidh sin. Ceapfaidh An Roinn Oideachais agus Eolaíochta agus an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí comhshocruithe cuí le cur leis an gcóhort seirbhíseach poiblí atá in ann feidhmiú go dátheangach. Bunófar na socruithe sin thar am, ag aithint na srianta atá faoi láthair ar earcaíocht chuig an earnáil phoiblí. Mar thaca leo sin déanfar forbairt ar chóras creidiúnaithe caighdeánbhunaithe neamhspleách d’inniúlacht Gaeilge sa tseirbhís phoiblí laistigh den chreat oibre cáilíochtaí náisiúnta foriomlán atá ann faoi láthair. Leagfar amach agus tairgfear Dioplóma Náisiúnta sa Dátheangachas agus i gCleachtas Teanga le cuidiú le seirbhísí ardchaighdeáin a sholáthar chuig an bpobal i mBéarla agus i nGaeilge.

Tá glactha ag Acht na dTeangacha Oifigiúla leis an ‘scéim teanga’ mar an lár-ionstraim trína soláthrófar seirbhísí dátheangacha. Sonróidh scéimeanna teanga amach anseo na poist in eagraíocht a mbeidh cumas sa Ghaeilge riachtanach dóibh.

Tionscnaimh agus Pleananna Teanga Áitiúla lasmuigh den Ghaeltacht
Mhol Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht go dtabharfaí aitheantas do chineálacha sonracha pobal teanga sa Ghaeltacht a ndéanfaí sprioc-idirghabhálacha pleanála teanga cuí a cheapadh dóibh. Is dóigh leis an Rialtas go bhfuil sé cuí go ndéanfaí cineál nua ‘Gaeltacht gréasáin’ a aithint san Acht nua. Tabharfaidh an chatagóir nua sin deis do spriocthionscnaimh phleanála teanga forbairt a dhéanamh ar phobail/ghréasáin teanga nua lasmuigh den Ghaeltacht. I bpobail uirbeacha, a bhfuil mais chriticiúil bhunúsach tacaíochta pobail agus Stáit iontu don Ghaeilge, nithe mar shaoráidí cúraim leanaí trí Ghaeilge, Gaelscoileanna, oideachas dara leibhéal trí Ghaeilge, clubanna óige Gaeilge agus seirbhísí eile lena n-áirítear grúpaí máithreacha agus mamailíneach, seirbhísí creidimh i nGaeilge, a bheidh siad sin. Bainfidh critéir shonracha a fhorbrófar don chatagóir sin le dearcaí poiblí, cumas teanga, soláthar oideachais trí mheán na Gaeilge agus an toil a bheith rannpháirteach go gníomhach i dtionscnaimh Ghaeilge.

Tabharfaidh An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus Údarás na Gaeilge tacaíocht do na pleananna teanga sin. Beidh tacaíocht ar fáil freisin ó Oifigigh Ghaeilge a bheidh fostaithe ag údaráis áitiúla agus saineolaithe eile sna comhlachtaí atá ann.

Is é an aidhm a bheidh le plean gnímh áitiúil daoine san áit, agus grúpaí pobail/deonacha a tharraingt le chéile le húsáid na Gaeilge san áit a éascú. Déanfar sin trí níos mó comhordaithe agus tuiscint phoiblí ar na gníomhaíochtaí atá ann. Is é an cur chuige a bheidh ann beocht na Gaeilge sa cheantar áitiúil a mhapáil agus a aithint. Anuas air sin beidh próiseas iniúchta teanga a aithneoidh laigí agus láidreachtaí leanúnacha agus a sholáthróidh fianaise thar am den tionchar a bheadh ag polasaithe a bhaineann le teanga agus leasuithe le húsáid teanga go hiarbhír. Déanfar na pleananna sin a lánpháirtiú le Pleananna Teanga Contae agus áireofar iontu forbairt ionad sóisialta agus acmhainní.

Is é an cuspóir a bheidh le hobair athbhorradh fadtéarmach na bpleananna gnímh áitiúla ná
    - Na coinníollacha sóisialta a chruthú a chothóidh dearcaí dearfacha i leith na Gaeilge agus a chuirfidh lena húsáid go ginearálta;
    - Úsáid na Gaeilge mar mheán do chumarsáid shóisialta agus institiúideach a normalú;
    - Béim a chur ar an dlúthbhaint idir teanga agus dearcaí a bhaineann le ceisteanna caighdeáin bheatha, an timpeallacht agus an geilleagar áitiúil.

Ceann de na príomhrólanna a bheidh ag pleananna Gaeilge áitiúla ná foghlaim agus deiseanna úsáide a chothú feadh scoileanna agus idir scoileanna agus gníomhaíochtaí áineasa, ceirdeanna, leabharlainne agus pobail. Tabharfaidh An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus Údarás na Gaeilge nua faoi ról gníomhach éascaithe ó thaobh tacú le gníomhaíochtaí a bheidh Gaeilge-lárnaithe agus a cheanglóidh foghlaim teanga ar scoil leis na réimsí gaolmhara cultúir, áineasa, tráchtála agus gníomhaíocht fiontraíochta/fiontair. Áireofar gníomhaíochtaí oiliúna agus oideachais feadh an tsaoil, oideachais do dhaoine fásta agus oideachais leanta sna gníomhaíochtaí limistéar áitiúil lánpháirtithe le tionscnaimh thacaíochta Gaeilge a leathnú ó réimeanna na scoile agus an phobail go oiliúint ceirdeanna, litearthacht do dhaoine fásta agus áineasa nó cláir ullmhaithe gairme.

Áireofar i dtionscnaimh theanga áitiúla bunú ‘ionaid ilfhreastail’ chun
    • Comhairle a thabhairt do thuismitheoirí nua ar mian leo a gcuid leanaí a thógáil leis an dátheangachas;

    • Treoir a thabhairt faoi na deiseanna oideachais trí mheán na Gaeilge atá ar fáil;

    • Cuidiú le heagraíochtaí poiblí agus deonacha ar mian leo cur leis an méid úsáide a bhaineann siad as an nGaeilge; agus

    • Gnónna a spreagadh ar mian leo seirbhís dhátheangach a thairiscint dá gcuid custaiméirí
D’fhéadfadh gníomhaíochtaí díriú ar dheiseanna foghlama agus sóisialta do leanaí agus do dhaoine óga a sholáthar nó a fheabhsú lena gcuid Gaeilge a úsáid lasmuigh den seomra ranga i raon de ghníomhaíochtaí cultúir, sóisialta, áineasa agus spóirt.

Pleananna Teanga Contae
Ceanglófar ar gach contae ina bhfuil limistéir ainmnithe Ghaeltachta, lena n-áirítear Gaeltachtaí gréasáin, Pleananna Teanga Contae a ullmhú agus a fheidhmiú. I ngach plean díobh sin beidh tionscnaimh le cur leis an gcéatadán agus leis an líon daoine a labhraíonn Gaeilge gach lá ar bhonn bliantúil trí spriocthionscnaimh shonraithe don chontae a bheidh i gceist. Déanfaidh geallsealbhóirí na bearta sin a sheachadadh le cúnamh ó shaineolaithe pleanála teanga. Nuair a bheidh measúnú déanta air, d’fhéadfaí an cur chuige seo a leathnú go dtí contaetha eile.

Plean Teanga do Chathair agus do Chomhairlí Contae Bhaile Átha Cliath
Tá líon mór daoine a labhraíonn Gaeilge gach lá ina gcónaí i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath agus ina abhantracht. Baineann tábhacht mhór shiombalach leis an nGaeilge sa phríomhchathair, ó thaobh mhuintir na hÉireann agus cuairteoirí a thagann go Baile Átha Cliath ar ghnó nó mar thurasóirí. Déanfar forbairt agus feidhmiú ar mhórphlean do chur chun cinn na Gaeilge i gCathair Bhaile Átha Cliath agus a habhantracht sa chéad tréimhse de Chéim II. Is é príomhsprioc an phlean sin cur leis an méid daoine a labhraíonn Gaeilge i mBaile Átha Cliath bliain ar bhliain tríd an teanga a dhéanamh níos feiceálaí agus trí chur leis na deiseanna chun an teanga a úsáid go nádúrtha ó lá go lá sa chathair.

Ról Tábhachtach na hEarnála Deonaí
Beidh ról tábhachtach ag an earnáil dheonach áitiúil ó thaobh forbairt a dhéanamh ar thionscnaimh agus ar phleananna teanga áitiúla. Tá sé tábhachtach mar sin go dtabharfaí guth agus deis don earnáil le cuidiú le polasaí ag an leibhéal áitiúil agus go dtabharfaí tacaíocht do ghrúpaí atá ag iarraidh a bheith gafa leis an teanga ag an leibhéal áitiúil agus ag an leibhéal náisiúnta agus a bheadh ag teacht le haidhmeanna agus ábhar na Straitéise.

Tá an Ghaeilge mar chuid lárnach d’éiteas eagraíochtaí deonacha náisiúnta mar Chumann Lúthchleas Gael agus Chomhaltas Ceoltóirí Éireann. Aithníonn an Rialtas an príomhról atá acu ó thaobh chur chun cinn na teanga. Déanfaidh an Rialtas forbairt agus doimhniú ar a thiomantas do na heagraíochtaí sin ó thaobh chur chun cinn na teanga. D’fhéadfadh eagraíochtaí deonacha spóirt agus cultúir eile ról lárnach a bheith acu ó thaobh úsáid níos leithne na Gaeilge lasmuigh den seomra ranga a chur chun cinn. Rachaidh an Rialtas go forghníomhach i gcomhar leis na heagraíochtaí sin le leas a bhaint as cumas a gcuid gníomhaíochtaí spóirt agus cultúir atá bunaithe sa phobal le cuidiú go mór leis an Straitéis.

Faoi láthair cuireann an Stát maoiniú ar fáil do chuid mhaith eagraíochtaí Gaeilge éagsúla.

Tabharfar faoi chur chuige ón ‘gcliabhán go seanaois’ agus a bheidh níos lánpháirtithe trí atheagrú mór ar eagraíochtaí teanga a fhaigheann maoiniú ón Stát le tacaíocht teanga chuimsitheach a sholáthar ar bhonn réimse.

Ionaid Fhisiciúla Acmhainní
Déanfar forbairt ar ionaid acmhainní tiomanta i lár Bhaile Átha Cliath agus in áiteanna móra uirbeacha eile. Sna hionaid d’fhéadfaí spás amharclainne, siopaí caifé agus bialanna, siopaí leabhar, oifigí d’eagraíochtaí Gaeilge, ionaid idirlín, ábhair staire, seomraí cruinnithe agus comhdhálacha, áiteanna taispeána, agus aonaid bhuntosaithe forbartha agus taighde a sholáthar. In áiteanna eile beidh ionaid acmhainní atá ann cheana féin, lena n-áirítear ionaid acmhainní réigiúnacha atá bunaithe ag Comhaltas Ceoltóirí Éireannn le cuidiú ó mhaoiniú poiblí agus ionaid a ritheann comhlachtaí forbartha áitiúla, culúir agus spóirt eile le comhaontú leis an gcomhlacht a bhíonn i gceist mar ionaid do chur chun cinn agus do ghníomhaíochtaí Gaeilge.

An Garda Síochána agus na Fórsaí Cosanta
Tá sé tábhachtach áit na Gaeilge sa Gharda Síochána agus sna Fórsaí Cosanta a choinneáil agus a fhorbairt, de bharr thábhacht shiombalach na bhFórsaí sin sa saol náisiúnta agus de bharr na seirbhísí a sholáthraíonn siad, go háirithe An Garda Síochána, don phobal. Déanfar tuilleadh forbartha ar bhearta a bhfuiltear ag tabhairt fúthu cheana féin faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla le háit na Gaeilge mar theanga oibre inmheánach i gceantair Ghaeltachta agus in aonaid Ghaeilge eile, i seirbhísí don phobal agus i ról siombalach an Gharda Síochána agus na bhFórsaí Cosanta sa saol náisiúnta agus ar ócáidí stáit a neartú.

Share/Save/Bookmark

6.5 Réimsí Gnímh

Na Meáin agus Teicneolaíocht


Tá cuspóir amháin i Ráiteas i leith na Gaeilge 2006 maidir leis na meáin agus teicneolaíocht:

Cuspóir 9 Déanfar cinnte de go bhfuil seirbhísí cuimsitheacha craolacháin ar ardchaighdeán ar fáil trí mheán na Gaeilge, go mór mhór trí fhorbairt leanúnach a dhéanamh ar RTÉ, ar Raidió na Gaeltachta agus ar TG4.

Go Ginearálta
Tá an Ghaeilge cheana féin san aonú aois is fiche ag seoladh cúrsa i dtreonna nua. Ní réimeanna scartha iad na hearnálacha traidisiúnta d’oideachas, an pobal, ealaíona agus na meáin a thuilleadh ina bhféadfar polasaithe aonair ar leithligh a cheapadh agus a fheidhmiú. Teangacha a bhí roimhe seo faoi mhíbhuntáiste de bharr an bonn pobail a bheith scaipthe tá siad i gcaoi mhaith anois le leas a bhaint as deiseana do nuálaíocht tri theicneolaíochtaí nua cumarsáide agus meán. Tá deiseanna móra ag baint leis na forbairtí sin le tógáil ar acmhainní sna healaíona agus in oideachas agus le bealaí nua a oscailt suas do dhaoine aonair agus do phobail le cur lena n-eolas ar an nGaeilge agus le húsáid rialta a bhaint aisti.

Léamh, Scríobh agus Labhairt
Éilíonn cur leis an acmhainn i léamh agus i scríobh na Gaeilge smaointeoireacht nua a théann thar na srianta a bhaineann leis an bhfocal scríofa clóite ar pháipéar. Ní mór do pholasaí amach anseo aird a thabhairt ar na deiseanna atá ann ó thaobh naisc a dhéanamh idir forbairtí sna healaíona, sna meáin, sa teicneolaíocht agus san oideachas chomh maith le tógáil ar mhúnlaí traidisiúnta chruthú agus scaipeadh ábhair. Ní mór leas a bhaint as na deiseanna do léamh agus do scríobh na Gaeilge lena n-áirítear táirgeadh na meán clóite go léir agus na litríochta sa teanga agus agus a fheidhmiúchán san oideachas, sa chultúr agus in áineas trí bhealaí traidisiúnta agus cinn nuálacha araon. Áirítear orthu sinn modhanna cumarsáide nach mbaineann mórán úsáide as an teanga scríofa. Ba chóir leas a bhaint freisin as na meáin agus as na teicneolaíochtaí nua le cur le rannpháirtíocht an phobail i léamh agus i scríobh na Gaeilge ar bhealaí nua agus in áiteanna nua.

Leanfar ag táirgeadh táirgí traidisiúnta mar nuachtáin, irisí agus leabhair agus tabharfar tacaíocht dóibh más féidir bealaí dáiliúcháin éifeachtacha agus díolacháin réasúnacha a bhunú agus a fhíorú. Níl éifeacht le tacaíocht a thugtar do tháirgeadh na n-ábhar aon uaine sin gan tacaíochtaí dáiliúcháin agus margaithe a bheith ag dul leo agus tairseach réasúnach d’éileamh ón bpobal a bheith ann. Tá fíorghá le teacht go héasca ag an bpobal ar ábhair chlóite i nGaeilge i siopaí nuachtán, i siopaí leabhar agus ar an idirlíon má tá an litríocht agus an iriseoireacht chlóite le maireachtáil amach anseo.

Agus teicneolaíochtaí agus teicnicí margaithe seasta ag éabhlú is é is dóichí go mbeidh an straitéis is éifeachtaí le léamh agus agus le scríobh i nGaeilge a fhorbairt ag athrú go mór sna blianta amach romhainn agus go gcaithfear athrú a dhéanamh orthu go leanúnach. Tacófar le léamh agus le scríobh i nGaeilge trí Dhlúthdhioscaí agus DVDanna, cluasleabhair agus trí mheáin chlóite sa ghearrthéarma go meántéarma trí:
    • Fhorbairt a dhéanamh ar imeachtaí agus ar ghníomhaíochtaí litríochta i leabharlanna poiblí ar feadh na bliana (agus ní le linn Sheachtain na Gaeilge amháin) – údair ag léamh, seoltaí, clubanna léitheoireachta agus éisteachta agus cláir litríochta do scoileanna;

    • Treoirchláir léitheoireachta i scoileanna ag pointí sonracha idirghabhála (sa 5ú rang sa bhunscoil agus san idirbhliain i scoileanna iar-bhunoideachais agus i gColáistí Samhraidh Gaeilge, agus bheadh éisteacht le leabhair agus léamh leabhar agus ábhar eile i nGaeilge faoi stiúir údair nó criticeora le tacú le nósanna léitheoireachta aonair a fhorbairt);

    • Ábhair nua i nGaeilge a chur ar taispeáint go feiceálach i siopaí leabhar mór le rá a bheadh ainmnithe agus roghnaithe le hábhair chur chun cinn chuí, seastáin, leabharmharcanna agus imeachtaí chur chun cinn, léirithe ar fhuinneoga agus údair ag teacht i láthair (le comhoibriú agus le tacaíocht ó ghníomhaireachtaí poiblí cuí más gá):

    • Forbairt a dhéanamh ar stoc ar-líne nua-aimseartha agus córas bainistíochta orduithe ag príomhghníomhaireacht dáiliúcháin do Dhlúthdhioscaí/DVDanna /leabhair i nGaeilge, trína bhféadfaidh orduithe a dhéanamh go leictreonach 24/7 agus iad á traiceáil ag díoltóirí leabhar/ ag foilsitheoirí Gaeilge agus ag daoine aonair a mbeadh ordú déanta acu;

    • Forbairt a dhéanamh ar shiopa mealltach ar-líne d’ábhair Ghaeilge a léireoidh teidil, údair, léirmheasanna, bloganna agus acmhainní eile nua, a d’fhéadfaí a úsáid freisin i scoileanna agus i ranganna do dhaoine fásta a bhíonn ag foghlaim na teanga;

    • Cur chun cinn agus forbairt a dhéanamh ar chlubanna leabhar i nGaeilge a bheith mar thosaíocht i dtionscnaimh theanga áitiúla agus tacaíocht ar-líne chuí a sholáthar do chlubanna leabhar;

    • Forbairt a dhéanamh ar ionad nó spás Gaeilge fisiciúil amháin i mBaile Átha Cliath lena n-áirítear siopa leabhar/Dlúthdhioscaí/DVDanna, clár d’imeachtaí litríochta agus saoráidí mar shiopa caifé, áit a bhféadfadh teaghlaigh agus daoine a theacht le chéile ann;

    • Forbairt a dhéanamh ar threoir do chur chun cinn litríochta ag RTÉ agus TG4 ó thaobh duaiseanna litríochta, cláir leabhar, próifiliú ar údair agus cuidiú lena ndéanamh níos feiceálaí agus lena stádas meán agus cothú a dhéanamh ar naisc níos láidre idir scríobh do na meáin agus d’fhoilseachán leabhar mar ghníomhaíochtaí ‘comhlántacha’;


    • Forbairt a dhéanamh ar thionscnaimh le scríobh i nGaeilge a chothú i measc daoine ógá i raon d’iriseoireacht meán, blogáil, scríbhneoireacht chruthaitheach, drámaíocht agus scripteanna scánnán.

Tabharfar spreagadh agus tacaíocht d’Oireachtas na Gaeilge, an phríomhfhéile teanga náisiúnta le go bhfásfaidh sí. Ni mór bainistiú cúramach a dhéanamh áfach lena chinntiú go bhfásfaidh an fhéile go horgánach agus go bhfanfaidh sí ina féile Ghaeilge.

Déanfaidh RTÉ, an craoltóir seirbhíse poiblí, normalú ar úsáid na Gaeilge agus an Bhéarla ina gcuid craoltaí agus iad ag tógáil ar chomh maith agus a éiríonn le Seachtain na Gaeilge. Leanfaidh RTÉ ag forbairt Raidió na Gaeltachta agus ag tabhairt tacaíochta dó lena chinntiú go ndéanfar seachadadh ar speictream leathan clár ar ardchaighdeán chuig na pobail sin a bhíonn ag éisteacht leis an tseirbhís.

Déanfar forbairt ar raidió a bheidh dírithe ar dhaoine óga ag baint leasa as an idirlíon agus gnáthchraoladh raidió.

Tabharfar tacaíocht do TG4 le seirbhísí teilifíse trí Ghaeilge a chur ar fáil. Tá sprioc de shé uair a chloig sa ló de sceideal Gaeilge ag TG4 i gcomparáid le leibhéal de 4.4 uair a chloig sa ló faoi láthair. Teastaíonn a dhóthain maoinithe ó TG4 lena dhualgas reachtúil a chomhlíonadh agus a scair den mhargadh a choinneáil mar chomhlacht reachtúil neamhspleách i margadh atá ag éirí níos iomaíche seasta.

Cinnteoidh tacaíocht leanúnach freisin do TG4 go leanfaidh an earnáil léirithe neamhspleách ag soláthar deiseanna fostaíochta éagsúla sa Ghaeltacht.

Leagann an tAcht Craolacháin 2009 creat oibre amach do RTÉ agus do TG4 do na blianta atá amach romhainn.

Leagann Alt 25 den Acht Craolacháin 2009 oibleagáid ar Údarás Craolacháin na hÉireann oibriú lena chinntiú:.
    maidir leis an líon agus leis na hearnálacha seirbhísí craolacháin a chuirfear ar fáil sa Stát de bhua an Achta seo gurb iad is fearr a fhreastalóidh ar riachtanais mhuintir oileán na hÉireann, ag cur a dteangacha agus a dtraidisiúin agus a n-éagsúlacht reiligiúin, eitice agus cultúir san áireamh,
agus oibleagáid:
    forbairt clár agus seirbhísí craolacháin Gaeilge a chur chun cinn agus a spreagadh.
Cuireann roinnt mionathruithe ar an gcreat oibre sin le háit na Gaeilge trí ghníomhaíochtaí craoltóirí seirbhíse poiblí. Áirítear orthu sin:
    • muirir, téarmaí agus coinníollacha níos fabhraí a cheadú i ndáil le scéimeanna cartlainne ag craoltóirí seirbhíse poiblí do chraoltaí Gaeilge;

    • ardú ar an leithroinnt d’airgead na táille ceadúnais ó RTÉ go dtí an Ciste Craolacháin (ó 5% go 7%) agus is é TG4 an príomhthairbí as sin;

    • leanúint ar aghaidh leis an ‘uair a chloig in aisce’ de theilifís Ghaeilge ó RTÉ go TG4 (ar fiú thart ar €10m é);

    • dualgas RTÉ i leith na Gaeilge a dhoimhniú;

    • cláir Ghaeilge saor anois ó shrianta ‘buaic-ama’ i gcás mhaoiniú an Chiste Craolacháin;

    • tá cumhachtaí sonracha tugtha do TG4 le seirbhísí ar-líne neamhlíneacha a sholáthar i nGaeilge;

    • tá an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha le féachaint ar riachtanais mhaoinithe ilbhliantúla TG4.

Ó thaobh chomhlíonadh na n-oibleagáidí a thagann as an Acht cinnteoidhan Rialtas go sonrach go neartófar tuilleadh an tacaíocht a thugtar do sheirbhísí Gaeilge na gcraoltóirí seirbhíse poiblí.

Cuirfear go mór leis na roghanna fotheidealaithe le rogha a thabhairt idir fotheidil i nGaeilge, i mBéarla nó sa dá cheann nó gan aon fhotheidil ar chor ar bith agus ar an mbealach sin daingneofar go mór an teacht a bheidh ag foghlaimeoirí agus ag lucht úsáide na Gaeilge nach bhfuil líofa chomh maith le cainteoirí líofa ar TG4.

Rinneadh foráil i gComhaontú Aoine an Chéasta go n-oibreodh Rialtas na Breataine leis na húdaráis chraolacháin chuí in Éirinn agus sa Bhreatain le go mbeadh TG4 ar fáil ‘níos fairsinge’ i dTuaisceart Éireann. Leanfaidh an Rialtas ag obair le húdaráis chuí na Breataine lena chinntiú go mbainfear sin amach i gcomhthéacs an athraithe go teilifís dhigiteach faoi 2012.

Déanfar gach tionscnamh Gaeilge lena mbaineann dualgas sonrach i leith na n-ealaíon, lena n-áirítear drámaíocht agus na healaíona traidisiúnta, a phleanáil agus a fhorbairt mar chuid de straitéis ealaíon lánpháirtithe idir An Roinn Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus An Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon.

Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide (TFC)

Iarrfaidh an Rialtas go mbeidh an Ghaeilge san áireamh i ngach clár TFC a fhorbróidh an AE. Oibreoidh sé go gníomhach freisin le mórsholáthróirí TF le meáin Ghaeilge a cheadúnú agus a dháileadh. Déanfar forbairt ar straitéis TF le téarmaíocht TF agus acmhainní foclóireachta; logánú agus feidhmiúcháin foinsí oscailte; malartú idiréadan agus tréithe teanga; fearais chruthaithe ábhair bhreise le cur le seiceálaithe litrithe agus foclóirí ríomhairithe; marcóirí diaicritice; leathanaigh gréasáin ilteangacha; aistriúchán agus téarmaíocht d’aistriúchán ríomhaire; córais bhainistíochta ábhar/doiciméad ilteangach; saincheisteanna agus corpora teicneolaíochta teanga; teicneolaíocht cainte; sintiséis cainte; aithint cainte; teicneolaíocht oiriúnaithe agus ceisteanna leabaithe; tógáil acmhainne d’úsáideoirí foircinn agus saineolaithe teicneolaíochta; riomhfhoghlaim agus an Ghaeilge; bogearraí glao-ionad; bunachar sonraí cúil agus dátheangachas/ilteangachas; meiteashonraí; feistí soghluaiste; aithint optúil carachtar; agus aithint lámhscríobh.
Ní mór forbairt TF den sórt sin a neadú freisin i gcleachtais a bhaineann le hoideachas, cleachtais shóisialta agus i gcleachtais a bhaineann leis an obair le go mbeidh siad ina modhanna éifeachtacha cumarsáide níos fearr.

Share/Save/Bookmark

6.6 Réimsí Gnímh

Foclóirí

Tá roinnt beart i bhfeidhm cheana féin lena chinntiú:
    • Go ndéanfar foclóirí Béarla-Gaeilge agus Gaeilge–Béarla, cothrom le dáta a fhorbairt agus soláthar ann tabhairt cothrom le dáta/athbhreithniú a dhéanamh go tréimhsiúil agus le foclóirí níos giorra a bhaint astu;

    • Go ndéanfar na foclóirí sin a fhoilsiú i gcló agus i bhformáidí leictreonacha;

    • Go gcruthófar acmhainní corpais agus uirlísí foclóireachta d’fhorbairt foclóireachta a thacóidh le foclóirí aon teangacha (stairiúla) agus cinn dhátheangacha (comhaimseartha);

    • Go mbeidh an Foclóir Gaeilge stairiúil atá Acadamh Ríoga na hÉireann a dhéanamh críochnaithe faoi 2037;

    • Go ndéanfar téarmaíocht nua-aimseartha i nGaeilge a fhorbairt agus a scaipeadh; agus

    • Go ndéanfar an caighdeán oifigiúil do litriú agus do ghramadach na Gaeilge a athbhreithniú go tréimhsiúil.

Leanfar ag déanamh forbairt ar na bearta sin agus ag tabhairt tacaíochta doibh lena chinntiú go ndéanfar freastal ar riachtanais na teanga sa nua-aois.

Tá Lár-Aonad Aistriúcháin bunaithe sa Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta le straitéis a fheidhmiú ó thaobh Ionstraimí Reachtúla a aistriú de réir ceanglas bunreachtúil. Iarrfar air freisin dlús a chur faoi athbhreithniú ar an gCaighdeán Oifigiúil.

Share/Save/Bookmark

6.7 Réimsí Gnímh

Reachtaíocht agus Stádas

Tá trí chuspóir i Ráiteas i leith na Gaeilge 2006 maidir le reachtaíocht:

Cuspóir 1: Seasfar leis an stádas faoi leith atá ag an nGaeilge sa Bhunreacht agus i ndlíthe na tíre ar nós Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, An tAcht Oideachais 1998, An tAcht um Phleanáil agus Forbairt 2000 agus An tAcht um Chraolacháin 2001.
Cuspóir 2: Cuirfear Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm go hiomlán. Forbrófar cearta an phobail an Ghaeilge a úsáid agus iad ag plé leis an Stát agus le dreamanna eile agus déanfar socruithe cuí chun é seo a chur i bhfeidhm.
Cuspóir 10: Tabharfar gach cúnamh agus tacaíocht don Aontas Eorpach i bhfeidhmiú an chinnidh an Ghaeilge a bheith ina teanga oibre agus ina teanga oifigiúil san AE ón 1 Eanáir 2007.


Seasamh Dlí
Tá an Ghaeilge san áireamh i gcuid mhaith píosaí reachtaíochta a d’achtaigh Rialtais éagsúla i ndiaidh a chéile ó bunaíodh an Stát. Tugadh éifeacht do stádas na Gaeilge mar an chéad teanga oifigiúil agus teanga náisiúnta i mBunreacht na hÉireann in Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tá gach foráil de chuid an Achta i bhfeidhm.

Stádas AE
Tá stádas teanga oibre agus teanga oifigiúil de chuid an AE ag an nGaeilge ó 1 Eanáir 2007. Tugann an comhaontú ar thabhairt isteach an stádais sin maolú d’institiúidí an AE ón oibleagáid gach dlí agus téacs de chuid an AE a aistriú go Gaeilge faoi réir athbhreithnithe tréimhsiúla a dhéanamh féachaint an mbeidh gá leanúint leis an maolú sin. Oibreoidh an Rialtas chun na himthosca a chruthú ina mbeidh dóthain céimithe cáilithe ar fáil le freastal ar riachtanais earcaíochta an AE le go bhféadfar deireadh a chur leis an maolú sin le linn ré na Straitéise seo.

Reachtaíocht Nua
Mar a dúradh thuas déanfar reachtaíocht nua a achtú le héifeacht a thabhairt do na gníomhartha atá leagtha amach sa Straitéis seo lena n-áirítear:
    - sainmhíniú nua a dhéanamh ar an nGaeltacht bunaithe ar chritéir theanga; agus

    - reachtaíocht Údarás na Gaeltachta a aisghairm agus Údarás na Gaeilge nua a bhunú.

Tuaisceart Éireann
Mar a tugadh ar aird thuas leanfaidh an Rialtas ag obair freisin le go gcuirfear i bhfeidhm go hiomlán tiomantais ó thaobh na Gaeilge a bhaineann le Rialtas na Breataine agus Feidhmeannas Thuaisceart Éireann lena n-áirítear Acht Teanga don Ghaeilge a thabhairt isteach agus cur le cosaint agus forbairt na Gaeilge i dTuaisceart Éireann.

Share/Save/Bookmark

6.8 Réimsí Gnímh

An Saol Eacnamaíochta

Scéimeanna Deonacha Teanga
Tabharfar isteach Scéim Ghaeilge ar bhonn deonach san earnáil phríobháideach a bheidh múnlaithe ar an Scéim Teanga don earnáil phoiblí arna soláthar in Acht na dTeangacha Oifigiúla. Is é an aidhm a bheidh léi spreagadh a thabhairt do chuideachtaí san earnáil phríobháideach ar mór acu éagsúlacht teanga go ginearálta agus go háirithe an Ghaeilge agus ar mian leo a bheith páirteach sa chlár náisiúnta ó thaobh seirbhísí ar ardchaighdeán a sheachadadh ar ardchaighdeán i nGaeilge agus i mBéarla araon. Déanfar tionscnaimh eiseamláireacha ó thaobh tacaíochta don Ghaeilge a aithint go poiblí agus a cheiliúradh.

Lipéadú agus Pacáistiú Dátheangach
Féachfaidh an Rialtas an bhféadfaí cód deonach a thabhairt isteach do lipéadú agus do phacáistiú dátheangach i gcás gach earra a dhíoltar in Éirinn. Bhainfí úsáid as an sásra sin le forbairt a dhéanamh ar raon de réimsí ina bhféadfadh daoine Gaeilge a roghnú mar an teanga mhalartaithe.

Gníomhaíocht eacnamaíochta

Bunófar sraith tionscnamh le fiontraíocht agus gníomhaíocht eacnamaíochta a spreagadh i measc an phobail a labhraíonn Gaeilge ar bhonn cuideachta, earnála nó áitiúil. Beidh an cur chuige ar thrí bhealach:
    - trí fhiontraíocht a spreagadh trí chláir oiliúna cothaithe gnó; cuideachtaí campais agus gréasáin eacnamaíochta a chruthú;

    - spreagadh agus tacaíocht a thabhairt don gheilleagar teanga atá ábalta na seirbhísí riachtanacha a sholáthar don Stát agus don AE i réimsí mar aistriú, ateangaireacht, múineadh teangacha, foilsiúchán, comhchomhairle teanga, bainistiú tionscadal. Áireofar ar na bearta tacaíocht do thosú amach, seirbhísí meantóireachta, forbairt táirgí, comhairle faoi mhargú agus chur chun cinn, seirbhísí forbartha bainistíochta;

    - Éire a shocrú mar cheannródaí ó thaobh réitigh teicneolaíochta a chur ar fáil ó thaobh seirbhísí ilteangacha a sholáthar ar bhonn costas-éifeachtach.


Cuirfidh Údarás na Gaeilge tacaíochtaí ar fáil do na tionscnaimh sin. Déanfaidh an tÚdarás éascú freisin do chruthu Chumann Tráchtála don Ghaeltacht agus do ghnóthaí eile trí Ghaeilge. Oibreoidh an Cumann chun tacú le gnóthaí a sholáthraíonn seirbhísí trí Ghaeilge nó a oibríonn trí Ghaeilge agus le tuiscint a chothú i measc an phobail gnó faoin nasc atá idir an teanga agus forbairt eacnamaíochta, lena n-áirítear an nasc idir leas eacnamaíochta limistéir Ghaeltachta agus stádas na teanga iontu sin chomh maith le gné na teanga ó thaobh chomh maith agus a éiríonn le cuideachtaí aonair.

Share/Save/Bookmark