28.11.09

3 GleG Cúlra

3.0 Cúlra an Staidéir agus an Mhodheolaíocht


1.0 Achoimre Feidhmiúcháin
2.0 Tátail agus moltaí
3.0 Cúlra an staidéir agus an mhodheolaíocht

Tá cúig cinn de aguisíní leis an tuairisc seo. Is féidir iad a fheiscint sa leagan pdf de atá le fáil ar suíomh Gaillimh le Gaeilge
1. Caiteachas an Rialtais ar an nGaeilge
2. Breisluach Chaiteachas an Rialtais
3. Tionchar Geilleagrach na Turasóireachta Gaeilge i nGaillimh
4. Tagairtí & Leabharliosta
5. Láithreáin Ghréasáin agus Eagraíochtaí a ndeachthas i gcomhairle leo
3.1 Cúlra an Staitéar

Rinneadh coimisiúnú ar Ionad Taighde na nEolaíochtaí Sóisialta i gColáiste na hOllscoile Gaillimhe (Ollscoil na hÉireann, Gaillimh anois) i 1987 13 chun taighde a dhéanamh ar bhuntáistí geilleagracha na Gaeilge do Chathair na Gaillimhe. Thuairiscigh an staidéar, dar teideal ‘Na Tionchair Shocheacnamaíocha Áitiúla a bhaineann le Gaeltacht na Gaillimhe’, gur saothraíodh thart ar £17 milliún ollioncam i gceantar na Gaillimhe mar gheall ar an gcaiteachas breise Stáit a bhain leis an nGaeilge. Thart ar £13 mhilliún a ghnóthaigh gnólachtaí Chathair na Gaillimhe ón ioncam sin.

21 bliain níos déanaí, shocraigh Gaillimh le Gaeilge staidéar a dhéanamh an athuair ar na buntáistí geilleagracha do Chathair na Gaillimhe agus do Ghaeltacht na Gaillimhe a bhaineann le húsáid na Gaeilge agus a chinntiú go bhfanann na buntáistí geilleagracha sin go háitiúil.

3.2 Gaillimh le Gaeilge
Mar thoradh ar an tuarascáil a foilsíodh i 1988, bunaíodh Gaillimh le Gaeilge, a chuir béim ar an bpobal gnó chun a chinntiú go bhfanfadh an buntáiste geilleagrach a bhaineann le húsáid na Gaeilge sa réigiún. Ó bunaíodh é, tá ag éirí le Gaillimh le Gaeilge laistigh de phobal gnó na Gaillimhe infheictheacht na Gaeilge a ardú, agus úsáid na Gaeilge ó lá go lá a chur chun cinn sa Chathair. D’éirigh le scéimeanna amhail ‘Cairde Ghaillimh le Gaeilge’ agus ‘Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh’ dul i bhfeidhm ar phobal níos mó ar bhealach cairdiúil oscailte, agus an Ghaeilge a thabhairt chun suntais i saol Cathrach na Gaillimhe.

Rinne go leor díobh siúd a ndeachthas i gcomhairle leo don tuarascáil seo trácht faoi leith ar chur chuige Ghaillimh le Gaeilge. Breathnaítear ar an eagraíocht mar thionscnóir spreagúil agus tacúil don Ghaeilge, a chabhraíonn le gnólachtaí agus a spreagann iad chun acmhainneacht na Gaeilge a bhaint amach, gan brú iomarcach a chur ar aon duine agus gan a bheith ardnósach faoin teanga ar bhealach ar bith. Tá sí tar éis a chur ina luí ar líon mór gnólachtaí, líon a bhíonn ag fás i gcónaí, go bhfuil ciall ag baint le húsáid na Gaeilge; de bharr sin tá an tionscadal tar éis cur go mór le hinfheictheacht na Gaeilge sa Chathair, agus bhí dea-thionchar aige seo ar dhea-thoil i leith na teanga.

Tá Gaillimh le Gaeilge tar éis díriú den chuid is mó ar infheictheacht na teanga scríofa sa chathair a mhéadú. D’éirigh leo é seo a bhaint amach trí sheirbhísí aistriúcháin agus tacaíocht ghinearálta a sholáthar chun a chur ar chumas an phobail ghnó comharthaíocht, cinn litreach, biachláir srl. dátheangacha a fhorbairt. Ba ar infheictheacht na teanga a dhírigh siad a n-aird go príomha – de bharr an tionchair mhóir a chruthaíonn timpeallacht dhátheangach, agus mar go bhféadfaí an sprioc a bhaint amach ar acmhainní teoranta.

Cuirtear Gaeilge labhartha chun cinn freisin trí imeachtaí éagsúla gnó ina gcuirtear an pobal gnó in aithne dá chéile, ‘lón gnó’ agus imeachtaí séasúracha ina measc. Tá ról stocaireachta agus abhcóideachta ag Gaillimh le Gaeilge freisin, a chuireann aitheantas agus úsáid na teanga chun cinn i struchtúir Cathrach ar nós an Bhoird Forbartha Cathrach, gníomhaireachtaí turasóireachta, grúpaí gnó, srl.

3.2.1 Príomhachtaí Ghaillimh le Gaeilge
    • Tá obair an Choiste Logainmneacha ar cheann de na héachtaí is infheicthe agus is mó tionchar ó thaobh na Gaeilge scríofa di. Bhunaigh Gaillimh le Gaeilge an Coiste Logainmneacha i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun logainmneacha feiliúnacha Gaeilge a chur ar fáil d’fhorbróirí forbairtí nua tithíochta sa Chathair. Cuirtear logainmneacha ar fáil i gcomhthéacs an cheantair áitiúil agus i gcomhthéacs ghnéithe an tírdhreacha agus na staire áitiúla, agus bunaítear ar thraidisiún fairsing agus ar shaibhreas na logainmneacha Gaeilge iad. Bhain an tionscnamh ráta ratha 99% amach, agus tá Údaráis Áitiúla i mbailte agus i gcathracha ar fud na tíre ag leanúint eiseamláir Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. (m.sh. Muineachán, Corcaigh, Port Laoise).

    • Sheol Gaillimh le Gaillimh ‘Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh’ chun aitheantas a thabhairt do chuideachtaí agus d’eagraíochtaí a úsáideann an Ghaeilge ina ngnóthaí laethúla, agus a chuireann dá bhrí sin le cur chun cinn na Gaillimhe mar chathair dhátheangach. In onóir Sheosaimh Uí Ógartaigh, nach maireann, a ainmníodh an Gradam. Ba chomhalta bunaidh agus Rúnaí Cuideachta Ghaillimh le Gaeilge é. Tá an Gradam ag dul ó neart go neart ó bunaíodh é, agus méadaíonn líon na n-iontrálaithe gach bliain. Is é a phríomhurraitheoir, an Galway Advertiser, agus urraíocht ó ghnólachtaí áitiúla eile a mhaoiníonn an Gradam, a mbíonn breis is €15,000 i gceist leis.


    • De bharr an éilimh mhóir a bhí ar na seirbhísí a chuireann Gaillimh le Gaeilge ar fáil, seoladh Cairde Ghaillimh le Gaeilge in 2001 i gcomhar le Cumann Tráchtála na Gaillimhe. Daoine aonair agus cuideachtaí a bhfuil spéis acu tacú le hiarrachtaí Ghaillimh le Gaeilge Gaillimh a chur chun cinn mar Chathair Dhátheangach atá sa ghrúpa seo. Tá fás suntasach tagtha ar an scéim ó bunaíodh é, agus tá greamán ‘Cairde’ in airde ar fhuinneoga os cionn 200 cuideachta ar fud Chathair na Gaillimhe (agus roinnt i gContae na Gaillimhe).

    • Thug Gaillimh le Gaeilge faoi ‘Staidéar Taiscéalaíoch ar an Dátheangachas i gCathair na Gaillimhe’ in 2007 i gcomhpháirtíocht le Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Léiríonn an staidéar gur suíomh foirfe í Cathair na Gaillimhe do Chathair dhátheangach, agus go bhfuil idir chainteoirí Gaeilge agus iad siúd nach labhraíonn Gaeilge den tuairim go mbeadh tairbhe le baint ag an gCathair as stádas dátheangachais.

    • Thiomsaigh Gaillimh le Gaeilge CD-ROM ‘Gaillimh-Cathair Dhátheangach’ in 2003, i gcomhar le Hewlett-Packard i nGaillimh. Úsáideadh an CD-ROM seo chun Gaillimh a chur i láthair mar eiseamláir a chuireann an dátheangachas i bhfeidhm san earnáil tráchtála ag an gcomhdháil ‘Partnership for Diversity’ i Heilsincí.

    • I gcás-staidéar faoi Ghaillimh le Gaeilge dar teideal ‘The cost-effectiveness evaluation of minority language policies’ [François Grin agus François Vaillancourt], dúradh gurb é Gaillimh le Gaeilge an dara heagraíocht is éifeachtaí san Eoraip do chur chun cinn teanga agus cultúir.

    • Bhí dlúthbhaint ag Gaillimh le Gaillimh le seoladh an chéad uathmheaisín bainc (ATM) a raibh seirbhís trí Ghaeilge ar fáil air i mBanc na hÉireann, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh i 1999. Seoladh an tseirbhís ar fud na tíre ina dhiaidh sin.

    • Bronnadh an Duais Eorpach do Theangacha, an Lipéad Teanga(Suíomh i neart teangacha seachas Geilge!), ar Ghaillimh le Gaeilge in 2004. Tá daoine aonair agus ionadaithe eagraíochtaí ar Choiste Stiúrtha Ghaillimh le Gaeilge. Daoine iad seo a bhfuil sainchúram orthu, nó a bhfuil spéis faoi leith acu, i gcur chun cinn na Gaeilge i gCathair na Gaillimhe. Oibríonn comhaltaí an Choiste Stiúrtha in eagraíochtaí ar nós Bhanc na hÉireann, Westbic, TG4, an Choiste Gairmoideachais, Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo (GMIT) agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh.
Tá trí aidhm straitéiseacha ag an eagraíocht:
    1. Caidreamh le príomhpháirtithe leasmhara na Cathrach a chothú chun stádas oifigiúil dátheangach a bhaint amach don Chathair.

    2. Leanúint le tacú agus le spreagadh an phobail ghnó chun a chinntiú go bhfeictear, go gcloistear agus go labhraítear an teanga – a chinnteoidh ‘normalú’ na Gaeilge sa Chathair de réir a chéile.

    3. Tacaíocht don Ghaeilge a chothú i measc phobal Chathair na Gaillimhe a thabharfaidh úinéireacht na teanga don phobal féin.

Maoiníonn an Crannchur Náisiúnta (Béarla) Gaillimh le Gaeilge tríd an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, chomh maith le Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus Cumann Tráchtála na Gaillimhe trí shíntiúis bhliantúla do “Scéim Chairde Ghaillimh le Gaeilge”. Rinneadh trácht ar a héifeachtaí is atá cur chuige Ghaillimh le Gaeilge in athbhreithniú Chiste na Gaeilge in 2006. Dúirt an tuarascáil go raibh bealaí úra nua forbartha ag Gaillimh le Gaeilge chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc an phobail ghnó, agus chun an Ghaeilge a dhéanamh níos infheicthe agus níos inghlactha i measc an phobail ghinearálta.

3.3 Modheolaíocht an Staidéir
Bane Mullarkey (Béarla), gnólacht agus comhairleoir margaíochta atá lonnaithe i nGaillimh, i gcomhpháirt leis an eacnamaí Jerome Casey a chuaigh i mbun an staidéir seo. I measc na hoibre a rinneadh do thaighde an staidéir bhí comhairliúcháin fhorleathana, taighde deisce agus allamuigh a chuimsigh suirbhéanna ar ghnólachtaí agus ar theaghlaigh, agus agallaimh dhoimhne.

Ba iad aidhmeanna an staidéir:
    1. An tionchar geilleagrach a bhíonn ag úsáid na Gaeilge i gCathair na Gaillimhe agus i nGaeltacht na Gaillimhe a mheas, chun tábhacht na teanga do gheilleagar na gceantair seo, agus do Chathair na Gaillimhe go háirithe, a mheas i dtéarmaí airgeadaíochta.

    Rinneadh é seo trí:
      a) scrúdú a dhéanamh ar an tacaíocht Stáit atá ar fáil don Ghaeilge agus do phobal na Gaeltachta; tacaíocht atá ann chun infheistíocht a dhéanamh i gcaomhnú agus i gcothú na Gaeilge mar theanga teaghlaigh agus pobail sa Ghaeltacht, agus ar bhonn níos lú, chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus a fhorbairt i gCathair na Gaillimhe agus
      b) scrúdú a dhéanamh ar a chuireann lucht oibre Ghaeltacht na Gaillimhe leis an Olltáirgeacht Náisiúnta (GNP), agus meastachán a dhéanamh ar luach a aschurtha gheilleagraigh i gceantar an staidéir

    2. Anailís a dhéanamh ar na tionchair eile gheilleagracha a bhaineann leis an nGaeilge trí staidéar a dhéanamh ar dhá earnáil a bhfuil dlúthbhaint acu leis an nGaeilge i nGaillimh – an tionscal closamhairc agus gníomhaíocht gheilleagrach a bhaineann leis an turasóireacht go háirithe – agus meastachán a dhéanamh ar a luach geilleagrach sa cheantar.

    3. Moltaí a dhéanamh i leith bhuntáiste geilleagrach na Gaeilge a choinneáil  i gCathair na Gaillimhe go háirithe agus i nGaeltacht na Gaillimhe, agus aird á díriú ar thionscnaimh nach mbeadh aon chostas, nó costas íseal, ag baint leo chun an teanga a chur chun cinn sa cheantar, agus na moltaí a rinne Ó Cinnéide agus Keane ina staidéar i 1988 a leasú chun dáta.
Cé nach bhfuil an dá bhliain féin caite ó bhonnlíne na bliana 2007, tá athrú suntasach tagtha ar an ngeilleagar. Tá an meathlú geilleagrach is measa ó na 1930idí i bhformhór an domhain fhorbartha, agus is measa meath geilleagrach na hÉireann ná aon tír eile i gceantar na hEagraíochta um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (OECD)(Fraincís/Béarla). Tá laghdú mór tagtha ar mhaoiniú na ngníomhaireachtaí agus ranna Stáit uile beagnach in 2009 mar gheall ar an easnamh mór sa Státchiste.

Cé go n-aithníonn agus go luann an tuarascáil seo an t-athrú atá tagtha ar an ngeilleagar, tá sé deacair tairngreacht nó anailís a dhéanamh ar an éifeacht a d’fhéadfaí a bheith ag na laghduithe seo ar Ghaeltacht na Gaillimhe agus ar thacaíocht don Ghaeilge, anois ná sa todhchaí. Is fearr a chreidiúint, áfach, nach mbeidh an leibhéal tacaíochta atá ar fáil in 2009 faoi láthair á mhéadú sna blianta beaga atá amach romhainn. Dá bhrí sin, sna moltaí deiridh ar na gníomhartha agus ar an
gcur chuige do thacaíocht na Gaeilge i gCathair na Gaillimhe amach anseo, tugadh tús áite dóibh siúd nach bhfuil costas mór ag baint leo, nó do thionscnaimh chomhpháirtíochta nach dteastaíonn buiséid mhóra uathu.

Dhírigh an staidéar ar na scéimeanna agus ar na heagraíochtaí a chuireann tacaíocht ‘bhreise’ ar fáil don Ghaeilge. D’fhéadfaí a mhaíomh go mbeadh tacaíocht áirithe ar fáil sa cheantar fiú mura mbeadh stádas speisialta Gaeltachta aige; is dócha mar shampla go mbeadh an tacaíocht thionsclaíoch a fhaightear ó Údarás na Gaeltachta ar fáil ón Údarás Forbartha Tionscail (IDA - Béarla), Fiontraíocht Éireann(Béarla), Comisiún Forabrtha an Iarthair nó ó Bhord Fiontar Contae agus Cathrach na Gaillimhe (Béarla).

Ar an taobh eile, is infheistíocht ‘bhreise’ iad cuid acu seo sa cheantar mar gur Gaeltacht é; mar gurb í an Ghaeilge príomhtheanga an phobail. Dá dteipfeadh ar an stádas agus ar an bpobal teanga sin ní bheadh aon údar leis an tacaíocht bhreise sin. Tá go leor gníomhaireachtaí agus tionscnaimh Stáit, nó a mhaoiníonn an Stát, ag obair i nGaeltacht na Gaillimhe mar a dhéanann siad ar fud na tíre. Díríonn an staidéar seo aird ar phríomhsholáthraithe an chúnaimh bhreise Stáit; na gníomhaireachtaí sin a bhfuil tionchar suntasach geilleagrach acu ar an bpobal nó a bhfuil sainchúram i leith na Gaeilge agus i leith thacaíocht na Gaeltachta orthu.

Cuirtear níos mó béime ar na moltaí a bhaineann le todhchaí na Gaeilge i gCathair na Gaillimhe a thabhairt chun críche, agus ar mhodh molta gníomhaíochta a chur ar fáil do Ghaillimh le Gaeilge agus dá gcomhpháirtithe; tá sé d’aidhm acu siúd an teanga a chur chun cinn sa Chathair chun a chinntiú go leanann an ceantar ar aghaidh ag baint tairbhe gheilleagrach as an nGaeilge. Tá níos lú béime ar na moltaí do Ghaeltacht na Gaillimhe, mar gheall ar an líon taighde agus anailíse a rinneadh ar cheantair Ghaeltachta le blianta beaga anuas, agus mar gheall ar thuiscint na gcomhairleoirí go bhfuil moltaí soiléire sa taighde údarásach sin faoin méid a theastaíonn chun an teanga a chaomhnú agus a láidriú ina croíthailte.

Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment