15.10.14

Áthas an Aire Stáit roimh €250míle so bhreis dá Roinn!

"Leanfaidh mise orm ag déanamh cás láidir d’acmhainní breise sna seachtainí amach romhainn lena chinntiú go mbeidh na huirlisí uilig ar fáil ag an Roinn seo."

Bé tuít ón Teachta Dála áitiúil, Seán Kyne, faoin gcáinfháisnéis a spreag an píosa seo uaim! Bé an uimhir €42 a thugeas faoi deara mar bhí tuít eile níos luaithe ag rá go raibh €41.8 milliún á thabhairt do Roinn na Gaeltachta (méadú de €1.7milliún ó anuireadh!). Bhí íontas  orm go raibh níos mó airgead á thabhairt do na Gárdaí i nGaillimh ná do ranna - nó foth-ranna? - rialtais.
"Beag an baol go bhfuil siad ar fad sásta Gaeilge a úsáid! (Tuít mar fhreagra ar seo!)
Sílim go léiríonn é seo an omós agus an meas atá ar an Rialtas dár dteanga. Léiríonn sé fírinne ráiteas Sheáin Uí Chuirreáin "go bhfuil an teanga á ruaigeadh ar leataobh go leanúnach chuig imeall na sochaí, agus áirím anseo cuid mhaith den riarachán poiblí." (23/1/2014).

Bhí Údarás na Gaeltachta ós comhair Choiste Oireachtais  níos luaith sa mhí agus ba léir nár féidir leo an obair atá leagadh ortha ag an Oireachtas chéanna a dhéanamh i gceart leis an méid airgead atá a thabhairt dóibh - méad airgead atá laghaidithe níos mó ná 50% ó tús an chéid seo. “Tá muid sáinnithe leis an méid a bhí ann anuraidh.” adúirt an Príomhfheidhmeannach aréir.

 Má chuirtear leidháileadh Fhorais na Gaeilge (laghdú 1%) leis an méid atá Roinn na Gaeltachta (+0.41%) le fáil faightear amach nach bhfuil ach €250míle d'árdú á fháil ón gCáinfháisnéis seo i leithdháileadh don theanga (Na hOileáin san áireamh).

Tá sé deacahir gan an mhiniú a fháil as na figiúirí seo ach gur cuma leo ann nó as dár dteanga náisiúnta! Tá tuairisc eile anseo ón Irish Times: ‘Díomá’ ar Údarás na Gaeltachta! (15/10/2014)
Sonraí

Leithdháileadh reatha do 2015 
Scéimeanna Tacaíochta Gaeltachta €6100k
Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge €3600k
An Coimisinéir Teanga €650k
Údarás na Gaeltachta - Riarachán €8798k
Údarás na Gaeltachta - Reatha €3000k
Na hOileáin €5900k
Straitéis 20 Bliain  2010-2030 €551k

Foras Teanga €13444k

Leithdháileadh caipitil do 2015 
Scéimeanna tacaíochta Gaeltachta €1422k
Scéimeanna tacaíochta Gaeilge €95k
Údarás na Gaeltachta - Capiteal €5687k
Na hOileáin €644k
Teach an Phiarsaigh €750k

Níl costais riaracháin san áireamh leis na figiúirí seo (ach amháin i gcás An Choimisinéara Teanga, Údarás na Gaeltachta agus An Fhorais Teanga).

An ndóigh chuir an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh, T.D., fáilte roimh an leithdháileadh atá beartaithe do ghnóthaí Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta don bhliain 2015.

Thug an tAire Stáit le fios go gcuirfear beagnach €42 mhilliún ar fáil don Roinn sa bhliain 2015 do ghnóthaí Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán, i dteannta €13.444 milliún breise don Fhoras Teanga. Is figiúirí táscacha iad seo, faoi réir na Meastacháin a bheith faofa amach anseo agus faoi réir chomhaontú na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas i gcás an Fhorais Teanga.

Dúirt an tAire Stáit: “Tríd is tríd, tá áthas orm go bhfuil an cistiú atá leithdháilte ar na fo-mhírchinn seo a bheag nó a mhór mar an gcéanna le cistiú na bliana anuraidh. Go deimhin, i roinnt cásanna, mar shampla an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus Oifig an Choimisinéara Teanga, tá airgead breise á chur ar fáil. Fáiltítear go háirithe roimh seo i bhfianaise an chreata teannta buiséadaigh lena bhfuil gach Roinn ag feidhmiú chun gealltanas an Rialtais a chomhlíonadh i ndáil le fás geilleagrach leanúnach a bhaint amach trí stuamacht fhioscach.”

I ndáil leis an leithdháileadh iomlán atá curtha ar fáil do ghnóthaí Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán don bhliain 2015, dúirt an tAire Stáit: “Tá mé cinnte go gcuirfidh an leithdháileadh seo ar chumas mo Roinne leanúint orainn ag cur ár bpríomhthosaíochtaí i gcrích agus ag cosaint seirbhísí túslíne. Ó ceapadh mar Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta mé, tá go leor taistil déanta agam ar fud na Gaeltachta agus chonaic mé le mo shúile féin an obair den scoth atá ar siúl sna pobail sin i gcúinsí dúshlánacha.”

Lean an tAire Stáit ar aghaidh: “Ní bheidh deireadh leis an phróiseas meastacháin inniu, agus leanfaidh mise orm ag déanamh cás láidir d’acmhainní breise sna seachtainí amach romhainn lena chinntiú go mbeidh na huirlisí uilig ar fáil ag an Roinn seo chun obair atá ar siúl cheana féin a chaomhnú agus chun forbairtí eile a chur ar bun amach anseo. Tá deiseanna ar dóigh ag teacht chun cinn sa Ghaeltacht agus tá sé le feiceáil go soiléir go bhfuil an cumas ann poist a chruthú. Tá mé tiomanta go hiomlán ár gclár oibre a bhrú chun cinn i ndáil le tábhacht agus ábharthacht na Gaeilge a mhéadú agus daoine a spreagadh, idir óg agus aosta, chun an teanga a úsáid."

Mar chlabhsúr, dúirt an tAire Stáit go gcreideann sé go gcuirfidh an soláthar d’Údarás na Gaeltachta, d’Oifig an Choimisinéara Teanga agus don Fhoras Teanga (Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise) ar a gcumas a gcuid feidhmeanna reachtúla a chomhlíonadh in 2015.

Níl fheiceann mórán eile an rud a feiceann an Aire i mBuiséad 2015!

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Rialtas ó dheas athmhachnamh a dhéanamh ar sholáthar caipitil Údarás na Gaeltachta do 2015, go háirithe i gcomhthéacs an mhéadú suntasach maoinithe a fógraíodh inniu atá le bronnadh ar Fhiontraíocht Éireann agus ar an Údarás Forbartha Tionscail in 2015.

Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Léiríonn teip an Rialtais buiséad chaipitil Údarás na Gaeltachta a mhéadú nach bhfuil siad dáiríre faoi fhorbairt eacnamaíochta na Gaeltachta. Gan forbairt eacnamaíochta suntasach, beidh gach bonn bainte ó aon iarracht an Ghaeilge a chaomhnú agus a chur chun cinn mar theanga an phobail sna ceantair seo. Caithfidh an Rialtas gníomhú láithreach agus an maoiniú caipitil de €12m atá molta ag Údarás na Gaeltachta a chur ar fáil dóibh."

“Aithníonn Conradh na Gaeilge agus cuireann muid fáilte roimhe nach mbeidh an laghdú de 7% a bhí beartaithe á ghearradh ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge in 2015. Is céim chun cinn í seo ach tá neamhaird déanta ag an Rialtas ar éileamh an phobal Gaeilge agus Gaeltachta cur le cumas Údarás na Gaeltachta fostaíocht breise a chruthú sa Ghaeltacht. Táimid ag éileamh ar an Rialtas buiséad caipitil an Údaráis a chur ina cheart láithreach." a dúirt Julian de Spáinn, Árd Rúnaí an Chonartha.

Rinne an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh ar an mbuiséad mar gur theip air dul i ngleic mar is ceart le riachtanais na gceantair tuaithe agus na pobail Ghaeltachta.

 “Is beag atá i mbuisead na bliana seo do na ceantair tuaithe & Gaeltachta." ar sé.  “Cé go bhfáilteoimis roimh athraithe sa bhuiséad talmhaíochta le daoine óga a mhealladh isteach san earnáil is beag céim dearfach atá tógtha maidir le Farm Assist nó le teacht in áit íocaíochtaí REPS.
“Ní fhaca muid tada chun an cúlú i ndaonra na tuaithe a mhaolú ná deireadh a chur le h-imirce.
“Níl aon cheo déanta leis na ciorruithe ar mhúinteoirí sna scoileanna tuaithe a iompú ar ais.
“Déanann an faoiseamh ar tháillí uisce leatrom ar dhaoine atá páirteach i ngrúpscéimeanna uisce agus iad siúd as pobail tuaithe.
“Tá díomá ar phobail na Gaeilge & Gaeltachta mar gur ar éigin atá athrú ar bith ina gcuid maoiniú ná aon tacaíocht bhreise leis an straitéis fiche bliain don Ghaeilge a chur chun cinn.
“Sa mhullach ar sin tá daoine sna ceantair imeallacha san iarthar & iarthuaisceart go traidisiúnta ar ioncam níos ísle agus beidh brabach níos lú acu as na h-athraithe cánach agus sna táillí sóisialta uilíoch ná daoine eile.

Share/Save/Bookmark

10.10.14

"Athníonn an Roinn...."

Cuireann muid go léir fáilte roimh Tuairisc.ie a bhí seolta aréir. Scríobh an blagaire iGaeilge alt cuimsitheach faoi, "Tuairisc ar 'Tuairisc'", agus níl mise chun chur leis ach amháin béim a chuir ar phointe amháin agus sin "..ní thuigeann siad go bhfuil siad ag obair do sheirbhis idirlín seachas nuachtán clóite.  Ní bhaineann siad úsáid as nascanna taobh istigh dá gcuid altanna le tagairtí a dhéanamh d’ailt is d’fhoinsí eile." Pointe tabhachtach é!

Carn mór maoirlathas 
léite dúinn ag Maitiú Ó Coimín!
Chuir mé spéis i gceann de na haltanna a bhí sa chéad eagrán, (an féidir eagran a bheith ag sheirbhís nuachta ar líne?) Tugann sé léiriú ar an dearcadh atá ag rannaí stáit dár theanga.

"Creidim go bhfuil an teanga á ruaigeadh ar leataobh go leanúnach chuig imeall na sochaí, agus áirím anseo cuid mhaith den riarachán poiblí. Ní chreidim ar chor ar bith gur ar an aicme pholaitiúil is mó atá an locht ina leith seo ach feictear dom, cé go bhfuil daoine sa státchóras a thacaíonn go láidir leis an Ghaeilge, go bhfuil fórsaí níos láidre agus níos forleithne fós ann ar cuma leo ann nó as dár dteanga náisiúnta." Is mar sin a labhair Iar-Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin ag an uair deireannach ós comhair Choiste Oireachtais dó. (23 Eanáir 2014)

Bhí neart taighde déanta ar dhearcadh an stáit ó 1928 ar aghaidh agus a nocht sé i gcaint a thug sé agus é ag oscailt Coláiste na hÉireann (Meán Fómhair 2013). "Soiniciúlacht, cur i gcéill agus an mhéar fhada a bhí sa treis: is deacair brí ar bith eile a bhaint as polasaí an stáit ó 1928 ar aghaidh..." 

Anois tá taighde déanta ag Maitiú Ó Coimín agus foilsithe anois i dTuairisc.ie (9 Deireadh Fomhair 2014). Taispeánann sé go bhfuil se níos deacaire anois an soiniciúlacht sin a shéanadh sa lá atá inniú ann. Go bhfuil na "fórsaí" atá luaite ag an Cuirreánach fós go láidir i réim.

Deireann sé tár éis an iniúchadh seo, "Bheadh amhras ar an múinteoir géarchúiseach faoi obair baile a dhaltaí dá mbeadh an dá aiste chéanna á gceartú aige agus is mó amhras fós a bheadh ar an mbreitheamh léannta faoi ráitis bheirt fhinnéithe a bhí díreach mar a chéile."  Tá samplaí aige tógtha as “beartas le haghaidh na Gaeilge sa Státseirbhís” i rannaí éagsúla. Fagann sé fúinne "léitheoirí cliste Tuairisc.ie" ár mbreithiúnas féin a thabhairt.

Mar léitheor cliste  sílim gur léir ón méad atá le feiscint anseo "gur mugadh magadh, briolla brealla agus bréaga" atá ar siúl ar an Stáit i leith teanga na nGael - ó oifig an Taoisigh anuas go dtí an Roinn is lú tabhacht ina bhfuil "fo-rannóg ag plé le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta." (Seosamh Mac Donnacha).

Ní nach íonadh an méad a dúradh ag seoladh Tuairisc.ie, faoin bpolasaí an Rialtas de réir tuairisc san Irish Times (Béarla): "Mr Goan asked if the Taoiseach’s “legacy” would “be that a little Irish is now enough, and that greater proficiency is only required to demonstrate one’s superior fluency to Gerry Adams?"



Share/Save/Bookmark

8.10.14

Léacht an Choimisnéara Teanga i gCorca Duibhne - mar a bhí, mar atá agus mar a bheidh?

"10 mbliana de reachtaíocht teanga - Súil Siar : Súil chun cinn! " 

Níl bliain imithe ó dúirt chomharba Rónán Uí Dhomhnaill le Choiste Oireachtais, "Ní sárbhliain a bhí in 2012 maidir le cur chun cinn na Gaeilge i státchóras na tíre, agus ar scáth aon choiscéim a tugadh chun tosaigh, ba chosúil go raibh péire á dtabhairt ar gcúl." An leanfar leis an nós sin?

Bhí An Coimisinéir Teanga ag Ionad an Bhlascaoid Mhóir le déanaí ag tabhairt léachta ar an téama “Deich mbliana de reachtaíocht teanga: súil siar, súil chun cinn!” 
"Ní chóir go mbeadh leisce ná drogall orainn plé oscailte a dhéanamh ar na riachtanais teanga atá againn." a dúirt sé agus is léargas beacht ar a mheoin agus a dhearcadh ar chúrsaí na teanga ó ceapadh ina Choimisinéir Teanga é ag Uachtarán na hÉireann níos luaithe sa bhliain." dúirt sé.

Lean sé leis "Bhí sé mar sprioc i gClár an Rialtais seo go ndéanfaí athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla. An chuspóir a bhí luaite leis an athbhreithniú ná “chun a chinntiú go mbainfear an leas is fearr as caiteachas ar an teanga chun an teanga a fhorbairt agus chun a chinntiú go bhforchuirtear dualgas go cuí de réir éilimh ó shaoránaigh”.

Is deacair easaontú leis an gcuspóir sin inti féin agus ní aon locht go ndéanfaí athbhreithniú ar Acht a bhí mar phíosa úr nua reachtaíochta. Go cinnte tá ceachtanna foghlamtha le deich mbliana anuas agus ba chóir na ceachtanna sin a chur san áireamh agus athbhreithniú á dhéanamh ar an Acht. Ach níor cheart gur cur chuige aontaobhach a bheadh ag baint leis an bpróiseas seo. Bhain próiseas chomhlairiúcháin phoiblí leis an athbhreithniú, lorgaíodh tuairimí na ndaoine agus cuireadh na tuairimí sin ar fáil go tréan. Anois agus foilsiú an Bhille nua ar leic an dorais againn is cosúil, ní féidir neamhaird a dhéanamh do mhianta an phobail, an mhian is treise acu sin go mbeadh Acht againn atá oiriúnach dá feidhm."



Is fiú go mór a chuid smaointe a léamh agus a scrúdú. Súil agam go ndéanfaidh ár reachtóirí amhlaigh.

Seo mar a labhair sé:

Réamhrá
Ionad an Bhascaoid Mhóir
Cuireann sé an-áthas orm a bheith in bhur gcomhluadar d’ócáid na hoíche anocht agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an gComharcharchumann as cuireadh a thabhairt dom labhairt libh faoi chúrsaí cearta teanga san ionad bhreá seo, ionad a dhéanann ceiliúradh agus comóradh ar shaol oileánaigh an Bhlascaoid. Thar na mblianta tá a fhios agam go bhfuil ról ceannródaíochta glactha ag an gComharchumann agus ag eagraíochtaí eile ar nós Oidhreacht Chorca Dhuibhne i gcur chun cinn an phobail seo agus go deimhin i gcur chun cinn na Gaeilge. Tá moladh mór tuillte agaibh as an méid atá bainte amach agaibh le beagnach leathchéad bliain.

Mar dhuine Gaeltachta tuigim uaireanta nach mbíonn an oiread sin fonn orainn labhairt faoi chúrsaí cearta teanga sa Ghaeltacht. Ach is dóigh liomsa gur ábhar é seo ar chóir dúinn níos mó plé agus díospóireacht a dhéanamh faoi. Mar ní ábhar teibí é cearta teanga, is ábhar é a bhaineann le gach cuid dár saol bíodh muid inár gcónaí sna ceantair Ghaeltachta nó taobh amuigh den Ghaeltacht. Baineann sé le cúrsaí oideachais, le cúrsaí sláinte, le seirbhísí sóisialta, leis na Gardaí, leis na cúirteanna, leis an tseirbhís poist, leis an iliomad seirbhísí a chuireann an stát ar fáil dúinn mar shaoránaigh agus inár gcás mar shaoránaigh gurbh í an Ghaeilge ár dteanga cumarsáide. Ní chóir go mbeadh leisce ná drogall orainn plé oscailte a dhéanamh ar na riachtanais teanga atá againn.

Thuig mise go maith agus mé ag glacadh leis an onóir a bheith molta mar Choimisinéir Teanga gur ról thar a bheith dúshlánach a bhí amach romham. Bhí an cás déanta go láidir go raibh an córas polaitiúil agus an státchóras ag loic ar a cuid dualgais i leith na teanga. Bhí daoine tar éis a míshástacht a léiriú ar na sráideanna. Den chéad uair le blianta fada bhí cúrsaí cearta teanga curtha i lár an aonaigh arís. Ní cheart go mbeadh aon chúlú anois ón seasamh a tógadh roinnt míonna ó shin, mar tá na héilimh a rinneadh ag an am sin chomh fíor céanna i gcónaí. Tá sé geallta anois go bhfoilseofar an Bille nua do leasú Acht na dTeangacha Oifigiúla roimh dheireadh na bliana seo. Beidh sé sin cinniúnach dár liom agus muid ag faire amach do shlat-tomhais maidir le toil an stáit chun cearta teanga shaoránaigh na tíre seo a dhaingniú.

Súil siar!
Fillfidh mé ar an ábhar sin níos deireanaí sa chaint seo ach is í an téama na hoíche anocht ná: “10 mbliana de reachtaíocht teanga - Súil Siar : Súil chun cinn”. Is fiú mar sin, b’fhéidir, cúpla nóiméad a chaitheamh ag scrúdú an éabhlú a bhain le hAcht na dTeangacha Oifigiúla. Is i mBunreacht na hÉireann a leagtar síos stádas oifigiúil na teanga. Faoi Airteagal a hocht den Bhunreacht, deimhnítear gurbh í an Ghaeilge an teanga náisiúnta agus as sin, gurbh í, an príomhtheanga oifigiúil. Glactar leis an mBéarla mar theanga oifigiúil eile agus ceadaítear de réir an Bhunreachta gur féidir socrú a dhéanamh le dlí do na seirbhísí Stáit a chuirfear ar fáil sa dá theanga oifigiúil.

Roimh theacht Acht na dTeangacha Oifigiúla bhí roinnt cúram déanta don Ghaeilge i reachtaíocht na tíre seo, leithéid An Acht Iompair,1950, Acht an Gharda Síochána 1924 agus ar ndóigh an tAcht Oideachais 1998. Ach cé is moite de dhualgais dlíthiúla sonrach i bhí i bpíosaí aonaracha reachtaíochta bhí ar shaoránaigh dul i muinín na gcúirteanna má mheas siad go raibh a gcearta teanga faoin mBunreacht á shárú.


Breitheamh Adrian Hardiman
I gceann de na cásanna cúirte is mó a bhfuil cáil air, cás Uí Bheoláin a héistíodh sa Chúirt Uachtarach, rinne an Breitheamh Hardiman roinnt tagairtí ina bhreithiúnas a bhí thar a bheith suntasach.

De bharr seasamh na Gaeilge sa Bhunreacht ba é a thuairim nach bhféadfaí an Ghaeilge a chur go leataobh ó aon chuid de dhioscúrsa poiblí an náisiúin nó ó aon ghnó oifigiúil de chuid an Stáit. Dúirt sé chomh maith nach bhféadfaí caitheamh leis an nGaeilge ar shlí ar bith nach raibh chomh fabhrach leis an tslí a gcaitear leis an dara teanga oifigiúil. Le cur leis an bpointe sin thug sé le fios nach bhféadfaí iad siúd gurbh í an Ghaeilge a dteanga, a chosc nó a fhágáil faoi mhíbhuntáiste.

Ag léamh an bhreithiúnais sin ní fhéidir gan suntas a thabhairt den chúram a bhí an Bunreacht ag leagan ar an Stát maidir le freastal ar lucht labhartha na Gaeilge. Ag tráth an bhreithiúnais sin ní raibh aon dlí déanta faoi Airteagal 8 den Bhunreacht agus ní raibh aon chóras reachtúil leagtha síos ag an Stát chun riaradh a dhéanamh ar sholáthar seirbhísí trí Ghaeilge.

Tar éis an breith cúirte sin, a tugadh i mí Aibreán 2001, agus an feachtasaíocht a bhí ar siúl d’Acht Teanga ba ghearr in dhiaidh gur tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla ar an bhfód. Bhí sé spéisiúil freisin go raibh an riachtanas d’Acht Teanga nó seirbhísí stáit trí Ghaeilge luaite i gcúig cinn as na 19 moltaí a rinne Coimisiún na Gaeltachta i dtús na bliana 2002.

Nuair a tháinig an tAcht bhí sé múnlaithe ar reachtaíocht teanga a bhí in áit cheana féin i gCeanada agus sa Bhreatain Bheag.

Is Acht í seo atá réasúnta casta agus a dhéileálann le húsáid na dteangacha oifigiúla i
  •  dTithe an Oireachtais
  •  Achtanna an Oireachtais
  •  Sna Cúirteanna agus
  •  I measc Eagraíochtaí Stáit
Faoin Acht seo freisin déantar soláthar d’úsáid logainmneacha agus is faoi a bhunaítear ról an Choimisinéara Teanga agus ról m’Oifige.

Ach is é an bealach a leagann an tAcht dualgas ar eagraíochtaí stáit maidir le soláthar seirbhísí trí Ghaeilge an chuid is suntasaí b’fhéidir den Acht. Thógfadh sé an iomarca ama dul tríd na dualgais seo go mion agus níl sé i gceist agam é sin a dhéanamh ach míneoidh mé ar an mbealach seo é. Tá ar bheagnach gach eagraíocht stáit sa tír seo bunsheirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge, leithéid freagra i nGaeilge a thabhairt ar chomhfhreagras i nGaeilge, comharthaíocht agus stáiseanóireacht a bheith i nGaeilge nó go dátheangach, cumarsáid a dhéantar leis an bpobal i gcoitinne a bheith i nGaeilge nó go dátheangach agus roinnt foilseacháin teoranta a chur ar fáil sa dá theanga oifigiúil. Ina dhiaidh sin braitheann sé ar ghealltanais a bhíonn tugtha in aon scéim teanga a dhaingníonn an tAire Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta leis an eagraíocht stáit. Is furasta a fheiceáil mar sin gurbh iad na scéimeanna teanga an chroí uirlis atá in úsáid chun seirbhísí stáit a chur ar fáil i nGaeilge. A láidre a bhíonn an scéim teanga is ea is fearr a bhíonn na cearta teanga ach más lag a bhíonn an scéim teanga is ar éigin gur fiú an tairbhe an trioblóid.


Tithe an Oireachtais
Tá roinnt leasaithe déanta ar fhorálacha áirithe de chuid an Achta in imeacht na mblianta. Bheadh sé go deas a rá gur chun sochar cearta teanga a chuaigh na leasaithe sin ach faraor ní bheadh sé sin cruinn. Sa bhliain 2011 leasaíodh an riachtanas a bhí ann go mba ghá Achtanna an Oireachtais a fhoilsiú go comhuaineach sa dá theanga oifigiúil. Is féidir anois iad a fhoilsiú go leictreonach i dteanga oifigiúil amháin. Cheana féin tá bearna cruthaithe agus tugaim faoi deara ó shuíomh gréasáin Thithe an Oireachtais gur foilsíodh 29 Acht ó thús na bliana seo agus gan ach ceann amháin acu sin curtha ar fáil i nGaeilge go dtí seo. An bhliain seo caite foilsíodh 51 Acht Oireachtais agus níl ach 26 acu seo atá fáil i nGaeilge go fóill. Ní chuirimse aon locht ar an tseirbhís aistriúcháin maidir leis seo. Go deimhin, b’fhéidir nach cás le mórán go mbeadh leagan Gaeilge d’Achtanna Oireachtais ar fáil ag an am céanna leis an Béarla. Mar sin féin tugann sé léargas áirithe dúinn ar stádas na teanga agus an tionchar is féidir a bheith ag leasaithe a laghdaíonn cearta teanga, an ceart sa chás seo go mbeadh reachtaíocht na tíre ar fáil sa dá theanga oifigiúil ag an am céanna.

Le deich mbliana anuas tá m’Oifig tar éis déileáil le os cionn 6,000 gearán, sa tréimhse sin tá beagnach 100 imscrúdú foirmiúil tugtha chun críche againn agus breis agus 200 léirmheas nó iniúchadh déanta againn maidir le cur i bhfeidhm scéimeanna teanga. Aithnímse an ualach mhór oibre atá curtha i gcrích ag m’oifig le 10 mbliana anuas. Oifig dála an scéil atá ar cheann de na hoifigí stáit is lú sa tír. Mar dhuine nach bhfuil i bhfad sa ról seo tá sé níos éasca dom a rá, gur chruthaigh Seán Ó Cuirreáin agus obair na hOifige sainiúlacht do chúrsaí cearta teanga le 10 mbliana anuas. Léiríonn na staitisticí a thug mé go bhfuil lucht labhartha na Gaeilge, bíodh siad sa nGaeltacht nó taobh amuigh den Ghaeltacht tar éis a muinín a chur ionainn agus leanfar leis an muinín sin tá súil agam.

An stáid reatha
In imeacht na ndeich mbliana ó saolaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla is féidir a rá, le roinnt muiníne, go bhfuil an tAcht tar éis cur le réimsí áirithe seirbhísí atá ar fáil trí Ghaeilge ón státchóras. Ní féidir a shéanadh ach go bhfuil an Ghaeilge níos feiceálaí anois ná mar a bhí sí riamh roimh seo i bhfoirgnítí Rialtais, a bhuíochas sin den dualgas a bhaineann le comharthaíocht, stáiseanóireacht agus fógairtí taifeadta béil. Tá an státchóras níos feasaigh ar chúrsaí cearta teanga ná mar a bhí sí roimhe seo. Is lú an seans anois go bhfreagrófar litir i nGaeilge trí Bhéarla, ní shin le rá nach dtarlaíonn sé fós ó am go chéile, ach is eisceacht é sin anois seachas gnáth imeacht.

Ní féidir a oiread céanna muinín a chuir in éifeacht ná i dtionchar na scéimeanna teanga. In áit gur tugadh gealltanais fiúntacha tá toradh dá réir le feiceáil ar an méid sin. Faraor níor tharla sé seo ach i líon bheag cásanna. I dtús aimsire tuigeadh na dúshláin a bhaineann go minic le haon chóras nua a chuirtear i bhfeidhm. Ba léir tar éis tamaill gur bhain easpa cur chuige straitéiseach le córas na scéimeanna teanga agus níos measa fós go raibh folús á chruthú in aontú scéimeanna teanga nua. Tá iarracht á dhéanamh in athuair anois le bunús nua a chur faoi chóras na scéimeanna teanga. Ní bheidh sé sin éasca mar is deacair athbheochan nó athnuachan a dhéanamh ar chóras a fágadh ar an trá fholamh ar feadh tréimhse ró-fhada. An méid sin ráite tá níos mó scéimeanna teanga aontaithe i mbliana ná mar a rinneadh le roinnt blianta anuas, is comhartha dóchais an méid sin. Ach caithfidh fiúntas a bheith leis na scéimeanna teanga, is beag an mhaith scéim teanga mura mbeidh inti ach cáipéis gan brí ná leas.

Caithfear i gcónaí a bheith aireach nach mbaintear úsáid as córas na scéimeanna teanga le daingniú reachtúil a dhéanamh ar sholáthar an íosmhéid seirbhísí trí Ghaeilge gur mian le heagraíochtaí stáit a chur ar fáil do shaoránaigh.

Is teachtaireacht simplí atá agam maidir le córas na scéimeanna teanga: Mura féidir scéimeanna teanga fiúntacha a aontú le heagraíochtaí stáit bhfearr gan a thuilleadh fuinneamh a chur amú leo agus córas a chur in áit a chinntíonn go bhfreastalaítear mar is ceart ar riachtanais teanga phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Ní cheart ach an oiread go mbeadh muid ag cur aon dallamullóg orainn féin maidir le cumas an stáit seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge. Go bunúsach braitheann cumas an stáit na seirbhísí sin a sholáthar ar dóthain daoine a bheith ar fáil dí atá in acmhainn é sin a dhéanamh. Nuair a fheictear an dua a bhaineann uaireanta le bunsheirbhísí a fháil trí Ghaeilge ní féidir ach a bheith den tuairim nach bhfuil dóthain daoine le Gaeilge sa státchóras atá in ann freastal ar riachtanais phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Ba chóir go scrúdófaí é seo go cuimsitheach trasna an státchórais, nó ar a laghad ar bith i measc na n-eagrais sin is mó a bhíonn i dteagmháil leis an bpobal. Nuair nach eol dúinn cé as go bhfuil muid ag tosaigh, cén chaoi gur féidir linn pleanáil do riachtanais an lae inniu agus do riachtanais an lae amáraigh.


SÚIL CHUN CINN

Acht leasaithe
Mar atá ráite agam roimhe seo ba píosa reachtaíochta ceannródaíoch a bhí in Acht na dTeangacha Oifigiúla. Ach ar nós aon reachtaíocht níl sé gan locht. Ó thús aimsire bhí roinnt daoine den bharúil nach raibh sé sách láidir mar phíosa reachtaíochta agus roinnt eile a mheas gur éiligh sé an iomarca ó státchóras nach raibh an acmhainn nó bhféidir an toill aici chun réimse leathan seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge.

Bhí sé mar sprioc i gClár an Rialtais seo go ndéanfaí athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla. An chuspóir a bhí luaite leis an athbhreithniú ná “chun a chinntiú go mbainfear an leas is fearr as caiteachas ar an teanga chun an teanga a fhorbairt agus chun a chinntiú go bhforchuirtear dualgas go cuí de réir éilimh ó shaoránaigh”.

Is deacair easaontú leis an gcuspóir sin inti féin agus ní aon locht go ndéanfaí athbhreithniú ar Acht a bhí mar phíosa úr nua reachtaíochta. Go cinnte tá ceachtanna foghlamtha le deich mbliana anuas agus ba chóir na ceachtanna sin a chur san áireamh agus athbhreithniú á dhéanamh ar an Acht. Ach níor cheart gur cur chuige aontaobhach a bheadh ag baint leis an bpróiseas seo. Bhain próiseas chomhlairiúcháin phoiblí leis an athbhreithniú, lorgaíodh tuairimí na ndaoine agus cuireadh na tuairimí sin ar fáil go tréan. Anois agus foilsiú an Bhille nua ar leic an dorais againn is cosúil, ní féidir neamhaird a dhéanamh do mhianta an phobail, an mhian is treise acu sin go mbeadh Acht againn atá oiriúnach dá feidhm.

An Ghaeltacht
Ceacht suntasach eile a bhí le foghlaim dar liom ná gur beag soláthar a rinneadh ón tús in Acht na dTeangacha Oifigiúla do chearta teanga na bpobal Ghaeltachta. Is ábhar cainte inti féin í staid na Gaeilge sa Ghaeltacht ach ba mhaith liomsa déileáil leis ó thaobh cúrsaí cearta teanga an stáit.


Ba cheart go mbeadh ar chumas an Stáit seirbhísí ar chomhchaighdeán a chur ar fáil trí Ghaeilge do phobal na Gaeltachta. In imeacht na mblianta tá imscrúduithe go leor déanta ag m’Oifig a léirigh easpa chumais an Stáit seirbhísí a chur fáil trí Ghaeilge sa Ghaeltacht, leithéidí maor pobail gan Ghaeilge i nGaeltacht Chonamara, seirbhís cigireachta réamhscoile a bhí i mBéarla amháin, cur chuige an chórais oideachais i leith na Gaeltachta agus líon suntasach Gardaí i nGaeltacht Ghaoth Dobhair gan Ghaeilge.

Má aithníonn an Stát an stádas teangeolaíochta a bhaineann le ceantair Ghaeltachta nár cheart mar sin go gcosnódh an reachtaíocht teanga cearta na bpobal sin a gcuid seirbhísí a fháil trí Ghaeilge? D’fhéadfaí an cás a dhéanamh nach raibh cúram mar is ceart déanta ón tús de sheachadadh seirbhísí Stáit trí Ghaeilge sa Ghaeltacht nuair a tháinig an tAcht i bhfeidhm an chéad lá riamh. Cé is moite de riachtanais logainmneacha ní luaitear an Ghaeltacht ach faoi dhó in Acht na dTeangacha Oifigúla agus is i gcomhthéacs scéimeanna teanga atá an dá thagairt sin déanta. Ní leor sin dár liom. Tá an deis ann anois, ach an toil a bheith ann chuige, é sin a chur ina cheart.

Tá sé spéisiúil, dar liom, gur faoi mhír a bhí in Acht an Gharda Síochána a d’éirigh le m’Oifig déileáil go cuimsitheach le gearán a léirigh nach raibh ach Gaeilge ar a dtoill ag Garda amháin as naoinúr i stáisiún Gardaí An Bhun Bhig. Ó shin i leith agus mar thoradh ar imscrúdú tá an Garda Síochána tar éis glacadh leis gur trí phróisis earcaíochta is fearr is féidir a chinntiú go mbeidh líon dóthanach foirne ar fáil dí chun freastal ar riachtanais teanga na bpobail Ghaeltachta.

Bíonn socraithe déanta freisin ag roinnt eagraíochtaí stáit maidir ceapacháin foirne do cheantair Gaeltachta nó baill foirne a bhíonn ag cur seirbhísí ar fáil sna ceantair sin. Ach nuair a thagann an crú ar an tairne is beag seasamh a bhíonn ag na socraithe sin mura bhfuil siad daingnithe le dlí.

An gníomh is suntasaí a theastaíonn anois ná go mbeadh prionsabal soiléir leagtha síos i bpríomhreachtaíocht teanga na tíre seo go gcaithfidh Gaeilge ar a dtoil a bheith ag fostaithe an Stáit a bhíonn lonnaithe i gceantair Ghaeltachta nó a bhíonn ag tabhairt seirbhís don phobal sna ceantair aitheanta sin. Chuideodh dualgas soiléir reachtúil den chineál seo le cultúr a bhuanú sa Státchóras go gcaithfear aird faoi leith a thabhairt ar an mbealach a gcuirtear seirbhísí stáit ar fáil sna ceantair Ghaeltachta. Ba chóir é seo a dhéanamh sa reachtaíocht féin seachas mar chuid d’aon scéim teanga. Mura dtugtar faoi seo anois d’fhéadfadh 10 mbliana eile a bheith caite sula mbreathnófar ar an gceist seo arís. Go simplí níl an t-am sin againn.

Faoi Acht na Gaeltachta 2012 beidh ar na pobail Ghaeltachta pleananna teanga a ullmhú más ann go bhfuil siad chun a stádas Gaeltachta a choinneáil. Más í an chuspóir atá againn go mbeidh an Ghaeilge in uachtar mar theanga labhartha pobail sna ceantair Ghaeltachta ní féidir glacadh le haon bheartais, nó go deimhin easpa beartais, a fhágann gur trí Bhéarla amháin a chuirfeas an stát seirbhísí ar fáil sna pobail sin. Ar feadh tréimhse ró-fhada bhí ar na pobail Ghaeltachta glacadh le seirbhís ón Stát a bhí tairgthe i dteanga réamhshocraithe an Bhéarla amháin. Ní hé gurbh é sin a mian ach níor tairgeadh a mhalairt dóibh.

Más mall féin é caithfidh an stáit a cuid a dhéanamh chun nach lagaítear an Ghaeilge sa Ghaeltacht thar mar atá sí lagaithe cheana féin. Má tá an Ghaeilge chun maireachtáil, mar is eol dúinn anois í, luíonn sé le réasún go gcaithfidh an Ghaeltacht maireachtáil mar cheantar shainiúil teanga freisin.

Oideachas
An Scoil i nDún Chaoin!
Céad bliain ó shin i mbliana a tógadh Scoil Naomh Gobnait i nDún Chaoin agus insíonn an stair dom nach gá domsa nó d’aon duine eile cur in luí ar mhuintir na háite seo an tábhacht a bhaineann le h-oideachas trí Ghaeilge. Aon bhliain déag agus scór tar éis do dhaoine máirseáil ar Bhaile Átha Cliath chun a cinntiú nach ndúnfaí na doirse ar Scoil Dhún Chaoin deir tuarascálacha éagsúla go bhfuil todhchaí na Gaeltachta mar limistéar ina maireann an Ghaeilge mar theanga bheo an phobail go mór i gcontúirt. Agus léirigh staidéar a rinne An Chomhairle um Oideachais Gaeltachta agus Gaelscolaíochta dár teideal Staid Reatha na Gaeltachta go bhfuil “todhchaí na Gaeltachta fite fuaite le todhchaí an chórais oideachais sa Ghaeltacht.” Ní cheart gur ábhar iontais a bheadh ann mar sin go bhfuil i gceist agam neart béime a leagadh ar an nGaeilge sa gcóras oideachais le linn mo thréimhse mar Choimisinéir Teanga; mar a rinne an chéad Choimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin.

Tá ról lárnach ag an Roinn Oideachais in aon áit chaint, plé nó polasaí a bheidh á chur chun cinn maidir leis an nGaeilge san am amach romhainn. Tá sé rí thábhachtach go seasfaí le h-aidhmeanna agus spriocanna oifigiúla an stáit i leith na Gaeilge. Níor cheart go mbeadh teachtaireachtaí éagsúla á thabhairt. Ar lámh amháin ag cur cás na Gaeilge chun cinn; ar an lámh eile, mar a léirigh imscrúdú a rinne m’Oifig, ag iarraidh tabhairt ar scoil Ghaeltachta a fheidhmíonn trí Ghaeilge glacadh le hath-imlonnú múinteora nuair nár chreid údaráis na scoile, nó go deimhin na múinteoirí féin, go raibh oiread líofacht ag na múinteoirí i nGaeilge lena gcuid oibre a dhéanamh go cuí sa teanga sin.

Críoch
Ó thosaigh mé sa bpost seo tá an cheist curtha orm roinnt uaireanta, céard is féidir leatsa mar Choimisinéir Teanga a dhéanamh, ceist mhaith a deir tú !


Rónán Ó Domhnaill,
An Coimisinéir Teanga
An rud is mó gur féidir liom a dhéanamh ná tabhairt ar eagraíochtaí stáit a gcuid dualgais teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla agus faoi achtacháin eile a chomhlíonadh. Mura ndéanann siad sin is féidir liom an méid sin a thuairisciú do Thithe an Oireachtais. Tabharfaidh mise faoin obair seo gan fuacht gan faitíos, go diongbháilte agus go díograiseach. Ach tógfaidh sé bhur dtacaíocht freisin, bhur dtacaíocht gur lorgaíonn sibh bhur gcearta teanga ó eagraíochtaí stáit agus má cheiltear na cearta sin oraibh go dtéann sibh i dteagmháil linne.

Níl mé in ann a gheallúint go mbeidh ar mo chumas réiteach a fháil ar chuile dheacracht a bhíonn agaibh agus sibh ag éileamh seirbhísí trí Ghaeilge ón státchóras. Beidh uaireanta ann go mbeidh orm a rá nach bhfuil aon dualgas seirbhísí áirithe a chur ar fáil faoin Acht. Ní chóir go gcuirfeadh sé sin aon lag mhisneach oraibh, mar gach uair a lorgaítear seirbhísí trí Ghaeilge sea is mó a thuigfear go bhfuil daoine ann a dteastaíonn uathu a gcuid gnó a dhéanamh i bpríomhtheanga oifigiúil an stáit seo agus nach bhfuil aon leisce orthu an méid sin a éileamh.

Share/Save/Bookmark

2.10.14

Teachtaireacht ón Rialtas: "Is cuma faoin nGaeltacht agus faoin dteanga náisiúnta"


Dúirt Seán Ó Cuirreáin agus é ag éirí as oifig mar Coimisinéir Teanga: "Mura féidir leis an Stát aghaidh a thabhairt ar an dá ghné sin – úsáid na Gaeilge i mbun cumarsáide le pobal na Gaeltachta agus cinntiú go mbeadh dóthain foirne le cumas sa Ghaeilge sa chóras riaracháin phoiblí ‒ nuair a bheidh an tAcht á leasú, creidim go dtuigfear ansin gur mugadh magadh, briolla brealla nó bréaga a bheas i gceist. Tráth a bhfuil muid ag teannadh lenár bhflaitheas eacnamaíoch a fháil ar ais, ba mhór an feall é dá gcaillfimis ár bhflaitheas teanga – bunchloch dár bhféiniúlacht chultúrtha, dár n-oidhreacht agus dár n-anam mar náisiún. Creidim gur measa mar bhaol é sin anois ná riamh." (4/12/2013 - le Coiste Oireachtais)

Cearta á shéanadh?
Tá mé ag ceapadh go ládraíonn na grafanna atá leis an alt seo an méid a dúirt se - an easpa suime agus leanúint polasaithe i leith na Gaeilge ó 1928 ar aghaidh. "Soiniciúlacht, cur i gcéill agus an mhéar fhada a bhí sa treis: is deacair brí ar bith eile a bhaint as polasaí an stáit ó 1928 ar aghaidh." (2/9/2013 - Oscailt Choláiste na hÉireann)

Is gá cothrom na féinne a thabhairt don Ghaeltacht sa cháinaisnéis. Níl dabht ar domhain ná gur gá na forais le freagracht don Ghaeilge agus don Ghaeltacht a mhaoiniú i gceart. Stop a chur le haon laghdú eile ar bhuiséad Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge, TG4, na ranna cuí agus na buiséid sin a mhéadú go straitéiseach go bliantúil.

Má breathnítear ar na figiúirí tá sé soiléir nach bhfuil suim ag an státchóras i bpobal na Gaeltachta ná i lucht labhartha na Gaeilge.

Údarás na Gaeltachta.
Is léir ón ngraf thíos a léiríonn an t-athrú i mbuiséid caipitil na n-áisíneachtaí Stáit ó 2007 go 2012 go bhfuil slad déanta ar bhuiséad Údarás na Gaeilge go háirithe.

Tá sé deacair an slad seo a thuiscint i gcomhthéacs na géarchéime sa tír ó thaobh fostaíochta de. Luífeadh sé le ciall go mbeadh breis infheistíochta déanta le cur ar chumas an Údaráis fostaíocht a chruthú.

  • Íslíodh buiséad caipitil an Údaráis ó €22.5 milliún in 2007 go €5.938 milliún in 2012, laghdú de 74%. Sa tréimhse chéanna méadaíodh buiséad an IDA 8% agus buiséad Fiontraíocht Éireann 38% (ní amháin sin ach tugadh breis airgid dóibh sna blianta is deacra den chúlú eacnamaíochta - 2009 i gcás Fiontraíocht Éireann agus 2010 i gcás an IDA)
  • Mar thoradh ar an slad seo tá líon na bhfostaithe i gcliant‐chomhlachtaí an Údaráis tar éis titim go suntasach agus tá srian mór ar chumas an Údaráis fostaíocht nua a chruthú agus infheistíochta a dhéanamh i mbonneagar gnó.
  • Dar ndóigh, tá dlúthbhaint idir fostaíocht sa Ghaeltacht agus inmharthanacht na Gaeltachta. Bíonn caomhnú agus cur chun cinn na Gaeilge ag croílár ghníomhaíochtaí an Údaráis
  • De réir mheastacháin an Údaráis féin, bheadh toradh fiúntach don Ghaeltacht agus don stát trí chéile dá méadófaí buiséad Údarás na Gaeltachta ó €6 mhilliún go €12 mhilliún ó 2015-17
  • Faoi láthair, tá c.7,000 post lánaimseartha i gcliant chomhlachtaí an Údaráis sa Ghaeltacht, agus cruthaítear c.500 post nua gach bliain. Chun 1,000 post nua breise a chruthú anuas ar sin, sna 3 bliana atá romhainn, teastaíonn buiséad an Údaráis a mhéadú go €12m in aghaidh na bliana (2015- 2017). Leis an 1,000 post nua breise seo, bheadh tionchar eacnamaíochta de luach €42m don Stáit agus €10m i gcáin aisíoctha don stáit-chiste.


Chun stáit eacnamaíochta an Gaeltachta a dhaingniú ní mór buiséad caipitil de €12 mhilliún a chur ar fáil d’Údarás na Gaeltachta sa cháinaisnéis do 2015

Agus cad faoi Foras na Gaeilge?

Suíomh Reatha:
Cuireann Foras na Gaeilge maoiniú ar fáil d’eagraíochtaí Gaeilge, eagraíochtaí eile agus grúpaí pobail ar fud an oileáin le stádas na Gaeilge, le cumas an phobail sa Ghaeilge agus le híomhá na teanga a láidriú.

Is léir ón ngraf thíos, a léiríonn an t-athrú i mbuiséid na Comhairle Ealaíon1 agus Foras na Gaeilge ó 2001 go 2013, nach raibh aon mhéadú suntasach i mbuiséad an Fhorais ó cuireadh ar bun é, fiú i rith an tíogair Cheiltigh nuair a tugadh méaduithe móra do bhuiséid áisíneachtaí stáit éagsúla ar nós na Comhairle Ealaíon:
Níl ann sa chomparáid leis an gComhairle Ealaíon ach comparáid le háisíneacht stáit eile a dhéanann obair chomhchosúil. Is chóir gan amhras an Chomhairle Ealaíon a mhaoiniú níos fearr ná mar atá faoi láthair.
Ní amháin sin ach nuair a chuirtear an boilsciú treoiruimhir praghsanna san áireamh tá léiriú scanrúil thíos den laghdú 21% ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge ó 2001 go 2013 agus laghdú 41% measta go 2015:

Fíor-mhaoiniú Fhoras na Gaeilge le boilsciú treoiruimhir praghsanna san áireamh ó 2001 (2014 & 2015 mar mheastachán)

Mar is eol dúinn go léir, tá drochthorthaí i ndiaidh éirí as an easpa infheistíochta i mbuiséad an Fhorais, ar nós nach mbeidh nuachtán Gaeilge i gcló a thuilleadh, go bhfuil deireadh le maoiniú do roinnt mhaith eagraíochtaí Gaeilge, go bhfuil deireadh le maoiniú d’irisí Gaeilge éagsúla, go bhfuil bac ar fhás agus ar fhorbairt tograí reatha agus nua

Luach eacnamúil
Tá luach eacnamúil leis an nGaeilge don gheilleagar, m.sh. is fiú €6 mhilliún don bhaile / chathair a mbíonn an tOireachtas eagraithe ann; is fiú os cionn €136 milliún an Ghaeilge do gheilleagar na Gaillimhe go bliantúil; is fiú os cionn €20 milliún na coláistí samhraidh Gaeilge don gheilleagar. Is fiú a infheistiú mar sin i bhForas na Gaeilge ní amháin leis an teanga a láidriú ach leis an ngeilleagar a neartú chomh maith

Mar sin ní cheart , ar a laghad, aon chiorrú a dhéanamh ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge sa cháinaisnéis do 2015.



Share/Save/Bookmark