28.11.09

0 GleG Réamhrá

Buntáistí geilleagracha na Gaeilge a fheictear i gCathair na Gaillimhe agus i nGaeltacht na Gaillimhe

1.0 Achoimre Feidhmiúcháin
2.0 Tátail agus moltaí
3.0 Cúlra an staidéir agus an mhodheolaíocht

Tá cúig cinn de aguisíní leis an tuairisc seo. Is féidir iad a fheiscint sa leagan pdf de atá le fáil ar suíomh Gaillimh le Gaeilge
1. Caiteachas an Rialtais ar an nGaeilge
2. Breisluach Chaiteachas an Rialtais
3. Tionchar Geilleagrach na Turasóireachta Gaeilge i nGaillimh
4. Tagairtí & Leabharliosta
5. Láithreáin Ghréasáin agus Eagraíochtaí a ndeachthas i gcomhairle leo

In 2008 rinne Gaillimh le Gaeilge coimisiúnú ar an gcomhairleacht gnó agus margaíochta Bane Mullarkey atá lonnaithe i nGaillimh, i gcomhpháirt le Jerome Casey & a Chomh. Teo., chun taighde a dhéanamh ar na tionchair eacnamaíochta a bhfuil baint acu le húsáid na Gaeilge i nGaillimh. Tá sé os cionn scór bliain ó rinneadh an staidéar deiridh: Na Tionchair Shoceacnamaíocha Áitiúla a bhaineann le Gaeltacht na Gaillimhe [M.S. Ó Cinnéide agus M.J. Keane].

Is é cuspóir an taighde seo ná staidéar a dhéanamh ar na buntáistí eacnamaíochta atá ar fáil do Chathair agus do Ghaeltacht na Gaillimhe de thoradh stádas Gaeltachta a bheith ag an gceantar. Tá go leor athruithe tagtha ar chúrsaí eacnamaíochta an domhain ó cuireadh tús leis an gcéim taighde den staidéar seo. In Éirinn, tá impleachtaí a bhaineann le tuarascáil Mhic Cárthaigh, ‘Uimhreacha na Seirbhíse Poiblí agus Cláir Chaiteachais’ fós le sonrú. Moladh ciorruithe suntasacha i gcaiteachas an Rialtais sa tuarascáil sin agus táthar ag ceapadh go mbeidh athruithe ollmhóra ar Phlean 20
Bliain an Rialtais don Ghaeilge.

In ainneoin sin, tugann na ráitis is déanaí ón Taoiseach, Brian Cowen, le fios dúinn go bhfuil sé beartaithe aige leanúint ar aghaidh ag tabhairt tacaíochta don Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta sa todhchaí. Taispeánann torthaí agus moltaí an taighde seo chomh maith tábhacht na Gaeilge agus na buntáistí eacnamaíochta atá ag dul léi, go háirithe do shaol eacnamaíochta Chathair na Gaillimhe agus Ghaeltacht na Gaillimhe.

Cibé athruithe a dhéanfar, tá an Stát tiomnaithe chun tacú le pobail Ghaeltachta agus leis an nGaeilge, agus tacaíocht aige de bharr aitheantas bunreachtúil na Gaeilge mar chéad teanga an Stáit. Tá sé de chumas ag Cathair na Gaillimhe go háirithe agus ag Gaeltacht na Gaillimhe leanúint de bheith ag baint leasa as an tacaíocht sin. Ní foláir iarracht chomhordaithe a fháil ó na comhlachtaí uile atá i gceist, áfach, chun go dtuigfear na buntáistí acmhainneacha go hiomlán, agus go gcinnteofar luach na Gaeilge do Chathair na Gaillimhe.

Ba phróiseas cuimsitheach a bhí i gceist leis an tasc taighde seo. Chuathas i gcomhairle le sliosamharc samplach de chomhlachtaí, de ghnáthmhuintir an phobail agus de pháirtithe leasmhara na Cathrach agus an Chontae agus ba mhaith liom an deis seo a ghlacadh chun buíochas a ghabháil le gach duine a ghlac páirt ann. Ba mhaith liom buíochas speisialta a ghabháil leis an Aire Éamon Ó Cuív, Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, an Bainisteoir Cathrach, Joe MacGrath agus leis an mBainisteoir Contae, Martina Moloney as ucht a gcomhoibrithe fhéil sa phróiseas.

Gach rath

Iognáid G. Ó Muircheartaigh, MA PhD DSc LLD
Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge
Uachtarán Emeritus
Ollscoil na hÉireann, Gaillimh


Tasc Taighde: Buntáistí geilleagracha na Gaeilge a fheictear i gCathair na Gaillimhe agus i nGaeltacht na Gaillimhe
Le haghaidh: Gaillimh le Gaeilge
Le: Bane Mullarkey Teo. i gcomhpháirtíocht le Jerome Casey & a Chomh. Teo

Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment