9.11.09

Beirt amháin eile!

Feachtas comhrá ag an gConradh
Na hIonaid!
Gaillimh:
Am: Gach Máirt ag 10.30rn
Áit: Café Mocha, Sráid Doiminic, Gaillimh.

Am: Gach Máirt ag 11.00rn
Áit: The Hub, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Am: Gach Máirt ag 3.00in
Áit: Canteen, GMIT, Gaillimh.

Am: Oíche na bhFoghlaimeoirí, gach Céadaoin ag 8.00in
Áit: Club Áras na nGael, 45 Sráid Doiminic, Gaillimh.
Teagmháil: Gráinne Ní Chonghaile

Am: Gach oíche Luan ag 8.00in
Áit: Bialann Lohans, Bóthar na Trá, Gaillimh
Teagmháil: Patricia Lohan

Baile Locha Riach
Am: Gach Céadaoin ag 11.00rn
Áit: Hope’s, Baile Locha Riach, Co. na Gaillimhe.
Teagmháil: Gaeilge Locha Riach +353 (0)91 870718


Muigheó
Am: Gach Céadaoin ag 9.30 – 12.00in
Áit: Teach tábhairne Mc Carthy's, Caisleán an Bharraigh
Teagmháil: Brídín Ní Cheallaigh +353 (0)87 9781166


Inis
Am: Maidin caife míosúil
Áit: Ionad nua gach mí
Teagmháil: An Clár As Gaeilge


An Tulach Mór
Am: Gach Céadaoin ag 12.30 - 1.30in
Áit: Quigley's, Sráid Phádraig, An Tulach Mór. Co. Uíbh Fháilí.
Teagmháil: Barbara Tynan +353 (0)86 8157342


Baile Átha Cliath
Am: Gach Céadaoin ag 11.00rn
Ionad: Bagel Factory, Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Teagmháil: Síne Nic an Ailí

Am: Gach Céadaoin ó 11.00rn – 12.30in
Áit: An Seomra Caidrimh (B207), Áras Newman, Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath, Belfield, Baile Átha Cliath 4.
Teagmháil: siobhán.nicfhlannchadha@ucd.connect.ie

Am: Gach Déardaoin ag 11.00rn
Áit: Bialann an Champais, Sráid Bolton, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath 1.
Teagmháil: domhnall.sheridan@dit.ie

Am: Gach Máirt ag 1.00 - 1.45in
Áit: An Seomra Foirne (2-049), Sráid Áinséir, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath 2.
Teagmháil: elena.keany@dit.ieptbrowne@dit.ie

Am: Gach oíche Mháirt ag 8.30in
Áit: Áras Chonradh na Gaeilge, Corrán Grattan, Inse Chór, Baile Átha Cliath 8.
Teagmháil: Craobh Inse Chór +353 (0)1 4535814

Am: An chéad Aoine den mhí ag 1.00in
Áit: Camden Court Hotel, Sráid Camden, Baile Átha Cliath 2.
Teagmháil: Siobhán Nic Gaoithín

Conradh na Gaeilge ag cur tús leis an chéad ghréasán náisiúnta de chiorcail chomhrá dar teideal Is Leor Beirt i gcomhar le Scéimeanna Phobail Gaeilge timpeall na tíre.

Tabharfaidh scéim nua an Chonartha Is Leor Beirt deis labhartha Gaeilge don ghnáthphobal agus cinnteoidh go mbeidh an Ghaeilge le cloisteáil go poiblí in ionaid éagsúla timpeall na tíre. Eascraíonn an scéim as an smaoineamh simplí nach bhfuil ach beirt Ghaeilgeoir ag teastáil chun ciorcal comhrá a bhunú agus chun gréasán Gaeilge áitiúil a chothú, trí bhualadh le chéile chun Gaeilge a labhairt le cupán caife nó um lón uair in aghaidh na seachtaine.

Dar le Síne Nic an Ailí, Feidhmeannach Forbartha Chonradh na Gaeilge: “Tá sé an-éasca grúpa nua Is Leor Beirt a bhunú, níl ag teastáil ach go mbuailfidh grúpa beag le chéile i gcaife áitiúil nó sa bhialann san ionad oibre le comhrá le chéile i nGaeilge ar bhonn rialta. Níl aon chostas nó am breise de dhíth chun páirt a ghlacadh i ngréasán Gaeilge Is Leor Beirt, ó seo am lóin nó sos caife a bheadh á ghlacadh ag daoine ar aon nós, ach beidh sé á ghlacadh acu i suíomh éagsúil anois i dteannta daoine eile sa suim sa teanga.”

Dúirt Peadar Mac Fhlannchadha, Timire Náisiúnta an Chonartha: “Ní hamháin go mbeidh pointe teagmhála á chruthú ag scéim an Chonartha do dhaoine lasmuigh de phobal na Gaeilge ar an dóigh seo, ach cabhróidh Is Leor Beirt go mór le daoine ar an gcúpla focal an easpa muiníne agus an eagla roimh úsáid na Gaeilge a dhíbirt i gcomhluadar cairdiúil, neamhfhoirmeálta.”

Cuireann ar a laghad beirt chainteoir Gaeilge fáilte roimh dhaoine eile ag gach ionad a ghlacann páirt i scéim an Chonartha gach seachtain nó gach mí. Tá cur chuige Is Leor Beirt feiliúnach go háirithe do dhaoine atá ag iarraidh deise chun úsáid a bhaint as an méid Gaeilge atá acu, nó chun cur lena cumas teanga, agus tá grúpaí cheana féin ceangailte leis an scéim i nGaillimh, Maigh Eo, Baile locha Riach, Inis, Baile Átha Cliath agus an Tulach Mór, Co. Uíbh Fháilí.

Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment