Rónán Ó Domhnail An Coimisinéir Teanga |
Tá naoi mí ann ó bhí sé ós comhair an Choiste céanna le cearta lucht labhartha Gaeilge agus Acht na Gaeilge a phlé leo. Tá tuairisc ar an gcruinniú sin agus a chuid nótaí cainte le feiscint anseo san píosa An Coimisinéir & Comhchoiste eile! (15/1/2015).
Seo nótaí ar an méid a bhí le rá aige ann. Tá tuairiscí ar an gcruinniú féin, Uisce Éireann ag tabhairt na gcosa leo (21/10/2015), agus Cás le freagairt ag Eircode (22/10/2015), ag tuairisc.ie.
Is mar seo a labhair sé:
• Tá aistriúchán ar na nótaí seo le fáil ar The Hidden Ireland: What happened in 2014?
Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an gComhchoiste as an gcuireadh teacht in bhur láthair inniu chun plé a dhéanamh ar Thuarascáil Bhliantúil na hOifige don bhliain 2014 (pdf) mar aon leis an Tuarascáil Speisialta a leagadh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas níos luaithe i mbliana agus a bhain leis an Roinn Oideachais agus Scileanna. Is i mí an Mhárta i mbliana a chuir mé an Tuarascáil Bhliantúil faoi bhráid an Aire Gnóthaí Gaeltachta agus seoladh an tuarascáil go hoifigiúil ar an 14 Bealtaine. Tá trí phríomhchúram leagtha ag an Oireachtas ormsa mar Choimisinéir Teanga:
Obair na bliana Le linn na bliana seo caite dhéileáil m’Oifig le 709 gearán agus iarratas ar chomhairle ón bpobal maidir lena gcearta teanga. Is ardú de bheagán a bhí anseo le hais na bliana roimhe sin. Bhain an tríú cuid de na gearáin a fuair m’Oifig le seirbhísí a bhí clúdaithe i scéimeanna teanga, an ceathrú cuid le húsáid na dteangacha oifigiúla ar chomharthaíocht agus ar stáiseanóireacht agus an deichiú cuid araon le deacrachtaí a bhí ag daoine in úsáid an leagain Gaeilge dá n-ainm agus seoladh agus a bheith ag fáil freagra i mBéarla ar chomhfhreagras i nGaeilge. I dteannta gearán maidir le comharthaí bóthair, ar tháinig titim orthu anuraidh, tá patrún sonrach le haithint anois gurb iad seo na réimsí ábhair is mó a mbíonn deacracht ag lucht labhartha na Gaeilge leo ina gcuid idirghníomhaíochta leis an Stát. Réitítear formhór na ngearán tríd an bpróiseas neamhfhoirmiúil gearán a fheidhmíonn an Oifig. Mar sin féin, i gcásanna áirithe ní bhíonn de rogha agam ach dul i muinín an phróisis fhoirmiúil imscrúdaithe nuair nach mbíonn aon toradh sásúil ar an bpróiseas neamhfhoirmiúil. I rith na bliana seo caite thionscain mé seacht n-imscrúdú oifigiúla ar ábhair éagsúla. Chomh maith leis sin, d’eisigh mé trí thuarascáil imscrúdaithe le linn na bliana a bhain leis an nGníomhaireacht um Fháil Iarnród, Bus Átha Cliath agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.
Ar cheann de na hábhair nach miste liom aird an Chomhchoiste a tharraingt air tá an líon gearán nach raibh ar chumas m’Oifige iad a fhiosrú de bhrí nár tháinig na comhlachtaí poiblí ábhartha faoi scáth an Achta. Ar an iomlán bhí 115 gearán den chineál seo i gceist. Bhain 35% acu sin leis an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre agus 15% le hUisce Éireann.
Ar cheann de na hábhair nach miste liom aird an Chomhchoiste a tharraingt air tá an líon gearán nach raibh ar chumas m’Oifige iad a fhiosrú de bhrí nár tháinig na comhlachtaí poiblí ábhartha faoi scáth an Achta. Ar an iomlán bhí 115 gearán den chineál seo i gceist. Bhain 35% acu sin leis an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre agus 15% le hUisce Éireann. I gcásanna mar seo bíonn m’Oifig ag brath ar dhea-thoil na gcomhlachtaí poiblí chun ábhar na ngearán a réiteach nó go deimhin bíonn orainn a chomhairliú don phobal nach bhfuil aon spás ar fáil dúinn chun gníomhú. Tarlaíonn sé seo de bharr gur faoi chéadsceideal an Achta a ainmnítear na comhlachtaí poiblí sin a thagann faoi scáth an Achta. Is ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta atá an t-údarás nuashonrú a dhéanamh ar an sceideal agus tá os cionn naoi mbliana caite ó rinneadh é sin go deireanach, i mí Iúil 2006. Tá an iliomad athruithe déanta ó shin ar eagraíochtaí, fheidhmeanna agus sheirbhísí Stáit ó tugadh faoi athchóiriú na seirbhíse poiblí. Is fadhb leanúnach í seo is furasta a réiteach agus ba chóir a bheith déanta i bhfad roimhe seo. Déantar cur síos sa Tuarascáil Bhliantúil ar an gclár monatóireachta nó faireacháin a chuir m’Oifig i gcrích le linn na bliana seo caite. Tá sé le feiceáil gur leanadh den scrúdú ar chur i bhfeidhm scéimeanna teanga agus moltaí a bhí déanta i dtuarascálacha imscrúdaithe. Is gnách le m’Oifig freisin faireachán a dhéanamh ar ghné éigin de na dualgais dhíreacha atá leagtha ar chomhlachtaí poiblí. Le linn na bliana seo caite scrúdaigh m’Oifig an bealach a raibh údaráis áitiúla ag tabhairt faoi chur i bhfeidhm na ndualgas a bhaineann le fógairtí taifeadta béil ar chórais teileafóin, dualgais atá i bhfeidhm ó mhí Iúil 2013 agus nár scrúdaíodh roimhe seo. Ba é príomhthoradh an iniúchta sin nach raibh ach dhá údarás áitiúla, as an 32 a tháinig faoi scóip an iniúchta, a bhí ag cloí go hiomlán leis na dualgais teanga atá leagtha orthu sa réimse seo. Scéimeanna Teanga
In ainneoin roinnt scéimeanna lena mbaineann méid áirithe fiúntais, measaim gur córas fabhtach é seo agus gur cheart sampla na Breataine Bige a leanúint trí éabhlóidiú chuig córas caighdeán.
I gcaitheamh na mblianta rinneadh cuid mhaith cur agus cúiteamh faoi chóras na scéimeanna teanga. Mothaím nach bhfuil mórán sa bhreis is féidir a rá fúthu nach bhfuil ráite roimhe seo. Táim go mór in amhras faoin gcóras seo mar mhodh cuimsitheach do sholáthar seirbhísí stáit do lucht labhartha na Gaeilge. In ainneoin roinnt scéimeanna lena mbaineann méid áirithe fiúntais, measaim gur córas fabhtach é seo agus gur cheart sampla na Breataine Bige a leanúint trí éabhlóidiú chuig córas caighdeán. Admhaím go bhfuil níos mó scéimeanna teanga á n-aontú anois ná mar a aontaíodh le tamall de bhlianta. Dhaingnigh an tAire 21 scéim teanga le linn na bliana seo caite. Ceistím mar sin féin fiúntas na ngealltanas i roinnt scéimeanna a bhíonn teoranta agus coinníollach. Níor chóir go mbeadh aon áit do chroimeasc den chineál seo i scéimeanna reachtúla teanga. Cuireann sé imní orm freisin nach bhfuiltear go fóill ag aithint poist a mbeidh riachtanais Ghaeilge bainteach leo sna scéimeanna teanga atáthar a aontú. Is mar chuid den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a tugadh le fios ar dtús go mbeadh na poist seo á n-aithint i scéimeanna teanga feasta. Tá an ceathrú cuid de thréimhse na Straitéise sin caite anois agus níl aon leithscéal nach mbeifí ag aithint na bpost seo ar bhealach córasach agus cuimsitheach, faoi mar a gealladh. Ag deireadh na bliana seo caite bhí 99 iarratas déanta ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ar chomhlachtaí poiblí dréachtscéim teanga de chineál éigin a ullmhú. Ón am a n-eisíonn an tAire fógra i dtaobh scéim a ullmhú bíonn de ghnáth sé mhí ag an gcomhlacht poiblí chun dréacht a chur ar fáil. Ag deireadh na bliana seo caite bhí os cionn ocht mbliana caite ó iarradh ar ocht gcomhlacht phoiblí scéim teanga a ullmhú, ina measc an Ceoláras Náisiúnta, Coimisiún na Scrúduithe Stáit agus an Chomhairle Oidhreachta. Cás Cúirte
Tacaím freisin leis an méid a bhí le rá ag an mbreitheamh léannta mar fhreagra ar áitiú na gCoimisinéirí Ioncaim go bhféadfadh comhlachtaí poiblí bealaí a aimsiú le hoibriú thart ar an reachtaíocht nuair a dúirt “Nílim den tuairim go mbeadh an cineál sin iompair ar bun ag comhlachtaí freagracha poiblí."
Ba le linn na bliana seo caite a thug an Breitheamh Colm Mac Eochaidh a bhreithiúnas maidir leis an achomharc a bhí déanta ag Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim i gcoinne cinneadh imscrúdaithe de chuid na hOifige. Ba é seo an chéad agus an t-aon achomharc a rinneadh go dtí seo i gcoinne fionnachtana imscrúdú de chuid an Choimisinéara Teanga agus 100 imscrúdú nó mar sin atá seolta ag an Oifig in imeacht na mblianta. Ba dhearbhú é cinneadh na Cúirte, i gcoinne an achomhairc, go raibh an bhrí chruinn á baint ag an Oifig seo as an gcuid áirithe sin den reachtaíocht. Is mór a thacaíonn fasach dlí den chineál seo le soiléiriú a thabhairt ar phíosa reachtaíochta agus fáiltím roimhe. Tacaím freisin leis an méid a bhí le rá ag an mbreitheamh léannta mar fhreagra ar áitiú na gCoimisinéirí Ioncaim go bhféadfadh comhlachtaí poiblí bealaí a aimsiú le hoibriú thart ar an reachtaíocht nuair a dúirt “Nílim den tuairim go mbeadh an cineál sin iompair ar bun ag comhlachtaí freagracha poiblí”. Bille na dTeangacha Oifigiúla (leasaithe) I mí Aibreáin na bliana seo caite a foilsíodh Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (leasú). Rinne mé cur i láthair ar an ábhar seo os comhair an Chomhchoiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht i mí na Bealtaine 2014. Dúirt mé ag an am sin gur beag a bhí sa Bhille beartaithe chun riachtanais lucht labhartha na Gaeilge a shásamh. Thug mé le fios chomh maith nár tugadh mórán airde ar na moltaí a rinne m’Oifig ná go deimhin ar mholtaí an phobail sna ceannteidil a foilsíodh. Níor cuireadh san áireamh mar shampla aon riachtanas go mbeadh Gaeilge ar a dtoil ag oibrithe an Stáit a bhíonn ag cur seirbhís ar fáil sna ceantair Ghaeltachta ná go deimhin go gcuirfí malairt córais in áit chóras na scéimeanna teanga. Aontaím leis an dearcadh a léirigh an Comhchoiste traspháirtí, agus iad ag déanamh 34 moladh ar na 13 cheannteideal, go gcaithfeadh an Bille nua a chinntiú go bhféachfaí leis an nGaeilge a chur chun cinn seachas a feidhm a theorannú i réimsí ar leith. (Le fáil ar an leathanach - Bearla - seo: • 27 January 2015: Report on the General Scheme of the Official Languages (Amendment) Bill 2014). Mar a thug mé le fios roimhe seo, lasmuigh d’athruithe teicniúla níl ach dhá mhír sna ceannteidil a foilsíodh a bhfeicim fiúntas lena gcuspóir, is é sin go dtabharfaí comhlachtaí poiblí go huathoibríoch faoi scáth an Achta agus go dtabharfaí cosaint reachtúil d’úsáid an leagain Gaeilge d’ainm agus de sheoladh. Léiríodh dúinn le deireanaí a thábhachtaí is atá sé go mbeadh cosaint reachtúil ann d’úsáid ainm agus seoladh tar éis do dhaoine a gcóid phoist nua a fháil ag seoltaí a bhí i mBéarla agus in ainm nár aithin siad. Tá cuid mhaith gearán faighte ag an Oifig seo maidir le Eircode agus an rud is mó a ghoill ar dhaoine ná gur seoladh an cód poist nua chucu faoi ainm agus sloinne a bhí i mBéarla cé nár ghnách leo a leithéid a úsáid riamh. Is ábhar é seo atáim a fhiosrú faoi láthair ach ní miste liom a rá go bhfuil cuing áirithe orm de bhrí nach ann d’fhoráil chun cearta a chosaint i ndlí teanga na tíre.
"...bheadh muid ag cur dallamullóg orainn féin dá sílfeadh muid gur leor na bearta sin gan Acht neartaithe ag luí taobh thiar díobh."
Tá ceithre bliana nach mór caite anois ó fógraíodh an t-athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla i mí na Samhna 2011. Níl aon amhras ormsa faoin méid atá ag teastáil. Tá na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an Acht reatha ráite agus athráite. Mar Choimisinéir Teanga teastaíonn uaimse go mbeadh Acht againn a bheadh ina chrann taca do sholáthar seirbhísí Stáit trí Ghaeilge, a chuideodh leo siúd nach mian míréasúnach dóibh a bheith in ann a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge le forais oifigiúla na tíre seo. Go cinnte teastaíonn bearta, acmhainní agus tacaíochtaí, an ceann is lú díobh dóthain foirne le Gaeilge, chun an méid sin a chinntiú. Ach bheadh muid ag cur dallamullóg orainn féin dá sílfeadh muid gur leor na bearta sin gan Acht neartaithe ag luí taobh thiar díobh.Tuarascáil Speisialta Le linn dom a bheith ag seoladh na Tuarascála Bliantúla i mí Bealtaine na bliana seo, sheol mé tuarascáil speisialta chuig Tithe an Oireachtais chomh maith faoi alt 26(5) den Acht. Tá sé de chúram orm an méid seo a dhéanamh nuair a thagaim ar an tuairim nach bhfuil comhlacht poiblí tar éis moltaí a bhíonn déanta i dTuarascáil Imscrúdaithe a chur i bhfeidhm go sásúil. Bhain an tuarascáil áirithe seo leis an Roinn Oideachais agus Scileanna agus a teip, dar liom, socruithe sásúla a chur i bhfeidhm a chinnteodh nach gceapfaí ach múinteoirí le Gaeilge líofa i scoileanna Gaeltachta. Tar éis imscrúdú a dhéanamh ar ghearán ó Scoil na Rinne ar an ábhar seo, ba léir go raibh tús áite á thabhairt do chearta painéil a tháinig salach nó nár thug aird ar na dualgais teanga a bhí ar an Roinn faoin Acht Oideachais, 1998.
Teastaíonn dar liom .... go gcuirfí socruithe i bhfeidhm a chinnteodh gan aon amhras go gcaithfeadh Gaeilge líofa a bheith ag múinteoirí i scoileanna Gaeltachta agus go deimhin i scoileanna lán-Ghaeilge.
Ba mhaith liom a chur ar an taifead go bhfáiltím roimh an bpróiseas a sheol an Roinn Oideachais agus Scileanna do Mholtaí Polasaí don Soláthar Oideachais i Limistéir Ghaeltachta níos luaithe i mbliana. Tá tagairt déanta sa cháipéis sin don ábhar a bhí mar bhunús leis an ngearán, is é sin ath-imlonnú múinteoirí agus é ráite go ndéanfar athbhreithniú leanúnach ar éifeachtúlacht na socruithe atá i bhfeidhm. Teastaíonn dar liom níos mó ná sin agus go gcuirfí socruithe i bhfeidhm a chinnteodh gan aon amhras go gcaithfeadh Gaeilge líofa a bheith ag múinteoirí i scoileanna Gaeltachta agus go deimhin i scoileanna lán-Ghaeilge. Tar éis dom cur i bhfeidhm mholtaí an imscrúdaithe a mheas, tháinig mé ar an tuairim nach raibh dóthain déanta ag an Roinn chun talamh slán a dhéanamh de gur mar sin a bheadh. Is ar an mbonn sin a chuir mé an tuarascáil faoi bhráid Thithe an Oireachtais.Tá súil agam go dtugann an ráiteas seo léargas don Chomhchoiste ar bhuaicphointí na hOifige le linn na bliana seo caite agus fáiltím roimh aon cheisteanna atá agaibh. |
No comments:
Post a Comment