9.5.15

An giolch Ghaelach! "Abair leat!"


Spreag an píosa se díospóireacht ar líne agus as sin d'fhás an moladh seo:
"Iarr ar na múinteoirí daltaí a chur a tweeteáil as Gaeilge."

Bhí teachtaireach le déanaí go raibh níos mó ná milliún teachtaireachtaí curtha amach ar an gcóras giolcaireachta Twitter. Ansin cuireadh an cheist "Cén fhaid a thógfaidh sé orainn 2,000,000 tweet Gaeilge a bhaint amach - bunaithe ar an líon reatha tweeteannaí laethúla Gaeilge?" Tháinig freagra tobann, beacht gearr thár n-ais, "15 Meitheamh 2018!"


Twitter as Gaeilge
Conas an leagan Gaeilge de twitter a úsáid!
Téir thuas go "Profile & Settings" (ar bharr ar dheis le do phictiur próifíle)
Brú air agus téir síos go "Settings:"
Téir go "Language" agus roghnaigh "Gaeilge (beta)"
Téir go bun an leathanaigh agus brú "Save Changes!" Beidh ort do phasfhocal a bheith agat!
Anois tá do chúntas twittir Gaelaithe agat!
Chomhgairdeachas!
Ceapfá gur freagra greannmhar a bhí ann ach gur ón saineolaí Meiriceánach, Kevin Scannell, a tháinig sé. Seo fear, matamaiticeoir, ag obair in Olscoil thiar i St Louis ar bhruach an Mississippi atá éacht deanta aige as son teangacha atá i mbaol, an Ghaeilge ach go h-áraithe faoin dtideal, "Indiginous Tweets." Tá neart obair déanta aige (agus daoine eile ar ndóigh) le leaganacha ceart Gaeilge a chuir ar na hardáin mheáin shoisialta mar twitter nó facebook. Agus muid ag caint ar sin bhí alt i dTuairisc.ie ar an obair ar twitter le deanaí, "Ba é ‘Tweet’ féin an focal ba chonspóidí...!" Tá eolas eile ar obair aistriúcháin an Ollaimh Scannell le fáil anseo  i Scéalta ón gCibearspás ón bhfoinnse céanna!

Tá pobal na Gaeilge go mór faoi chomaoin aige!

Tá cuarbhreacadh ar an méid tuíteanna a seoladh le blianta anuas agus tharraing sé graf (thíos) a léiríonn an fás atá ar sin ó 2011 i leith atá thár a bheith suimiúil:
K. Scannell 8 Bealtaine 2015
Léiríonn sé go bhfuil meadú éigin ag tárlúint ach tabhair faoi deara a thárla ag tús 2014 nuair a bhí níos mó tuíteanna ná ag aon am eile. Má smaoiníonn muid ar an t-am sin bshin aimsir na mórshúil, Dearg le Fearg, Lá Mór na Gaeilge agus Slán le Seán. Bunaithe ar an eolas sin is féidir leis tuar a dhéanamh ar chatheann a mbeidh an dhá mhilliúin déanta againn.

Ach ar ndóigh mar a dúirt @teamhair2016, "bheadh sé iontach dá dtarlódh sé le linn 2016!" agus mar a dúirt Kevin "Abair leat!"

Cuireann sé íontas orm an méid daoine i bPobal na Gaeilge agus fiú sa Ghaeltacht féin a deineann tuíteáil i mBéarla don chuid is mó. Ina measc siúd tá polaiteoirí Gaeltachta mar Éamon Ó CuívPearse Doherty. Déanann Trevor Ó Clochartaigh iarracht a theanga dhúchasach a úsáid agus bíonn cor cheann leis ó Sheán Kyne.  Bhí sé spéisiúil nár chuir Joe Hughes tweet amach i nGaeilge go dtí gur ceapadh ina Aire Stáit Gaeltachta é.

Nach mbeadh sé go deas dá mbeadh an dara miliúin giolch a seinnt sa bhliain 2016 mar chomóradh 1916.


• Litir a léadh amach ar Lá Mór na Gaeilge (15 Feabhra 2015)
Litir ó Aois Óg na Gaeltachta a cuireadh isteach ag Roinn na Gaeltachta ("Slán le Seán" 23 Feabhra 2015)


Tweeting as Gaeilge (The Social - 6/3/2015 - i mBéarla)


Aistriú go Gaeilge!


Share/Save/Bookmark

6.5.15

Litir ón Aire! #Gaeilge #Gaeltacht #Oideachas

Tá an chuid le moladh sa mhéid a bhí á nochtadh ag an Roinn Oideachas i leis oideachas sa Ghaeltacht inné (5 Bealtaine 2015). Is mór an acar idir an Aire seo, Jan O'Sullivan is cosúil agus an Aire a bhí ann roimpi! Mar a dúirt duine dóibh siú a bhí i láthar ag an preas ocáid ina cuireadh an polasaí i láthair, "Ni féidir a rá a rá gur rud stairiúil muna gcuirtear i bhfeidhm é!"

Seo an litir ón Aire ar an ábhar!

Is mian leis an Roinn Oideachais agus Scileanna cuireadh a thabhairt duit féin, agus d’eagraíocht, tuairimí a nochtadh maidir le Moltaí Polasaí don Soláthar Oideachais i Limistéir Ghaeltachta atá díreach foilsithe ag an Roinn.

Aithnitear i gcás scoileanna atá lonnaithe i limistéar Gaeltachta na feidhmeanna ar leith mar a bhaineann le cuidiú leis an nGaeilge a choinneáil mar phríomhtheanga. Aithnítear freisin na dúshláin atá roimh na scoileanna freastal ar riachtanais na bhfoghlaimeoiri ó chúlraí teanga éagsúla, lena n-áirítear cainteoirí dúchais agus foghlaimeoirí Gaeilge.

Tugtar deis le Moltaí Polasaí don Soláthar Oideachais i Limistéir Ghaeltachta chun dul i ngleic leis na dúshláin sin agus polasaí oideachais Gaeltachta mar ba chóir agus a bheidh oiriunach don ábhar a shainiú agus a fheidhmiú. Tá leagan Gaeilge agus leagan Béarla de Moltaí Polasaí don Soláthar Oideachais i Limistéir Ghaeltachta faoi iamh agus tá fáil ar chóip leictreonach den cháipéis ar shuíomh gréasáin na Roinne. Tá fáil ar an suíomh gréasáin chomh maith ar na ceithre thuarascáil taighde a bhí mar bhonn leis na moltaí.

Ceangailte leis an litir seo, tá suirbhé gairid (pdf) mar a bhaineann le Moltaí Polasaí don Soláthar Oideachais i Limistéir Ghaeltachta. Ba mhór ag an Roinn tuairimí eagraíochtaí i limistéir Ghaeltachta a fháil ar na roghanna polasaí atá leagtha síos san fhoilseachán sin.

Iarrtar ort, le do thoil, dul i gcomhairle le d’eagraíocht faoi na moltaí polasaí agus an suirbhé a chomhlánú agus a sheoladh ar ais tríd an bpost, nó go leictreonach ar an suíomh gréasáin faoin Luan 15 Meitheamh 2015 ar a dhéanaí.

Táthar ag súil go mór le do thuairimí agus tuairimí d’eagraíocht faoi na moltaí polasaí a fháil agus táthar buíoch díot as do chomhoibriú leis na socruithe cuí a dhéanamh ina leith sin.

Litir ón Aire Jan O'Sullivan, 5/5/2015

Share/Save/Bookmark