1.0 Achoimre Feidhmiúcháin 2.0 Tátail agus moltaí 3.0 Cúlra an staidéir agus an mhodheolaíocht Tá cúig cinn de aguisíní leis an tuairisc seo. Is féidir iad a fheiscint sa leagan pdf de atá le fáil ar suíomh Gaillimh le Gaeilge 1. Caiteachas an Rialtais ar an nGaeilge 2. Breisluach Chaiteachas an Rialtais 3. Tionchar Geilleagrach na Turasóireachta Gaeilge i nGaillimh 4. Tagairtí & Leabharliosta 5. Láithreáin Ghréasáin agus Eagraíochtaí a ndeachthas i gcomhairle leo |
Mar a luadh cheana, rinne Gaillimh le Gaeilge an staidéar seo a choimisiúnú chun aird na dtairbhithe agus na bpáirtithe leasmhara i gCathair na Gaillimhe go háirithe, agus i nGaeltacht na Gaillimhe a dhíriú arís ar na buntáistí geilleagracha a bhaineann le húsáid na Gaeilge sa cheantar agus le cinntiú go bhfanann na buntáistí geilleagracha sin go háitiúil.
Beidh an Ghaeltacht ina cnámh droma don Ghaeilge i gcónaí. Is cuma cé chomh lag nó chomh híseal is atá líon na gcainteoirí, seo an áit a mbeidh an líon is airde cainteoirí laethúla Gaeilge agus an fháil is forleithne ar an nGaeilge mar theanga pobail agus mar theanga an chaidrimh shóisialta, cuíosach luath amach anseo ar aon chuma. Mura mbeidh an úsáid laethúil agus leanúnach sin ann, beidh saibhreas agus líofacht na Gaeilge i mbaol.
Is féidir le Cathair na Gaillimhe cabhrú le cainteoirí Gaeilge ón nGaeltacht a dteanga a chothú trí sheirbhísí agus tacaíocht a chur ar fáil dóibh i nGaeilge, agus trína chur ar shúile na gcustaiméirí a labhraíonn Gaeilge go bhfuil meas ag gnólachtaí na Cathrach ar an teanga agus ar a cuid cainteoirí. Ina theannta sin, is féidir le Cathair na Gaillimhe í féin tairbhe a bhaint as an nGaeilge, mar a tharlaíonn cheana féin. Sócmhainn uathúil í an Ghaeilge chun cuairteoirí atá ag cuardach ‘rud éigin difriúil’ a mhealladh chun na Cathrach, agus meallann sí fiontair ghnó atá ag cuardach láithreacha infheistíochta.
Léiritear é seo sa mhéad a deir Richard Florida faoi go meallann cathracha a bhfuil uathúlacht agus údaracht acu daoine ar a dtugann sé an ‘aicme chruthaitheach’ orthu. Cuimsítear sa ghrúpa seo daoine atá páirteach i gcruthaitheacht ealaíonta agus chultúrtha, lucht léinn, eolaithe, innealtóirí, agus iad siúd atá páirteach i dtionscnaimh ardteicniúla, dhlíthiúla agus airgeadais. Áirítear freisin iadsan a bhíonn i mbun réiteach cruthaitheach fadhbanna, agus corpas casta faisnéise in úsáid acu chun fadhbanna sainiúla a réiteach (Florida, Richard (2002), ‘The Rise of the Creative Class’, in the Washington Monthly (rochtain ar líne 28.07.09)). Tá an-tóir ar na daoine sároilte inspreagtha seo i dtionscail gheilleagair eolasbhunaithe, agus meallann gnéithe éagsúla, ilchineálacht agus údaracht ina measc, chuig réigiúin agus chuig Cathracha faoi leith iad. Tá Cathair na Gaillimhe ar cheann de na Cathracha seo. Aithnítear gur áit tharraingteach í chun cónaí nó obair ann, ina bhfuil caighdeán maith maireachtála, agus is cuid thábhachtach den íomhá seo a húdaracht agus a cultúr cruthaitheach. Laistigh den údaracht sin, tá an Ghaeilge tábhachtach mar shócmhainn uathúil, atá fréamhaithe i stair agus i gcultúr Chathair na Gaillimhe.
Is léir luach na sócmhainne seo i dtorthaí an tsuirbhé ar líne a reáchtáladh le gnólachtaí agus le heagraíochtaí i gCathair na Gaillimhe mar chuid den staidéar seo. Dúirt breis is 91% de na freagróirí go raibh an Ghaeilge ‘tábhachtach’ nó ‘an-tábhachtach’ d’fhéiniúlacht chultúrtha Chathair na Gaillimhe, gur sócmhainn turasóireachta í agus gné uathúil tharraingteach d’íomhá na Gaillimhe.
Déanta na fírinne, tá trí ghné ag baint le tábhacht na Gaeilge sa Chathair:
1. Baineann an Chathair, a gnólachtaí agus a pobal tairbhe thábhachtach gheilleagrach aisti
2. Tugann sé deis do ghnólachtaí Cathrach a gcaidreamh le custaiméirí a mhéadú trí aitheantas a thabhairt do rogha
teanga na gcustaiméirí
3. Tugann sí buntáiste uathúil margaíochta don Chathair
2.2 Moltaí mionsonraithe
Má táthar leis an mbuntáiste geilleagrach agus na deiseanna a bhaineann le húsáid na Gaeilge a thapú agus a bharrfheabhsú, caithfidh Gaeltacht agus Cathair na Gaillimhe sraith beart agus tionscnamh a chomhordú chun úsáid agus suntasacht na Gaeilge sa Chathair a láidriú, chomh maith le soláthar seirbhísí do chustaiméirí Gaeltachta. Teastóidh plean comhtháite chun na bearta seo a chur i bhfeidhm, plean a aontóidh comhpháirtithe éagsúla, m.sh. Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Cumann Tráchtála na Gaillimhe, Cumann Gnó Chathair na Gaillimhe, an earnáil oideachais, Gníomhaireachtaí Stáit, an tionscal turasóireachta, eagraíochtaí spóirt, eagraíochtaí reiligiúnacha, pobal na n-ealaíon, grúpaí gnó, grúpaí pobail agus Ranna ábhartha Rialtais, i dteannta eagraíochtaí Gaeilge agus cultúrtha, agus grúpaí eile nach iad. Beidh orthu seo an plean céanna a sheachadadh agus tacú leis. D’fhéadfadh Bord Forbartha Cathrach na Gaillimhe áis a chur ar fáil le go bhféadfaí na moltaí a phlé, a aontú, a chur in ord tosaíochta agus a chur i bhfeidhm le comhoibriú agus tiomantas na n-eagraíochtaí ábhartha.
Ba chóir cur chun cinn agus úsáid na Gaeilge a dhéanamh i gcomhthéacs an dátheangachais, ina gcuirtear seirbhísí Béarla agus Gaeilge ar fáil, agus ina gcuirtear fáilte roimh theangacha agus roimh chultúir eile. Cé go mbeadh buntáiste cinnte ag teideal nó ag stádas oifigiúil dátheangachais don Chathair, ós rud é nach bhfuil gradam Rialtais ná náisiúnta dá leithéid ar fáil, tá an deis ag Gaillimh a téarmaí tagartha agus a spriocanna féin don Ghaeilge a dhearadh. Ba chóir go mbeadh siad seo bunaithe ar chritéir a ndéanfaí measúnú neamhspleách orthu. Mar chuid den phlean agus den pholasaí iomlán, is féidir sainmhíniú sonrach a dhéanamh ar an dátheangachas, agus ar na céimeanna a theastóidh chun an dátheangachas a bhaint amach.
Eascraíonn na moltaí agus na gníomhaíochtaí a mholtar sa staidéar seo ó na dearcaí, meoin agus smaointe a thug breis is 60 comhairlí aonair agus ón mbreis is 150 suirbhé a reáchtáladh le gnólachtaí Gaeltachta agus Cathrach. Bhí dearcaí thromlach na ndaoine a ndeachthas i gcomhairle leo cosúil lena chéile, agus chuir a bhformhór béim ar thionscnaimh shimplí, phraiticiúla chun suntasacht agus úsáid na Gaeilge a fhairsingiú sa Chathair.
Tá roinnt de na moltaí ag teacht leis na cuspóirí uileghabhálacha atá i straitéis Bhord Forbartha Cathrach na Gaillimhe “Gaillimh Beo & Bríomhar 2002 - 2012”Sonraíonn Cuspóir 4 de Straitéis an Bhoird Forbartha Cathrach an gá atá le híomhá na Gaillimhe mar lárionad domhanda an chultúir Ghaelaigh agus Cheiltigh a chothú, lena n-áirítear spórt, ceol, damhsa, béaloideas, ceardaíocht, cultúr agus teanga. Sonraíonn Cuspóir 5 an gá atá le deiseanna agus le hinfheictheacht na Gaeilge sa chathair a mhéadú.); cuireann sé seo béim ar an gcosúlacht mhór atá idir moltaí na tuarascála seo agus an fhís do Chathair na Gaillimhe a d’aontaigh a bpríomhpháirtithe leasmhara cheana. Tugann moltaí na tuarascála seo treoir faoin gcaoi a bhféadfaí an chuid den fhís sin a bhaineann leis an nGaeilge agus leis an gcultúr Gaelach a chur i bhfeidhm.
De bharr staid an gheilleagair faoi láthair, agus de bharr na ndúshlán acmhainne atá ag gach eagraíocht i láthair na huaire, ba cheart gach iarracht a dhéanamh a chinntiú nach mbeadh aon chostas ag baint leis na gníomhartha seo, nó go gcoinneofaí aon chostas a bhainfeadh leo íseal.
Bhraith formhór na n-eagraíochtaí a ndeachthas i gcomhairle leo don staidéar seo go bhféadfaí tromlach na ngníomhartha a bhaint amach leis na hacmhainní atá ar fáil cheana féin, fad agus a bheadh na heagraíochtaí ábhartha ag comhoibriú le chéile, agus fáilteach roimh thionscnaimh agus roimh smaointe nua.
Tá an liosta moltaí uaillmhianach, agus moltar go ndéanfaí iad a eagrú in ord tosaíochta agus iad a chur i bhfeidhm san ord seo laistigh de thréimhse a aontódh na príomhpháirtithe leasmhara.
Gníomhartha agus Tionscnaimh a mholtar don Ghaeilge i gCathair na Gaillimhe agus i nGaeltacht na Gaillimhe
Teastóidh plean comhtháite chun na bearta seo a chur i bhfeidhm, plean a aontóidh comhpháirtithe éagsúla. D’fhéadfadh Bord Forbartha Cathrach na Gaillimhe áis a chur ar fáil le go bhféadfaí na moltaí a phlé, a aontú, a chur in ord tosaíochta agus a chur i bhfeidhm le comhoibriú agus tiomantas na n-eagraíochtaí ábhartha.
Moltaí Polasaí do Chathair na Gaillimhe
• Creatlach nó ráiteas gairid polasaí don Ghaeilge i gCathair na Gaillimhe a réiteach, ina sonraítear an dearcadh atá ag an gCathair fúithi féin agus an Ghaeilge, agus na spriocanna agus cuspóirí atá aici chun úsáid na Gaeilge a mhéadú. Ba chóir do chomhpháirtithe éagsúla an polasaí a fhorbairt, a áireodh an Chomhairle Cathrach (trí struchtúr Bhord Forbartha Cathrach na Gaillimhe), Cumann Tráchtála na Gaillimhe, Cumann Gnó Chathair na Gaillimhe, an earnáil oideachais, an Tionscal Turasóireachta, Eagraíochtaí Spóirt, Eagraíochtaí Reiligiúnacha, Pobal na nEalaíon, grúpaí pobail, grúpaí gnó, gníomhaireachtaí Stáit agus Ranna ábhartha Rialtais, chomh maith le heagraíochtaí Gaeilge agus cultúrtha, agus grúpaí eile.
• Plean Gaeilge chun an polasaí a chur i bhfeidhm a aontú, ina mbeadh cur chuige comhtháite do mhéadú úsáid na Gaeilge sa Chathair.
• Úsáid na Gaeilge i ngach gné de chur chun cinn Chathair na Gaillimhe a spreagadh chun cur lena ról i bhféiniúlacht agus in íomhá chultúrtha na Cathrach, úsáid na Gaeilge i litríocht turasóireachta agus i dtreoirleabhair do chuairteoirí san áireamh. Gnólachtaí Chathair agus Ghaeltacht na Gaillimhe a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid ina mbrandáil táirge.
• Tá sé tábhachtach go gcuirfeadh na hoifigí agus na gníomhaireachtaí Stáit uile atá bunaithe i nGaillimh Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm go hiomlán, agus fíorthiomantas a thaispeáint, chun seirbhís chuimsitheach agus chomhsheasmhach Ghaeilge a chinntiú do chainteoirí Gaeilge.
• Tá infheictheacht na teanga sa Chathair an-tábhachtach má tá glacadh agus úsáid na Gaeilge le méadú. Tá athbhreithniú á dhéanamh ar an bPlean Forbartha Cathrach faoi láthair agus tá deis anois ann do Ghaillimh le Gaeilge dul i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun coinníollacha feiliúnacha d’aghaidheanna siopaí agus do chomharthaí a chur i bPlean nua Forbartha Chomhairle Cathrach na Gaillimhe 2011-2017.
• Stádas Oifigiúil Dátheangach a fháil do Chathair na Gaillimhe. Beidh ar Chathair na Gaillimhe a dearcadh féin faoin aitheantas agus stádas speisialta atá tuillte aici a chur in iúl, agus stocaireacht a dhéanamh ar an Rialtas gradam speisialta a bhronnadh ar an gCathair, nó fógra a dhéanamh í féin gur Cathair oifigiúil Dhátheangach í Cathair na Gaillimhe.
- • Scéim phíolótach a fhorbairt chun tacaíocht, cúnamh agus infheistíocht airgeadais de shaghas éigin a chur ar fáil d'eastáit tithíochta nó pobal Gaeilge sa Chathair ina bhfuil iarracht mhór á déanamh an Ghaeilge a úsáid agus a chur chun cinn i ngach bealach.
• Feachtas poiblíochta a chur ar bun chun cainteoirí Gaeilge, daoine atá ina gcónaí sa Ghaeltacht ina measc, a spreagadh chun seirbhísí Gaeilge a úsáid agus a iarraidh i gCathair na Gaillimhe san earnáil phríobháideach agus san earnáil phoiblí.
Bearta Praiticiúla – Oideachas
• Naisc idir Gaelscoileanna na Cathrach agus grúpaí deonacha Gaeilge eile a chothú i mbealach níos comhordaithe. I measc an chomhoibrithe seo, bheadh tacaíocht bhreise do thuismitheoirí: córas 'buddy’ do thuismitheoirí a bhfuil cumais éagsúla teanga acu, grúpaí comhrá le háisitheoir, srl.
• Seirbhís ‘iarscoile’ Gaeilge a chur ar fáil do scoileanna sa Chathair nach múineann trí mheán na Gaeilge, ina dtabharfaí cúnamh do dhaltaí scoile lena n-obair baile agus ina reáchtálfaí gníomhaíochtaí éagsúla trí mheán na Gaeilge.
Bearta Praiticiúla – Gnó
- • Scéim a thosú chun daoine a aithint atá sásta, agus in ann, seirbhís i nGaeilge a chur ar fáil i ngnólachtaí agus in ionaid díolacháin. D’fhéadfaí na daoine seo a chur in aithne don phobal trí shuaitheantas a thabhairt dóibh ar a mbeadh cumais éagsúla teanga m.sh. ‘Cúpla Focal’, ‘Comhrá Gaeilge’, ‘Gaeilge líofa’. Ba chóir feachtas poiblíochta a eagrú chun an scéim a chur chun cinn, agus chun custaiméirí agus na fostaithe féin a spreagadh. D’fhéadfaí suaitheantais a chur ar fáil don phobal freisin chun cainteoirí Gaeilge a aithint agus chun feasacht teanga a chur chun cinn.
• Cás-staidéir agus ábhar eile a fhorbairt chun buntáistí na Gaeilge do ghnólachtaí a léiriú. D’fhéadfaidís seo an tionchar atá ag an nGaeilge ar chúrsaí gnó a thaifead agus a thaispeáint faoi mar a bhaineann sé le méadú ar dhíolacháin, dílseacht custaiméirí, cáil an ghnólachta, spiorad na foirne, brabach an ghnólachta, srl.
• Modúl oiliúna ar sheirbhís trí Ghaeilge a fhorbairt i gcomhar le Fáilte Éireann agus é a chur chuig gnólachtaí turasóireachta agus aíochta sa Chathair agus sa Ghaeltacht.
• Leanúint leis an spreagadh agus an cur chun cinn a dhéantar ar ábhar dátheangach i ngnólachtaí na Gaillimhe, m.sh. aghaidheanna siopaí, comharthaí seachtracha agus inmheánacha, ábhar margaíochta, biachláir srl.
• Eagraíochtaí agus grúpaí i gCathair na Gaillimhe a spreagadh chun roinnt Gaeilge a úsáid ag imeachtaí agus cruinnithe poiblí nuair is féidir. D’fhéadfaí teimpléad dátheangach Ghaillimh le Gaeilge ina bhfuil beannachtaí, nathanna cainte agus bealaí chun slán a fhágáil ag duine a chur chuig na grúpaí ábhartha.
• Córas ‘buddy’ a fhorbairt i measc gnólachtaí atá ag tosú agus ag úsáid seirbhísí agus ábhar Gaeilge chun tacaíocht agus comhairle chomhghleacaithe a chur ar fáil.
• Teimpléad a fhorbairt ar a mbeadh beannachtaí, bealaí le slán a fhágáil ag duine agus nathanna cainte Gaeilge a úsáidtear i ríomhphoist, litreacha gnó agus modhanna eile cumarsáide.
• Scéim phíolótach a fhorbairt chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn i ngnólachtaí idirnáisiúnta agus i ngnólachtaí móra Éireannacha atá lonnaithe i nGaillimh mar chuid dá gcláir um Fhreagracht Shóisialta Chorparáideach (CSR). Bheadh deis forbairt a dhéanamh ar úsáid na Gaeilge faoi pholasaithe CSR cuid mhór gnólachtaí mar chuid dá nasc agus dá dtiomantas don phobal agus don cheantar áitiúil. Shaothródh sé seo féiniúlacht uathúil laistigh de mhargadh idirnáisiúnta agus bród sa cheantar áitiúil.
• Úsáid Eolaire Gnó Ghaillimh le Gaeilge a mholadh, ina gcuirtear béim faoi leith ar ghnólachtaí a chuireann seirbhísí Gaeilge ar fáil. An tEolaire a chur chun cinn i measc teaghlaigh Ghaeltachta agus tuismitheoirí daltaí Gaelscoileanna, agus iarraidh orthu sonraí a chur ar fáil faoi sheirbhísí Gaeilge atá ar eolas acu nach bhfuil san Eolaire cheana féin.
Bearta PraitiCiúla – sóisialta & Cultúrtha
- • An Ghaeilge a chur chun cinn i bhféilte atá ann cheana féin. In éagmais ábhar Gaeilge atá sách maith, caithfear féilte agus imeachtaí sa Chathair a spreagadh chun níos mó Gaeilge a úsáid ina n-ábhar margaíochta agus fógraíochta, agus sa chaoi a gcuireann siad imeachtaí i láthair. Cuireann sé seo le staid na Gaeilge agus feasacht fúithi sa Chathair, agus d’fhéadfadh sé an fhéile a dhaingniú i bhféiniúlacht agus in íomhá chultúrtha na Gaillimhe.
• Saoránaigh a spreagadh chun an leagan Gaeilge dá sloinne a úsáid, agus chun ‘Gaillimh’ a úsáid i seoltaí pearsanta agus gnó.
• Deiseanna sóisialta Gaeilge a fhorbairt do dhaoine óga lasmuigh den chóras scolaíochta, a mbeadh áisitheoirí oilte ag obair acu, agus i gcomhar le grúpaí atá ann cheana féin agus lena
n-imeachtaí reatha.
• Imeachtaí sóisialta dátheangacha a chruthú do mhic léinn tríú leibhéal ar an gcampas agus sa Chathair, agus tacú leis na himeachtaí seo, i gcomhar le hAontais na Mac Léinn agus le cúrsaí Gaeilge sna hinstitiúidí.
• Caifé óige Gaeilge do dhéagóirí, nó áit a bhféadfaidís casadh le daoine óga eile, ina mbeadh éiteas dátheangach a fhorbairt i gcomhar le heagraíochtaí óige atá ann cheana ar nós The GAF.
• Táirgí turasóireachta a fhorbairt a chuimseodh gnéithe d'amharclannaíocht Ghaeilge, de cheol agus de dhamhsa traidisiúnta, agus a thabharfadh blas rannpháirtíochta den teanga do chuairteoirí iasachta agus do chuairteoirí ó Éirinn nach bhfuil líofa sa Ghaeilge.
• Gréasán ar líne a fhorbairt do chainteoirí Gaeilge i nGaillimh ag úsáid meáin nua ar an idirlíon, blaganna, ábhar úsáideoirghinte, agus láithreáin líonraithe shóisialta ina measc.
• Má fhorbraítear Ionad Gaeilge na Cathrach, caithfear cuimhneamh ar spás a chur ar fáil d’imeachtaí do dhaoine óga, chomh maith leis an spás a theastaíonn go géar d’imeachtaí sóisialta agus cultúrtha Gaeilge.
• Ionad Tacaíochta Teaghlaigh a fhorbairt do thuismitheoirí atá ag tógáil a gclann le Gaeilge i gCathair na Gaillimhe.
• Obair a dhéanamh ar thogra chun féile nó imeacht a óstáil i gCathair na Gaillimhe a bhainfeadh le téama na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh, nó féile nua dhátheangach Gaelach, ar cuireadh béim cheana air i bPlean Straitéise Fhóram Pobail Chathair na Gaillimhe 2009-2011. Bearta PraitiCiúla – na Meáin
• Meáin áitiúla na Gaillimhe a spreagadh chun glacadh le fógraíocht Ghaeilge, agus í a chuardach go fuinniúil.
• Deiseanna a fhiosrú chun alt tuairimíochta nó alt faoi chúrsaí an tsaoil a fhorbairt i nGaeilge do na meáin chlóite i gCathair na Gaillimhe
• Oibriú le stáisiúin áitiúla raidió chun míreanna spéisiúla i nGaeilge a fhorbairt agus a chraoladh, ar nós na míre ‘Fíor nó Bréagach’ ar Today FM. D’fhéadfaí craoltóirí teilifíse agus raidió ó Ghaillimh a spreagadh chun giotáin fuaime agus míreanna gearra a chur ar fáil, ina mbeadh eolas suimiúil i nGaeilge srl.
• Cur i láthair nó cúrsa gearr a fhorbairt faoin úsáid a d'fhéadfaí a bhaint as an nGaeilge sna meáin áitiúla chlóite agus chraolta, ina mbeadh nathanna cainte, beannachtaí, naisc srl. agus é a chur chuig na heagraíochtaí áitiúla cuí. Bearta PraitiCiúla – GailliMh le GaeilGe
• Naisc a fhorbairt leis na Gaelscoileanna agus leis an earnáil oideachais i gcoitinne i gCathair na Gaillimhe trí urraíocht, comórtais srl. chun teachtaireacht úsáid na Gaeilge a chur chun cinn. Deiseanna eile comhoibrithe a fhiosrú, ar nós imeachtaí sóisialta do thuismitheoirí Gaelscoile srl.
• Seirbhísí Ghaillimh le Gaeilge a leathnú go háirithe do mhiondíoltóirí agus soláthraithe seirbhíse atá gar don Chathair i gceantair ar nós Bhearna, Mhaigh Cuilinn agus an Spidéil, ceantair ina bhfuil forbairt shuntasach tagtha ar na hearnálacha seo.
• D’fhéadfadh Gaillimh le Gaeilge labhairt le daltaí i scoileanna dara leibhéal faoi na buntáistí geilleagracha a bhaineann leis an nGaeilge agus faoina húsáid mar uirlis i margaíocht agus i gcur chun cinn gnólachta, chun dea-thoil i leith na teanga a fhorbairt agus feasacht faoina húsáid taobh amuigh den chóras oideachais a mhéadú. MoltaíPolasaí do GhaeltaCht na GailliMhe
• Straitéisí a fhorbairt chun úsáid na Gaeilge a spreagadh agus a mhéadú i measc pobail nua i gceantair Ghaeltachta ar nós Bhearna, Mhaigh Cuilinn srl., ceantair nach í an Ghaeilge teanga teaghlaigh cuid mhór den phobal. Caithfidh pé straitéisí a thagann chun cinn riachtanais shonracha na ngrúpaí seo a aithint, agus tarraingt ar a bhféiniúlacht chultúrtha, mórtas áite srl.
• Deiseanna chun turasóireacht Ghaeilge a fhorbairt tuilleadh a fhiosrú, idir chláir iomlána staidéir do mhargadh nideoga na bhfoghlaimeoirí Gaeilge, agus daoine a bhfuil beagán Gaeilge acu ach a bhfuil suim ghinearálta acu i
• Cáilíocht tríú leibhéal a fhorbairt d'obair óige trí Ghaeilge chun a chinntiú go bhfuil foireann cháilithe chumasach ar fáil chun seirbhísí óige a chur ar fáil sa Ghaeltacht agus do chainteoirí Gaeilge.
• Caithfear aghaidh a thabhairt ar cheist stádas agus teorainneacha na Gaeltachta i gceantair a bhfuil líon éagsúil cainteoirí laethúla Gaeilge. Léirigh an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht(Ó Giollagáin, C.: Mac Donnacha, S. et al. (2007), Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht) go dteastaíonn tionscnaimh agus struchtúir éagsúla tacaíochta chun freastal ar riachtanais shonracha na bpobal seo.
• Cumann Tráchtála na Gaeltachta a bhunú, nó fo-struchtúr de chuid Chumann Tráchtála na Gaillimhe a bhunú chun freastal ar ghnólachtaí Gaeilge sa cheantar. Níl bealach faoi leith ag na gnólachtaí seo i láthair na huaire chun dul i mbun cainte is comhrá le chéile i nGaeilge. Moltaí Polasaí aG an leiBhéal náisiúnta
• Caithfear an bealach a mhúintear an Ghaeilge agus a dtacaítear léi sa chóras oideachais a athrú. Chuir gach duine nach mór a ndeachthas i gcomhairle leo don staidéar seo béim ar thábhacht an chórais oideachais i gcur chun cinn agus i seachadadh na Gaeilge chuig glúine eile.
• Teastaíonn feachtas faoi luach na Gaeilge chun oideachas a chur ar pháistí, agus ar an bpobal i gcoitinne seans, faoi luach na Gaeilge dár bhféiniúlacht chultúrtha, faoina tábhacht, agus faoina háit inár bhféiniúlacht náisiúnta.
• Scéim náisiúnta scoláireachta do Choláistí Gaeilge Samhraidh a thosú chun deis a thabhairt do pháistí ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste go háirithe am a chaitheamh sa Ghaeltacht, agus chun Gaeilge a chloisteáil agus a fhoghlaim ó chainteoirí dúchais.
• Cúrsaí athnuachana a fhorbairt in dhá ionad d'iarscoláirí na gColáistí Gaeilge Samhraidh. D’fhéadfaidís filleadh ar an gceantar Gaeltachta inar fhan siad mar scoláirí, freastal ar ranganna athnuachana teanga agus páirt a ghlacadh i gcultúr traidisiúnta na hÉireann.
• Creidmheas cánach a chur ar fáil má chuireann fostaithe seirbhísí Gaeilge ar fáil mar spreagadh chun úsáid na teanga a mhéadú. D’fhéadfadh fostóirí a dheimhniú go bhfuil seirbhís trí Ghaeilge á soláthar nó d’fhéadfaí measúnú ar líne a fhorbairt a bhunófaí ar sholáthar seirbhísí.
No comments:
Post a Comment