16.12.09

Comharthaí

Cá bhfuil ár dtriall?

Tá úsáid na Gaeilge ar chomharthaí tráchta na tíre ar an léiriú is feiceálaí de pholasaí an stáit i leith ár dteangacha oifigiúla, Gaeilge agus Béarla. Caithfidh údaráis bhóithre na tíre cloí leis na dualgais atá leagtha orthu maidir le húsáid na dteangacha sin ar chomharthaí tráchta faoin Lámhleabhar do Chomharthaí Tráchta. Is iad na húdaráis atá i gceist ná an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta agus údaráis áitiúla na tíre.

Lámhleabhar do Chomharthaí Tráchta
Foilseachán oifigiúil atá eisithe mar ordúchán de chuid an Aire Iompair é an Lámhleabhar do Chomharthaí Tráchta.

Má fheictear duit go bhfuil comharthaí tráchta curtha in airde ag na húdaráis bhóithre nach bhfuil ag teacht leis na forálacha reachtúla, is féidir leat gearán a dhéanamh le hOifig an Choimisinéara Teanga ar an bhfoirm ghearáin.

Agus tú ag líonadh na foirme gearáin, ba chóir duit leas a bhaint as an seicliosta seo. Dá mhéad eolais a chuireann tú ar fáil dúinn, is amhlaidh is fearr a bheimid in ann dul i ngleic go cuí le do ghearán.
Is fearr foirm faoi leith a líonadh i gcás gach comhartha faoina bhfuil tú ag gearán.


SEICLIOSTA
Áit
Tabhair eolas beacht faoin áit ina bhfuil an comhartha tráchta suite. [Mar shampla, ar an R332 idir Tuaim agus Baile an Róba in aice le páirc an Chumainn Lúthchleas Gael timpeall 1.7km ó Thuaim agus tú ag taisteal i dtreo Bhaile an Róba.]

Cuir léaráid, léarscáil agus/nó na comhordanáidí GPS ar fáil a léiríonn suíomh an chomhartha tráchta, más féidir. Tabhair eolas freisin, más féidir, faoi dhath agus faoi chineál an chomhartha tráchta.

Míchruinneas
Tabhair eolas beacht faoin méid atá scríofa ar an gcomhartha tráchta, faoin méid atá mícheart air agus faoin leasú a theastaíonn dar leat, mar shampla botúin litrithe nó gramadaí nó easpa Gaeilge.

Freagracht
Tabhair ainm an údaráis bhóithre atá freagrach as an gcomhartha tráchta, más féidir (mar shampla an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta nó ainm an údaráis áitiúil).

Grianghraf
Cuir grianghraf ar fáil den chomhartha tráchta, más féidir.
M
Is forálacha d'achtachán a bhaineann le stádas nó le húsáid na Gaeilge iad na forálacha faoin nGaeilge ar chomharthaí tráchta sa Lámhleabhar do Chomharthaí Tráchta. Fágann sin go bhfuil údarás reachtúil ag an gCoimisinéir Teanga gearáin a fhiosrú maidir le fadhbanna le húsáid na Gaeilge nó easpa Gaeilge ar chomharthaí tráchta.

Is iad seo a leanas na príomhdhualgais a leagtar ar na húdaráis bhóithre sa Lámhleabhar: An Lámhleabhar do Chomharthaí Tráchta

Logainmneacha ar Chomharthaí Eolais
Caithfidh logainmneacha ar chomharthaí eolais a bheith i nGaeilge agus i mBéarla ach amháin:
  • I gcás ceantair Ghaeltachta, áit a gcaithfidh na logainmneacha a bheith i nGaeilge amháin.

  • Sa chás gur cosúil litriú logainm sa dá theanga, is í foirm Ghaeilge an logainm amháin ba chóir a úsáid (Caibidil 1.9.1 den Lámhleabhar).
Ba chóir don téacs i nGaeilge a bheith i gcló iodálach, i gcás íochtair, leis an túslitir mar cheannlitir. Beidh claonadh 15 chéim ar dheis ar an script i nGaeilge (Caibidil 1.9.2 den Lámhleabhar).

Ba chóir don téacs i mBéarla a bheith i gcló rómhánach agus i gcás uachtair (Caibidil 1.9.3 den Lámhleabhar).

Comharthaí Eolais gan Logainmneacha

Ba chóir na riachtanais thuasluaite a chur i bhfeidhm ar gach uile chomhartha eolais, ar a n-áirítear plátaí eolais a chuirtear in airde in éineacht le comharthaí (Caibidil 1.9.4 den Lámhleabhar).

Foirmeacha & Litriú Logainmneacha
Ba chóir a chinntiú go n-úsáidtear na foirmeacha agus an litriú ceart de logainmneacha ar chomharthaí tráchta (Caibidil 1.9.5 den Lámhleabhar).
    (a) Ba chóir do na húdaráis bhóithre an t-Ordú Logainmneacha cuí a scrúdú.
    [Nóta breise: Tá cóipeanna de na hOrduithe Logainmneacha go léir atá déanta go dtí seo ar fáil ag Suíomh an Choimisinéara Teanga. Baineann an chuid is mó de na hOrduithe le contaetha éagsúla ach tá Orduithe ann freisin a thugann ainmneacha na gcúigí agus na gcontaetha, na lárionad daonra (bailte agus sráidbhailte san áireamh) agus na gceantar Gaeltachta.]

    (b) Mura bhfuil logainm san áireamh san Ordú Logainmneacha, ba chóir dul i gcomhairle le Gasaitéar na hÉireanna d’fhoilsigh an Brainse Logainmneacha den tSuirbhéireacht Ordanáis i 1989 agus a thugann liosta dátheangach de phríomhainmneacha tíreolaíochta na hÉireann.

    [Nóta breise: Is féidir an leagan ceart Gaeilge de logainm a dhearbhú trí leas a bhaint as Bunachar Logainmneacha na hÉireann. Mura bhfuil an logainm ar fáil ansin, is féidir dul i dteagmháil leis an mBrainse Logainmneacha trí leas a bhaint as an bhfoirm ar líne atá ar fáil ag Bunachar Logainmneacha na hÉireann.]

    (c) Agus dearbhú á lorg ar an leagan ceart Gaeilge de logainm nach bhfuil tugtha i gceachtar de na foilseacháin thuasluaite, ba chóir dul i gcomhairle leis an gCoimisiún Logainmneacha. Sula ndéanfadh údaráis bhóithre é sin, d’fhéadfaí a fháil amach trí chomhairliúchán áitiúil an bhfuil tábhacht speisialta go háitiúil le logainmneacha ar leith nó an bhfuil úsáid thraidisiúnta i gceist.

    [Nóta breise: Ba chóir a bheith airdeallach go bhfuil dualgais faoi leith ag baint le logainmneacha Gaeltachta atá daingnithe san Ordú Logainmneacha (Ceantair Ghaeltachta) IR 872 de 2004 atá ar fáil ag suíomh an Choimisinara Teanga.]
Achoimre ar Logainmneacha
Má tá logainmneacha rófhada, is féidir iad a ghiorrú, mar shampla: Baile – B.; Caisleán – Cais.; Droichead – Dr.; Mainistir – Main. (Caibidil 1.9.6 den Lámhleabhar).

Comharthaí Rabhaidh (san áireamh Comharthaí faoi Oibreacha Bóthair)
Ní hiondúil go mbíonn téacs ar na comharthaí seo ach bíonn siombail orthu chun teachtaireachtaí a chur in iúl. Má tá téacs in úsáid, ba chóir an téacs a bheith dátheangach. Má tá an baol ann, áfach, go laghdófaí tionchar na teachtaireachta, ba chóir comharthaí ar leith i nGaeilge agus i mBéarla a úsáid. (Caibidil 1.9.7 den Lámhleabhar).

Tá an teolas seo faighte againn ó shuíomh an Choimisinéara Teanga
Share/Save/Bookmark

9.12.09

Cambus Medical

Cosc ar Ghaeilge

Is dócha gur i 1367 i nDlithe Chill Cheannaigh, (Béarla) dlíthe i gcoinne teanga, dlithe agus nósanna ársa na nGael. I measc na dlithe seo bhí an abairt seo:

"....if any English, or Irish living amongst the English, use the Irish language amongst themselves, contrary to the ordinance, and therof be attainted, his lands and tenements, if he have any, shall be seized into the hands of his immediate lord,..."


Anois ar maidin tuigtear dúinn go bhfuil comhlucht atá lonnaithe sa Ghaeltacht, sa comharsanacht céanna leis an gCoimisinéir Teanga tar éis dlí inmheanach mar sin a thabhairt isteach sa chomhlucht.


Is cosúil go bhfuil
Cambus Medical, (Béarla) i mBaile an tSagairt ar an Spidéal, tár éis riail nua a dhúltaíonn cearta teanga na háite a úsáid ag na hoibrithe sa monarcha. Níl cead acu ach Béarla a úsáid, mar deireann siad go bhfuil an iomarca teanga éagsúla ag na fostaithe ann. Spáinis, Polainnais, Laitvis, Gaeilge agus Béarla. Má sharaítear an riail seo beidh ar an "cúisithe" dul ós comhair "coiste smachta" agus tá seans ann go gcailleadh sé a phost dá bharr.

Agus seo an 21ú aois!

Nóta: Is cosúil go bhfuil an fógra seo tarraingthe siar ag an gcomhlucht tár éis duine ó Údarás na Gaeltachta tengabháil a dhéanamh leo!


Preas Ráiteas ó Udarás na Gaeltachta faoin gComhlucht seo i mí Meán Fomhair:
Breis agus 60 post nua le cruthú sa chomhlacht Cambus Medical, An Spidéal

Share/Save/Bookmark

8.12.09

Stocaireacht - Na pictiúirí

Na cuairteoirí i mBuswells!

Agus lá cinniúnach na Cáináisnéise ag druidim linn, d’fhreastail breis agus 85 ball de chuid an Oireachtais idir Theachtaí Dála, Airí agus Seanadóirí ar lá stocaireachta agus eolais eagraithe ag Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta in Óstán Buswells i mBaile Átha Cliath 2 Dé Céadaoin, 02 Nollaig 2009. Seo a leanas ainmneacha na ndaoine sna grianghraif ón lá úd. Seo an billeog eolas (fdi
= Formáid Doiciméad Iniompartha = pdf) a scaipeadh ar an lá leis na héilimh i gcoinne moltaí MhicChartaigh agus an tionchar a bheidh ag an dréachtstraitéis 20 bliain don Ghaeilge!

Dinny McGinley, TD Fhine Gael (Dún na nGall Thiar Theas), Enda Kenny, TD agus ceannaire Fhine Gael (Maigh Eo), Éamonn Mac Niallais, urlabhraí Ghuth na Gaeltachta, Peadar Mac Fhlannchadha, Timire Náisiúnta Chonradh na Gaeilge.


Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Aenghus Ó Snodaigh, TD Shinn Féin (Baile Átha Cliath Theas Láir) Éamonn Mac Niallais, urlabhraí Ghuth na Gaeltachta
Peadar Mac Fhlannchadha, Timire Náisiúnta Chonradh na Gaeilge, Frank Feighan, TD Fhianna Fáil (Ros Comáin/Liatroim Theas), Tom Kitt, TD Fhianna Fáil agus cathaoirleach an Chomhchoiste Oireachtais um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta* (Baile Átha Cliath Theas), Ulick Burke, TD Fhine Gael (Gaillimh Thoir), Éamonn Mac Niallais, urlabhraí Ghuth na Gaeltachta

Dónall Ó Cnáimhsí, urlabhraí Ghuth na Gaeltachta, An tAire Trevor Sargent, TD an Chomhaontais Ghlais agus Aire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia (Baile Átha Cliath Thuaidh), Máire Nic Niallais, urlabhraí Ghuth na Gaeltachta, Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge

Éamonn Mac Niallais, urlabhraí Ghuth na Gaeltachta, Aoife Nic Shamhráin, Oifigeach Gaeilge Choláiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath (UCD), Emmet Stagg, TD agus aoire Pháirtí an Lucht Oibre (Cill Dara Thuaidh)

Thug an lá eolais deis do Theachtaí Dála agus Seanadóirí cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta a phlé le hionadaithe óna ndáilcheantar féin sna sála ar dhréacht de Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge an Rialtais agus ar mholtaí an Bhord Snip Nua, agus roimh fhógairt na Cáináisnéise Dé Céadaoin bheag seo, 09 Nollaig 2009.

*Beidh an dréacht de Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge an Rialtais ag dul os comhair an Chomhchoiste Oireachtais um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta go luath chun tuairimí agus leasuithe a mholadh ina thaobh sula bhfoilsítear an dréacht deireanach de go hoifigiúil.

Share/Save/Bookmark

4.12.09

Stocaireacht!

Lá iomlán i mBaile Átha Cliath

Is cosúil gur éirigh go hiontach leis an lá eolais agus stóchaireachta a bhí ag Guth na Gaeltacha agus Conradh na Gaeilge in Ostan Buswells i mBaile Átha Cliath. Beidh eolas iomlán faoin lá le fáil go goirid (pics agus liosta freastalaithe) ach dfhreastail thart ar 85 TD agus Seanadóir ó chuile pháirtí ar an lá. Duairt Éamonn Mac Niallas, "Ar mbuíochas leo uilig agus le ionadaithe Guth na G agus Conradh na G a thaisteal ó cheann ceann na tíre le bheith linn ar an lá. Buíochas faoi leith le foireann an Chonradh, rinne siad obair mhór. Is sampla maith a bhí ann de Phobal na Gaeilge ag aontú le teachtaireacht láidir a thabhairt. Ní neart go cur le chéile."

Bhí 12 as an 17 ball dén Chomhchoiste Oireachtais um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltacht i lathair ag an lá stocaireacht. Is seo an comhchoiste a bhéas ag plé leis an Dreacht Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Tá liosta iomlán den na polaiteoirí a fhreastal ar an lá le fáil anseo

Share/Save/Bookmark
Sráideanna naofa Átha Cliath
"Mórchéim chun tosaigh!" Conradh na Gaeilge


Ghlac Comhairle Chathrach Bhaile Átha Cliath (Beagáin Gaeilge!) le tionscnamh an tseachtain seo (2/12/09) arna moladh ag na Comhairleoirí Tom Brabazon agus Críona Ní Dhálaigh, go mbeadh iallach ar lucht forbartha ainmneacha as Gaeilge amháin a chur ar eastáit nua sa Chathair. Beidh na hainmneacha eastáit seo fréamhaithe sa stair agus sa tírdhréacht áitiúil.

Dúirt an Comhairleoir Brabazon “Tá an cleachtas seo i bhfeidhm i móra bailte móra ar fud na tíre ar nós na Gaillimhe agus na hUaimhe le roinnt blianta anuas agus éiríonn leis úsáid na Gaeilge a normalú agus próifíl na teanga a ardú i measc an phobail. Tá mé cinnte go gcuirfidh sé le húsáid na teanga náisiunta anseo sa phríomhchathair”.

Arsa Seán Ó hAdhmaill, Cathaoirleach Coiste Chontae Bhaile Átha Cliath de Chonradh na Gaeilge: “Tá an cleachtas seo i bhfeidhm i móra bailte móra ar fud na tíre ar nós na Gaillimhe agus na hUaimhe le roinnt blianta anuas agus éiríonn leis úsáid na Gaeilge a normalú agus próifíl na teanga a ardú i measc an phobail. Tá mé cinnte go gcuirfidh sé le húsáid na teanga náisiunta anseo sa phríomhchathair”.

Share/Save/Bookmark

1.12.09

Stocaireacht!

Pleán 2030 le plé ag TD & Seanadóirí le Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta
Pictiúirí ón lá ar Facebook
dhá agallamh ag Conchubhair Ó Liatháin ar a bhlog iGaeilge. Ceann le Éamonn Mac Niallais (5 neomid) agus an ceann eile (i mBéarla) le Julian de Spáin, Runaí Chonradh na Gaeilge (7 neomaid).

Tá lá iomlán stocaireachta agus eolais eagraithe ag Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta in Óstán Buswells (Béarla) i mBaile Átha Cliath 2 idir 8.00rn – 6.00in Dé Céadaoin, 02 Nollaig 2009, le deis a thabhairt do Theachtaí Dála agus Seanadóirí cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta a phlé le hionadaithe óna ndáilcheantar féin sna sála ar dhréachtstraitéis an Rialtas 20 Bliain don Ghaeilge agus ar mholtaí an Bhord Snip Nua.

Arsa Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: “Beidh ionadaithe ó gach aoisghrúpa, ó gach Gaeltacht, agus go deimhin ó dháilcheantair fud fad na tíre ag freastal ar an lá eolais i mBuswells, arna eagrú ag Conradh na Gaeilge i gcomhar le Guth na Gaeltachta, Dé Céadaoin bheag seo.

“Is léiriú é an lá stocaireachta seo go bhfuil pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta idir óg agus aosta aontaithe ag cur in éadan mholtaí an Bhoird Snip Nua, agus go bhfuil géarghá againn ár dtuairimí faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur in iúl dár n-ionadaithe tofa sa Dáil agus an dréachtstraitéis imithe faoi bhráid bhaill an Oireachtais.


“Beidh páirt ríthábhachtach le himirt ag pobal na Gaeilge sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus tá Conradh na Gaeilge ag súil go mbeidh an pobal lárnach, ní hamháin sa phlé i mBuswells lena dTeachtaí Dála áitiúla ar an 02 Nollaig 2009, ach i gcur i bhfeidhm agus i gcur chun cinn na straitéise trí chéile amach anseo.”

Beidh an clár Rónán Beo a chraoladh ó Ostan Buswells amárach idir 3i.n. agus 5i.n. ar Raidió na Gaeltachta. Bígí ag eisteacht agus scaipigí an scéal.
Dúirt Éamonn Mac Niallais, urlabhraí Ghuth na Gaeltachta: “Fáiltíonn Guth na Gaeltachta roimh ráitis éagsúla atá déanta ag an Taoiseach agus ag an Tánaiste araon, agus roimh an dréachtstraitéis 20 bliain atá foilsithe ag an Aire Ó Cuív le déanaí, a thugann le fios go mbeidh an Rialtas ag leanúint ar aghaidh ag tacú leis an Ghaeltacht agus leis an Ghaeilge mar a rinne sé go dtí seo agus ag déanamh neamhairde do mholtaí áirithe ón Bord Snip Nua, ach tá soiléiriú ar cheisteanna sainiúla Gaeltachta fós le cinntiú againn lenár dTeachtaí.

“Tá géarghá le soiléiriú a dhéanamh ar an struchtúr nua ‘Údarás na Gaeilge’ atá molta sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Tá sé ríthábhachtach, ach go háirithe go mbeidh cúram ar an Údarás úr leanúint ag cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht mar a bhí Údarás na Gaeltachta go dtí seo, agus caithfidh sé bheith soiléir nach céim síos atá i gceist anseo do chúraimí Gaeltachta na heagraíochta.

“Tá gá chomh maith le soiléiriú ar phointí eile cosúil le stádas na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta mar shampla sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.”


Creideann Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta araon gur am cinniúnach í seo don teanga agus don Ghaeltacht, mar sin fearann siad fáilte roimh idir thoghthóirí agus Theachtaí bualadh isteach orainn in Óstán Buswells idir 8.00rn agus 6.00in ar an 02 Nollaig 2009 le páirt a ghlacadh sa díospóireacht agus le tacaíocht a léiriú don teanga.

Share/Save/Bookmark

28.11.09

0 GleG Réamhrá

Buntáistí geilleagracha na Gaeilge a fheictear i gCathair na Gaillimhe agus i nGaeltacht na Gaillimhe

1.0 Achoimre Feidhmiúcháin
2.0 Tátail agus moltaí
3.0 Cúlra an staidéir agus an mhodheolaíocht

Tá cúig cinn de aguisíní leis an tuairisc seo. Is féidir iad a fheiscint sa leagan pdf de atá le fáil ar suíomh Gaillimh le Gaeilge
1. Caiteachas an Rialtais ar an nGaeilge
2. Breisluach Chaiteachas an Rialtais
3. Tionchar Geilleagrach na Turasóireachta Gaeilge i nGaillimh
4. Tagairtí & Leabharliosta
5. Láithreáin Ghréasáin agus Eagraíochtaí a ndeachthas i gcomhairle leo

In 2008 rinne Gaillimh le Gaeilge coimisiúnú ar an gcomhairleacht gnó agus margaíochta Bane Mullarkey atá lonnaithe i nGaillimh, i gcomhpháirt le Jerome Casey & a Chomh. Teo., chun taighde a dhéanamh ar na tionchair eacnamaíochta a bhfuil baint acu le húsáid na Gaeilge i nGaillimh. Tá sé os cionn scór bliain ó rinneadh an staidéar deiridh: Na Tionchair Shoceacnamaíocha Áitiúla a bhaineann le Gaeltacht na Gaillimhe [M.S. Ó Cinnéide agus M.J. Keane].

Is é cuspóir an taighde seo ná staidéar a dhéanamh ar na buntáistí eacnamaíochta atá ar fáil do Chathair agus do Ghaeltacht na Gaillimhe de thoradh stádas Gaeltachta a bheith ag an gceantar. Tá go leor athruithe tagtha ar chúrsaí eacnamaíochta an domhain ó cuireadh tús leis an gcéim taighde den staidéar seo. In Éirinn, tá impleachtaí a bhaineann le tuarascáil Mhic Cárthaigh, ‘Uimhreacha na Seirbhíse Poiblí agus Cláir Chaiteachais’ fós le sonrú. Moladh ciorruithe suntasacha i gcaiteachas an Rialtais sa tuarascáil sin agus táthar ag ceapadh go mbeidh athruithe ollmhóra ar Phlean 20
Bliain an Rialtais don Ghaeilge.

In ainneoin sin, tugann na ráitis is déanaí ón Taoiseach, Brian Cowen, le fios dúinn go bhfuil sé beartaithe aige leanúint ar aghaidh ag tabhairt tacaíochta don Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta sa todhchaí. Taispeánann torthaí agus moltaí an taighde seo chomh maith tábhacht na Gaeilge agus na buntáistí eacnamaíochta atá ag dul léi, go háirithe do shaol eacnamaíochta Chathair na Gaillimhe agus Ghaeltacht na Gaillimhe.

Cibé athruithe a dhéanfar, tá an Stát tiomnaithe chun tacú le pobail Ghaeltachta agus leis an nGaeilge, agus tacaíocht aige de bharr aitheantas bunreachtúil na Gaeilge mar chéad teanga an Stáit. Tá sé de chumas ag Cathair na Gaillimhe go háirithe agus ag Gaeltacht na Gaillimhe leanúint de bheith ag baint leasa as an tacaíocht sin. Ní foláir iarracht chomhordaithe a fháil ó na comhlachtaí uile atá i gceist, áfach, chun go dtuigfear na buntáistí acmhainneacha go hiomlán, agus go gcinnteofar luach na Gaeilge do Chathair na Gaillimhe.

Ba phróiseas cuimsitheach a bhí i gceist leis an tasc taighde seo. Chuathas i gcomhairle le sliosamharc samplach de chomhlachtaí, de ghnáthmhuintir an phobail agus de pháirtithe leasmhara na Cathrach agus an Chontae agus ba mhaith liom an deis seo a ghlacadh chun buíochas a ghabháil le gach duine a ghlac páirt ann. Ba mhaith liom buíochas speisialta a ghabháil leis an Aire Éamon Ó Cuív, Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, an Bainisteoir Cathrach, Joe MacGrath agus leis an mBainisteoir Contae, Martina Moloney as ucht a gcomhoibrithe fhéil sa phróiseas.

Gach rath

Iognáid G. Ó Muircheartaigh, MA PhD DSc LLD
Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge
Uachtarán Emeritus
Ollscoil na hÉireann, Gaillimh


Tasc Taighde: Buntáistí geilleagracha na Gaeilge a fheictear i gCathair na Gaillimhe agus i nGaeltacht na Gaillimhe
Le haghaidh: Gaillimh le Gaeilge
Le: Bane Mullarkey Teo. i gcomhpháirtíocht le Jerome Casey & a Chomh. Teo

Share/Save/Bookmark

1 GleG Achoimre

1.0 Achoimre Feidhmiúcháin


1.0 Achoimre Feidhmiúcháin
2.0 Tátail agus moltaí
3.0 Cúlra an staidéir agus an mhodheolaíocht

Tá cúig cinn de aguisíní leis an tuairisc seo. Is féidir iad a fheiscint sa leagan pdf de atá le fáil ar suíomh Gaillimh le Gaeilge
1. Caiteachas an Rialtais ar an nGaeilge
2. Breisluach Chaiteachas an Rialtais
3. Tionchar Geilleagrach na Turasóireachta Gaeilge i nGaillimh
4. Tagairtí & Leabharliosta
5. Láithreáin Ghréasáin agus Eagraíochtaí a ndeachthas i gcomhairle leo
1.1 Réamhra

Rinne Gaillimh le Gaeilge an staidéar seo a choimisiúnú chun aird na bpáirtithe leasmhara agus na dtairbhithe i gCathair na Gaillimhe go háirithe agus i nGaeltacht na Gaillimhe, a dhíriú ar na buntáistí geilleagracha a bhainean le húsáid na Gaeilge sa cheantar agus le cinntiú go bhfanann na buntaistí geilleagracha sin go háitiúil.

Tá go leor athruithe tagtha ar staid na Gaeilge go náisiúnta agus go háitiúil ó críochnaíodh an chéad staidéar1 2 (Ó Cinnéide, M.S., Keane, M. J. (1988), Na Tionchair Shocheacnamaíochta Áitiúla a bhaineann le Gaeltacht na Gaillimhe, An tIonad Taighde Eolaíocht Shóisialta, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Tuarascáil Taighde Uimh. 3. Níl comparáid dhíreach idir an dá shuirbhé. Tá sé de bhuntáiste ag an staidéar seo go bhfuil sampla 100% d’fhostaíocht i nGaeltacht na Gaillimhe aige (tríd an CSO); rinneadh an obair ar staidéar 1988 ar shonraí nach raibh chomh cruinn sin. Mar sin féin, leanann an staidéar reatha sampla na staidéar a chuaigh roimhe ó thaobh suirbhé a dhéanamh ar chaiteachas tís agus ar chaiteachas comhlachta.) bliain ó shin. D’fhás daonra Ghaeltacht na Gaillimhe dhá oiread chomh tapa le daonra an Stáit. Tá líon na gcainteoirí Gaeilge méadaithe ó 20,877 go 29,235. Tá líon na gcainteoirí Gaeilge mar chéatadán de dhaonra Ghaeltacht na Gaillimhe laghdaithe áfach ó 75% go 67.7% (An Phríomh-Oifig Staidrimh: Daonáirimh 1986 agus 2006.).

D’fhorbair pobal spleodrach de chainteoirí Gaeilge i gCathair na Gaillimhe, é bunaithe den chuid is mó ar na Gaelscoileanna, ar na hinstitiúidí tríú leibhéal agus ar na heagraíochtaí deonacha a thacaíonn le tionscnaimh Ghaeilge. Tá tacaíocht ard d’athbheochan na teanga ar fud na tíre agus i nGaillimh, agus don dátheangachas Béarla/Gaeilge, go háirithe i measc daoine óga oilte atá ina gcónaí i gceantair uirbeacha. Is dea-scéala é seo do Chathair ar nós Chathair na Gaillimhe ina bhfuil pobal óg cruthaitheach; tá an-fhéidearthacht ann dea-thoil an phobail seo i leith na Gaeilge a ghríosú, agus leas a bhaint as a buntáistí geilleagracha agus cultúrtha.

Tá an-nasc idir Gaillimh agus an Ghaeilge, nasc a fheiceann gach duine a ndeachthas i gcomhairle leo, idir mhuintir na Cathrach agus mhuintir an Chontae. Tá ceangail láidir idir Cathair agus Gaeltacht na Gaillimhe mar gheall ar chomh gar is atá siad dá chéile, agus mar gheall ar na naisc stairiúla agus chultúrtha atá idir an dá cheantar. Is í an t-aon Ghaeltacht í a bhfuil ceantar mór uirbeach in aice léi, a chruthaíonn idir bhuntáistí agus dúshláin. Agus tá cuid de Ghaeltacht shainithe na Gaillimhe laistigh de theorainneacha na Cathrach.

Tá tionchar leanúnach ag an nGaeltacht ar Chathair na Gaillimhe, ar a féiniúlacht chultúrtha agus theangeolaíoch, agus deirtear go minic gur tairseach Ghaeltacht na Gaillimhe í an Chathair. Baineann Cathair na Gaillimhe tairbhe freisin as an infheistíocht shuntasach bhreise a fhaigheann an Ghaeltacht ón Stát chun an teanga agus an pobal dúchasach a chaomhnú agus chun tacú leo. Thaispeáin an staidéar i 1988 gur i gCathair na Gaillimhe a bhíonn sciar suantasach den bhuntáiste geilleagrach a thagann ón infheistíocht bhreise Stáit don Ghaeilge ar deireadh, go háirithe mar gheall ar chaiteachas miondíola a dhéantar sa Chathair. Taispeánann an staidéar reatha gur amhlaidh atá an scéal go fóill. Breathnaíonn sé arís eile ar na buntáistí geilleagracha a bhaineann leis an nGaeilge i gCathair na Gaillimhe agus i nGaeltacht na Gaillimhe. Cuirtear béim faoi leith ar an tionchar geilleagrach atá ag an nGaeilge ar Chathair na Gaillimhe, agus ar an gcaoi a bhféadfaí tacú leis an teanga chun a chinntiú go gcaomhnaítear agus go láidrítear an Ghaeilge féin, agus an buntáiste a bhaintear aisti sa cheantar. Dírítear aird na tuarascála ar na moltaí a bhaineann le todhchaí na Gaeilge i gCathair na Gaillimhe a bhaint amach; is lú an bhéim atá ar na moltaí do Ghaeltacht na Gaillimhe. D’fhéadfadh Bord Forbartha Cathrach na Gaillimhe áis a chur ar fáil le go bhféadfaí na moltaí a phlé, a aontú, a chur in ord tosaíochta agus a chur i bhfeidhm le comhoibriú agus tiomantas na bpríomhpháirtithe leasmhara agus na n-eagraíochtaí ábhartha.

I gcás na tacaíochta speisialta Stáit don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, glacadh leis an mbliain 2007 mar bhonnlíne d’fhormhór na sonraí airgeadais. Rinneadh seo mar go bhfuil cuntais iomlána Ghníomhaireachtaí éagsúla Stáit le fáil don bhliain 2007, ach nach raibh cuntais 2008 críochnaithe ar fad nuair a tosaíodh ar na sonraí airgeadais a bhailiú. Bunaíodh sonraí i dtaobh an daonra agus an lucht oibre ar thorthaí an Daonáirimh is déanaí, “Daonáireamh 2006”.

Is féidir an tuarascáil iomlán a íoslódáil ó láithreán gréasáin Ghaillimh le Gaeilge.

1.2 Príomhthorthaí
Léirigh an staidéar seo:
    • Gur fiú breis agus €136 (Feic Tábla 1 thíos : Achoimre ar Thionchar Geilleagrach na Gaeilge 2007/2008 agus Aguisíní 2 agus 3 do mhionchuntais.) milliún an Ghaeilge do Chathair agus do Chontaena Gaillimhe gach bliain, agus téann thart ar €59 milliún de seo go Cathair na Gaillimhe.

      • Ón €136 milliún sin, bhí tionchar geilleagrach €41 milliún ag turasóireacht a bhaineann leis an nGaeilge i gCathair agus i gContae na Gaillimhe in 2008. bhain €32 milliún de seo le Cathair na Gaillimhe, agus €9 milliún le Gaeltacht na Gaillimhe.

      • Dúirt breis is 91% de ghnólachtaí chathair na Gaillimhe a ghlac páirt i suirbhé don staidéar seo go raibh an Ghaeilge ‘tábhachtach’ nó ‘an‑tábhachtach’ d'fhéiniúlacht chultúrtha Chathair na Gaillimhe, gur sócmhainn turasóireachta í agus gné uathúil tharraingteach d'íomhá na Gaillimhe.

      • Chaith teaghlaigh Ghaeltachta, iad siúd atá sa chuid sin den Ghaeltacht atá sa Chathair ina measc, €400 milliún ar dhíolachán miondíola. Chaith gnólachtaí Gaeltachta €305 milliún sa Chathair ar cheannach 3 earraí agus seirbhísí in 2006. €705 milliún mar sin a chaith idir theaghlaigh agus ghnólachtaí na Gaeltachta i gCathair na Gaillimhe in 2006(Torthaí ó shuirbhéanna teaghlaigh agus gnólachta a rinneadh mar chuid den staidéar seo chun pátrúin díolacháin i gCathair agus i gContae na Gaillimhe agus in áiteanna eile a chinneadh).

      • Chothaigh na fiontair a fhaigheann tacaíocht ón rialtas agus na seirbhísí stáit teangabhunaithe atá cruinnithe ar Chathair agus ar Ghaeltacht na Gaillimhe thart ar 3,300 post lánaimseartha agus 2,000 post páirtaimseartha sa bhliain 2007.

      • Tá an earnáil closamhairc Ghaeilge ar cheann de na hearnálacha is tábhachtaí laistigh de gheilleagar Ghaeltacht na Gaillimhe. Chuir an earnáil seo €24.3 milliún breise leis an olltáirgeacht náisiúnta (GnP) in 2007. [Cé gur
      deacair tionchar sonrach geilleagrach na hearnála closamhairc Ghaeilge ar Ghaeltacht na Gaillimhe nó ar Chathair na Gaillimhe a mheas, fanann an chuid is mó den bhuntáiste geilleagrach sa cheantar mar gheall ar chúrsaí pá agus tuarastail, agus mar gheall ar cheannach áitiúil. Tá TG4, raidió na Gaeltachta agus cuideachtaí éagsúla léiriúcháin lonnaithe i nGaeltacht na Gaillimhe].


      • Laistigh d’earnáil na turasóireachta, is cuid thábhachtach den ghníomhaíocht gheilleagrach iad na Coláistí Gaeilge samhraidh i nGaeltacht na Gaillimhe. shaothraigh siad €14 mhilliún don cheantar in 2007. [Tá €1.2 milliún a bhaineann le turasóireacht ghaolmhar san áireamh sa tsuim seo, chomh maith le hioncam ó tháillí scoláirí agus airgead póca scoláirí. Tá deontais a d’íoc an roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta le teaghlaigh Ghaeltachta ina bhfanann scoláirí san áireamh leis seo, chomh maith le deontais chaipitíochta na roinne oideachais agus eolaíochta. Chuir an €14 mhilliún a saothraíodh ó earnáil coláistí samhraidh Ghaeltacht na
      Gaillimhe €11.8 milliún go díreach agus go hindíreach leis an GnP.]


Déanann na míreanna a leanann seo, plé níos sainiúla ar na
hábhair seo a leanas:
    1. na héifeachtaí a bhíonn ag breischaiteachas spriocdhírithe an Stáit ar an nGaeilge;

    2. imspleáchas geilleagrach Chathair na Gaillimhe agus Ghaeltacht na Gaillimhe; agus

    3. tionchar geilleagrach Ghaeltacht na Gaillimhe ina iomlán
Ansin pléitear deiseanna amach anseo sa chomhthéacs seo.

1.2.1 Na héifeachtaí a bhíonn ag breischaiteachas spriocdhírithe an stáit ar an nGaeilge

Chaith an Stát os cionn €116 milliún in 2007(Feic Aguisín 1 do chaiteachas measta an Rialtais a bhaineann le seirbhísí breise a mhaoinigh an Stát i gCathair agus i nGaeltacht na Gaillimhe le linn 2007) ar thacaíocht bhreise don Ghaeilge i nGaeltacht agus i gCathair na Gaillimhe.
    • Chuir an tacaíocht Stáit, arbh fhiú €116 milliún í, €95.4 milliún leis an GNP. Baineann an difríocht sa dá shuim le sceitheadh geilleagrach a tharlaíonn de bharr allmhairí, cúrsaí cánach agus coigiltis. Meastar go bhfuil an sceitheadh seo íseal mar go gcaitear formhór chaiteachas iomlán an Rialtais ar thacaíocht bhreise don Ghaeilge ar phá agus ar thuarastal a fhanann sa gheilleagar áitiúil.(A fhad agus atá iolraitheoirí náisiúnta ag coinneáil cuntais ar sceitheadh ag leibhéal náisiúnta, níl méid an sceite idir-réigiúnach ag leibhéal contae ar eolas ná tomhaiste. Dá réir sin, ní féidir ach buile faoi thuairim a thabhairt ar an méid tionchair atá ag
    cineál áirithe caiteachais ar ghníomhaíochtaí geilleagracha)


    • As an €95 milliún seo a cuireadh leis an GNP, b’ionann nach mór riar an dá eagraíochta agus na hearnála is mó a chuir leis an GNP (Feic Aguisín 2 do bhreisluach measta chaiteachas an Rialtais a bhaineann le seirbhísí breise a mhaoinigh an Stát) - Údarás na Gaeltachta (€27 milliún), an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta (€26 milliún) agus an Earnáil Closamhairc (€24 milliún). Chuir an tOideachas agus Cláir Shóisialta suimeanna a bhí níos lú, ach suntasach mar sin féin, leis an GNP freisin (€13 mhilliún, agus €5 mhilliún faoi seach).

    • Ón €95 milliún seo a cuireadh leis an GNP, chuaigh €27 milliún go díreach nó go hindíreach go Cathair na Gaillimhe. Bhí caiteachas teaghlach agus cuideachtaí san áireamh leis seo.
Spreagann gníomhaíochtaí eagraíochtaí éagsúla Cathrach/ Contae/Stáit tionchar caiteachais ar gheilleagar na Cathrach ar fiú €27 milliún é. Eagraíochtaí iad seo atá páirteach i gcur chun cinn na Gaeilge, a thacaíonn léi, agus a ghlacann páirt i bhforbairt agus in inbhuanaitheacht Ghaeltacht na Gaillimhe agus a pobal. Bíonn go leor de na heagraíochtaí seo ag obair as lámha a chéile, ag comhoibriú ar thionscadail agus ar thionscnaimh, le roinnt eagraíochtaí deonacha nó pobalbhunaithe a pháirtmhaoiníonn gníomhaireachtaí Stáit chun seirbhísí a sholáthar ar son na n-eagraíochtaí sin.

Tábla 1. Achoimre ar an tionChar Geillearah a bhain Leis an nGaeilge 2007/2008

(1) Feic Aguisín 2 chun sonraí iolraitheora a fháil
(2) Feic Aguisín 3 chun sonraí a fháil

Níl sé oiriúnach na figiúirí ar fad thuasluaite a chur le chéile (m.sh. €136 milliún + €12 milliún + €24 milliún) mar gheall ar fhorluí caiteachas Stáit .i. tacaíonn cuid de chaiteachas Stáit leis an earnáil closamhairc, agus tacaíonn an Rialtas le forbairt agus le cur chun cinn na turasóireachta trí ghníomhaíochtaí Fháilte Éireann agus Tourism Ireland. Féadfaimid a dhéanamh amach, áfach, agus na buntáistí geilleagracha a bhaineann leis an nGaeilge á meas, go bhfuil níos mó i gceist ná an €13 milliún atá intomhaiste go díreach.

1.2.2 Imspleáchas geilleagrach Chathair na Gaillimhe agus Ghaeltacht na Gaillimhe
Feileann an nath ‘fite fuaite’ go foirfe don chaoi a mbíonn Cathair na Gaillimhe agus Gaeltacht na Gaillimhe ag brath ar a chéile. Admhaíonn teaghlaigh Ghaeltachta go hoscailte go bhfuil siad ag brath ar earraí agus ar sheirbhísí na Cathrach, cé nach n-aithníonn soláthraithe earraí agus seirbhísí na Cathrach a mhéid agus a bhraitheann siadsan ar theaghlaigh Ghaeltachta. Léirigh an staidéar seo gur :
    • Chaith teaghlaigh Ghaeltachta, iad siúd atá sa chuid sin den Ghaeltacht atá sa Chathair ina measc Bhí 4,942 teaghlach i nGaeltacht Chathair na Gaillimhe in 2006. Bhí duine amháin ar a laghad a bhí in ann Gaeilge a labhairt i 64.8% de na teaghlaigh seo.), €400 milliún nach mór ar sheirbhísí agus ar earraí miondíola i gCathair na Gaillimhe in 2006. Chaith teaghlaigh thuaithe Ghaeltachta €187 milliún de seo. Tríd is tríd, bhí teaghlaigh thuaithe agus uirbeacha Ghaeltachta freagrach as an gcúigiú cuid de chaiteachas iomlán teaghlaigh na Cathrach. Chomh maith le caiteachas teaghlaigh sa Chathair, chaith cuideachtaí Gaeltachta €305 milliún sa Chathair ar cheannach earraí agus seirbhísí in 2006.

1.2.3 Tionchar geilleagrach Ghaeltacht na Gaillimhe ina iomlán
Bhí lucht oibre Ghaeltacht na Gaillimhe dírithe ar earnálacha geilleagracha a bhfuil aschur sách ard acu in 2006. Bhí 22,000 duine beagnach i gceist leis seo. Mar thoradh air sin:

    • B’ionann an tsuim a chuir Gaeltacht na Gaillimhe leis an GNP in 2006 go díreach agus go hindíreach (agus an tsuim a spreagadh dá bharr) agus €2.9 milliún, nó 1.9% téagartha den iomlán. Bhí 1.07% den fhostaíocht iomlán i nGaeltacht na Gaillimhe in 2006 – atá cothrom beagnach lenar chuir sí leis an GNP go díreach: 1.13%. Spreagann an toradh seo idir mhisneach agus iontas mar gur ceantar tuaithe den chuid is mó í, agus nach mbíonn ceantair thuaithe chomh forbartha leis an meán náisiúnta de ghnáth.

    • Fostaíodh 8.3 duine go díreach in aghaidh an láimhdeachais nó aschuir tionsclaíoch arbh fhiú €1 mhilliún é i nGaeltacht na Gaillimhe in 2005. Bhí sé seo 41% níos airde ná an meán náisiúnta: 5.9 fostaithe go díreach do gach €1 mhilliún. Go contrártha, bhí láimhdeachas Ghaeltacht na Gaillimhe in aghaidh an fhostaí níos ísle ná an meán náisiúnta mar nach bhfuil Gaeltacht na Gaillimhe ag brath mórán ar earnálacha comhaimseartha thionscadal na déantúsaíochta - Ríomhairí agus Ceimiceáin. B’ionann an fhostaíocht iomlán dhíreach, indíreach agus spreagtha in aghaidh an láimhdeachais arbh fhiú €1 mhilliún é in 2005 agus 11.6 post.

Cé gur athbhreithniú ar thréimhse faoi leith é an tuarascáil seo, níl fairsinge na hinfheistíochta i nGaeltacht na Gaillimhe le fiche bliain anuas, nó ó bunaíodh an Ghaeltacht, le feiceáil ann. Le fiche nó tríocha bliain anuas, bhí tionchar ag infheistíocht an Stáit a thacaigh leis an teanga, agus leis an bpobal dúchasach Gaeilge a chothú ar bhonneagar, ar thionscadal agus ar chreatlach sóisialta agus cultúrtha an cheantair. Mar thoradh air sin, bhí tionchar aige ar fhás daonra agus ar fhorbairt gheilleagrach ina iomlán.

Trí infheistiú a dhéanamh i bpobal na Gaeilge, chabhraigh an Stát lena chothú, agus cé nach bhfuil stop le meath na teanga mar chéatadán den daonra a labhraíonn Gaeilge i nGaeltacht na Gaillimhe, tá stop curtha leis an titim daonra i nGaeltacht na Gaillimhe. Cé go bhféadfaí a mhaíomh go mbeadh feabhas ar gach ceantar sa tír mar gheall ar an mborradh i rath agus i bhforbairt gheilleagrach na tíre, Gaeltacht na Gaillimhe san áireamh, is féidir glacadh leis go raibh tionchar forleathan ag an infheistíocht leanúnach Stáit a chuir caiteachas breise ar fáil sa cheantar. Is féidir a áitiú freisin go raibh tionchar ag infheistíocht bhreise theangabhunaithe an Stáit sa cheantar ar ar chuir an Ghaeltacht leis an bhfostaíocht agus leis an GNP náisiúnta.

Cé go bhfuil cathú ann breathnú ar iolraitheoirí eacnamaíochta chun a rá gur cinneadh geilleagrach é infheistíocht a dhéanamh sa Ghaeilge, tá comhthéacs níos leithne ag an gcinneadh tacú le gníomhaíochtaí Gaeilge chun gné thábhachtach de chultúr na hÉireann a chothú. Tá an sceitheadh airgid a bhaineann le tacaíocht Stáit íseal, agus fanann tromlach an chaiteachais sa cheantar ag tacú le 5,000 post. Cruthaíonn an tacaíocht seo gníomhaíochtaí in earnálacha na turasóireachta agus an chlosamhairc i measc rudaí eile, ioncam atá sa bhreis ar an ngníomhaíocht gheilleagrach ar fiú €136 milliún é nuair a thomhaistear go díreach é.

1.3 Deiseanna amach anseo

Tá athrú suntasach tagtha ar pholasaithe agus reachtaíocht na Gaeilge le blianta beaga anuas. Tharla go leor athruithe dearfacha a thacaíonn leis an nGaeilge anois sa Ghaeltacht agus ar fud an Stáit. Aithnítear go forleathan, áfach, go dteastaíonn gníomh práinneach chun aghaidh a thabhairt ar inbhuanaitheacht na Gaeltachta. Caithfear moltaí a fhreastalóidh ar riachtanais éagsúla na bpobal, bunaithe ar chumas éagsúil teanga na ndaoine, a chur i bhfeidhm, agus caithfear na hacmhainní cuí a chur ar fáil dóibh chun na straitéisí a theastaíonn a chur i bhfeidhm. Tá gníomh ag teastáil freisin chun tacú leis an nGaeilge i gceantair uirbeacha ar nós Chathair na Gaillimhe.

Teastóidh iarracht chomhordaithe ó na comhlachtaí uile chun na buntáistí féideartha uile a bhaint amach, agus chun luach na Gaeilge do Chathair na Gaillimhe a dhaingniú. Beidh tacaíocht ón gComhairle Cathrach, ón gCumann Tráchtála (Béarla), ó Chumann Gnó Chathair na Gaillimhe (Béarla), ón earnáil oideachais, ó na gníomhaireachtaí Stáit, ón earnáil ghnó, ó thionscal na turasóireachta, ó eagraíochtaí spóirt, ó eagraíochtaí reiligiúnacha, ó phobal na n-ealaíon, ó scáthghrúpaí éagsúla, agus ó eagraíochtaí Gaeilge agus cultúrtha san áireamh leis seo.

Beidh ar mhuintir na Gaeltachta agus ar chainteoirí eile Gaeilge seirbhísí as Gaeilge a iarraidh agus iad a úsáid, agus muintir na Cathrach a spreagadh trí chabhrú lena n-iarrachtaí chun úsáid na Gaeilge i nGaillimh a mhéadú.

Moltar gníomhartha praiticiúla, de bharr thionchar tábhachtach geilleagrach na Gaeilge i gCathair na Gaillimhe agus i nGaeltacht na Gaillimhe, chun a chinntiú go gcothaítear an Ghaeilge féin, agus na buntáistí a bhaintear aisti, go fadtéarmach. Áirítear orthu sin:
    1. Polasaí iomlán do Chathair na Gaillimhe d’úsáid na Gaeilge

    2. Clár comhtháite gníomhartha do na príomhghníomhaireachtaí

    3. Tiomantas agus tacaíocht na bpáirtithe leasmhara agus na gceannairí a threoraíonn tuairimí an phobail sa Chathair.

Share/Save/Bookmark

2 GleG Moltaí

2.0 Tátail agus Moltaí


1.0 Achoimre Feidhmiúcháin
2.0 Tátail agus moltaí
3.0 Cúlra an staidéir agus an mhodheolaíocht

Tá cúig cinn de aguisíní leis an tuairisc seo. Is féidir iad a fheiscint sa leagan pdf de atá le fáil ar suíomh Gaillimh le Gaeilge
1. Caiteachas an Rialtais ar an nGaeilge
2. Breisluach Chaiteachas an Rialtais
3. Tionchar Geilleagrach na Turasóireachta Gaeilge i nGaillimh
4. Tagairtí & Leabharliosta
5. Láithreáin Ghréasáin agus Eagraíochtaí a ndeachthas i gcomhairle leo
2.1 Luach na Gaeilge i nGaillimh a choinneáil

Mar a luadh cheana, rinne Gaillimh le Gaeilge an staidéar seo a choimisiúnú chun aird na dtairbhithe agus na bpáirtithe leasmhara i gCathair na Gaillimhe go háirithe, agus i nGaeltacht na Gaillimhe a dhíriú arís ar na buntáistí geilleagracha a bhaineann le húsáid na Gaeilge sa cheantar agus le cinntiú go bhfanann na buntáistí geilleagracha sin go háitiúil.

Beidh an Ghaeltacht ina cnámh droma don Ghaeilge i gcónaí. Is cuma cé chomh lag nó chomh híseal is atá líon na gcainteoirí, seo an áit a mbeidh an líon is airde cainteoirí laethúla Gaeilge agus an fháil is forleithne ar an nGaeilge mar theanga pobail agus mar theanga an chaidrimh shóisialta, cuíosach luath amach anseo ar aon chuma. Mura mbeidh an úsáid laethúil agus leanúnach sin ann, beidh saibhreas agus líofacht na Gaeilge i mbaol.

Is féidir le Cathair na Gaillimhe cabhrú le cainteoirí Gaeilge ón nGaeltacht a dteanga a chothú trí sheirbhísí agus tacaíocht a chur ar fáil dóibh i nGaeilge, agus trína chur ar shúile na gcustaiméirí a labhraíonn Gaeilge go bhfuil meas ag gnólachtaí na Cathrach ar an teanga agus ar a cuid cainteoirí. Ina theannta sin, is féidir le Cathair na Gaillimhe í féin tairbhe a bhaint as an nGaeilge, mar a tharlaíonn cheana féin. Sócmhainn uathúil í an Ghaeilge chun cuairteoirí atá ag cuardach ‘rud éigin difriúil’ a mhealladh chun na Cathrach, agus meallann sí fiontair ghnó atá ag cuardach láithreacha infheistíochta.

Léiritear é seo sa mhéad a deir Richard Florida faoi go meallann cathracha a bhfuil uathúlacht agus údaracht acu daoine ar a dtugann sé an ‘aicme chruthaitheach’ orthu. Cuimsítear sa ghrúpa seo daoine atá páirteach i gcruthaitheacht ealaíonta agus chultúrtha, lucht léinn, eolaithe, innealtóirí, agus iad siúd atá páirteach i dtionscnaimh ardteicniúla, dhlíthiúla agus airgeadais. Áirítear freisin iadsan a bhíonn i mbun réiteach cruthaitheach fadhbanna, agus corpas casta faisnéise in úsáid acu chun fadhbanna sainiúla a réiteach (Florida, Richard (2002), ‘The Rise of the Creative Class’, in the Washington Monthly (rochtain ar líne 28.07.09)). Tá an-tóir ar na daoine sároilte inspreagtha seo i dtionscail gheilleagair eolasbhunaithe, agus meallann gnéithe éagsúla, ilchineálacht agus údaracht ina measc, chuig réigiúin agus chuig Cathracha faoi leith iad. Tá Cathair na Gaillimhe ar cheann de na Cathracha seo. Aithnítear gur áit tharraingteach í chun cónaí nó obair ann, ina bhfuil caighdeán maith maireachtála, agus is cuid thábhachtach den íomhá seo a húdaracht agus a cultúr cruthaitheach. Laistigh den údaracht sin, tá an Ghaeilge tábhachtach mar shócmhainn uathúil, atá fréamhaithe i stair agus i gcultúr Chathair na Gaillimhe.

Is léir luach na sócmhainne seo i dtorthaí an tsuirbhé ar líne a reáchtáladh le gnólachtaí agus le heagraíochtaí i gCathair na Gaillimhe mar chuid den staidéar seo. Dúirt breis is 91% de na freagróirí go raibh an Ghaeilge ‘tábhachtach’ nó ‘an-tábhachtach’ d’fhéiniúlacht chultúrtha Chathair na Gaillimhe, gur sócmhainn turasóireachta í agus gné uathúil tharraingteach d’íomhá na Gaillimhe.

Déanta na fírinne, tá trí ghné ag baint le tábhacht na Gaeilge sa Chathair:

1. Baineann an Chathair, a gnólachtaí agus a pobal tairbhe thábhachtach gheilleagrach aisti

2. Tugann sé deis do ghnólachtaí Cathrach a gcaidreamh le custaiméirí a mhéadú trí aitheantas a thabhairt do rogha
teanga na gcustaiméirí

3. Tugann sí buntáiste uathúil margaíochta don Chathair

2.2 Moltaí mionsonraithe
Má táthar leis an mbuntáiste geilleagrach agus na deiseanna a bhaineann le húsáid na Gaeilge a thapú agus a bharrfheabhsú, caithfidh Gaeltacht agus Cathair na Gaillimhe sraith beart agus tionscnamh a chomhordú chun úsáid agus suntasacht na Gaeilge sa Chathair a láidriú, chomh maith le soláthar seirbhísí do chustaiméirí Gaeltachta. Teastóidh plean comhtháite chun na bearta seo a chur i bhfeidhm, plean a aontóidh comhpháirtithe éagsúla, m.sh. Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Cumann Tráchtála na Gaillimhe, Cumann Gnó Chathair na Gaillimhe, an earnáil oideachais, Gníomhaireachtaí Stáit, an tionscal turasóireachta, eagraíochtaí spóirt, eagraíochtaí reiligiúnacha, pobal na n-ealaíon, grúpaí gnó, grúpaí pobail agus Ranna ábhartha Rialtais, i dteannta eagraíochtaí Gaeilge agus cultúrtha, agus grúpaí eile nach iad. Beidh orthu seo an plean céanna a sheachadadh agus tacú leis. D’fhéadfadh Bord Forbartha Cathrach na Gaillimhe áis a chur ar fáil le go bhféadfaí na moltaí a phlé, a aontú, a chur in ord tosaíochta agus a chur i bhfeidhm le comhoibriú agus tiomantas na n-eagraíochtaí ábhartha.

Ba chóir cur chun cinn agus úsáid na Gaeilge a dhéanamh i gcomhthéacs an dátheangachais, ina gcuirtear seirbhísí Béarla agus Gaeilge ar fáil, agus ina gcuirtear fáilte roimh theangacha agus roimh chultúir eile. Cé go mbeadh buntáiste cinnte ag teideal nó ag stádas oifigiúil dátheangachais don Chathair, ós rud é nach bhfuil gradam Rialtais ná náisiúnta dá leithéid ar fáil, tá an deis ag Gaillimh a téarmaí tagartha agus a spriocanna féin don Ghaeilge a dhearadh. Ba chóir go mbeadh siad seo bunaithe ar chritéir a ndéanfaí measúnú neamhspleách orthu. Mar chuid den phlean agus den pholasaí iomlán, is féidir sainmhíniú sonrach a dhéanamh ar an dátheangachas, agus ar na céimeanna a theastóidh chun an dátheangachas a bhaint amach.

Eascraíonn na moltaí agus na gníomhaíochtaí a mholtar sa staidéar seo ó na dearcaí, meoin agus smaointe a thug breis is 60 comhairlí aonair agus ón mbreis is 150 suirbhé a reáchtáladh le gnólachtaí Gaeltachta agus Cathrach. Bhí dearcaí thromlach na ndaoine a ndeachthas i gcomhairle leo cosúil lena chéile, agus chuir a bhformhór béim ar thionscnaimh shimplí, phraiticiúla chun suntasacht agus úsáid na Gaeilge a fhairsingiú sa Chathair.

Tá roinnt de na moltaí ag teacht leis na cuspóirí uileghabhálacha atá i straitéis Bhord Forbartha Cathrach na Gaillimhe “Gaillimh Beo & Bríomhar 2002 - 2012”Sonraíonn Cuspóir 4 de Straitéis an Bhoird Forbartha Cathrach an gá atá le híomhá na Gaillimhe mar lárionad domhanda an chultúir Ghaelaigh agus Cheiltigh a chothú, lena n-áirítear spórt, ceol, damhsa, béaloideas, ceardaíocht, cultúr agus teanga. Sonraíonn Cuspóir 5 an gá atá le deiseanna agus le hinfheictheacht na Gaeilge sa chathair a mhéadú.); cuireann sé seo béim ar an gcosúlacht mhór atá idir moltaí na tuarascála seo agus an fhís do Chathair na Gaillimhe a d’aontaigh a bpríomhpháirtithe leasmhara cheana. Tugann moltaí na tuarascála seo treoir faoin gcaoi a bhféadfaí an chuid den fhís sin a bhaineann leis an nGaeilge agus leis an gcultúr Gaelach a chur i bhfeidhm.

De bharr staid an gheilleagair faoi láthair, agus de bharr na ndúshlán acmhainne atá ag gach eagraíocht i láthair na huaire, ba cheart gach iarracht a dhéanamh a chinntiú nach mbeadh aon chostas ag baint leis na gníomhartha seo, nó go gcoinneofaí aon chostas a bhainfeadh leo íseal.

Bhraith formhór na n-eagraíochtaí a ndeachthas i gcomhairle leo don staidéar seo go bhféadfaí tromlach na ngníomhartha a bhaint amach leis na hacmhainní atá ar fáil cheana féin, fad agus a bheadh na heagraíochtaí ábhartha ag comhoibriú le chéile, agus fáilteach roimh thionscnaimh agus roimh smaointe nua.

Tá an liosta moltaí uaillmhianach, agus moltar go ndéanfaí iad a eagrú in ord tosaíochta agus iad a chur i bhfeidhm san ord seo laistigh de thréimhse a aontódh na príomhpháirtithe leasmhara.


Gníomhartha agus Tionscnaimh a mholtar don Ghaeilge i gCathair na Gaillimhe agus i nGaeltacht na Gaillimhe
Teastóidh plean comhtháite chun na bearta seo a chur i bhfeidhm, plean a aontóidh comhpháirtithe éagsúla. D’fhéadfadh Bord Forbartha Cathrach na Gaillimhe áis a chur ar fáil le go bhféadfaí na moltaí a phlé, a aontú, a chur in ord tosaíochta agus a chur i bhfeidhm le comhoibriú agus tiomantas na n-eagraíochtaí ábhartha.

Moltaí Polasaí do Chathair na Gaillimhe

    • Creatlach nó ráiteas gairid polasaí don Ghaeilge i gCathair na Gaillimhe a réiteach, ina sonraítear an dearcadh atá ag an gCathair fúithi féin agus an Ghaeilge, agus na spriocanna agus cuspóirí atá aici chun úsáid na Gaeilge a mhéadú. Ba chóir do chomhpháirtithe éagsúla an polasaí a fhorbairt, a áireodh an Chomhairle Cathrach (trí struchtúr Bhord Forbartha Cathrach na Gaillimhe), Cumann Tráchtála na Gaillimhe, Cumann Gnó Chathair na Gaillimhe, an earnáil oideachais, an Tionscal Turasóireachta, Eagraíochtaí Spóirt, Eagraíochtaí Reiligiúnacha, Pobal na nEalaíon, grúpaí pobail, grúpaí gnó, gníomhaireachtaí Stáit agus Ranna ábhartha Rialtais, chomh maith le heagraíochtaí Gaeilge agus cultúrtha, agus grúpaí eile.

    • Plean Gaeilge chun an polasaí a chur i bhfeidhm a aontú, ina mbeadh cur chuige comhtháite do mhéadú úsáid na Gaeilge sa Chathair.

    • Úsáid na Gaeilge i ngach gné de chur chun cinn Chathair na Gaillimhe a spreagadh chun cur lena ról i bhféiniúlacht agus in íomhá chultúrtha na Cathrach, úsáid na Gaeilge i litríocht turasóireachta agus i dtreoirleabhair do chuairteoirí san áireamh. Gnólachtaí Chathair agus Ghaeltacht na Gaillimhe a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid ina mbrandáil táirge.

    • Tá sé tábhachtach go gcuirfeadh na hoifigí agus na gníomhaireachtaí Stáit uile atá bunaithe i nGaillimh Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm go hiomlán, agus fíorthiomantas a thaispeáint, chun seirbhís chuimsitheach agus chomhsheasmhach Ghaeilge a chinntiú do chainteoirí Gaeilge.

    • Tá infheictheacht na teanga sa Chathair an-tábhachtach má tá glacadh agus úsáid na Gaeilge le méadú. Tá athbhreithniú á dhéanamh ar an bPlean Forbartha Cathrach faoi láthair agus tá deis anois ann do Ghaillimh le Gaeilge dul i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun coinníollacha feiliúnacha d’aghaidheanna siopaí agus do chomharthaí a chur i bPlean nua Forbartha Chomhairle Cathrach na Gaillimhe 2011-2017.

    • Stádas Oifigiúil Dátheangach a fháil do Chathair na Gaillimhe. Beidh ar Chathair na Gaillimhe a dearcadh féin faoin aitheantas agus stádas speisialta atá tuillte aici a chur in iúl, agus stocaireacht a dhéanamh ar an Rialtas gradam speisialta a bhronnadh ar an gCathair, nó fógra a dhéanamh í féin gur Cathair oifigiúil Dhátheangach í Cathair na Gaillimhe.
Bhunófaí seo ar chritéir faoi leith, a mheasfaí go neamhspleách agus le tacaíocht an Rialtais náisiúnta dá réir. Ba chóir go mbeadh an sprioc seo i bPolasaí nua Gaeilge Chathair na Gaillimhe a moladh le déanaí, agus caithfear céimeanna soiléire a chur sa Phlean Gaeilge chun an stádas seo a chur i bhfeidhm.
    • Scéim phíolótach a fhorbairt chun tacaíocht, cúnamh agus infheistíocht airgeadais de shaghas éigin a chur ar fáil d'eastáit tithíochta nó pobal Gaeilge sa Chathair ina bhfuil iarracht mhór á déanamh an Ghaeilge a úsáid agus a chur chun cinn i ngach bealach.

    • Feachtas poiblíochta a chur ar bun chun cainteoirí Gaeilge, daoine atá ina gcónaí sa Ghaeltacht ina measc, a spreagadh chun seirbhísí Gaeilge a úsáid agus a iarraidh i gCathair na Gaillimhe san earnáil phríobháideach agus san earnáil phoiblí.

Bearta Praiticiúla – Oideachas

    • Naisc idir Gaelscoileanna na Cathrach agus grúpaí deonacha Gaeilge eile a chothú i mbealach níos comhordaithe. I measc an chomhoibrithe seo, bheadh tacaíocht bhreise do thuismitheoirí: córas 'buddy’ do thuismitheoirí a bhfuil cumais éagsúla teanga acu, grúpaí comhrá le háisitheoir, srl.

    • Seirbhís ‘iarscoile’ Gaeilge a chur ar fáil do scoileanna sa Chathair nach múineann trí mheán na Gaeilge, ina dtabharfaí cúnamh do dhaltaí scoile lena n-obair baile agus ina reáchtálfaí gníomhaíochtaí éagsúla trí mheán na Gaeilge.

Bearta Praiticiúla – Gnó
    • Scéim a thosú chun daoine a aithint atá sásta, agus in ann, seirbhís i nGaeilge a chur ar fáil i ngnólachtaí agus in ionaid díolacháin. D’fhéadfaí na daoine seo a chur in aithne don phobal trí shuaitheantas a thabhairt dóibh ar a mbeadh cumais éagsúla teanga m.sh. ‘Cúpla Focal’, ‘Comhrá Gaeilge’, ‘Gaeilge líofa’. Ba chóir feachtas poiblíochta a eagrú chun an scéim a chur chun cinn, agus chun custaiméirí agus na fostaithe féin a spreagadh. D’fhéadfaí suaitheantais a chur ar fáil don phobal freisin chun cainteoirí Gaeilge a aithint agus chun feasacht teanga a chur chun cinn.

    • Cás-staidéir agus ábhar eile a fhorbairt chun buntáistí na Gaeilge do ghnólachtaí a léiriú. D’fhéadfaidís seo an tionchar atá ag an nGaeilge ar chúrsaí gnó a thaifead agus a thaispeáint faoi mar a bhaineann sé le méadú ar dhíolacháin, dílseacht custaiméirí, cáil an ghnólachta, spiorad na foirne, brabach an ghnólachta, srl.

    • Modúl oiliúna ar sheirbhís trí Ghaeilge a fhorbairt i gcomhar le Fáilte Éireann agus é a chur chuig gnólachtaí turasóireachta agus aíochta sa Chathair agus sa Ghaeltacht.

    • Leanúint leis an spreagadh agus an cur chun cinn a dhéantar ar ábhar dátheangach i ngnólachtaí na Gaillimhe, m.sh. aghaidheanna siopaí, comharthaí seachtracha agus inmheánacha, ábhar margaíochta, biachláir srl.

    • Eagraíochtaí agus grúpaí i gCathair na Gaillimhe a spreagadh chun roinnt Gaeilge a úsáid ag imeachtaí agus cruinnithe poiblí nuair is féidir. D’fhéadfaí teimpléad dátheangach Ghaillimh le Gaeilge ina bhfuil beannachtaí, nathanna cainte agus bealaí chun slán a fhágáil ag duine a chur chuig na grúpaí ábhartha.

    • Córas ‘buddy’ a fhorbairt i measc gnólachtaí atá ag tosú agus ag úsáid seirbhísí agus ábhar Gaeilge chun tacaíocht agus comhairle chomhghleacaithe a chur ar fáil.

    • Teimpléad a fhorbairt ar a mbeadh beannachtaí, bealaí le slán a fhágáil ag duine agus nathanna cainte Gaeilge a úsáidtear i ríomhphoist, litreacha gnó agus modhanna eile cumarsáide.

    • Scéim phíolótach a fhorbairt chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn i ngnólachtaí idirnáisiúnta agus i ngnólachtaí móra Éireannacha atá lonnaithe i nGaillimh mar chuid dá gcláir um Fhreagracht Shóisialta Chorparáideach (CSR). Bheadh deis forbairt a dhéanamh ar úsáid na Gaeilge faoi pholasaithe CSR cuid mhór gnólachtaí mar chuid dá nasc agus dá dtiomantas don phobal agus don cheantar áitiúil. Shaothródh sé seo féiniúlacht uathúil laistigh de mhargadh idirnáisiúnta agus bród sa cheantar áitiúil.

    • Úsáid Eolaire Gnó Ghaillimh le Gaeilge a mholadh, ina gcuirtear béim faoi leith ar ghnólachtaí a chuireann seirbhísí Gaeilge ar fáil. An tEolaire a chur chun cinn i measc teaghlaigh Ghaeltachta agus tuismitheoirí daltaí Gaelscoileanna, agus iarraidh orthu sonraí a chur ar fáil faoi sheirbhísí Gaeilge atá ar eolas acu nach bhfuil san Eolaire cheana féin.

Bearta PraitiCiúla – sóisialta & Cultúrtha
    • An Ghaeilge a chur chun cinn i bhféilte atá ann cheana féin. In éagmais ábhar Gaeilge atá sách maith, caithfear féilte agus imeachtaí sa Chathair a spreagadh chun níos mó Gaeilge a úsáid ina n-ábhar margaíochta agus fógraíochta, agus sa chaoi a gcuireann siad imeachtaí i láthair. Cuireann sé seo le staid na Gaeilge agus feasacht fúithi sa Chathair, agus d’fhéadfadh sé an fhéile a dhaingniú i bhféiniúlacht agus in íomhá chultúrtha na Gaillimhe.

    • Saoránaigh a spreagadh chun an leagan Gaeilge dá sloinne a úsáid, agus chun ‘Gaillimh’ a úsáid i seoltaí pearsanta agus gnó.

    • Deiseanna sóisialta Gaeilge a fhorbairt do dhaoine óga lasmuigh den chóras scolaíochta, a mbeadh áisitheoirí oilte ag obair acu, agus i gcomhar le grúpaí atá ann cheana féin agus lena
    n-imeachtaí reatha.

    • Imeachtaí sóisialta dátheangacha a chruthú do mhic léinn tríú leibhéal ar an gcampas agus sa Chathair, agus tacú leis na himeachtaí seo, i gcomhar le hAontais na Mac Léinn agus le cúrsaí Gaeilge sna hinstitiúidí.

    • Caifé óige Gaeilge do dhéagóirí, nó áit a bhféadfaidís casadh le daoine óga eile, ina mbeadh éiteas dátheangach a fhorbairt i gcomhar le heagraíochtaí óige atá ann cheana ar nós The GAF.

    • Táirgí turasóireachta a fhorbairt a chuimseodh gnéithe d'amharclannaíocht Ghaeilge, de cheol agus de dhamhsa traidisiúnta, agus a thabharfadh blas rannpháirtíochta den teanga do chuairteoirí iasachta agus do chuairteoirí ó Éirinn nach bhfuil líofa sa Ghaeilge.

    • Gréasán ar líne a fhorbairt do chainteoirí Gaeilge i nGaillimh ag úsáid meáin nua ar an idirlíon, blaganna, ábhar úsáideoirghinte, agus láithreáin líonraithe shóisialta ina measc.

    • Má fhorbraítear Ionad Gaeilge na Cathrach, caithfear cuimhneamh ar spás a chur ar fáil d’imeachtaí do dhaoine óga, chomh maith leis an spás a theastaíonn go géar d’imeachtaí sóisialta agus cultúrtha Gaeilge.

    • Ionad Tacaíochta Teaghlaigh a fhorbairt do thuismitheoirí atá ag tógáil a gclann le Gaeilge i gCathair na Gaillimhe.

    • Obair a dhéanamh ar thogra chun féile nó imeacht a óstáil i gCathair na Gaillimhe a bhainfeadh le téama na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh, nó féile nua dhátheangach Gaelach, ar cuireadh béim cheana air i bPlean Straitéise Fhóram Pobail Chathair na Gaillimhe 2009-2011. Bearta PraitiCiúla – na Meáin

    • Meáin áitiúla na Gaillimhe a spreagadh chun glacadh le fógraíocht Ghaeilge, agus í a chuardach go fuinniúil.

    • Deiseanna a fhiosrú chun alt tuairimíochta nó alt faoi chúrsaí an tsaoil a fhorbairt i nGaeilge do na meáin chlóite i gCathair na Gaillimhe

    • Oibriú le stáisiúin áitiúla raidió chun míreanna spéisiúla i nGaeilge a fhorbairt agus a chraoladh, ar nós na míre ‘Fíor nó Bréagach’ ar Today FM. D’fhéadfaí craoltóirí teilifíse agus raidió ó Ghaillimh a spreagadh chun giotáin fuaime agus míreanna gearra a chur ar fáil, ina mbeadh eolas suimiúil i nGaeilge srl.

    • Cur i láthair nó cúrsa gearr a fhorbairt faoin úsáid a d'fhéadfaí a bhaint as an nGaeilge sna meáin áitiúla chlóite agus chraolta, ina mbeadh nathanna cainte, beannachtaí, naisc srl. agus é a chur chuig na heagraíochtaí áitiúla cuí. Bearta PraitiCiúla – GailliMh le GaeilGe

    • Naisc a fhorbairt leis na Gaelscoileanna agus leis an earnáil oideachais i gcoitinne i gCathair na Gaillimhe trí urraíocht, comórtais srl. chun teachtaireacht úsáid na Gaeilge a chur chun cinn. Deiseanna eile comhoibrithe a fhiosrú, ar nós imeachtaí sóisialta do thuismitheoirí Gaelscoile srl.

    • Seirbhísí Ghaillimh le Gaeilge a leathnú go háirithe do mhiondíoltóirí agus soláthraithe seirbhíse atá gar don Chathair i gceantair ar nós Bhearna, Mhaigh Cuilinn agus an Spidéil, ceantair ina bhfuil forbairt shuntasach tagtha ar na hearnálacha seo.

    • D’fhéadfadh Gaillimh le Gaeilge labhairt le daltaí i scoileanna dara leibhéal faoi na buntáistí geilleagracha a bhaineann leis an nGaeilge agus faoina húsáid mar uirlis i margaíocht agus i gcur chun cinn gnólachta, chun dea-thoil i leith na teanga a fhorbairt agus feasacht faoina húsáid taobh amuigh den chóras oideachais a mhéadú. MoltaíPolasaí do GhaeltaCht na GailliMhe

    • Straitéisí a fhorbairt chun úsáid na Gaeilge a spreagadh agus a mhéadú i measc pobail nua i gceantair Ghaeltachta ar nós Bhearna, Mhaigh Cuilinn srl., ceantair nach í an Ghaeilge teanga teaghlaigh cuid mhór den phobal. Caithfidh pé straitéisí a thagann chun cinn riachtanais shonracha na ngrúpaí seo a aithint, agus tarraingt ar a bhféiniúlacht chultúrtha, mórtas áite srl.

    • Deiseanna chun turasóireacht Ghaeilge a fhorbairt tuilleadh a fhiosrú, idir chláir iomlána staidéir do mhargadh nideoga na bhfoghlaimeoirí Gaeilge, agus daoine a bhfuil beagán Gaeilge acu ach a bhfuil suim ghinearálta acu i

    • Cáilíocht tríú leibhéal a fhorbairt d'obair óige trí Ghaeilge chun a chinntiú go bhfuil foireann cháilithe chumasach ar fáil chun seirbhísí óige a chur ar fáil sa Ghaeltacht agus do chainteoirí Gaeilge.

    • Caithfear aghaidh a thabhairt ar cheist stádas agus teorainneacha na Gaeltachta i gceantair a bhfuil líon éagsúil cainteoirí laethúla Gaeilge. Léirigh an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht(Ó Giollagáin, C.: Mac Donnacha, S. et al. (2007), Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht) go dteastaíonn tionscnaimh agus struchtúir éagsúla tacaíochta chun freastal ar riachtanais shonracha na bpobal seo.

    • Cumann Tráchtála na Gaeltachta a bhunú, nó fo-struchtúr de chuid Chumann Tráchtála na Gaillimhe a bhunú chun freastal ar ghnólachtaí Gaeilge sa cheantar. Níl bealach faoi leith ag na gnólachtaí seo i láthair na huaire chun dul i mbun cainte is comhrá le chéile i nGaeilge. Moltaí Polasaí aG an leiBhéal náisiúnta

    • Caithfear an bealach a mhúintear an Ghaeilge agus a dtacaítear léi sa chóras oideachais a athrú. Chuir gach duine nach mór a ndeachthas i gcomhairle leo don staidéar seo béim ar thábhacht an chórais oideachais i gcur chun cinn agus i seachadadh na Gaeilge chuig glúine eile.

    • Teastaíonn feachtas faoi luach na Gaeilge chun oideachas a chur ar pháistí, agus ar an bpobal i gcoitinne seans, faoi luach na Gaeilge dár bhféiniúlacht chultúrtha, faoina tábhacht, agus faoina háit inár bhféiniúlacht náisiúnta.

    • Scéim náisiúnta scoláireachta do Choláistí Gaeilge Samhraidh a thosú chun deis a thabhairt do pháistí ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste go háirithe am a chaitheamh sa Ghaeltacht, agus chun Gaeilge a chloisteáil agus a fhoghlaim ó chainteoirí dúchais.

    • Cúrsaí athnuachana a fhorbairt in dhá ionad d'iarscoláirí na gColáistí Gaeilge Samhraidh. D’fhéadfaidís filleadh ar an gceantar Gaeltachta inar fhan siad mar scoláirí, freastal ar ranganna athnuachana teanga agus páirt a ghlacadh i gcultúr traidisiúnta na hÉireann.

    • Creidmheas cánach a chur ar fáil má chuireann fostaithe seirbhísí Gaeilge ar fáil mar spreagadh chun úsáid na teanga a mhéadú. D’fhéadfadh fostóirí a dheimhniú go bhfuil seirbhís trí Ghaeilge á soláthar nó d’fhéadfaí measúnú ar líne a fhorbairt a bhunófaí ar sholáthar seirbhísí.

Share/Save/Bookmark

3 GleG Cúlra

3.0 Cúlra an Staidéir agus an Mhodheolaíocht


1.0 Achoimre Feidhmiúcháin
2.0 Tátail agus moltaí
3.0 Cúlra an staidéir agus an mhodheolaíocht

Tá cúig cinn de aguisíní leis an tuairisc seo. Is féidir iad a fheiscint sa leagan pdf de atá le fáil ar suíomh Gaillimh le Gaeilge
1. Caiteachas an Rialtais ar an nGaeilge
2. Breisluach Chaiteachas an Rialtais
3. Tionchar Geilleagrach na Turasóireachta Gaeilge i nGaillimh
4. Tagairtí & Leabharliosta
5. Láithreáin Ghréasáin agus Eagraíochtaí a ndeachthas i gcomhairle leo
3.1 Cúlra an Staitéar

Rinneadh coimisiúnú ar Ionad Taighde na nEolaíochtaí Sóisialta i gColáiste na hOllscoile Gaillimhe (Ollscoil na hÉireann, Gaillimh anois) i 1987 13 chun taighde a dhéanamh ar bhuntáistí geilleagracha na Gaeilge do Chathair na Gaillimhe. Thuairiscigh an staidéar, dar teideal ‘Na Tionchair Shocheacnamaíocha Áitiúla a bhaineann le Gaeltacht na Gaillimhe’, gur saothraíodh thart ar £17 milliún ollioncam i gceantar na Gaillimhe mar gheall ar an gcaiteachas breise Stáit a bhain leis an nGaeilge. Thart ar £13 mhilliún a ghnóthaigh gnólachtaí Chathair na Gaillimhe ón ioncam sin.

21 bliain níos déanaí, shocraigh Gaillimh le Gaeilge staidéar a dhéanamh an athuair ar na buntáistí geilleagracha do Chathair na Gaillimhe agus do Ghaeltacht na Gaillimhe a bhaineann le húsáid na Gaeilge agus a chinntiú go bhfanann na buntáistí geilleagracha sin go háitiúil.

3.2 Gaillimh le Gaeilge
Mar thoradh ar an tuarascáil a foilsíodh i 1988, bunaíodh Gaillimh le Gaeilge, a chuir béim ar an bpobal gnó chun a chinntiú go bhfanfadh an buntáiste geilleagrach a bhaineann le húsáid na Gaeilge sa réigiún. Ó bunaíodh é, tá ag éirí le Gaillimh le Gaeilge laistigh de phobal gnó na Gaillimhe infheictheacht na Gaeilge a ardú, agus úsáid na Gaeilge ó lá go lá a chur chun cinn sa Chathair. D’éirigh le scéimeanna amhail ‘Cairde Ghaillimh le Gaeilge’ agus ‘Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh’ dul i bhfeidhm ar phobal níos mó ar bhealach cairdiúil oscailte, agus an Ghaeilge a thabhairt chun suntais i saol Cathrach na Gaillimhe.

Rinne go leor díobh siúd a ndeachthas i gcomhairle leo don tuarascáil seo trácht faoi leith ar chur chuige Ghaillimh le Gaeilge. Breathnaítear ar an eagraíocht mar thionscnóir spreagúil agus tacúil don Ghaeilge, a chabhraíonn le gnólachtaí agus a spreagann iad chun acmhainneacht na Gaeilge a bhaint amach, gan brú iomarcach a chur ar aon duine agus gan a bheith ardnósach faoin teanga ar bhealach ar bith. Tá sí tar éis a chur ina luí ar líon mór gnólachtaí, líon a bhíonn ag fás i gcónaí, go bhfuil ciall ag baint le húsáid na Gaeilge; de bharr sin tá an tionscadal tar éis cur go mór le hinfheictheacht na Gaeilge sa Chathair, agus bhí dea-thionchar aige seo ar dhea-thoil i leith na teanga.

Tá Gaillimh le Gaeilge tar éis díriú den chuid is mó ar infheictheacht na teanga scríofa sa chathair a mhéadú. D’éirigh leo é seo a bhaint amach trí sheirbhísí aistriúcháin agus tacaíocht ghinearálta a sholáthar chun a chur ar chumas an phobail ghnó comharthaíocht, cinn litreach, biachláir srl. dátheangacha a fhorbairt. Ba ar infheictheacht na teanga a dhírigh siad a n-aird go príomha – de bharr an tionchair mhóir a chruthaíonn timpeallacht dhátheangach, agus mar go bhféadfaí an sprioc a bhaint amach ar acmhainní teoranta.

Cuirtear Gaeilge labhartha chun cinn freisin trí imeachtaí éagsúla gnó ina gcuirtear an pobal gnó in aithne dá chéile, ‘lón gnó’ agus imeachtaí séasúracha ina measc. Tá ról stocaireachta agus abhcóideachta ag Gaillimh le Gaeilge freisin, a chuireann aitheantas agus úsáid na teanga chun cinn i struchtúir Cathrach ar nós an Bhoird Forbartha Cathrach, gníomhaireachtaí turasóireachta, grúpaí gnó, srl.

3.2.1 Príomhachtaí Ghaillimh le Gaeilge
    • Tá obair an Choiste Logainmneacha ar cheann de na héachtaí is infheicthe agus is mó tionchar ó thaobh na Gaeilge scríofa di. Bhunaigh Gaillimh le Gaeilge an Coiste Logainmneacha i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun logainmneacha feiliúnacha Gaeilge a chur ar fáil d’fhorbróirí forbairtí nua tithíochta sa Chathair. Cuirtear logainmneacha ar fáil i gcomhthéacs an cheantair áitiúil agus i gcomhthéacs ghnéithe an tírdhreacha agus na staire áitiúla, agus bunaítear ar thraidisiún fairsing agus ar shaibhreas na logainmneacha Gaeilge iad. Bhain an tionscnamh ráta ratha 99% amach, agus tá Údaráis Áitiúla i mbailte agus i gcathracha ar fud na tíre ag leanúint eiseamláir Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. (m.sh. Muineachán, Corcaigh, Port Laoise).

    • Sheol Gaillimh le Gaillimh ‘Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh’ chun aitheantas a thabhairt do chuideachtaí agus d’eagraíochtaí a úsáideann an Ghaeilge ina ngnóthaí laethúla, agus a chuireann dá bhrí sin le cur chun cinn na Gaillimhe mar chathair dhátheangach. In onóir Sheosaimh Uí Ógartaigh, nach maireann, a ainmníodh an Gradam. Ba chomhalta bunaidh agus Rúnaí Cuideachta Ghaillimh le Gaeilge é. Tá an Gradam ag dul ó neart go neart ó bunaíodh é, agus méadaíonn líon na n-iontrálaithe gach bliain. Is é a phríomhurraitheoir, an Galway Advertiser, agus urraíocht ó ghnólachtaí áitiúla eile a mhaoiníonn an Gradam, a mbíonn breis is €15,000 i gceist leis.


    • De bharr an éilimh mhóir a bhí ar na seirbhísí a chuireann Gaillimh le Gaeilge ar fáil, seoladh Cairde Ghaillimh le Gaeilge in 2001 i gcomhar le Cumann Tráchtála na Gaillimhe. Daoine aonair agus cuideachtaí a bhfuil spéis acu tacú le hiarrachtaí Ghaillimh le Gaeilge Gaillimh a chur chun cinn mar Chathair Dhátheangach atá sa ghrúpa seo. Tá fás suntasach tagtha ar an scéim ó bunaíodh é, agus tá greamán ‘Cairde’ in airde ar fhuinneoga os cionn 200 cuideachta ar fud Chathair na Gaillimhe (agus roinnt i gContae na Gaillimhe).

    • Thug Gaillimh le Gaeilge faoi ‘Staidéar Taiscéalaíoch ar an Dátheangachas i gCathair na Gaillimhe’ in 2007 i gcomhpháirtíocht le Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Léiríonn an staidéar gur suíomh foirfe í Cathair na Gaillimhe do Chathair dhátheangach, agus go bhfuil idir chainteoirí Gaeilge agus iad siúd nach labhraíonn Gaeilge den tuairim go mbeadh tairbhe le baint ag an gCathair as stádas dátheangachais.

    • Thiomsaigh Gaillimh le Gaeilge CD-ROM ‘Gaillimh-Cathair Dhátheangach’ in 2003, i gcomhar le Hewlett-Packard i nGaillimh. Úsáideadh an CD-ROM seo chun Gaillimh a chur i láthair mar eiseamláir a chuireann an dátheangachas i bhfeidhm san earnáil tráchtála ag an gcomhdháil ‘Partnership for Diversity’ i Heilsincí.

    • I gcás-staidéar faoi Ghaillimh le Gaeilge dar teideal ‘The cost-effectiveness evaluation of minority language policies’ [François Grin agus François Vaillancourt], dúradh gurb é Gaillimh le Gaeilge an dara heagraíocht is éifeachtaí san Eoraip do chur chun cinn teanga agus cultúir.

    • Bhí dlúthbhaint ag Gaillimh le Gaillimh le seoladh an chéad uathmheaisín bainc (ATM) a raibh seirbhís trí Ghaeilge ar fáil air i mBanc na hÉireann, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh i 1999. Seoladh an tseirbhís ar fud na tíre ina dhiaidh sin.

    • Bronnadh an Duais Eorpach do Theangacha, an Lipéad Teanga(Suíomh i neart teangacha seachas Geilge!), ar Ghaillimh le Gaeilge in 2004. Tá daoine aonair agus ionadaithe eagraíochtaí ar Choiste Stiúrtha Ghaillimh le Gaeilge. Daoine iad seo a bhfuil sainchúram orthu, nó a bhfuil spéis faoi leith acu, i gcur chun cinn na Gaeilge i gCathair na Gaillimhe. Oibríonn comhaltaí an Choiste Stiúrtha in eagraíochtaí ar nós Bhanc na hÉireann, Westbic, TG4, an Choiste Gairmoideachais, Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo (GMIT) agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh.
Tá trí aidhm straitéiseacha ag an eagraíocht:
    1. Caidreamh le príomhpháirtithe leasmhara na Cathrach a chothú chun stádas oifigiúil dátheangach a bhaint amach don Chathair.

    2. Leanúint le tacú agus le spreagadh an phobail ghnó chun a chinntiú go bhfeictear, go gcloistear agus go labhraítear an teanga – a chinnteoidh ‘normalú’ na Gaeilge sa Chathair de réir a chéile.

    3. Tacaíocht don Ghaeilge a chothú i measc phobal Chathair na Gaillimhe a thabharfaidh úinéireacht na teanga don phobal féin.

Maoiníonn an Crannchur Náisiúnta (Béarla) Gaillimh le Gaeilge tríd an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, chomh maith le Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus Cumann Tráchtála na Gaillimhe trí shíntiúis bhliantúla do “Scéim Chairde Ghaillimh le Gaeilge”. Rinneadh trácht ar a héifeachtaí is atá cur chuige Ghaillimh le Gaeilge in athbhreithniú Chiste na Gaeilge in 2006. Dúirt an tuarascáil go raibh bealaí úra nua forbartha ag Gaillimh le Gaeilge chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc an phobail ghnó, agus chun an Ghaeilge a dhéanamh níos infheicthe agus níos inghlactha i measc an phobail ghinearálta.

3.3 Modheolaíocht an Staidéir
Bane Mullarkey (Béarla), gnólacht agus comhairleoir margaíochta atá lonnaithe i nGaillimh, i gcomhpháirt leis an eacnamaí Jerome Casey a chuaigh i mbun an staidéir seo. I measc na hoibre a rinneadh do thaighde an staidéir bhí comhairliúcháin fhorleathana, taighde deisce agus allamuigh a chuimsigh suirbhéanna ar ghnólachtaí agus ar theaghlaigh, agus agallaimh dhoimhne.

Ba iad aidhmeanna an staidéir:
    1. An tionchar geilleagrach a bhíonn ag úsáid na Gaeilge i gCathair na Gaillimhe agus i nGaeltacht na Gaillimhe a mheas, chun tábhacht na teanga do gheilleagar na gceantair seo, agus do Chathair na Gaillimhe go háirithe, a mheas i dtéarmaí airgeadaíochta.

    Rinneadh é seo trí:
      a) scrúdú a dhéanamh ar an tacaíocht Stáit atá ar fáil don Ghaeilge agus do phobal na Gaeltachta; tacaíocht atá ann chun infheistíocht a dhéanamh i gcaomhnú agus i gcothú na Gaeilge mar theanga teaghlaigh agus pobail sa Ghaeltacht, agus ar bhonn níos lú, chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus a fhorbairt i gCathair na Gaillimhe agus
      b) scrúdú a dhéanamh ar a chuireann lucht oibre Ghaeltacht na Gaillimhe leis an Olltáirgeacht Náisiúnta (GNP), agus meastachán a dhéanamh ar luach a aschurtha gheilleagraigh i gceantar an staidéir

    2. Anailís a dhéanamh ar na tionchair eile gheilleagracha a bhaineann leis an nGaeilge trí staidéar a dhéanamh ar dhá earnáil a bhfuil dlúthbhaint acu leis an nGaeilge i nGaillimh – an tionscal closamhairc agus gníomhaíocht gheilleagrach a bhaineann leis an turasóireacht go háirithe – agus meastachán a dhéanamh ar a luach geilleagrach sa cheantar.

    3. Moltaí a dhéanamh i leith bhuntáiste geilleagrach na Gaeilge a choinneáil  i gCathair na Gaillimhe go háirithe agus i nGaeltacht na Gaillimhe, agus aird á díriú ar thionscnaimh nach mbeadh aon chostas, nó costas íseal, ag baint leo chun an teanga a chur chun cinn sa cheantar, agus na moltaí a rinne Ó Cinnéide agus Keane ina staidéar i 1988 a leasú chun dáta.
Cé nach bhfuil an dá bhliain féin caite ó bhonnlíne na bliana 2007, tá athrú suntasach tagtha ar an ngeilleagar. Tá an meathlú geilleagrach is measa ó na 1930idí i bhformhór an domhain fhorbartha, agus is measa meath geilleagrach na hÉireann ná aon tír eile i gceantar na hEagraíochta um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (OECD)(Fraincís/Béarla). Tá laghdú mór tagtha ar mhaoiniú na ngníomhaireachtaí agus ranna Stáit uile beagnach in 2009 mar gheall ar an easnamh mór sa Státchiste.

Cé go n-aithníonn agus go luann an tuarascáil seo an t-athrú atá tagtha ar an ngeilleagar, tá sé deacair tairngreacht nó anailís a dhéanamh ar an éifeacht a d’fhéadfaí a bheith ag na laghduithe seo ar Ghaeltacht na Gaillimhe agus ar thacaíocht don Ghaeilge, anois ná sa todhchaí. Is fearr a chreidiúint, áfach, nach mbeidh an leibhéal tacaíochta atá ar fáil in 2009 faoi láthair á mhéadú sna blianta beaga atá amach romhainn. Dá bhrí sin, sna moltaí deiridh ar na gníomhartha agus ar an
gcur chuige do thacaíocht na Gaeilge i gCathair na Gaillimhe amach anseo, tugadh tús áite dóibh siúd nach bhfuil costas mór ag baint leo, nó do thionscnaimh chomhpháirtíochta nach dteastaíonn buiséid mhóra uathu.

Dhírigh an staidéar ar na scéimeanna agus ar na heagraíochtaí a chuireann tacaíocht ‘bhreise’ ar fáil don Ghaeilge. D’fhéadfaí a mhaíomh go mbeadh tacaíocht áirithe ar fáil sa cheantar fiú mura mbeadh stádas speisialta Gaeltachta aige; is dócha mar shampla go mbeadh an tacaíocht thionsclaíoch a fhaightear ó Údarás na Gaeltachta ar fáil ón Údarás Forbartha Tionscail (IDA - Béarla), Fiontraíocht Éireann(Béarla), Comisiún Forabrtha an Iarthair nó ó Bhord Fiontar Contae agus Cathrach na Gaillimhe (Béarla).

Ar an taobh eile, is infheistíocht ‘bhreise’ iad cuid acu seo sa cheantar mar gur Gaeltacht é; mar gurb í an Ghaeilge príomhtheanga an phobail. Dá dteipfeadh ar an stádas agus ar an bpobal teanga sin ní bheadh aon údar leis an tacaíocht bhreise sin. Tá go leor gníomhaireachtaí agus tionscnaimh Stáit, nó a mhaoiníonn an Stát, ag obair i nGaeltacht na Gaillimhe mar a dhéanann siad ar fud na tíre. Díríonn an staidéar seo aird ar phríomhsholáthraithe an chúnaimh bhreise Stáit; na gníomhaireachtaí sin a bhfuil tionchar suntasach geilleagrach acu ar an bpobal nó a bhfuil sainchúram i leith na Gaeilge agus i leith thacaíocht na Gaeltachta orthu.

Cuirtear níos mó béime ar na moltaí a bhaineann le todhchaí na Gaeilge i gCathair na Gaillimhe a thabhairt chun críche, agus ar mhodh molta gníomhaíochta a chur ar fáil do Ghaillimh le Gaeilge agus dá gcomhpháirtithe; tá sé d’aidhm acu siúd an teanga a chur chun cinn sa Chathair chun a chinntiú go leanann an ceantar ar aghaidh ag baint tairbhe gheilleagrach as an nGaeilge. Tá níos lú béime ar na moltaí do Ghaeltacht na Gaillimhe, mar gheall ar an líon taighde agus anailíse a rinneadh ar cheantair Ghaeltachta le blianta beaga anuas, agus mar gheall ar thuiscint na gcomhairleoirí go bhfuil moltaí soiléire sa taighde údarásach sin faoin méid a theastaíonn chun an teanga a chaomhnú agus a láidriú ina croíthailte.

Share/Save/Bookmark

26.11.09

Straitéis 2010-2030


STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 2010 – 2030

Dréacht

Foilsíodh an dréacht plean seo faoi dheireadh ar an 26 Samhain 2009.
Is féidir é seo a íoslódáil ag i nGaeilge anseo agus
Download In English here.

Roinntear i gcaibideal éagsúla mar seo.

CLÁR
Tuairimí
  • Fáiltíonn an tÚdarás roimh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge (20/1/2010)
  • An Plean Úd (Smaointe Fánacha Aonghus)
  • Plean Uaillmhianach agus dúshlánach (Foras na G)
  • Vóta muiníne san Údarás - Pádraig Ó hAoláin (Nuacht24)
  • Tubaiste a bheadh ann - Ó hEallaithe (nuacht24)
  • Straitéis – nó plean – 20 Bliain foilsithe – geallúint tugtha faoi ‘acmhainní’ (iGaeilge)
  • Vóta muiníne san Údarás - Pádraig Ó hAoláin (Nuacht24)



  • Share/Save/Bookmark

    1.0 Fís

    An Fhís

    Ainneoin na gcéadta bliain de dhaoine a bheith ag athrú ó Ghaeilge go Béarla tá an Ghaeilge fós beo mar theanga bheo pobail i roinnt áiteanna a d’fhan ina nGaeltacht agus tá cuid mhaith daoine lasmuigh den Ghaeltacht ag úsáid na Gaeilge ó lá go lá.

    Tá bláthú tagtha ar litríocht agus ar chineálacha eile ealaíon trí mheán na Gaeilge le céad bliain anuas, sa chaoi is gur teanga iomlán nua-aimseartha Eorpach í an Ghaeilge anois.

    Is é aidhm pholasaí an Rialtais i leith na Gaeilge ná úsáid agus eolas ar an nGaeilge a mhéadú mar theanga phobail ar bhonn céimniúil. Is aidhm ar leith de chuid an Rialtais é a chinntiú go bhfuil an oiread saoránach agus is féidir dátheangach i nGaeilge agus i mBéarla.

    Is é aidhm pholasaí an Rialtais chomh maith:
      • cur leis an méid teaghlach ar fud na tíre a bhaineann úsáid as an nGaeilge mar an teanga cumarsáide gach lá dá saol;

      • tacaíocht teanga a sholáthar don Ghaeltacht mar phobal labhartha Gaeilge;

      • a chinntiú chomh fada agus is féidir go mbeidh úsáid na Gaeilge nó an Bhéarla mar rogha ag an saoránach, chomh fada agus is féidir, i ndíoschúrsa poiblí agus i seirbhísí poiblí agus de réir a chéile go ndéanfaidh níos mó daoine ar fud an Stáit cinneadh a ngnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge; agus

      • a chinntiú go mbeidh an Ghaeilge níos infheicthe sa tsochaí againn, mar theanga labhartha ag ár gcuid saoránach mar aon le bheith le feiceáil ar chomharthaí agus i litríocht.
    Tá an Ghaeilge mar chuid do chultúr agus d’oidhreacht Thuaisceart Éireann agus tá cur chun cinn agus cosaint na teanga ann mar thosaíocht freisin ag an Rialtas.

    Aithníonn an Rialtas an buntáiste mór freisin dá gcuid saoránach líofacht Béarla a bheith acu, an teanga is mó úsáide i ngnóthaí idirnáisiúnta. Geallann an Rialtas go gcinnteoidh siad go gcoinneofar an buntáiste seo trí shochaí dhátheangach a fhorbairt ina mbeidh an oiread daoine agus is féidir in ann Gaeilge agus Béarla a úsáid chomh héasca le chéile.

    Agus siúd gur príomhfhócas den straitéis seo áit na Gaeilge sa chóras oideachais a neartú tá an-tábhacht leis an nGaeilge mar theanga bheo a chur ar aghaidh laistigh den teaghlach agus idir na glúnta. Is é an cur chuige foriomlán atá againn ná creat oibre tacaíoch a chruthú agus na deiseanna a chruthú trína bhféadfar an Ghaeilge a chur ar aghaidh ar bhealach nádúrtha laistigh de líonta tí agus de phobail.

    Braitheann an méid atá i ndán don teanga ar dhaoine a roghnóidh go cinnte leas a bhaint as na deiseanna a chruthóidh an Straitéis seo. Sin é an dúshlán atá amach romhainn ar fad.

    Share/Save/Bookmark

    2.0 Comhthéacs

    Comhthéacs Polasaí

    Is é atá tugtha síos in Airteagal 8 de Bhunreacht na hÉireann:

    “Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í.”

    Is é an bonn atá faoin Straitéis 20 Bliain seo ná an stádas atá ag an teanga sa Bhunreacht agus tógtar ar Rialtas na hÉireann - Ráiteas i leith na Gaeilge 2006 a foilsíodh i mí na Nollag 2006. Dhearbhaigh an Ráiteas tacaíocht an Rialtais d’fhorbairt agus do chaomhnú na Gaeilge agus na Gaeltachta agus leag amach 13 cuspóir ó thaobh polasaí maidir leis sin:


    Cuspóir 1: Seasfar leis an stádas faoi leith atá ag an nGaeilge sa Bhunreacht agus i ndlíthe na tíre ar nós Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, An tAcht Oideachais 1998, An tAcht um Phleanáil agus Forbairt 2000 agus An tAcht um Chraolacháin 2001.

    Cuspóir 2: Cuirfear Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm go hiomlán. Forbrófar cearta an phobail an Ghaeilge a úsáid agus iad ag plé leis an Stát agus le dreamanna eile agus déanfar socruithe cuí chun é seo a chur i bhfeidhm.

    Cuspóir 3: Tabharfar spreagadh agus tacaíocht do phobal na Gaeilge sa Ghaeltacht agus lasmuigh de, an Ghaeilge a thabhairt don chéad ghlúin eile mar theanga teaghlaigh. Chuige sin, cuirfear réimse leathan seirbhísí ar fáil trí mheán na Gaeilge.

    Cuspóir 4: Tabharfar tacaíocht ar leith don Ghaeltacht mar cheantar labhartha Gaeilge.

    Cuspóir 5: Déanfar an Ghaeilge a theagasc mar ábhar riachtanach ó leibhéal na bunscoile go leibhéal na hArdteistiméireachta. Cuirfidh an curaclam ar chumas na ndaltaí an Ghaeilge a labhairt agus a scríobh go cruinn, chomh maith le tuiscint a thabhairt dóibh ar fhiúntas na teanga dúinn mar phobal. Chun na críche seo, déanfar infheistíocht fheabhsaithe i bhforbairt phroifisiúnta agus i dtacaíocht leanúnach do mhúinteoirí maraon le i soláthar téacsleabhar agus acmhainní, agus i dtacaíocht do mhodhanna nuálacha teagaisc agus foghlama.

    Cuspóir 6: Cuirfear oideachas lán-Ghaeilge ar ardchaighdeán ar fáil do dhaltaí scoile arb é mian a dtuismitheoirí/gcaomhnóirí é. Leanfar leis an tacaíocht do Ghaelscoileanna ag leibhéal na bunscoile agus déanfar forbairt ar sholáthar lán-Ghaeilge ag leibhéal na hiar-bhunscoile chun freastal ar éileamh de réir mar is gá.

    Cuspóir 7: Leanfar leis an tacaíocht a thugtar don réamhscolaíocht Ghaeilge agus déanfar breis forbartha ar an gcóras oideachais tríú leibhéal trí mheán na Gaeilge.

    Cuspóir 8: Leanfar leis an tacaíocht a thugann an Stát d’Fhoras na Gaeilge de réir an Achta um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999.

    Cuspóir 9: Déanfar cinnte de go bhfuil seirbhísí cuimsitheacha craolacháin ar ardchaighdeán ar fáil trí mheán na Gaeilge, go mór mhór trí fhorbairt leanúnach a dhéanamh ar RTÉ, ar Raidió na Gaeltachta agus ar TG4.

    Cuspóir 10: Tabharfar gach cúnamh agus tacaíocht don Aontas Eorpach i bhfeidhmiú an chinnidh an Ghaeilge a bheith ina teanga oibre agus ina teanga oifigiúil san AE ón 1 Eanáir 2007.

    Cuspóir 11: Leanfar le treisiú na hoibre atá ar bun ag An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus ag na gníomhaireachtaí agus na comhlachtaí a thagann faoina scáth, ar nós Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta agus Bord na Leabhar Gaeilge chun an Ghaeilge a chur chun cinn go náisiúnta agus chun í a chaomhnú agus a threisiú sa Ghaeltacht.

    Cuspóir 12: Leanfar agus déanfar forbairt ar úsáid na Gaeilge sa Gharda Síochána agus sna Fórsaí Cosanta.

    Cuspóir 13: Aithníonn an Rialtas an ról fíorthábhachtach atá ag an earnáil dheonach Ghaeilge agus leanfar ag tabhairt tacaíochta di.
    Is aidhm de chuid an Rialtais freisin tacú le cur chun cinn agus le teagasc na Gaeilge thar lear, tríd An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Tá béim faoi leith curtha ar thacaíocht a thabhairt do mhúineadh na Gaeilge i gcoláistí tríú leibhéal i roinnt tíortha éagsúla.


    Tríd is tríd mar sin is gnéithe de chomhthéacs nua-aimseartha na Gaeilge na nithe seo a leanas:
      • Is Stát dátheangach í Éire inarb í an Ghaeilge an chéad teanga oifigiúil de réir Airteagal 8 de Bhunreacht na hÉireann.

      • Is í an Ghaeilge an teanga labhartha liteartha is ársa san Eoraip i gcomhthéacs ár n-oidhreachta Eorpaí.

      • De réir Dhaonáireamh 2006 tá cumas áirithe ag 42% de dhaonra na hÉireann ó thaobh Gaeilge a labhairt – is ionann sin agus thart ar 1.66 milliún duine nó níos mó in aois na 3 bliana nó os a chionn as daonra cónaitheach iomlán de thart ar 4.2 milliún.

      • Is í an Ghaeilge príomhtheanga pobail agus tí 3% de dhaonra na tíre.

      • De réir suirbhéanna agus pobalbhreitheanna creideann an chuid is mó den daonra go mbaineann tábhacht faoi leith leis an nGaeilge óna dtaobh siadsan go pearsanta agus/nó don tír tríd is tríd.

      • Tugadh stádas teanga oifigiúil agus teanga oibre ag leibhéal an AE don Ghaeilge le héifeacht ón 1 Eanáir 2007.
    Tá an Straitéis seo ag iarraidh tógáil ar an gcomhthéacs agus ar na haidhmeanna atá luaite trí shraith réimsí a ngníomhófaí ina leith a leagan amach le leas a dhéanamh don teanga agus don Ghaeltacht as seo go ceann 20 bliain. Creideann an Rialtas go mbaineann tábhacht faoi leith leis an nGaeilge do mhuintir, do shochaí agus do chultúr na hÉireann. Mar theanga labhartha pobail is leis an tír seo amháin a bhaineann an Ghaeilge agus tá fíorthábhacht mar sin léi ó thaobh fhéiniúlacht mhuintir na hÉireann agus ó thaobh oidhreacht dhomhanda.

    Mar bhonntaca leis an Straitéis tá anailís ar an gcaoi a bhfuil an Ghaeilge, anailís a rinne meitheal de chomhairleoirí idirnáisiúnta, a bhfuil saineolas acu ó thaobh ceisteanna teanga faoi stiúir Fiontar i DCU, thar ceann an Aire Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta. Tá an anailís sin á foilsiú aisti féin. Ó thaobh na Gaeltachta tá aird á tabhairt sa Straitéis ar na moltaí a rinneadh i Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, a rinne Acadamh na hOllscolaíochta, Ollscoil na hÉireann Gaillimh thar ceann an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.

    Thug an Straitéis aird freisin ar staidéar a rinne an tAthair Micheál Mac Gréil agus Fergal Rhatigan as An Roinn Socheolaíochta in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad ar Attitudes towards Competence in and Use of the Irish Language 2007-2008 (pdf). Léiríonn an staidéar go bhfuil dearcaí dearfacha agus dea-thoil ó thaobh na Gaeilge fanta ag leibhéil an-arda ón am a ndearna an t-údar na staidéir roimhe sin i 1973 (Prejudice and Tolerance In Ireland) agus i 1996 (Prejudice in Ireland Revisited). Léiríonn na torthaí tacaíocht ollmhór do chaomhnú na Gaeilge: tá 52.5% ag iarraidh go gcaomhnófaí an Ghaeilge sa Ghaeltacht agus go ndéanfaí í a athbheochan lena húsáid do na healaíona agus don chultúr lasmuigh den Ghaeltacht, agus tá 40.9% ag iarraidh go ndéanfaí an teanga a athbheochan do chríocha poiblí ar fud an Stáit.

    Léargais idirnáisiúnta
    Aithnítear go hidirnáisiúnta an fiúntas a bhaineann le héagsúlacht teangacha. Is iad teangacha na príomhuirlisí atá ag an duine le hidirghníomhú a dhéanamh agus le smaointe, mothúcháin, eolas, cuimhní agus luachanna a chur in iúl. Is príomhfheithiclí iad teangacha freisin le cultúir a shloinneadh agus d’oidhreacht theibí cultúir, nithe is croí d’fhéiniúlacht an duine aonair agus d’fhéiniúlacht an ghrúpa. Tá ról tábhachtach teanga ó thaobh léiriú agus tarchur oidhreachta cultúir aitheanta i United Nations 2003 Convention for the Safeguarding of the Intangible Cultural Heritage.

    Caithfear mar sin ó thaobh éagsúlacht cultúr ar fud an domhain a chaomhnú teangacha mar an Ghaeilge a chosaint. Tuairiscíonn UNESCO go bhfuil leath de na 6,700 teanga a labhraítear faoi láthair i gcontúirt dul i léig roimh dheireadh an chéid, próiseas nach féidir a mhoilliú síos ach le gníomh práinne ó Rialtais agus ó na pobail a labhraíonn na teangacha. Cothaíonn an Endangered Languages Programme de chuid UNESCO comhoibriú ar bhonn idirnáisiúnta le haird a tharraingt ar an staid thromchúiseach sin agus le réiteach nuálach a chur chun cinn ó phobail, ó shaineolaithe agus ó údaráis. Chuir an t-eagrán is déanaí den Atlas of Endangered Languages (UNESCO) an Ghaeilge síos mar theanga atá go cinnte i gcontúirt. Tá an stádas sin athraithe ó shin agus feabhsaithe go dtí an stádas í a bheith leochaileach i gcomhthéacs eolais faoi bhearta atá glactha ag an Rialtas le tacú leis an teanga le blianta beaga anuas.

    D’aithin Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe 2003 an ról fíorthábhachtach atá ag teanga ó thaobh oidhreacht bheo a chur in iúl agus a chur ar aghaidh. Braitheann oidhreacht cultúir theibí ar theanga ó thaobh a beochta laethúil agus lena cur ar aghaidh chuig an gcéad ghlúin eile. Ó thaobh traidisiún béil cibé amhráin, filíocht nó béaloideas, ní hamháin gurb í an teanga an fheithicil ina bhfuil an oidhreacht cultúir, is í an teanga a croílár.

    Chomh maith le hanailís a dhéanamh ar staid teangacha atá faoi bhrú ar fud an domhain tá forbairt déanta ag UNESCO ar chreat oibre le beocht teanga a thomhas le cuidiú le Rialtais agus le dreamanna eile ó thaobh polasaí a fhorbairt, gach a chaithfear a dhéanamh agus na bearta cosanta cuí a aithint. Tugadh aird ar an gcreat oibre sin atá bunaithe ar na naoi gcritéar seo a leanas agus an Straitéis á forbairt:
    Tá Straitéis an Rialtais mar atá leagtha amach sa cháipéis seo eagraithe thart:
      • Ar chur le heolas ar an nGaeilge;
      • Ar dheiseanna a chruthú le Gaeilge a úsáid; agus
      • Ar dhearcaí dearfacha i leith úsáid na Gaeilge a chothú.
    Tá fhios againn ón gcaoi a bhfuil an Ghaeilge nach ionann cumas a bheith ag duine sa teanga agus í a úsáid. Leanann úsáid teanga go hiarbhír as cumas, deis agus dearcadh dearfach a bheith in éineacht. Tá an Straitéis seo mar sin ag iarraidh cúinsí dearfacha a chruthú le go mbainfidh na daoine níos mó úsáide as an gcumas teanga atá acu agus go gcuirfear leis an gcumas sin go fírinneach le himeacht ama.

    Léiríonn an Straitéis seo tacaíocht an Rialtais d’fhorbairt agus do chaomhnú na Gaeilge trí thiomantas fadtéarmach do chur chuige comhleanúnach agus cuimsitheach do thodhchaí na teanga mar theanga bheo a labhraíonn daoine le háit dhaingean sa chóras oideachais, ag na leibhéil is airde inár gcóras polaitíochta agus inár riarachán poiblí agus sa Ghaeltacht.

    Mar a dúradh cheana is cuid d’oidhreacht agus de chultúr Thuaisceart Éireann í an Ghaeilge agus is tosaíocht don Rialtas cosaint agus cur chun cinn na teanga ansin.

    I gcomhthéacs thiomantas leanúnach an Rialtais ó thaobh Chomhaontú Aoine an Chéasta a fheidhmiú go hiomlán leanfaidh sé ag tacú le Foras na Gaeilge, an comhlacht forfheidhmithe Thuaidh/Theas a bhfuil dualgas air an teanga a chur chun cinn ar bhonn uile-oileáin agus lena oibriú éifeachtach leanúnach a chinntiú. Beidh deathionchar ag Straitéis an Rialtais ar lucht labhartha na Gaeilge i dTuaisceart Éireann. Leanfaidh an Rialtas ag obair freisin le go gcuirfear i bhfeidhm go hiomlán tiomantais ó thaobh na Gaeilge a bhaineann le Rialtas na Breataine agus Feidhmeannas Thuaisceart Éireann, lena n-áirítear Acht Teanga don Ghaeilge a thabhairt isteach chomh maith le feabhsú, cosaint agus forbairt na Gaeilge i dTuaisceart Éireann.


    http://cms01.unesco.org/fileadmin/MULTIMEDIA/HQ/CLT/CLT/pdf/UNESCO-EndangeredLanguages-WorldMap-20090218.pdf
    Share/Save/Bookmark