29.1.10

I'm sorry the person with Irish isn't here today!

Is minic go mbíonn orm gnó a dhéanamh le comhluchtaí agus rannaí stáit. Is náireach an easpa seirbhís a thugann siad don té gur mbíonn leis nó léithí a chuid gnó a dhéanamh i dteanga oifigiúil an stáit.

Anois is arís déanam taisteal le hIarnród Éireann. Má chuirim www.iarnrodeireann.ie isteach in inneall cuardaigh, aistreofar láithreach bonn mé go dtí www.irishrail.ie (Béarla). Ansin má chuirim "Gaillimh" isteach, cuirtear in iúl dom gur "No matching stations" é sin. Bain trial as tú féin.

Cad is fiú léarsceáil bhreá nua againn, cead againn glaoch ar Iarnród Éireann as Gaeilge, tuarascáil bhliantúil IÉ a fháil as Gaeilge, mar chomhlacht stáit, comharthaí 2-theangacha sna stáisiúin ar fad, má thugtar droim láimhe don Ghaeilge san áit is minicí a úsáideann custaiméirí anois chun teacht ar eolas i dtaobh tráthchlár agus eile, mar atá, ar chomhéadan idirlín Iarnród Éireann?

Níl ceangal ar bith ar na heagraíochtaí stáit/leathstáit an tseirbhís bhunúsach sin a sholáthar, éileamh sách láidir ag lucht na Gaeilge ar sheirbhísí taistil as Gaeilge nó an eol do dhuine ar bith ar an liosta seo conas cúrsaí a chur ina gceart i gcás IÉ? Muna bhfuil sé ins an pleán teanga atá curtha isteach chuig an Coimisinéir Teanga.

Seo litir a chonaic mé le déanaí:


I'm sorry the person with Irish isn't here today!


Bí i do leantóir ar leathanach Seirbhís Poiblí tré Ghaeilge ar Facebook
"Maidin inniu, tar éis 40 bhliain de bheith ag plé cúrsaí cánach tré Gaeilge le hAonad 88 (nó 880), seo chugam foirm "Tax Return for the year 2009", gan focal Gaeilge innti, ná cuireadh le leagan Gaeilge a iarradh (agus ó tharla an aighnis san earnáil poiblí, is dócha nach bhfreagrófar fón ná ní osclófar litir chucu).

An mhí seo caite, theip orm Gaeilge a aimsiú ar shuíomh an Post Office agus mé ag iarradh ceadúnas teilifíse a athnuachan. Cén fáth? "...Tá brón orm nach bhfuil leagan Gaeilge den suíomh idirlín ar fáil faoi láthair. Caithfimid na hÁit-Ainmneacha go léir sa bhunachar sonraí a aistriú go Gaeilge. Nuair a bheidh an tasc mór sin déanta againn, cuirfimid an leagan Gaeilge den suíomh idirlín ar fáil..." Thart faoin am a bhéas foclóir an Acadaimh críochnaithe, deirfinn. Ní thuigim cén baint atá ag Áit-Ainmneacha leis an scéal. B'fhéidir go mbeidh orainn dul arais ar an stailc ceadúnais na blianta ó shoin sular bunaíodh
Teilifís na Gaeilge.....[Féach ar Omós agus Masla anseo le déanaí].

"Caithfidh mé ainm bréagach agus sloinne bréagach a tharraingt orm féin ar shuíomh Aer Lingus, nach nglacann le á-é-í-ó-ú. Ní bhíonn an deacracht sin ag leithéidí Booking.com (Béarla) nó 1800hotels.ie (Béarla) nó ArgusCarHire, ná ag comhlachtáí thar lear as a cheannaím rudaí. (Athníonn siad go bhfuil a leithéad agus síne fada ann!)

"In Eolaí an Teileafóin, díreofar thú ó Irish Rail chuig Iarnród Éireann, agus ó
Dublin Bus chuig Bus Átha Cliath, ní hionann agus a suíomhanna idirlín, ach tá
áthas orm a fheiceáil go bhfuil an Ghaeilge ar chomhchéim leis an Bhéarla ins
an "léaráid damháin alla" nua ("spider diagram"! -- léarscáil líonra na
mbusanna). Agus bíonn idir Ghaeilge agus Béarla ins na leabhráin a chuireann
Bord Gáis agus BSL amach leis na billí. Ach tríd is tríd, ní ró-shláintiúil stádas
na Gaeilge san earnáil phoiblí."

Cualathas scéal faoi OÉG (NUIG atá ortha mar URL nó AAA mar is cóir dom a rá!), bronnadh scolaireacht na blianta ó shoin ar bhuachaill le hinnealltóireacht a dhéanamh tré Ghaeilge ansin - ach ní raibh eolas dá laghad ag an fhoireann innealltóireachta faoi sin. Thóg sé agus buachaillí eile ó Choláiste Eoin (BÁC) raic, agus sa deireadh fuair siad teagasc tré Ghaeilge sna heolaíochtaí amháin, san Fhisic, sa Cheimic agus sa Mhata. Rud ar bith san innealltóireacht. Fímínteacht? Nó b'fhéidir i ndairíre, cinéal eile "dole" don choláiste a bhí sna scolaireachtaí, gan na coinníollacha bheith comhlíonta acu, ach oiread le riachtanaisí scríofa ag an choláiste a iarrann cumas Gaeilge ag foireann an choláiste.

Ar chúis éigin bhí orm breathnú ar shuíomh eolais Údarás Sláinte na Breataine Bige (Breathanais) agus ba mhór an cúis náire dom é nuair a chuaig mé chuig suíomh Faidhmeanas Sláinte na hÉireann.

In an-chuid de na cásanna sin níl ceangal dlí orthu faoin Acht Teangain aon rud a dhéanamh faoi muna bhfuil sé sa pleán teanga trí bhliain.

Dá bhrí sin is ag brath ar dea thoil atá muid. Agus ansin deirtear linn nach bhfuil ach 1% den chumarsáid idirlín leis an rialtas tré Ghaeilge. Ní nach íonadh nuair nach chuirtear an seirbhís le fáil.

B'fhíor do bPiarsach: "Mór mo náir mo chlann féin ag díol a máthair!"

Bí i do leantóir ar leathanach Seirbhís Poiblí tré Ghaeilge ar Facebook
Share/Save/Bookmark

26.1.10

Cruinniú Oireachtais

Tacaíocht na bPáirtithe uile léirithe don Straitéis



Ar an gCéadaoin seo caite (20 Ean 2010), bhí sé eagraíocht Ghaeilge agus duine aonair amháin os comhair an Chomhchoiste um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus iad ag cur a dtuairimí maidir le Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge i láthair.

Tacaíocht na bPáirtithe uile léirithe don Straitéis
Bhí ionadaithe ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Conradh na Gaeilge, Pobal, Comhluadar, TG4 agus Foras na Gaeilge chomh maith leis an taighdeoir agus gníomhaire pobail, Donncha Ó hÉallaithe i measc na ndaoine a bhí i láthair.

Chuir Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge trí phríomhréimse os comhair an Chomhchoiste um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta:

Plean gníomhaíochta maidir le feidhmiú na straitéise;
2. Struchtúr ceannais na straitéise;
3. Freagracht fheidhmithe, mhonatóireachta, agus mheasúnaithe ar bhonn neamhspleách na straitéise.

Dhírigh an Chomhdháil freisin ar ról earnáil dheonach agus phobail na Gaeilge i bhfeidhmiú na straitéise.
na n-éileamh a chuir an Chomhdháil faoi bhráid an Chomhchoiste bhí:
go gcuirfear curaclam comhtháite d’fhoghlaim na Gaeilge ón réamhscolaíocht go dtí an tríú leibhéal i bhfeidhm tríd an straitéis;
go neartófar ról na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) i gcur chun cinn na Gaeilge tríd an gcóras gaeloideachais;
agus go bhforbrófar polasaí earcaíochta don Státchóras a chuimsíonn clár dearfach gníomhaíochta.

Mhol Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge go láidir go dtabharfaidh an Comhchoiste cuireadh do na comhairleoirí faoi stiúir FIONTAR (DCU) cur i láthair a dhéanamh ar an anailís atá déanta acu, agus thacaigh Mary White T.D. leis an moladh seo.

>I measc na moltaí curtha chun cinn ag Conradh na Gaeilge bhí cúrsa comhtháite céimnithe Gaeilge a chur i bhfeidhm sna scoileanna; comhstádas a thabhairt don Ghaeilge ar chomharthaí bóthair dátheangacha; scéim earcaíochta a cheapadh don tseirbhís phoiblí le béim ar earcaigh dhátheangacha inniúla a fhostú; agus a chinntiú go mbíonn ról fiontraíochta agus cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht ag an údarás nua teanga atá luaite sa Dréacht-Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Deir Janet Muller, ón eagraíocht POBAL, nach dtugann an straitéis na cúinsí difriúla i dTuaisceart Éireann san áireamh agus nach bhfreagraíonn an straitéis seo do shainriachtanais phobal Gaeilge an Tuaiscirt, dar le Muller beidh tionchar diúltach ag an straitéis seo ar chur chun cinn na Gaeilge i dTuaisceart Éireann, mura ndéanann sí soláthar don teanga sa Tuaisceart bunaithe ar an gcomhthéacs reatha sa dlínse sin.

Níor aontaigh Donncha Ó hÉallaithe ar chor ar bith le moladh na straitéise chun Údarás na Gaeilge a dhéanamh as Údarás na Gaeltachta. Le linn an chruinnithe bhí an-chuid plé ar cé ar cheart a bheith freagrach as cur i bhfeidhm na straitéise, mhol Mary White T.D. i measc daoine eile gur cheart gurb iad oifigí an Choimisinéara Teanga a bheadh freagrach as a leithéid, ach mhol an Seanadóir Pearse Doherty gur cheart an fhreagracht sin a bhronnadh ar Choiste Oireachtais.

Mhol Pádhraic Ó Ciadhra, Leascheannasaí TG4 gur cheart go mbunófaí córas bainistíochta laistigh de Rannóg an Taoisigh chun bheith freagrach as cur i bhfeidhm na straitéise.Rinne na páirtithe polaitiúla go léir a gcuid tacaíochta don straitéis a chur in iúl le linn an chruinnithe.

Dúradh freisin go dtabharfar deis go luath d’eagraíochtaí Gaeltachta a dtuairimí i leith na straitéise a chur faoi bhráid an Chomhchoiste. Dar le Donncha Mac Fhionnghaile go mbeidh bás i ndán don Ghaeltacht mura n-éiríonn leis an Rialtas an straitéis seo a chur i bhfeidhm go héifeachtach.

Agus é ag caint os comhair an Chomhchoiste, dúirt PT Mac Ruairí, Uachtarán Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge go bhfuil “luach leis an teanga nach furasta costasú a dhéanamh air agus tá infheistíocht fhadtéarmach le déanamh ag an Stát i dtodhchaí na teanga tríd an Straitéis 20 bliain. Níor mhór don Rialtas díriú ar na tosaíochtaí gearr-, meán- agus fadtéarmacha chun go mbainfear amach na torthaí molta sa dréachtstraitéis ar bhealach a chinntíonn an luach is fearr ar airgead”.
Share/Save/Bookmark

Rith 2010


Ollie Cahill FAI, Anthony Moyles CLG, Bláthnaid Ní Chofaigh, Luke Fitzgerald IRFU

Tosóidh Rith 2010 - féile agus ollrith ar son na Gaeilge ar an 9 Márta i mBéal Feirste agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí Lá Fhéile Pádraig áit a gcríochnóidh sé i gcathair na Gaillimhe. Tá súil go mbeidh na mílte ag rith ar son na Gaeilge áit a mbeidh bata sealaíochta á n-iompar acu ina mbeidh teachtaireacht ó Uachtarán na hÉireann istigh ann. Léifear amach an teachtaireacht seo ag deireadh an reatha ar Lá Fhéile Pádraig.

Is slí úrnua é Rith 2010 chun teanga agus cultúr na Gaeilge a cheiliúradh go feiceálach i bpobail ar fud na hÉireann agus airgead a bhailiú d'fhorbairt na Gaeilge ag an am céanna. Tá Rith 2010 maoinithe i bpáirt ag Foras na Gaeilge.

Tagann an smaoineamh taobh thiar de Rith 2010 ón bhféile Korrika a tharlaíonn gach dara bliain i dTír na mBascach ( Euskal Herria), ó na hochtóidí. An bhliain seo caite ghlac 600,000 duine páirt i Korrika agus bíonn ceol agus imeachtaí cultúrtha lárnach sa bhféile chéanna.

“Táimid ar bís faoin imeacht úrnua seo,” a dúirt Siobhán Seoighe, Bainisteoir Imeachta, Rith 2010. “Tá sé feicthe againn mar a dhéanann Tír na mBascach ceiliúradh ar a gcuid teanga agus cultúr go feiceálach agus shocraíomar é a thriail anseo go hÉireann. Is ceiliúradh é seo ina mbeidh na mílte duine in ann a mbród a léiriú i leith na Gaeilge” a dúirt sí.

Is féidir le grúpaí pobail, scoileanna, clubanna, nó daoine aonair páirt a ghlacadh i Rith 2010 ar iliomad bealaí – féach ar a suíomh iditlíon. Rachaidh an t-airgead ar fad ó Rith 2010 go Ciste Rith, a chuirfidh maoiniú ar fáil amach anseo do thograí Gaeilge ar fud na tíre.

Chomh maith leis an rith é féin, beidh neart imeachtaí ar siúl timpeall na tíre mar chuid de Sheachtain na Gaeilge a bheidh ag tarlú ag an am céanna. Mar sin, ceannaigh ciliméadar, tacaigh leis an nGaeilge agus tar amach le linn na coicíse – beidh neart craic, ceol agus, ar ndóigh, Rith i gceist.
Share/Save/Bookmark

25.1.10

Deireadh le Pléarácha?

Pléaracha ag eagrú cruinniú chun plé agus ceiliúradh a dhéanamh ar Phléaráca agus an obair atá déanta ag an eagraíocht ar san an teanga, cultúr agus na healaíona i gConamara.

Tá baol láidir ann go gcuirfear deireadh le Pléaráca mar eagraíocht faoin bplean nua atá leagtha amach do eagrachtaí forbartha sa Ghaeltacht.
Bí ann gan teip!
Cruinniú Poiblí
Pléaráca
Dé Céadaoin
27 Eanair, ag 8i.n.
Tigh Josie (Óstán an Dóilín)
An gCeathrú Rua.

Chiallódh sé seo deireadh le Féile Phléaráca Chonamara, Ceardlanna Cruthaitheachta do dhaoine fásta (péintéireacht, fíodóireacht, caoladóireacht, gloine daite, potadóireacht srl), Clár Litríochta & Drámaíochta don óige (ceardlanna scríbhneoireachta & drámaíochta sna scoileanna, Fuint Focal, Féile Leabhar Bricíní, RéaltÓga - féile drámaíochta, scéim léitheoireachta Beartla Broc, club léitheoireacht, Club Geáitsíochta), Campa Samhradh, Seirbhís Leabharlann i Rosmuc, ríomahirí & idirlín ar fáil don phobal.

Impíonn siad ar dhaoine a bheith i láthair agus a dtacaíocht a thaispeáint. Bunaíodh Pléaráca Chonamara don chéad uair i 1991 nuair a bhí rudaí go holc don Ghaeilge agus do chultúr na Gaeltachta. Tháinig Pléaráca le chéile chun spreagadh agus misneach a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta agus cothú a dhéanamh ar an gcultúr luachmhar atá againn. Ní raibh riamh aon pholaitíocht ag baint le Pléaráca. Tá Pléaráca ann ar san na daoine, an teanga agus an chultúr agus ba mhaith leo go leanfaidh ar aghaidh mar sin.

Ba mhaith le Pléaráca cloisteáil uaidh daoine a bhí páirteach in imeachtaí Phléaráca thar na mblianta, nó a bhfuil/raibh gasúir leo páirteach. Ba mhaith leo tuairimí an phobal a chloisteáil faoin todhchaí atá in ann do na healaíona i gConamara gan Pléaráca.
Share/Save/Bookmark

24.1.10

Omós agus masla?



Tá stampa nua ar fáil ón bPost le déanaí ag comóradh 150 bliain ó rugadh Dubhghlas de hÍde.

Bhi de hÍde ar na daoine a ba thábhachtaí i stair na hathbheochana agus ar bhunaitheoirí Chonradh na Gaeilge. An Craoibhín Aoibhinn an leasainm a d’úsáid sé agus é ag scríobh agus bhí meas mór air mar scríbhneoir agus mar scolaire agus ar ndóigh ba céad Uachtarán na hÉireann (1938-1945) é. Ba as Contae Ros Comáin é agus bhí spéis aige sa teanga ó bhí sé ina óige.

Tá griangraf de a thog Keogh Brothers Ltd a theaspeáneann é ina shuí go samh.




Ar an lá céanna d'éisigh siad stampa nua bainise don bhliain 2010. Tá an stamps seo i mBéarla amháin seachas ainm na tíre. Tá dhá éin ghrá ann nó "love birds" mar a deireann an stampa.

Seo an chéad stampa ó tháinig a Acht Teanga i bhfeidhm, atá i mBearla amháin. Scríodh cheanna sna nuachtáin faoi Díspeagadh An Post agus ansin an ábhar dócas i 2004 sa litir Casadh na taoide?

An amhlaidh gur cúlú atá i gceist?

Seo suíomh do bhailitheoirí stampaí An Post (Béarla amháin!)
Share/Save/Bookmark

21.1.10

Díoltóir Fograíochta

"Tá Teannadh Luais Lasrach de dhíth orainn chun Gaelscéal a fhorbairt mar phríomh mheán fógraíochta i nGaeilge!"

Tiocfaidh Gaelscéal, an nuachtán seachtainiúil Gaeilge is nuálaí, is bríomhaire agus is tráthúla dá bhfuil ann, i mbun táirgíochta go luath i 2010. Tabharfaidh sé spleáchadh do léitheoirí fud fad oileán na hÉireann ar chúrsaí reatha, idirnáisiúnta, náisiúnta agus réigiúnach; oideachas, spóirt, cúrsaí saoil, caitheamh aimsire maraon le saol na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Cuirfidh Gaelscéal áis idirghníomhach ar-líne ar fáil do Ghaeil chun teagmháil le chéile tré fís, fuaim & focal, chomh maith le caighdeán árd scríbhneoireachta an nuachtáin féin. Tabharfaidh fóraim agus blaganna deis do dhaoine gur suim leo, a dtuairimí a nochtadh ar iliomad ábhar.

Beidh béim faoi leith ar úsáid na meáin dhigitigh chun ábhar oideachasúil agus eile a fhorbairt. Teastaíonn lucht díolta fógraíochta fuinniúil & cruthaitheach uainn a mbeidh tionchar dearfach láithreach acu ar ár gnó. Tá taithí díol fógraíochta agus cumas réasúnta i nGaeilge an-tábhachtach don té a roghnófar.

Má mheasann duine go bhfuil na scileanna cuí ag éinne don chúram seo, cuir C.V. maraon le h-aon eolas ábharach eile ar ríomhphost chuig:
gaelsceal@gmail.com
ar ghnáthphost chuig:
Gaelscéal,
An Chuasnóg,
Baile Ard,
An Spidéal,
Co. na Gaillimhe.

GLACFAR LE H-IARRATAIS DO NA POIST GO DTí 5I.N. AR AN 29 EANAIR, 2010.

Share/Save/Bookmark

Sastacht GnaG!


Bhí an chead cruinniú ag an Comhchoiste Dála atá ag plé leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge inne (20 Eanáir, 2010). Craoladh an clár seo beo ach is féidir leat é a fheiceáil arís i gCartlann TG 4 Ní mór gliogáil ar "Cursaí Reatha." agus ar "Dáil Beo: Comhchoiste Gaeilge - 20/1/10" ansin. Maireann an craoladh timpeall 2.5 n-uaire.

Tá sé aontaithe ag an gComhchoiste cruinniú eile a bheith ann go luath le deis a thabhairt do eagraíochtaí Gaeltachta a dtuairimí a thabhairt faoin Straitéis. Tá Guth na Gaeltachta ag moladh do na Gaeltachtaí éagsúla cruinnithe poiblí a bheith acu roimh ré le plé a dhéanamh air.

Feach ar Míshastacht GnaG chom maith

Share/Save/Bookmark

19.1.10

Moladh CnaG don Choiste Oireachtais

Dea-mhúineadh na Gaeilge

Beidh toscaireacht ó Chonradh na Gaeilge ag moladh cúrsa comhtháite céimnithe Gaeilge a chur i bhfeidhm sna scoileanna; comhstádas a thabhairt don Ghaeilge ar chomharthaí bóthair dátheangacha; scéim earcaíochta a cheapadh don tseirbhís phoiblí le béim ar earcaigh dhátheangacha inniúla a fhostú; agus a chinntiú go mbíonn ról fiontraíochta agus cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht ag an údarás nua teanga atá luaite sa Dréacht-Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, nuair atá an Dréacht-Straitéis sin á plé ag cruinniú den Chomhchoiste Dála um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta i dTeach Laighean ag 2.00in Dé Céadaoin, 20 Eanáir 2010.

Arsa Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Géar-riachtanas is ea é go múinfí an Ghaeilge go héifeachtach ó thús go deireadh an chórais oideachais agus molann Conradh na Gaeilge go gcuirfí cúrsa comhtháite céimnithe Gaeilge i bhfeidhm ó na naíonán go dtí an tríú leibhéal mar ábhar práinne, agus go gcuirfí acmhainní ar fáil go leanúnach don Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíocht (COGG) leis an gcúrsa seo a chur á fheidhmiú.”

Creideann an Conradh gur ghá an-bhéim a leagadh ar oiliúint mhúinteoirí lena chinntiú go mbainfear spriocanna na Straitéise amach, agus moltar dea-nósmhaireachtaí i leith normalú agus úsáid na Gaeilge i measc ábhar oidí, trí ábhair a dhéanamh trí Ghaeilge ar an gcoláiste oiliúna agus trí tréimhse trí sheachtain a chaitheamh sa Ghaeltacht ag tús an chúrsa oiliúna, mar shampla.

Measann an Conradh go bhfuil an-tábhacht ag baint le feiceálacht na Gaeilge leis an teanga a normalú agus a chur chun cinn sa phobal freisin, agus moltar comhstádas leis an mBéarla a thabhairt don Ghaeilge ar chomharthaí bóthair dátheangacha, ionas go mbeidh an téacs i nGaeilge chomh sofheicthe agus chomh hinléite céanna leis an téacs i mBéarla ar gach comhartha nua amach anseo.

Deir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: “Tá ról ríthábhachtach ag an bpobal i gcur i gcrích Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge an Rialtais agus creideann an Conradh go mba chóir go mbeadh institiúid Ghaeilge ag plé leis an nGaeltacht agus leis an bpobal Gaeltachta mar chuid lárnach den Straitéis ar son chur chun cinn na teanga.

“Tá pobal na Gaeltachta i dteideal aitheantas ar leith ar bhonn teanga agus cultúir; ní féidir an Ghaeilge a bhuanú sa Ghaeltacht sa bhfadtréimhse, más neamhshuim leis an bpobal mór í, agus má dhiúltaíonn an státchóras i gcoitinne di. Mar sin creideann an Conradh gur chóir go mbeadh cúram ar an Údarás úr atá luaite sa Straitéis leanúint de bheith ag cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht, mar a bhí Údarás na Gaeltachta go dtí seo, agus go gcuirfí na hacmhainní cuí ar fáil don Údarás chuige seo.”


Molann Conradh na Gaeilge scéim earcaíochta don tseirbhís phoiblí faoina gcinnteofaí go mbíonn líon dóthanach foirne inniúil ar an nGaeilge le seirbhís shásúil Gaeilge a sholáthar i ngach rannóg stáit. Ba lú an caiteachas ar sheirbhísí seachtracha aistriúcháin, dá mb’fheidir leis na státseirbhisigh féin an obair a chur i gcrích go hinmheánach.

Tá Conradh na Gaeilge ag súil go gcabhróidh an cur i láthair os comhair an Chomhchoiste Dála le haontas tras-pháirtí a chothú maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, ar mhaithe le leanúnachas na Straitéise a chinntiú sa ghlúin romhainn.

Féach Mísástacht Glór na nGael foin gcruinniú choiste seo.
Share/Save/Bookmark

18.1.10

Míshastact GnaG

Bhí cruinniú poiblí ag Guth na Gaeltachta i nGaoth Dobhair ar an Aoine 15 Eanair faoin Straitéis 20 bliain don Ghaeilge agus bhí ionadaíocht leathan i lathair ó choistí pobail i nGaeltacht Dhún na nGall.

Léiríodh míshástacht laidir ag an chruinniú nach bhfuair Guth na Gaeltachta nó aon eagraíocht Gaeltachta eile cuireadh go dtí cruinniú an Comhchoiste Dála ar an Cheadaoin seo chugainn an 20 Eanair. Mar sin, glacadh an cinneadh iarraidh ar an Comhchoiste cruinniú eile a eagrú le deis a thabhairt do eagraíochtaí Gaeltachta a gcuid tuairimí a thabhairt faoin chaipéis tábhachtach seo.

Seo hiad miontuairiscí na cruinnithe:

1. Glacadh leis, cé go raibh ciorruithe móra sa bhuiséad i mí na Nollag, gur éirigh le feachtas Ghuth na Gaeltachta na cúig phrionsabal a bhí leagtha amach in éadan cuid de mholtaí an Bhord Snip Nua a chosaint. 2. Glacadh leis go gcaithfear díriú isteach ar an Straitéis 20 Bliain anois. 3. Rinne Éamonn Mac Niallais cur i láthair ar a bhfuil sa Straitéis 20 Bliain agus glacadh leis go ginearálta go bhfuil rudaí maithe ann má chuirtear an maoiniú cuí ar fáil agus má chuirtear i bhfeidhm na moltaí uilig. 4. É sin ráite, léiríodh míshuaimhneas áirithe faoin Straitéis agus moladh:

Údaras na Gaeltachta
  • Cinntiú go mbeadh cúraimí fiontraíochta an Údaráis sonraithe níos fearr sa cháipéis
  • Go mbeadh an teideal ‘Údarás na Gaeltachta agus na Gaeilge’ ar an ghníomhaireacht úr.
  • Go mbeadh fostaíocht teanga-lárnaithe luaite sa Straitéis mar cheann de phríomhaidhmeanna an Údaráis sa Ghaeltacht.
  • Go mbeadh maoiniú an Údaráis á dháileadh sa Ghaeltacht de réir pleananna sásúla teanga a bheith curtha ar fáil ag na ceantair/pobail agus go mbeadh an maoiniú bunaithe ar na pleananna sin.

An Cainteoir Dúchais
    Go bhfuil neamart á dhéanamh ar an chainteoir dúchais sa dréachtcháipéis agus gur chóir go mbeadh sé mar bunaidhm ghné na Gaeltachta den Straitéis cur le líon na gcainteoirí dúchais sa Ghaeltacht. Moladh:
    • Scéim cosúil le SLG a bheith ann dírithe ar an chainteoir baile agus ar na blianta 0-7.
    • Soláthar sonrach a dhéanamh don chainteoir dúchais i naíonraí agus bunscoileanna Gaeltachta nó i gcás ceantair le daonra níos ísle, go ndéanfar soláthar don chainteoir dúchais i sruthanna faoi leith ins na naíonraí agus ins na bunscoileanna
    • Go mbeadh curaclam úr ann dírithe ar riachtanais na gcainteoirí dúchais.
    • Go mbunófaí Bord Oideachais sa Ghaeltacht le haidhmeanna oideachais an Stáit sa Ghaeltacht a cheapadh, a bhainistiú agus monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn.
    • Go gcuirfí gréasáin Ionaid Tacaíochta Teaghlaigh sa Ghaeltacht ar fáil mar thaca do theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge.
    • Go ndéanfar soiléiriú sa Straitéis go ndáilfí maoiniú ar chúrsaí sóisialta, spóirt agus pobail ar phobail éagsúla Ghaeltachta ar an tuiscint go reáchtálfaí a gcuid imeachtaí tré Ghaeilge agus ar bhealachatá ag teacht le plean teanga an cheantair.
Oideachas
  • Go mbeadh áit sa churaclam scoile d’fheasacht chultúrtha/stair theanga na hÉireann leis an aos óg a chur ar an eolas faoi oidhreacht luachmhar chultúrtha na hÉireann.
  • Go nglacfaí leis an mholadh Aire Stáit don Gaeloideachas a bheith ceaptha sa Roinn Oideachais.
An Ghaeltacht
  • Go bhfuil soiléiriú ag teastáil sa Straitéis ar na hAonaid Sealbhaithe Teanga atá beartaithe do na trí phríomhcheantar Gaeltachta.
  • Go mbeadh sprioc sonrach luaite sa Stráitéis i dtaca le líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht mar atá le líon na gcainteoirí sa tír ina iomlán.
  • Go mbeadh sprioc sonrach luaite sa Stráitéis maidir le líon na gcainteoirí dúchais sa Ghaeltacht.
Eile
  • Go léireodh an Rialtas é féin an sampla ó thaobh ‘normalú’ na teanga de i dTithe an Oireachtais.
  • Go mbeadh soiléiriú ar ról lárnach eagraíochtaí pobalbhunaithe, sa Ghaeltacht agus lasmuigh de, i bhfeidhmiú na Straitéise ar an talamh agus go mbeadh maoiniú cuí á chur ar fáil do na heagraíochtaí sin thar thréimhse mheántéarmach in áit a bheith ag brath ar dheontas bliantúil, sé sin an deis a thabhairt pleananna a chur le chéile agus earcú agus forbairt a dhéanamh ar an fhoireann chuí.
  • Go mbeadh athbhreithniú neamhspleách á dhéanamh ar dhul chun cinn na Stráitéise ag mar shampla, an Coimisinéir Teanga, chuile 5 bliana nó mar sin.
  • Go gcinnteofar go bhfuil comhthéacs uile oileánda ag an Straitéis dá réir a chéile agus go bhfuil leor acmhainní agus tacaíochta ag pobal na Gaeilge ins na 6 conntae agus nach ndéantar atheagrú ar earnáil óg dheonach na Gaeilge ó thuaidh mar gheall ar phlean ata dírithe ar chúinsí na teanga ó dheas.
5. Léiríodh míshástacht láidir nach bhfuair Guth na Gaeltachta cuireadh chuig cruinniú an Chomhchoiste Oireachtais ar an Chéadaoin seo chugainn agus nach bhfuil aon eagraíocht Ghaeltachta eile le bheith i láthair ar an lá. Moladh cruinniú eile den Chomhchoiste a iarraidh d’eagraíochtaí Gaeltachta.

Tugadh buíochas do chuile dhuine a thug tacaíocht agus cuidiú don fheachtas go dtí seo. Tá sé iontach tábhachtach go mbeidh muid ag leanúint ar aghaidh ag tabhairt glór do mhuintir na Gaeltachta idir seo agus aontú dhréacht deiridh Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.


I láthair bhí:
1 An tAthair Brian Ó Fearraigh Coiste Ionad Naomh Pádraig, Dobhair
2 Anna Uí Chearbhaill Carraig an tSeascain
3 Antoin Mac Aodha Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair
4 Aodh Mac Laifeartaigh Coiste Céim Aniar, Na Dúnaibh
5 Aodh Mac Ruairí Coiste Aislann Rann na Feirste
6 Bernie Nic Phaidín Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair
7 Brídín Nic Chearáin Gaeltacht Bheo Fhánada
8 Caitlín Uí Chochláin Co. Co. Dhún na nGall, Leitir Ceanainn
9 Caitlín Uí Laifeartaigh Coiste Pobail Ghort a Choirce, Machaire Rabhartaigh
10 Ciarán Ó Brolacháin Na Gaeil Óga, Machaire Chlochair
11 Colm Ó Baoill Machaire Chlochair
12 Conchúr Mac Giolla Eáin Mín an Iolair
13 Dónall Ó Cnáimhsí An Ghlaisigh
14 Éamon Ó Ceallaigh Coiste Sheáin Bháin, Baile na Finne
15 Éamonn Mac Niallais Dún Lúiche
16 Gráinne Mhic Géidigh Coiste na mBan Tí, Dún Lúiche
17 Máire Mhic Niallais Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair
18 Máire Mhic Phaidín Coiste Pobail Ghort a Choirce, Machaire Rabhartaigh
19 Máire Nic Niallais Cnoc an Stollaire
20 Máire Uí Chomhaill Coiste Ionad Naomh Pádraig, Dobhair
21 Nodlaig Ó Cianáin Dún Lúiche
22 Pádraig O’Carroll Gaobh Dobhair
23 Pádraigín Nic Giolla Chearra Gaeltacht Bheo Fhánada
24 Seán Ó Duibhir Cois Claidí
25 Seán Ó Féarraigh Óige na Gaeltachta, Cnoc Fola
26 Síle Uí Chianáin Dún Lúiche
27 Tomás Mac Giolla Bhrighde Ard na gCeapairí
28 Tomás Ó Monacháin Ard Donn

Share/Save/Bookmark

14.1.10

Cruinniú Oireachtais faoin nGaeilge

Beochraolfaidh TG4 an cruinniú na seachtaine chugainn den Chomhchoiste Oireachtais um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta (Céadaoin 20 Eanáir, 2-4.30pm.)
(Tá suíomh an Chomhchoiste mBéarla amháin! "Tá an leagan Gaeilge de shuíomh gréasáin an Oireachtais á réiteach agus beidh sé ar fáil go luath.")

Tá cuireadh tugtha ag an gComhchoiste do roinnt eagras Gaeilge theacht ina láthair chun a dtuairimí faoin Dréacht Straitéis, seo, a foilsíodh ag deireadh na Samhna seo caite, a phlé leis.

Is é Tom Kitt, TD, (Béarla) Cathaoirleach an Chomhchoiste.

Beidh cruinniú ag Guth na Gaeltachta tráthnóna amárach, De hAoine 15 Eanair ag 4 a chlog sa Chrannóg (Doirí Beaga) le plé a dhéanamh ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Tá sé ann ag an am seo de bharr an droch aimsear le seans a thabhairt d'éinne a bheadh ag taistéal.
Creideann TG4 gur ócáid thábhachtach i saol na Gaeilge é an cruinniú seo agus gur maith is fiú an deis a thabhairt do dhaoine ar fud na tíre (agus ar fud an domhain a bhfuil an Líonchraoladh ar www.tg4.tv ar fáil dóibh) an plé seo a fheiceáil agus é ag tarlú. Is cuid lárnach de dhualgais TG4 mar chraoltóir seirbhíse poiblí imeachtaí Thithe an Oireachtais a chlúdach, rud a dhéantar go seachtainiúil ó Dáil Éireann agus go hócáidiúil ó imeachtaí na gComhchoistí, mar atá sa chás seo.

Scaip an scéal!

Share/Save/Bookmark

Méadú foghlamóirí

Borradh mór faoi ranganna ó cheann ceann na tíre

Gaelchultúr tar éis a ghréasán de ranganna Gaeilge oíche a mhéadú agus anois tá an comhlacht ag soláthar 40 rang i 13 ionad timpeall na tíre.

Ó bunaíodh Gaelchultúr in 2004, tá méadú 400% tagtha ar líon na ndaoine fásta atá ag freastal ar ranganna oíche an chomhlachta. Ó Bhaile Átha Cliath go Gaillimh agus ó Leitir Ceanainn go Corcaigh, tá deis á cur ar fáil acu do dhaoine fásta an Ghaeilge a fhoghlaim ar shlí thaitneamhach, éifeachtach. Tá an comhlacht, a bheidh ag cur tús le cúrsa an earraigh sna laethanta tosaigh de mhí Feabhra, tar éis ceantar nua, Baile Átha Luain, a chur leis an liosta ionad.

Ag labhairt dó faoin mborradh atá faoi na ranganna, dúirt Darren Ó Rodaigh, Stiúrthóir de chuid Ghaelchultúir: “Léiríonn an t-éileamh atá ar ár gcuid ranganna go bhfuil an cur chuige múinteoireachta atá againn ag oibriú. Is é an chéad sprioc eile atá againn ná ranganna a chur ar fáil taobh amuigh d’Éirinn. Tá roinnt mhaith foghlaimeoirí thar lear ag déanamh cúrsaí ar ár suíomh ríomhfhoghlama, ranganna.com, ach is mian linn an deis a chur ar fáil dóibh freastal ar chúrsaí sa seomra ranga chomh maith.”

Is féidir le foghlaimeoirí ar mian leo fáil amach cén leibhéal cumais atá acu sa Ghaeilge tabhairt faoi Thriail Socrúcháin Teanga Ghaelchultúir, atá le fáil saor in aisce ar a suíomh gréasáin. Tá suas le 10,000 duine tar éis an scrúdú seo ar líne a dhéanamh go dtí seo.

Is féidir leo siúd a bhfuil spéis acu tabhairt faoi chúrsa Gaeilge de chuid Ghaelchultúir an
t-earrach seo áit a chur in áirithe ann anois nó trí scairt a chur ar an uimhir íosghlao 1890 252 900. Níl ach líon teoranta spásanna ar fáil agus, dá bhrí sin, moltar dóibh siúd ar mian leo cúrsa a dhéanamh áit a chur in áirithe go luath. Tá oícheanta oscailte á n-eagrú ag an gcomhlacht i mBaile Átha Cliath, Corcaigh, Ceatharlach agus Sligeach ag a dtabharfar níos mó eolais faoi na ranganna.

Faigheann Gaelchultúr cabhair airgid ó Fhoras na Gaeilge.
Share/Save/Bookmark

11.1.10

Scléip 2010

Comortas tallainne na nIar-Bhunscoileanna
Tá dátaí Scléip! 2010 foilsithe ag Gaelscoleanna. Is éard atá i Scléip! 2010 ná comórtas tallainne náisiúnta atá dírithe go sonrach ar na hiar-bhunscoileanna lán Ghaeilge agus Gaeltachta. Beidh an comórtas roinnte in ocht rannóg éagsúla: Pop/Rac-cheol, ceol aonair, rince cruthaitheach (aonair), rince cruthaitheach (grúpaí), amhránaíocht aonair, grúpaí ceoil, drámaíocht/mím agus rannóg ilchineálach.

Thosaigh Scléip! sa bhliain 2005 agus tá sé ag fás agus ag forbairt ó shin i leith. Is é príomhaidhm an chomórtais ná daltaí na niar-bhunscoileanna a spreagadh le Gaeilge a úsáid i réimsí éagsúla de na healaíona trí dheis a thabhairt dóibh páirt a ghlacadh i gcomórtas spreagúil agus spéisiúil.

Tabharfaidh Scléip! 2010 deis do dhaltaí an Ghaeilge a labhairt agus a úsáid ina gcuid ceoil agus ina gcuid drámaíochta. Ba mhian linn go spreagfaí daltaí gaelscolaíochta an lae inniu mar a spreagadh iardhaltaí gaelscolaíochta eile ar nós roinnt do bhaill Kíla (Béarla) na Frames (Béarla) agus Dara Ó Briain.

Babhtaí Reigiúnacha:
  • Reáchtálfar Babhta Mumhan ar an 26 Eanáir 2009 san Amharclann Firkin Crane, Corcaigh.
  • Reáchtálfar Babhta Connacht ar an 27 Eanáir 2009 san Amharclann Town Hall, Gaillimh.
  • Reáchtálfar Babhta Laighean ar an 28 Eanáir 2009 san Amharclann Axis, Baile Munna, Baile Átha Cliath.
  • Reáchtálfar Babhta Uladh ar an 2 Feabhra 2010 i gCultúrlann Uí Chanáin, Doire.
  • Rachaidh buaiteoirí na gcomórtas thuasluaite ar aghaidh go Craobh Ceannais Scléip! 2010 a reáchtálfaí ar Shatharn, an 20 Márta 2010 san Amharclann Axis, Baile Munna, Baile Átha Cliath.

Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaithe na scoileanna lán-Ghaeilge. Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin. Tá 170 bunscoil agus 43 iar-bhunscoil lasmuigh den Ghaeltacht ag cur oideachais lán-Ghaeilge ar fáil faoi láthair.
Share/Save/Bookmark

9.1.10

Bainistiú 'Gaelscéal!'

Trevor Ó Clochartaigh ainmnithe mar Bhainisteoir Tionscadail ar an nuachtán nua Ghaeilge ‘Gaelscéal’. Is comhfhiontar é seo idir An Curadh Chonnachtach (Béarla) agus Eo Teilifís, (Torann na dTonn), a bhuaigh an conradh ag deire na bliana seo caite ó Fhoras na Gaeilge le nuachtán nua seachtainiúil Gaeilge a fhoilsiú (féach ráiteas Fhorais na Gaeilge). Tá siad anois ar thóir Eagarthóir agus foireann oibre don nuachtán seachtainiúil is núálaí, is bríomhaire agus is tráthúla dá bhfuil ann.

I ráiteas a d’eisigh na comhluchtaí dúirt siad go bhfuil ríméad orthu duine chomh h-ildánach le Ó Clochartaigh a bheith faighte acu leis an nuachtán a stiúrú. ‘Tá taithí leathan aige ó thaobh cúrsaí Gaeilge & Gaeltachta, na meáin, na h-ealaíona agus cúrsaí pobail. Beidh ‘Gaelscéal’ ag cruthú ré nua ó thaobh na meáin i nGaeilge nuair a fhoilseofar é roimh deire mí Márta agus ní fhéadfaí duine níos feiliúnaí a aimsiú don dúshlán seo’, a deir siad. Tabharfaidh ‘Gaelscéal’ spleáchadh do léitheoirí fud fad oileán na hÉireann ar chúrsaí reatha, idirnáisiúnta, naisiúnta agus réigiúnach; oideachas, spóirt, cúrsaí saoil, caitheamh aimsire maraon le saol na Gaeilge & na Gaeltachta.

Deir Trevor Ó Clochartaigh go bhfuil sé ar bís tabhairt faoin dtionscnamh uaillmhianach seo. ‘Creidim go daingean go bhfuil an t-am ceart chun foilseachán, d’ardchaighdeán a chur ar fáil a bheidh in freastal ar na Gaeil in Éireann agus thar lear. An chéad céim eile sa bpróiséas ná foireann fuinniúil a earcú, ina measc Eagarthóir, scríbhneoirí agus dearthóirí. Tá neart daoine cumasacha ar fáil amuigh ansin agus tá muid ag iarraidh cloisteáil ó dhuine ar bith a cheapann go bhfuil ról dearfach le n-imirt acu sa togra seo,’ a deir Ó Clochartaigh.

Cuirfidh Gaelscéal áis idirghníomhach ar-líne ar fáil do Ghaeil freisin, chun teagmháil le chéile tré fís, fuaim & focal, chomh maith le caighdeán árd scríbhneoireachta an nuachtán féin. Tabharfaidh fóraim agus blaganna deis do dhaoine gur suim leo, a dtuairimí a nochtadh ar iliomad ábhair. Beidh béim faoi leith ar úsáid na meáin dhigitigh chun ábhar oideachasúil agus eile a fhorbairt.
Is féidir tuilleadh eolais faoin nuachtán agus na folúntais atá fógraithe a fháil ach teangbháil a dhéanamh le gaelsceal@gmail.com nó glaoch ar (091) 558400.
Share/Save/Bookmark