30.8.11

Tumoideachas i dTír Chonaill

Leabhair do pháistí ó Futa Fata



Tá tús curtha inniu ag trí bhunscoil Ghaeltachta san Iarthuaisceart leis an tumoideachas ins na naíonáin bheaga; Scoil Rann na Feirste, Scoil Dhoire Chonaire agus Scoil Chaiseal na gCorr.  Séard atá i gceist go bunúsach leis seo nó nach mbeidh na scoileanna seo ag tosnú ar theagasc an Bhéarla leis na daltaí go dtí na naíonáin mhóra ar a laghad.  Déanann muid comhghairdeas leis na tuismitheoirí, na Boird Bhainistíochta agus na múinteoirí ins na scoileanna seo a ghlac an cinneadh dearfach seo.

Is cinnte ón taighde idirnáisiúnta agus náisiúnta atá déanta ar an tumoideachas, ní amháin go bhfuil sé chun leas na mionteanga (an Ghaeilge) ach go mbíonn torthaí foghlama níos airde á mbaint amach ag na daltaí ins an dá theanga.  Mar sin de, is chun leas an pháiste atá an cleachtas seo.

Tá buíochas ag gabháil d'Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta agus COGG a d'eagraigh seimineár do lucht teagaisc na scoileanna Gaeltachta san Earrach ar an ábhar seo.  Chomh maith le sin, d'eagraigh siad seisiúin eolais do na Boird Bainistíochta agus cúrsa traenála do mhuinteoirí ar fhoghraíocht na Gaeilge.  Tá seacht mbunscoil eile i gCatagóir A san Iarthuaisceart agus tuigeann muid go bhfuil cinneadh le déanamh go fóill ag roinnt acu seo agus tá súil againn go nglacfaidh siad uilig an cinneadh céanna.

Tá sé fíorthábhachtach dúinn mar phobal Gaeltachta na céimeanna dearfacha seo a ghlacadh le léiriú go bhfuil muid dáiríre faoi thodhchaí na teanga a chinntiú.  Tá géarchéim ann ó thaobh úsáid na Gaeilge i measc aos óg na Gaeltachta; ní réiteach na faidhbe ann féin atá sa tumoideachas ach is cinnte gur cuid den réiteach é. 
Share/Save/Bookmark