20.12.13

Cothrom na féinne...

Aire na Gaeltachta?
"Tá faillí mhillteanach déanta le fada sa Ghaeilge ag Rialtas na hÉireann, go háirithe sna ceantair Ghaeltachta agus is mithid dúinne, Gaeil a chur orthu stad iomlán a chur leis sin...

"...Tá muid bréan tuirseach den chur i gcéill mhallaithe seo atá ag cur na teanga ar bhealach a haimhleasa agus ag déanamh a bheag dúinne, Gaeil."

An aontaíonn tú leis seo? Caith do vóta-sa anseo!


Rialtas na hÉireann:
Tabhair cothrom na féinne
don Ghaeilge is don Ghaeltacht!


Share/Save/Bookmark

17.12.13

Scéal fada faoi suirbhé gearr!


D'Fhógair an Coimisinéir Teanga go raibh sé le h-éirí as ar an 4ú lá Nollaig 2013, mar nach raibh sé ag fáil tacaíocht ón Rialtas. "...creidim i mo chroí istigh i bhfianaise na faisnéise atá curtha in bhur láthair agam anseo inniu gur beag eile a d’fhéadfainn a bhaint amach go pearsanta sa tréimhse ama sin i dtaca le cearta teanga phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Is trua liom a rá, mar sin, go bhfuil cinneadh déanta agam seasamh siar ó mo cheapachán mar Choimisinéir Teanga ar an 23 Feabhra seo chugainn." (Ráiteas ag an gCoiste Oireachtais 3/12/2013)

Tá an méid sin mí thuiscint ann gur shocraiamar suirbhé simplí ghearr a eagrú. I ndairíre is turgnamh dall atá ann mar ní dhearnamar a leithéid cheanna. Tá sé tabhachtach a áireamh nach bhfuil aon taithí againn. Níl fhéadfá a rá go bhfuil sé eolaíoch mar a bheadh rud a dtagana as chomhlacht staidrimh.

Mhol duine de na freagreoirí go ndéanfaimid suirbhé eile amach anseo "Níl an tsuirbhé seo sách cuimsitheach le tuairimí reatha an phobail a mheas ó thaobh cearta teanga de. Ba cheart daoibh ceann eile a dhéanamh san Athbhliain." Ar ndóigh tá an ceart aige agus b'fhéidir go ndeanfaimíd ceann eile amach anseo.

Poiblíocht!
Cuireadh fógraí amuigh ar facebook, twitter agus ar linkedIn ar an 9ú lá Nollag agus is uaidh sin a tháinig an breis is 125 daoine a fhreagair na ceisteanna. Cuireadh tagairt agus nasc i bhfreagraí de chuid The Journal.ie leis. Tuigeann muid go bhfuil lagaí áirithe sa tionscnamh ach mar sin féin tá na torthaí suimiúil.

Ceist 1: Éirí as an Choimisinéara Teanga!
D'fhógair an Coimisinéir Teanga go raibh sé le h­-éirí as mar nach raibh sé ag fáil tacaíocht ón Rialtas. An aontaíonn tú lena a chinneadh?
D'aontaigh 82% lena chinneadh. Níor aontaigh 12% agus ní raibh tuairim ag 6%.

Ceist 2: Muinín sa Choimisinéir Teanga
An bhfuil muinín agat sa Choimisinéir Teanga?
Dúirt 92% dóibh siúd a ghlac páirt sa suirbhé go raibh muinín acu as ach dúirt 8% nach raibh muinín as.

Ceist 3: Polasaí an Rialtais!
An bhfuil tú sásta le polasaí an Rialtas seo i leith na Gaeilge?
Bhí 4% a bhí sásta agus 81% nach raibh sásta. Spéisiúl gur chuir 15% de na freagróirí an cheist "Cén polasaí?"

Ceist 4: Costas Oifig an Choimisinéara!
Tá na freagraí ar an gceist seo spéisiúil. Léirigh sé nach ionann dearcaí agus réaltacht ag an-chuid dár freagróirí!

Nuair a cuireadh an cheist, "Cén costas atá ar Oifig an Choimisinéara Teanga?" bhí an-éagsúlacht sna freagraí. Bhí fhios againn nach mbeadh na figiúirí ag gach éinne agus mar sin moladh tomhas a dhéanamh. Bhí roinnt acu nach raibh sásta aon figiúir a thabhairt (7%). Bhí duine amháin (léitheoir de chuid an Sindo?) a dúirt, "Too much!" agus duine eile nach raibh sásta figiúir a thabhairt mar, "Ní féidir a luach a thomhas ar airgead - ní mór don oifig a bheith ann, mar sin níl plé faoi chostais ina chuidiú!"

Seo na torthaí:
"Cuireadh €650,000 ar fáil don Oifig don bhliain 2012 ach níor tarraingíodh ach €606,784 den airgead sin." (Tuairisc Bhliantúil 2012 na hOifige!)
Ceist 5: Gearáin ón Ghaeltacht!
Bhí sé spéisiúil na figiúirí ar freagraí ar an gceist: Cén ceadtadán de na gearáin a thagann ón nGaeltacht? Tugadh rogha do na freagróirí agus ní raibh an ceatadán ceart ach ag 21% dóibh!
"Gearáin … 6,089 go dtí an 30 Samhain 2013, (28% ón Ghaeltacht)." Ráiteas an Choimisinéara ós chomhair Coiste Oireachtais. 3 Nol 2013 
Ceist 6: Tuairimí
Seo chuid den suirbhé ina raibh cead ag daoine a rogha rud a rá. Níor chriochnaigh ach duine is caoga an píosa seo. Ní dhearnamar aon eagarthóireacht ortha. Tá chuile rud ann ó "Good riddance!" go "Coinnigh an dóchas!"

Bhfuil aon rud eile le rá agat?
is náireach an rud é gir mhothaigh sé go raibh air éirí as - lipservice á thabhairt ag an Rialtas don Ghaeilge

Ní bhíonn aon rud suntasach le tuairisciú ag an aire shóisearach nuair a chuirtear ceisteanna air faoi dhul chinn cinn... "Tógann sé am.." "Tá reachtaíocht le foilsiú amach anseo.." "Táimid ag obair air.." Leisce, easpa foirne, easpa acmhainní ó thaobh an rialtais, measaim... Maidir leis an bpobal - An bhfuil fíor-eileamh ann ar sheirbhísí trí mheán na Gaeilge? Déanann cuid againn iarracht, ach is beag an slua sinn, de réir cosúlachta. Caithfidh muid an fód a sheasamh agus cruthú go bhfuilimid ann. Caithfidh muid an fhreagracht a ghlacadh orainn féin, seachas bheith ag brath go síoraí ar oifig an choimisinéara

The cost of the office is offset by tourists visiting Ireland to study Irish and spending money into the Economy, especially in western areas!

Ta dioma orm I ndiadh an cinneadh ach tuigim me e

I nÉireann amháin ...

Tá cearta daonna ag lucht labhartha na Gaeilge ach ní ghéileann an stat go fírinneach go bhfuil na cearta sin ann.

Tá scrios á dhéanamh ag an rialtas seo ar an Ghaeilge.

Tá an rialtas seo ag plúchadh Na teangan

Ba léir ón chéad lá go mbeadh an rialtas seo go dona don Ghaeilge, nach é an chéad rud a rinne siad deireadh a chur leis an ngá na dlíthe a fhoilsiú sa dá theanga ag an am chéanna? Ina dhéidh sin is uile, bhí beagnach gach fadhb a luaigh an Cuirreánach ann nuair a bhí Ó Cuív fós ina Aire. Cibé tacaíocht bheag a fuair an Ghaeilge ón rialtas FFach, d'imigh sí le sruth nuair a thit an tóin as an gheilleagar.

Coinnigh an dóchas.

Tá mé eachtrannach. Fhoghlaim mé an Ghaeilge. Ach nach bhfuil an scéal seo ag cabhrú.

Caithfear an deannach a shéideadh de na polasaithe...ní hionann briathar agus beart.

Sílim gur fearr dúinn ann ná as é ach tuigim cad chuige a ndearna sé a chinneadh. Agus táim chóir a bheith buartha caidé bheidh in ann dúinn tar éis an méid atá feicthe agam ón Taoiseach, ón Leas-Aire Dinny McGinley agus ón Aire Oideachais Ruairí Quinn. Ní amháin go bhfuil siad ag díol an tír leis na comhlachtaí ilnáisiúnta ach tá siad ag marú na teanga agus ag déanamh 'Airstrip 2' amhail is dá mbeadh fís George Orwell a chomhlíonadh acu. Ní Éire Shaor go hÉirinn Gaelach!

Good riddance!!!

Tá Sé in am againn dul i mbun agóide

Bhí sé chomh maith an Straitéis 20 Bliain a chur sa tine mar nach bhfuil moltaí ón Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ann. Níl ann uilig ach cur i gcéill agus is mór an náire iad O Cuiv agus Dinny nach raibh in ann cinneadh ciallmhar a dhéanamh maidir le teorainneacha na Gaeltachta. Níltear ach ag breathnú amach do riachtanais na bhfoghlaimeoirí. Tá gach duine ag tabhairt suas ar an nGaeltacht.

Ní chuireann iontas Orm nach bhfuil morán tacaíocht a ar fáil ón Rialtas

Tabhair ar ais an Coimisinéir! Agus cuir polasaí ceart earcaíochta i bhfeidhm láithreach mar chomhartha dea-thola.

feall eile

Níl faoi láthair

Fair play don Chuirreánach, ach tá faitíos orm go dtiocfaidh leibide eicínt i gcomharbacht air.

Scannal amach 's amach go raibh ar dhuine chomh cumasach, ciallmhar le Seán Ó Cuirreáin seasamh siar. Mo náire an rialtas

Níl an tsuirbhé seo sách cuimsitheach le tuairimí reatha an phobail a mheas ó thaobh cearta teanga de. Ba cheart daoibh ceann eile a dhéanamh san Athbhliain.

Teaching a second language isn't rocket science. People shouldn't leave school unable to speak it, that's a ridiculous situation. Teaching and exams aren't being done according to best international practice. If that was changed then kids would come out of school speaking Irish, and wouldn't have a problem providing a service tré Ghaeilge. Those internationally accepted ways of teaching 2nd languages could also be used to upskill older people, who could then also provide a service in Irish easily. The data is out there, but it's being ignored. Talk to the people in TEG, NUI Maynooth.

Cé nach maith liom Acht na dTeangacha Oifigiúla mar go bhfuil an iomarca béime ann ar mhaorláthas gan úsáíd, is cinnte go bhfuil dualgas ar an Stat é a chur i bhfeidhm. Ní maith liom Acht na Gaeltachta 2012 ach an oiread mar gheall ar an sceannairt a rinne sé ar an nGaeltacht, ach creidim go gcaithfidh an Rialtas bheith macánta mar gheall ar an nGaeilge agus an nGaeltacht seaachas bheith de shíor ag labhairt an 'cúpla focal' agus ansan ag cur scian sa teanga ar chúπ téarmaí.

Dún an doras i do dhiaidh!!

Níl, go raibh maith agat.

faic

Níl barúil agam fá na ceisteanna a bhaineann le costas nó le céadatain. Tâ drochbhail ar an teanga istigh sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di - ar fud na tíre. Níl meas madaidh ag na meáin ná ag oifigigh an rialtais ar an teanga ná orainne, Gaeilgeoirí. Tá fearg agus díomá orm mar shaoránach de chuid na tíre seo mar gheall air seo. Éire ghallda an sprioc atá acu de réir chosúlachta.

Níl.

Níl an fhreagairt ar eolas agam do cheist a 5. Fear iontach onórach é Seán - rinne sé an rud ceart le haird a tharraingt ar an scéal.

Suas an gealge !

Tá neamh-suim níos contúirtí ná ain-suim. Ar a laghad tá gráin oscailte le sonrú ag an ain-suim!

Bhí an ceart ag gCoimisinéar éirí as Agus gan tacú leis an cur i gcéill a thuilleadh. Táim tinn tuirseach den chur i gcéill i leith na teanga. Ní caitheamh aimsir í an Ghaeilge.

Tá an praiseach ar fuaid na mias ag an Rialtas Gallda seo ó thaobh na Gaeilge de.

ní féidir a luach a thomhas ar airgead - ní mór don oifig a bheith ann, mar sin níl plé faoi chostais ina chuidiú. Gaeilgeoirí a líonfaidh isteach é seo, meas-tú an bhféadfaí an Ghaeilge a chur ar dtús sa chéad cheann eile? é an-deacair teacht ar an Ghaeilge agus é seo á dhéanamh ar an ghuthán póca!

Dhein a oifig idirghabháil ar mo shon chun seirbhís ghaeilge a fháil ó na coimis. ioncaim. D'oibrigh sé.

Níl

Gaeilge abú

Meas ollmhór agam ar an gCoimisinéir Teanga. Is trua liom go bhfuil sé tagtha chuige seo. Ní fheicim go mbeidh aon athrú suntasach dearfach déanta leis an Rialtas reatha.

Fear cróga misniúil is ea Seán Ó Cuirreáin, fear prionsabáilte. Tá sé tar éis leas na teanga a dhéanamh lena chinneadh, cé gur rud é a ghoilleann orainn ar fad. Tá sé in am dúiseacht agus corraí.

Is trua gur éirigh sé as ach tuigim dó. Fear ionraic cumasach díograiseach é Seán Ó Cuirreáin agus ghoill easpa toile agus gníomhaíochta an Rialtais i leith na Gaeilge agus cearta teanga phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge go mór air.

Go mbíonn feidhmeanaigh an stáit frith-gaelach sa lá inniu mar a raibh siad go deo.

Níl inti ach teanga, níor chóir níos mó ná sin a chur uirthi. Ní faoin rialtas amháin atá sé an teanga a bheathú.

Muna bhfuil sé ann, beidh an rialtas iontach sasta. Ní bheidh siad freagrach. D'eist mé le Dinny ar R na G ar maidin. Tá náire orthú roimh an Gaeilge.

Níl

Tá an Rialtas ag sárú an dlí agus an Bhunreacht.

Teastaíonn CT le cinntiú nach dtitfidh an Ghaeilge i léig.

Dá dtarlódh sé seo do Emily O Reilly, An Ombudsman , bheadh eirí amach ann . Ba cheart go mbeadh náire ar an rialtas seo leis an chaoi ina bhfuil siad ag caitheamh le muintir na Gaeltachta & daoine ina bhfuil suim acu an Ghaeilge a labhairt agus scríobh.

Share/Save/Bookmark

9.12.13

Suirbhé gearr!

D'Fhógair an Coimisinéir Teanga go raibh sé le h-éirí as mar nach raibh sé ag fáil tacaíocht ón Rialtas.

Tá an méid sin mí thuiscint ann gur shocraiamar suirbhé simplí ghearr a eagrú. I ndairíre is turgnamh dall atá ann mar ní dhearnamar a leithéid cheanna.

Tá an suirbhé thart anois! Bhí breis is 125 a ghlac páirt ann agus tá tuairisc ar líne againn anois anseo: Scéal fada faoi suirbhé gearr!

Gura maith acu as a ghlach páirt ann.




Share/Save/Bookmark

5.12.13

Gearán faoi ráiteas ó Dhinny McGinley!

Chuir mé gearán chuig Roinn na Gaeltachta ar maidin:

A chara,

Tá an ráiteas oifigiúil ón Aire Stáit Dinny McGinley ar shuíomh merrionstreet.ie ar éirí as an Choimisinéara Tenga aréir le fáil i mBéarla amháin.

Níl sé ar suíomh na Roinne Gaeltachta ar chor ar bith!

Nach ceart go mbeadh sé i nGaeilge chomh maith?

Tá sé le fáil ar

http://www.merrionstreet.ie/index.php/2013/12/statement-from-minister-of-state-dinny-mcginley-t-d-regarding-the-notice-from-an-coimisineir-teanga-that-he-will-retire-from-his-post-in-february-2014/?cat=12

Má brútar ar an cnaipe "Gaeilge" ní chuig an ráiteas sin ach chuig ráiteas eile ar fad a théann sé.

Sílim gur masla eile atá anse ní don Coimisinéir amháin ach do Phobal na Gaeilge agus do Phobal na Gaeltachta ar fad.

Mise, le meas,


• Cóip chuig Oifig an Choimisinéara Teanga

Fuair mé é seo mar freagra uatha um thráthnóna:

A Eoin, a chara,

Tá an ráiteas a bhí uait le fáil ar shuíomh na Roinne ag an nasc seo:

Eisíodh an preasráiteas seo chuig na meáin go dátheangach tráthnóna aréir.  Tá brón orm nach raibh sé ar fáil ar líne níos túisce.

Le gach dea-ghuí,

Micheál Ó Conaire

Príomhoifigeach Cúnta
Preasoifig agus Oifig Eolais

Tá sé le fáil ar an dá shuíomh anois sa dhá theanga! Níl mé ró shásta leis seo mar freagra sa bhliain 2013, aois na h-idirlíne! Is ceart go mbeadh gach ráiteas ón Rialtas a bheith le fáil ag gach duine sa tír i dteangacha na tíre ag an am céanna.

Ar an ábhár céanna d'éisigh úrlabharaí Ghaeltachta Fhianna Fáil ráiteas faoi éirí amach an Choimisinéara i mBéarla amháin ar suíomh a pháirtí.

Fagann sin nach raibh aon ráiteas i nGaeilge ar líne ag aon pháirtí seacha ráiteas Threvor Uí Chlochartaigh.

Polasaí Rialtais na hÉireann?


Share/Save/Bookmark

"Damnú ar pholasaí Gaeilge an Rialtais eirí as an Choimisinéir Teanga!" agus "Buille tubaisteach don Ghaeilge"

Deir an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh gur damnú ar pholasaí Gaeilge an Rialtais atá sa bhfógra a rinne an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin inniu, go bhfuil sé le n-eirí as a chuid dualgais, ar bhunphrionsabail.

Thug an Coimisinéir an méid seo le fios ag cruinniú den Chomhchoiste Achanaithe agus Formhaoirsiú Poiblí i dtithe an Oireachtais inniu.

Trevor Ó Clochartaigh
“Is lá dhubh, dorcha don Ghaeilge í seo, go bhfuil Sean Ó Cuirreáin ag eirí as tar éis deich mbliana a chaitheamh sa bpost.

“Is léir gur cinneadh ar bhunphrionsabail atá i gceist agus nach ar aon chúis eile atá seo socraithe aige.

“Rinne sé cáineadh an-láidir arís ina thuarascáil bhliantiúil ar easpa dáiríreachta na n-eagras stáit i leith a gcuid dualgais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.

“Is léir domsa nach bhfuil an tacaíocht dhá fháil ag an oifig ón Rialtas agus na h-eagrais stáit agus dá bhrí sin nach féidir leis an gCoimisinéir a chuid dualgais a chomhlíonadh mar is ceart.
Tá teipthe ar an Rialtas seo go hiomlán ó thaobh na Gaeilge (Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 12/12/2013)

Coimisinéir an choinsiasa (Seán Tadhg Ó Gairbhí, Treaibh, 11/12/2013)

Géarchéim anois gan Coimisinéir na Gaeilge (Seachtain, 11/12/2013)

Éirí as Post an Choimisinéara Teanga (Cumann na nOifigeach Forbartha Gaeilge, 10/12/2013)
“Tá an-díomá ar Shinn Féin faoi seo, ach molann muid Seán Ó Cuirreáin as an seasamh láidir seo a ghlacadh ag an am seo.

'Tá ardmheas ag Sinn Féin agus pobal na Gaeilge ar an obair atá déanta aige féin agus ag a fhoireann agus is cailliúint an-mhór é. Go bhfios dúinn, seo an chéad uair gur éirigh aon Ombudsman as i stair an stáit agus is ráiteas iontach láidir ann fein é sin.

'Is léir go bhfuil polasaí an Rialtais i leith na Gaeilge ag titim óna chéile agus tá gá le h-athbhreithniú práinneach le seo a chuir ina cheart.

'D'iarr mé go dtabharfaí Aire Stáit na Gaeltachta teacht os comhair an Chomhchoiste le seasamh an Rialtais ar an gcinneadh seo agus na h-impleachtaí a bhaineann leis a phlé!"

Seo ráiteas ó Chonradh na Gaeilge

Buille tubaisteach don Ghaeilge – géarchéim léirithe ag an gCoimisinéir Teanga in obair an Rialtais i leith na Gaeilge

Tá géarchéim i ndiaidh teacht chun cinn inniu, Dé Céadaoin, 4 Nollaig 2013, agus Seán Ó Cuirreáin, An Coimisinéir Teanga, i ndiaidh a chur in iúl don Chomhchoiste um Imscrúduithe, Formhaoirsiú agus Achainíocha go bhfuil sé ag éirí as.

I measc na cúiseanna a luaigh An Coimisinéir Teanga as a chinneadh seasamh siar, rinne sé tagairt d’easpa cur i bhfeidhm na scéimeanna reachtúla teanga; caighdeán na scéimeanna féin; imeallú na teanga sa chóras riaracháin phoiblí; folús i dtaobh athbhreithniú Acht na dTeangacha Oifigiúla; cinneadh an Rialtais Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman; easpa acmhainní riachtanacha don Oifig lena cúraimí reachtúla a chomhlíonadh go cuí agus go hiomlán; easpa foirne le hinniúlacht sa Ghaeilge sa státchóras; agus córas lochtach nua atá le teacht i bhfeidhm in ionad chóras na marcanna bónais.

Dúirt Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Is cinnte gurbh é an cinneadh le héirí as oifig atá fógartha ag an gCoimisinéir Teanga inniu an buille is mó don Ghaeilge le fada an lá.
“Tuigeann Conradh na Gaeilge go maith na cúiseanna atá aige le héirí as; tá droch-chinntí i leith forbairt na Gaeilge glactha ag an Rialtas ó thosaigh siad i 2011.
“Ní gá ach breathnú ar an gcinneadh le COGG a chur isteach leis an CNCM, an neamhaird a rinne an Rialtais ar na leasuithe ar fad a moladh don Acht Gaeltachta 2012, agus fiú an t-athrú a bhí le teacht ar Oifig an Choimisinéara Teanga féin.”

Rinneadh cinneadh Rialtais i mí na Samhna 2011 Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman faoi Phlean Athchóirithe an Rialtais don tSeirbhís Phoiblí, cinneadh a rinneadh i ngan fhios don Choimisinéir Teanga agus don Ombudsman ag an am.

D’fhógair an Rialtas go gcuirfí deireadh leis an scéim marcanna bónais in earcaíocht agus ardú céime sa stát seirbhís i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo chomh maith, ach de réir ráiteas an Choimisinéara Teanga i dTithe an Oireachtais inniu, léiríonn taighde ar fhigiúirí oifigiúla ón Roinn Oideachais agus Scileanna go dtógfadh an córas nua atá beartaithe ag an Rialtas a chur ina áit thart ar 28 mbliana le líon na foirne riaracháin sa Roinn sin le líofacht i nGaeilge a mhéadú ón 1½% atá ann faoi láthair go dtí 3% – dá gcuirfí i bhfeidhm go hiomlán agus ar an mbealach is dearfaí é.

An Coimisinéir Teanga, Seán Ó Chuireánn ag comhrá le Julian de Spáinn
Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: “Tá muinín phobal na Gaeilge agus Gaeltacht ag an gCoimisinéir Teanga. Tá obair den scoth déanta aige agus ag a oifig le breis agus 9 mbliana anuas agus is buille tubaisteach é don Ghaeilge go mbeidh sé ag éirí as.
“In ainneoin a bhfuil ráite ag an gCoimisinéir Teanga gur beag eile a d’fhéadfadh sé a bhaint amach sa dhá bhliain eile dá chonradh atá fágtha, impíonn Conradh na Gaeilge air athmhachnamh a dhéanamh ar a chinneadh seasamh siar ó chreideann muid go láidir gur chun cúil ar fad a rachaidh an troid ar son chearta teanga phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta in uireasa Sheáin Uí Chuirreáin.
“Tá ráite ag an gCoimisinéir Teanga inniu, mar bhunchéim riachtanach agus Acht na dTeangacha Oifigiúla á leasú mar chuid de chlár an Rialtais, go gcaithfear foráil shoiléir a chur ann a chinnteoidh go mbeidh Gaeilge ag fostaithe an Stáit a bheidh ag freastal ar phobal na Gaeltachta, gan cheist, gan choinníoll.
“Aontaíonn Conradh na Gaeilge go hiomlán le ráiteas an Choimisinéara Teanga nach féidir leanúint ag tabhairt ar chainteoirí dúchais Gaeilge an Béarla a úsáid agus iad ag déileáil le heagraíochtaí stáit, agus creideann go gcaithfear athchuairt a thabhairt láithreach ar cheist na teanga san earcaíocht agus i gcomórtais arduithe céime sa Státseirbhís agus sa tSeirbhís Phoiblí.
“Tá géarchéim ann agus is gá tabhairt faoin ngéarchéim sin go práinneach. Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Rialtas éisteacht le gach pointe atá déanta ag an gCoimisinéir Teanga don Chomhchoiste Oireachtais inniu agus tabhairt faoi na fadhbanna a réiteach láithreach i bpáirt leis an gCoimisnéir agus leis an bpobal.
Share/Save/Bookmark

4.12.13

Imeacht Sheáin Uí Chuirreáin! Bua do Rialtas?

Réamhfhocal: An Coimiséir Teanga ag Tithe an Oireachtas! (2/12/2013)

Tá Seán Ó Cuirreáin ag éirí as mar Coimisinéir Teanga. Comhartha agus toradh tubaisteach ar pholasaí Rialtais Fine Gael agus Lucht Oibre.

D’fhógair Seán Ó Cuirreáin go mbeadh sé ag éirí as a cheapachán mar Choimisinéir Teanga ar an 23 Feabhra seo chugainn, tráth a mbeidh 10 mbliana caite aige i mbun chúraimí na hoifige sin. D’fhógair sé a chinneadh agus é ag tabhairt fianaise do Chomhchoiste de chuid Thithe an Oireachtais i dTeach Laighean ar an 4 Nollaig 2013.

Bhí sé ag labhairt leis an gComhchoiste um Fhormhaoirsiú ar an tSeirbhís Phoiblí agus Achainíocha. Bhí ortha maoill a chuir leis an gcruinniú mar bhí fadhb leis an gcóras ateangaireachta. Ansin ag deireadh na cruinnithe bhí ar an Coimisinéir a ateangaireacht fhéin a dhéanamh. Másla eile dó féin agus don teanga náisiúnta.

Ar bhealach is íontach an rud é nár thárla sé seo cheana. Is de bharr Soiniciúlacht, cur i gcéill agus an mhéar fhada atá soiléir i bpolasaí Ghaeilge an Rialtais seo, agus i ndairíre ag gach Rialtas ó 1928 ar aghaidh. Tá sé soiléir nach bhfuil spéis dá laghad ag an rialtas seo ach go h-áirithe i gcúis na Gaeilge. Tá sé deacair rud ar bith a theaspeáint a rinnedar ar son teanga ársa na tíre. "Labharaigí Gaeilge le chéile ach ná labhair linne í!" an dearcadh atá ag an Rialtas. Is dócha go bhfuil sé "fed-up" - mar a deirtear i gConamara - le bheith ag tuairisciú, ag tabhairt comhairle, ag taispeáint conas an scéal a fheabhsú, go minic gan mórán chostais agus níor tugadh dó ach cluais bodhar. Agus ansin thugadar droim láimhe dó, agus dúinn go léir, trén gcinneadh a oifig a nascadh leis an Ombudsman.

Seo mar a labhair sé ag coiste an Oireachtais inniú:

"Beidh 10 mbliana caite agam i mbun oibre mar Choimisinéir Teanga i ndeireadh mhí Feabhra seo chugainn. Cé go bhfuil 2 bhliain eile fágtha i mo thréimhse ceapacháin, creidim i mo chroí istigh i bhfianaise na faisnéise atá curtha in bhur láthair agam anseo inniu gur beag eile a d’fhéadfainn a bhaint amach go pearsanta sa tréimhse ama sin i dtaca le cearta teanga phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Is trua liom a rá, mar sin, go bhfuil cinneadh déanta agam seasamh siar ó mo cheapachán mar Choimisinéir Teanga ar an 23 Feabhra seo chugainn. Tá an cinneadh seo curtha in iúl inniu agam i scríbhinn d’Uachtarán na hÉireann mar a leagtar síos sa dlí."

Níos déanaí agus é ós comhair Choiste Oireachtais eile (23/1/2014) sular éirigh sé as dúirt sé: "An rogha a bhí agam ná seasamh siar ó mo cheapachán mar Choimisinéir Teanga ar bhonn prionsabail le haird a dhíriú ar na ceisteanna seo nó leanúint orm agus, ar an bhealach sin, a bheith páirteach sa chur i gcéill. Creidim go láidir i mo chroí istigh go ndearna mé an rogha cheart."

• Damnú ar pholasaí Gaeilge an Rialtais eirí as an Choimisinéir Teanga! (5/12/2013)
• Mo ghearán le h-oifig Dinny McGinley! (5/12/2013)

Focail ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ag Fáiltiú in Onóir Shéain Uí Chuirreáin: "... ní mór dom a rá go bhfuil sé ar duine de na daoine is cúirtéisí dár casadh riamh orm..." (5/3/2015)
Share/Save/Bookmark

2.12.13

An Coimiséir Teanga ag Tithe an Oireachtas!

Tá an Comhchoiste Oireachtais um Iomrall Sheirbhís Poiblí agus Aiciní  (Béarla) le h-agallamh a chuir ar an Coimisinéir Teanga  ar an 4ú lá Nollag 2013 i dTeach Laighean ar 16.00 uair.


Go bhfios dom is é seo an dara uair don gCoimisinéir a bheith ós comhair choiste Oireachtais. Thug sé léiriú ar obair a oifige ag Chomhchoiste Oireachtais um Imscrúduithe, Formhaoirsiú agus Achainíocha i mí Bealtaine 2012.

Is "An Coimisinéir Teanga Annual Report 2012" (sic) atá mar ábhar acu. Scríobhamar faoin dtuairisc sin i Mí Márta seo caite: "Gabhadh tiomána nach raibh sásta Béarla a labhairt!"  Tá beartas an Rialtas an córas marcanna bónais don Ghaeilge a chuir ar cheall le plé leis!

Is comhcoiste nua é seo le iniucadh agus aithint feabhsucháin ar seachadadh seirbhísí poiblí don saoránach. Tá an coiste seo sásta glacadh le h-aiciní ón bpobal chuig tithe an Oireachtais agus is cuid dá dhualgaisí bheith i dteangabháiol le hOmbudsman an stáit. Is dócha gur dá bhrí sin tá siad chun cainte leis an gCoimisinéir Teanga.

Tá sé spéisiúil go bhfuil suíomh an Chomhchoiste seo le fáil i mBéarla amháin cé nach eisceacht é sin i gcás an chuid is mó suíomhanna Tithe an Oireachtais.

Mar is eol don saol Fodhla d'fhógair Seán Ó Cuirreáin go raibh sé le h-éirí as mar Coimisinéir Teanga. Is mar seo a labhair sé.

Tá píosa scríofa faoi a thárla againn: Imeacht Sheáin Uí Chuirreáin; Bua don Rialtas.



Share/Save/Bookmark

9.11.13

Litir chuig Leo!

Bhí áthas orm nuiar a chonaic mé tvuit inné ón Aire Iompair, Leo Varadkar. Is léir ón dearadh nua go thóg sé comhairle ó saineolaithe sna cúrsaí seo mar Road sign design research (Béarla). Tá na cinn nua i bhfad níos soiléara agus éasca le léamh.

An rud is suimiúla dúinne Gael ná go bhfuil ar deireadh cothram na féine á thabhairt don Ghaeilge agus na litreacht ar aon mhéid agus sa chló céanna leis na h-ainmneacha coitianta (trualaithe) Béarla.

Bhí píosaí sna nuachtáin Béarla ar líne agus ó bheith á léamh cheapfá go mbeadh an tuafás le caitheamh ortha ach i ndairíre níl sin fíor mar de réir dalramh ní bheadh aon chostas breise ag baint leis na comharthaí seo ós rud é nach mbeadh na comharthaí nua á gcrochadh go dtí go mbíonn cinn nua ag teastáil.

I annamh gur féidir liom Aire sa Rialtas seo a mholadh, go mór mór i gcúrsaí teanga agus mar sin scríobh mé litir chuige le buíochas dó as a jab a dhéanamh sa chás seo!

Caorán na gCearc



Seo nóta beag le buíochas a gabháil leat as dearadh na chómharthaí bóthaire nua. Dár liom tá siad deas, níos soiléara agus níos glaine ná na sean chinn.

Tá áthas orm bheith i ndán nóta mar seo a scríobh chuig Aire sa Rialtas seo mar de gnáth is ag gearán atá mé - go mór mór más cúrsaí Gaeilge nó Gaeltachta atá i gceist.

Beir bua


Eoin Ó Riain

• Scriobhadh blag eile ar Chomharthaí Bhoithre i 2009: Cá bhfuil ár dtriall?

Share/Save/Bookmark

4.11.13

"Ní fhorchuirtear aon cheanglais teanga..."

Comhlíonann an Banc Ceannais an gealltanas sin i gcónaí.

Seo pictiúir d'eisiúint theoranta de bhonn profaí óir de chuid na hÉireann ar a téama Ailtireacht Mheánaoiseach na hÉireann. Chuir Banc Ceannais na hÉireann bróisiúr nó leabhrán beag le eolas faoin eisiúnt a scaipeadh i measc bailitheoirí. Tá an bróisiúr go breá (féach thíos) agus dhá theangach ach tabhair faoi dearadh gur Béarla amháin atá greanta ar an mbonn fhéin.

Béarla na banríona ar bhonn óir na hÉireann
Cúpla mí ó shin scríobh mé chuig Banc Ceannais na hÉireann le gearán faoin na boinn speisialta a éisíonn siad ag comóradh imeachtaí, daoine nó abhair eile. Seo mar a scríobh mé ag an am: "Béarla de réir dlí!" a deireann Banc Ceannais na hÉireann!

Iar Nóta: Cuireadh ceist orm faoin gcineál teanga atá mat theideal ar an bpíosa seo! Tá sé tógtha ón r-phoist ón mBanc Cheannais a luann mé san alt deireannach. Seo é ina iomláine:
"Ní fhorchuirtear aon cheanglais teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla maidir le boinn chomórtha a eisíonn Banc Ceannais na hÉireann."


Share/Save/Bookmark

21.10.13

Sinn Féin ag lorg tuairimi an phobal faoi thodhchaí na Gaeltachta!


Tá an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh agus Piaras Ó Dochartaigh TD ag bualadh le lucht Gaeltachta Thír Chonaill lena gcuid tuairimí maidir le hAcht na Gaeltachta a fháil. Fuair mé an t-eolas seo ó phreas ráiteas ón bpáirtí inniú.

Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh
& Piaras Ó Dochartaigh TD
Is cosúil go bhfuil siad i mbun comhairliúchan ins na ceantair Ghaeltachta ar fad agus mar chuid de sin tá cruinniú poiblí sa Chrannóg i nGaoth Dobhair ar an Aoine,  25ú Deireadh Fómhair ag a 7.00 i.n.

Deireann siad go bhfuil siad ag ullmhú Bille malartach Gaeltachta agus chuige sin táid ag dul i gcomhairle le daoine, le grúpaí pobail, le h-eagrais, le coistí, le lucht gnó agus le duine ar bith atá ag plé le nó ar suim leo cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta chun éisteacht le moltaí uathu agus na saincheisteanna a phlé leo – na deacrachtaí, na laigeachtaí, na láidreachtaí, cad iad na tacaíochtaí atá de dhíth – agus gné ar bith de chúrsaí teanga & Gaeltachta atá ag déanamh buartha.

"Beimid ag bualadh le roinnt grúpaí ar fud Ghaeltacht Dhún na nGall ar feadh an lae ar an Aoine 25ú Deireadh Fómhair agus beimid ag críochnú le cruinniú poiblí sa Chrannóg i nGaoth Dobhair ag an 7.00 an tráthnóna sin."  Tugann siad cuireadh do dhaoine aonair, do ghrúpa pobail, ionadaithe ó choistí, lucht gnó agus do dhuine ar bith atá ag feachaint dul i ngleic le forbairt teanga agus pobail theacht chuig an chruinniú poiblí seo.  Beidh deis plé, deis éisteachta agus deis moltaí a dhéanamh. 

Is maith an rud é go bhfuil siad ag plé na ceiste seo. Níor rith sé le h-aon pháirtí eile a leithéid de rud a dhéanamh. Ar ndóigh deineadh an-phlé ar seo timpeall bliain ó shin ag Oireachtas na Gaeilge 2012 agus cé go raibh Aire Stáit na Gaeltachta i láthair is beag éifeacht a bhí ag on bplé air!

Ar ndóigh ní éireoidh le haon phlean Gaeltachta gan an chuid eile den tír isteach air. Is ceart dúinn go léir, páirtithe polataíochta, gluaiseachtaí spóirt, an Eaglais, An Post agus gach eagraíocht atá gníomhach sa dá réigiún den tír a bheith páirteach sa ghníomh. Tá níos mó ná Gaeilge sa Ghaeltacht, rud nach dtuigeann Rialtas a chuireann mar clabhsúr le hEalaín agus Oidhreacht é. (Ar a laghad bhí Fianna Fáil sásta an Gaeltacht a aithint mar phobal!)

Maidir le Sinn Féin féin, agus ní an dream is measa iad, is beag Gaeilge a labhrann siad ar aon ábhar seachas an Ghaeilge féin nó ar na meáin Gaeilge. Is seafóideach leagan Gaeilge a thabhairt ar shuíomh Sinn Féin (Béarla) ar líne. Tá sé deachair an cnaipe "Gaeilge" a aimsiú ar an leathanach fiú! Tá eisceachtaí ann tá iarracht maith déanta ag an Seanadóir Ó Clochartaigh ina shuíomh féin agus de gnáth deineann sé an-iarracht a chuid preas ráitaisí a chuir amach san dá theanga. 

Ní fios dom mórán faoin dTeachta Ó Dochartaigh ach amháin gur cainteoir cumasach i mBéarla é sa Dáil. Ba mhaith an rud é an cumas céanna a fheiscint agus é cainnt ann ina theanga dhuchas ann! Fiú nuair nach raibh an  Aire Quinn i ndán é a thuiscint sa Dáil (24/9/2010) d'athraigh sé a chuid cainte go Béarla in ionad seas suas do teanga agus iarraidh ar an gCeann Comhairle ateangaire a fháil. (Sílim ó cheart, go raibh ar an gCeann Comhairle (gníomhach) fógra a thabhairt go raibh sé de cheart ag an Teachta labhairt i nGaeilge agus an díospóireacht a stop go dtí go mbeadh duine sa mbosca ateangaireachta, ach nuair nach ndearna sé sin ba cheart ar an dteachta iarraidh air é a dhéanamh!)

Bhí TD amháin eile Peadar Tóibín eile a rinne iarracht tuairiscí a chuir ar fáil ar shuíomh Facebook an Oireachtais i nGaeilge agus Béarla sular dibríodh as a pháirtí pairliminte é ar chuinsí coinsiasacha. Tá séisean sásta Gaeilge a úsáid ar an gcóras giolcaireachta chomh maith!

Ó thaobh Acht na Gaeilge atá le dul ós cómhair Tithe an Oireachtais, is ceart éisteacht leis an méid a dúirt an Coimisinéir Teanga faoi le déanaí: 

"Tá dhá shlat tomhais an-simplí leagtha síos agam féin agus luaite go poiblí cheana agam a thabharfaidh léargas domsa faoi dháiríreacht na hiarrachta seo: 
"

An n-aontaíonn Sinn Féin leis? Má aontaíonn siad céard tá siad ag déanamh leis an dá sprioch sin a chuir i gcríoch?



Share/Save/Bookmark

10.10.13

Códanna poist ag séanadh oidhreachta?

Bhí an-chomhra ar twitter faoi an ráiteas (aon teangach!) faoi códanna phoist ón Roinn Cumarsáide le lá anuas!

Is cosúil gur thug an Rialtas cead, ar an Máirt, don Aire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha córas códanna phoist a cruthú sna 26 chontae. An rud atá ag déanamh imní ar dhaoine ná go gcaillfaí na hainmneacha tabhachta atá ar Bhailte Fearainn thár timpeall na tíre (Mar Caorán na gCearc anseo againn!)

An t-Aire
Briseadh dlí!
De réir Scéim Teanga 2006 - 2009 (pdf) an Roinn Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha is ceart go 
"Cuirfear eisiúintí preas na Roinne, seachas óráidí a eisíodh nó a ceanglaíodh le heisiúintí preas, ar fáil go dátheangach ar láithreán Gréasáin na Roinne agus i gcóip chrua. (Beidh aguisíní ceangailte le heisiúintí preas e.g. liostaí d'oibreacha calafoirt feabhsaithe chun deontais a fháil, na sonraí go léir de cheapacháin an Bhoird, etc., ar fáil in aon teanga oifigiúil amháin)."

Mar sin is cosúil gur bhris an Roinn a rialacha féin mar is i mBéarla amháin a éisíodh an preas ráiteas ar an ábhar seo!
Táid ann le beagnach daichead bliain sna sé chontae agus tosnaíonn siad leis na litreacha BT (BelfasT) cé go mbíonn sé contaetha i gceist. Is cosúil go bhfuill cuimhne ar na hainmneacha sin ag imeacht ón nglúin óg ó thuaidh ó socraíodh ar choras chód phoist ansin.

An dtárlódh an rud céanna ó dheas?

Tá sé soiléir faoi láthair nach bhfuil aon rud sa dlí faoi láthair a chuireann dualgas ar an Stát maidir le húsáid cóid phoist agus dá bhrí sin ní fhéadfadh go mbeadh dualgas ann an cumasc nó bailiúchán de litreacha agus uimhreacha a bheith bunaithe ar leaganacha Gaeilge nó Béarla de logainmneacha na tíre.

Tá an t-ábhar seo á phlé ag Rialtais éagsúla in imeacht na mblianta ag daoine agus eagraíochtaí agus mar sin tá sé soiléir go bhfuil baill den phobal ag moladh go mbunófaí aon chóid poist nua ar leaganacha Gaeilge de logainmneacha na tíre. Deirtear nach bhfuil aon rud ann a chuirfeadh in aghaidh bunú na bpostchód ar leagan oifigiúil an logainm i nGaeilge ach ní raibh éinne sa Roinn sásta aon ghealltanas sa bhreis ar sin a thabhairt. Dúirt Julian de Spáinn ó Chonradh na Gaeilge ar Cormac ag a cúig go bhfuaradar éisteach nach raibh mí-fhábharach aon uair a chuadar chuig na h-Airí áirithe.

Polasaí agus rogha rialtais!
Pé scéal é níl aon mhioneolas fógartha fós faoin leagan amach a bheas ar na cóid poist nua ach níl ceangal dlíthiúil ag an bpointe seo iad a bhunú ar leagan Ghaeilge nó Béarla de na logainmneacha. Ceist polasaí agus rogha Rialtais seachas ceist faoi dhualgais reachtúla atá ann is cosúil.

Tugadh cás a bhí comhthreomhar leis seo chun na hArd-Chúirte i dtaca le clár uimhreacha gluaisteáin (nuair a cuireadh "D" in áit "BÁC" mar shampla do Bhaile Átha Cliath nó "KY" do Chiarraí). Rialaigh an Ard-Chúirt gur rogha iomlán dlisteanach a bhí ansin ag an Aire Comhshaoil ag an am nuair a dúirt an Breitheamh Ó hAnnluain:

Bhí sé de cheart ag an Oireachtas, agus ag an Aire Comhshaoil, aon rogha ba mhian leo a dhéanamh idir an dá theanga oifigiúil nuair a socraíodh go mbeidh na treoir-mharcanna do feithcilí bunaithe ar litreacha a bhainfí as ainmneacha na gContae agus gCathrach. Is cuid de ghnó oifigiúil an Stáit a bhí dá chur i gcrích. De ghnáthach, nuair nach ndeintear socrú le dlí d’fhonn ceann amháin den dá theanga oifigiúil a bheith ina haonteanga le haghaidh aon ghnó nó gnóthaí ar fud an Stáit ar fad nó in aon chuid de, is ceadaithe don Stát pé rogha is mian leis a dhéanamh idir an dá theanga.

I bhfocail eile, is féidir leis an Stát cinneadh a dhéanamh leaganacha Gaeilge de logainmneacha a úsáid chun na críche seo ach níl dualgas reachtúil nó bunreachtúil orthu sin a dhéanamh.

Agus muid ag breathnú ar pholasaí an Rialtas seo ar chúrsaí teanga agus oidhreachta go dtí seo an ceart muinín a bheith againn as?

Mar sin leanaimís leis an stocaireacht!
Share/Save/Bookmark

8.10.13

Polasaí radacach diúltach ag an Roinn Coimirce Soisialaí!

Seo ráiteas ó chraobh na Forbacha de Chonradh na Gaeilge i dtaobh tréigint Gaeltachta na Gaillimhe ag an Roinn Coimirce Soisialaí a scríomar faoi le deanaí!

Cinneadh an Roinn Leasa Sóisialigh na hoifigí pobail a dhúnadh sa Ghaeltacht
An t-Aire Joan Burton

Níl aon amhras ach go mbeidh tionchar radacach diúltach ar an iompar teanga i nGaeltacht Chonamara ag an chinneadh atá déanta ag an Roinn Leasa Sóisialigh na hoifigí pobail áitiúla a dhúnadh. 

Tá sé seo ag dul glan i gcoinne an 'Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge' de bharr go raibh siad go léir suite i gceantair A. Gan na cúinsí teanga a thabhairt san áireamh in aochar, tá sé seo freisin ag dul glan i gcoinne an taighde a rinne A.P. McCarthy, Comhairleoirí Pleanála do Comhairle Chontae na Gaillimhe ó thaobh tiús daonra agus lonnaíochtaí a léirigh gurb é Conamara Theas an tiúchan nó "concentration" is mó daonra sa chontae taobh amuigh de na bailte móra. 


Ciallaíonn sé seo nach mbeadh bunús loighciúil leis an chinneadh a dhéanamh fiú muna mbeadh focal Ghaeilge sa cheantar - cinneadh a déanadh faoi dheifear agus gan comhchomhairliú leis an pobal. De bharr go bhfuil an chinneadh seo freisin ag dul i gcoinne spriocanna teanga na Poblachta, iarraimíd ar an Rialtas é a chur ar athló go ndéanfar cinnte go raibh fianaise ag tacú leis.

Seán F. Ó Drisceoil
Cathaoirleach
07/10/2013

Chraobh an Athair Uí Ghríofa
Conradh na Gaeilge
Na Forbacha
Gaillimh


Súil agam go mbeidh rud éigin le rá ag Pobal agus gluaiseacht na Gaeilge níos faide soir!
Share/Save/Bookmark

7.10.13

Gluaiseacht ciúin? Gaeltacht á mharú!

Chuala mé Seosamh Ó Cuaig ar an Raidío ar maidin ag caint faoin ngéarchéim anseo i gConamara.

Tá an Roinn Coimirce Soisialaí (Béarla - Helping you build a better life!) le na seirbhísí go léir i nGaeltacht Chonamara a dhúnadh. Beidh ar poball na Gaeltachta atá ag lorg cabhair, eolas, coimirce dul go Gaillimh nó chuig an gClochán le haghaidh na seirbhísí. Níl siad ag tabhairt aon gheallúint go mbeidh seirbhís i dteanga na ndaoine sna hoifigí sin. (Ní comhartha maith é nuair a deintear iarracht "Gaeilge" a fháil ar an suíomh idirlín níl sé le fáil!)

Seosamh Ó Cuaig
Má tá duine ag brath ar taisteal poiblí, Bus Éireann, beidh costas mór ar dhuine dul soir nó ó thuaidh le sheirbhís a fháil agus muna bhfuil duine atá ábalta an gnó a dhéanamh leis nó leithí bheadh ar an duine sin dul ar ais. Agus eile má tá duine ina chónaí mar shampla i dTír an Fhia nó sna hOileáin bheadh air nó uirthi bus a fháil ar a 8.00 ar maidin agus níl bus thár n-ais go dtí 16.20. Níl fhios agam conas tá cúrsaí bus ó Charna go dtí an gClochán.

Bhi Seosamh ag deanamh an pointe nár chuala sé éinne ó "Gluaiseacht na Gaeilge" ag rá focal ar bith faoi seo.

Scaip an scéal
Plé láidir le déanamh faoi easpa seirbhísí i gConamara
Dé Domhnaigh, 10 Samhain 2013, Óstán an Dóilín, An Cheathrú Rua, Co na Gaillimhe.
B'fhéidir go gceapann an gluaiseacht céanna gur iarsmalann teanga atá anseo sa Ghaeltacht. Is cinnte gur sin a cheapann an Rialtas mar d'fáisceadar an Ghaeltacht istigh leis na hiarsmalanna, na dánlanna agus na fothracha sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta!

Is pobal é an Ghaeltacht thár aon rud eile agus tá riachtainisí phobal ar bith ortha. Munar leis an stáit na riachtainisí a sholáthar beidh deireadh leis an bpobal sin. Bheadh deireadh le pobal ar bith. Dúradh ag cruinniú a bhí ar an aoine gur cosúil go bhfuil ar an Rialtas seo deireadh a chur leis an tuath agus pobal na tuaithe a dhíbirt isteach sna cathreacha. Tá sé ag tárlú sna ceantreacha tuaithe Béarla chomh maith, Scoileanna, Oifigí Phoist, Oifig Leasa Shoisialaigh, Stáisiúin Ghárdaí á dhúnadh ar son na h-eacnamaíochta.

Tá na Comhairlí Áitiúil á laghdú, diaidh ar ndiaidh. Ní éistear leis na TDeanna and Seandóirí - mar a léirigh freagraí ó Sheáin Kyne (Béarla) ag an gcruinniú úd!

Bhfuil focal ar bith le rá ag Gluaiseacht na Gaeilge faoi seo.

Bhfuil siad le pobal na Gaeltachta?
Share/Save/Bookmark

26.9.13

Bhfuil ateangaire sa teach? #Gaeilge

Ah! Tuigim!
Bhí tuít ar an gcóras giolcaireachta twitter cupla lá ó shin a gnóthaigh aird a lán daoine. Is faoi díospóireacht sa Dáil ar chúrsaí oideachais agus árdaíodh ceist faoi scoileanna i gceantair Ghaeltachta Thír Chonaill.

Is ionadaí de chuid Shinn Féin i Carraig Uí Leighin agus Baile an Chollaigh é Donnchadh. Rinne mé chúardú i gcartlann an Oireachtais agus fuair mé an píosa atá luaite. Agus mé á léamh cheap mé nach raibh an imeacht díreach mar a d'inis Donnchadh é. Chun a cheart a thabhairt dó rinne sé an-iarracht é féin a cheartú nuair a chuir sé tuít nua macánta amach: "Soléiriú ar tweet aréir. De réir taifid http://img.ly/wCQu  (cé go raibh sé dochloiste dom) dúirt Quinn ná raibh aistriúcháin ar fáil. Mar sin mo leithscéal le RQ. Sin ráite, de réir an aonad aistriúcháin bhí córas aistriúcháin ag feidhmiú go breá aréir, agus dá mba mhiain le RQ úsáid a bhaint as na cluaisáin ní raibh ar an tAire ach iarraidh ar Ushers iad a fháil dó, rud a d'fheadfaí dhéanamh gceann cúpla sec..."

Seo taifid ón gCartlann (Cuts in Education: Motion [Private Members] llch 46):
Dár liom tá sé soiléir nach ag maslú na teanga a bhí an Aire ach  ba mhó d’achainí a bhí ann ar an gCeann Comhairle seirbhís ateangaireacht a fháil dó. Ach mar sin féin tá dhá phointe ann. 

Gaeilge ag Aire!
An chéad ceann faoin bhfíric go bhfuil Aire Oideachas ann nach dtuigeann teanga náisiúnta na tíre. Sílim go bhfuil lucht níos mó ar an té a cheap é bhfhéidir, ná ar an bhfear bocht féin. Ach ar an dtaobh eile de nach aisteach nach ndearna sé an iarracht (go bhfios dúinn) máistreacht ar an Ghaeilge a fháil nuair a bhfuir sé an bpost?

Glaogh ar an Ateangaire!
An dara pointe atá agam, is faoi iompair na Dála féin atá sé.  Ó cheart, bhí ag an gCeann Comhairle (gníomhach) fógra a thabhairt go raibh sé de cheart ag an Teachta labhairt i nGaeilge agus an díospóireacht a stop go dtí go mbeadh duine sa mbosca ateangaireachta.  Nuair nach ndearna sé amhlaidh ba cheart don Dochartach seas ar go mbeadh an ateangaire ann. 

Deirtear gur iondúil go mbíonn seirbhís mhaith ateangaireachta ó Rannóg an Aistriúcháin agus nach ceart go mbeadh an iomarca imní orainn mura dtiocfadh patrún chun cinn anseo nach raibh ateangairí ar fáil.  

Bímís ag faire!



Share/Save/Bookmark

3.9.13

Moill, moilliú nó stopadh? Torthaí thaighde an Choimisinéara ar pholasaí Rialtas i leith na Gaeilge.

"Soiniciúlacht, cur i gcéill agus an mhéar fhada a bhí sa treis: is deacair brí ar bith eile a bhaint as polasaí an stáit ó 1928 ar aghaidh".

D'oscail Seán Ó Cuirreáin, an Coimisinéir Teanga institiúid úr tríú leibhéal Ghaelcultúr, Coláiste na hÉireann, a sheoladh, mar aon leis an chéad chúrsa de chuid an choláiste sin, Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán. Bhron sé Teastais sa Ghaeilge Ghairmiúil ar dháltaí a bhain leibhéal 3 agus leibhéil 4 de Chreatoibre Náisiúnta na gCáilíochta (Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann). Ba cúis áthais do a fheiceáil go bhfuil na fostaithe seo de chuid an stáit sásta dua a chaitheamh leis an teanga chun gur féidir leo seirbhís Ghaeilge a chur ar fáil do lucht labhartha na teanga.

Agus é ag caint ar an ábhár seo roinn sé torthaí chuid den taighde atá deanta ag a oifig ar atá déanta ag an stáitchóras lena dhualgas le freasta ar phobal na Gaeilge and na Gaeltachta. Is fiú go mór léamh an méid a bhí le rá aige ina iomláine. (Is muide a rinne na comharthaí béime ar ábhar! Eag)


Cuireadh an spriocdháta ar athló ar a
laghad 54 uair  idir 1928 agus 1966
Tá leasuithe le déanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus is cosúil go bhfoilseofar go luath ‘Cinn an Bhille’ a thabharfaidh léargas dúinn ar an leagan amach úr a bheidh ar an reachtaíocht sin. Tá súil agam go dtabharfar aird chuí ar na moltaí agus ar na haighneachtaí a tháinig ón phobal nuair a iarraidh tuairimí beagnach dhá bhliain ó shin anois agus nach cur i gcéill a bhí sa phróiseas comhairliúchán sin.

Oiriúnach don fheidhm
Tá sé fíorthábhachtach go leasófar an tAcht le go mbeidh sé oiriúnach don fheidhm ba cheart a bheith aige, is é sin, go gcruthóidh sé áit agus spás don teanga i saol poiblí na tíre agus go mbogfaidh sé í ón imeall go dtí áit níos lárnaí. Caithfear freastal go cuí ar mhianta phobal na teanga agus tá súil agam go bhfuiltear dáiríre faoi seo a dhéanamh.

Tá dhá shlat tomhais an-simplí leagtha síos agam féin agus luaite go poiblí cheana agam a thabharfaidh léargas domsa faoi dháiríreacht na hiarrachta seo:

• An gcinnteofar, sna leasuithe ar an Acht, go mbeidh Gaeilge ag fostaithe an Stáit a bheidh ag freastal ar phobal na Gaeltachta, gan cheist, gan choinníoll?

• An ndéileálfar ag an am céanna le ceist na teanga in earcaíocht foirne don chóras poiblí i gcoitinne?

Má theitear i ngleic leis an dá mhórcheist seo mar chuid den phróiseas leasuithe seo bheadh dóchas éigin ann go bhféadfaí dul chun cinn a dhéanamh. Má sheachnaítear na ceisteanna seo nó más iarracht fhuarbhruite nó tuilleadh den chur i gcéill a bhfuil seanchleachtadh againn air a bheidh ann, tuigfidh muid ansin níos soiléire ná riamh staid na himeartha agus treo na gaoithe.

Ba mhaith liom beagán eolais a roinnt libh faoi thaighde nua atá déanta againn a thugann léargas ar an mbealach ar déileáladh leis an dá cheist chéanna seo ag tréimhsí difriúla i stair an Stáit.

An Ghaeltacht
Ar an 6 Meitheamh 1928 shínigh Risteárd Ua Maolchatha (ar dheis), Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte na linne, Ionstraim Reachtúil Uimhir 33 de 1928, Local Offices and Employments (Gaeltacht) Order, 1928. Faoi na rialacháin nua seo bheadh tréimhse trí bliana ag aon fhostaithe nua a mbeadh cúraimí Gaeltachta orthu sna húdaráis áitiúla nó sna húdaráis sláinte le hoiread Gaeilge a shealbhú le go bhféadfaidís a gcuid oibre a dhéanamh trí mheán na teanga sin. Bheidís le briseadh as a gcuid oibre mura mbeadh an cumas sin sa teanga bainte amach acu laistigh den tréimhse trí bliana.

Sa bhliain 1944, ar an 18 Iúil, shínigh Sean Mac Entee (ar chlé), an té a raibh cúraimí na Roinne Rialtais Áitiúil agus Sláinte ansin air, ionstraim reachtúil eile – Uimhir 76/1944 – Local Officers (Irish Language) Regulations, 1944, a leathnaigh scóip na rialachán agus a chuir le líon na bpostanna sa Ghaeltacht a mbeadh dualgas teanga ag baint leo. Arís, bheadh an té a bhí gan Ghaeilge tar éis trí bliana le briseadh as a gcuid oibre.

Ciallaíonn sin go raibh meicníocht dhlíthiúil ann le húdarás agus le cumhacht chun a chinntiú gur daoine ag a mbeadh Gaeilge a bheadh i mbun na hoibre seo don Stát sa Ghaeltacht. Ach léiríonn ár gcuid taighde nár cuireadh na rialacháin seo i bhfeidhm riamh. Anois, mura raibh siad le cur i bhfeidhm d’fhéadfaí iad a chur ar ceal nó a aisghairm ar fad. Ach ní dhearnadh sin ach an oiread – rinneadh gníomh a bhí i bhfad ní ba shoiniciúla fós. Gach uair go raibh an spriocdháta ag teannadh leo síníodh ionstraim reachtúil nua chun an dáta tosaithe a chur ar athló, ar feadh sé mhí nó bliain.

Léiríonn ár gcuid taighde gur eisíodh ionstraimí reachtúla a chuir an spriocdháta ar athló ar a laghad 54 uair idir 1928 agus 1966, tráth gur cuireadh deireadh ar fad leis agus gur ceapadh plean nua ina áit. Tá na hionstraimí reachtúla sin againn lena chruthú.

Soiniciúlacht, cur i gcéill agus an mhéar fhada a bhí sa treis: is deacair brí ar bith eile a bhaint as.

Gaeilge ‘éigeantach’ sa státseirbhís
Cuireadh deireadh le Gaeilge ‘éigeantach’ sa státseirbhís le cinneadh Rialtais ar an 27 Meán Fómhar 1974 - beagnach dhá scór bliain ó shin. Richie Ryan (ar dheis) a bhí mar Aire Airgeadais agus mar Aire na Seirbhíse Poiblí ag an am. Cuireadh an cinneadh i láthair an phobail go príomha mar ghníomh le meas agus dea-mhéin a chothú don teanga. (Féach leis ar ár bpíosa '"Teip iomlán" dár leis an Coimisinéir Teanga' 4/2/2011).
Ag labhairt dó sa Dáil ar an 5 Nollaig 1974 dúirt an tAire:

“Tá an Rialtas lánmhuiníneach go músclóidh na hathruithe seo, a chuireann spreagadh in áit éigeantais, dea-mhéin bhreise don Ghaeilge agus go gcuideoidh siad le leathnú na teanga laistigh agus lasmuigh den státseirbhís trí atmaisféar níos fabhraí a chothú di…

Ba mhaith liom a chur in iúl go soiléir don Teachta nach céim síos é an cinneadh ach a mhalairt. Tá an Ghaeilge agus an Béarla ar aon dul anois agus tig le duine don chéad uair post sa Státseirbhís a bhaint amach gan Béarla…

Ní bheidh aon easba Gaeilge, mar sin, sa Státseirbhís agus beidh fonn níos láidre chun feidhm a bhaint aisti toisc deireadh an éigeantais…

Tá mé cinnte go mbeidh feabhas mór ar an scéal de bharr a bhfuil déanta ag an Rialtas…”

B’in an chaint sa Dáil. Ach tá na cáipéisí rialtais ar fad a bhain leis an gcinneadh seo agus a bhí coinnithe faoi rún ar feadh tréimhse 30 bliain le feiceáil sa Chartlann Náisiúnta (Béarla). Tá siad léite agam féin le gairid. Chuir sé roinnt iontais orm agus mé ag léamh an ábhair a bhain le Roinn an Taoisigh go raibh clár oibre i bhfad níos leithne i gceist leis an gcinneadh seo ná an ‘feabhas mór’ sin ar chúrsaí Gaeilge dar thagairt an tAire Richie Ryan sa Dáil.

Nuair a scrúdaítear na meamraim agus na cáipéisí eile sa Chartlann Náisiúnta, is léir go raibh tacaíocht mhór i measc na n-ardstátseirbhíseach do mholtaí an Aire. Ach tagann léargas eile chun tosaigh freisin – go raibh stocaireacht láidir agus leanúnach in aghaidh riachtanas na Gaeilge ó cheardchumann áirithe de chuid na státseirbhíse, ó eagraíochtaí a bhí ag feidhmiú thar ceann mhuintir Thuaisceart Éireann, thar ceann chlanna na n-imirceach a bhí ag filleadh ar an tír seo, thar ceann daoine le míchumas nach raibh Gaeilge mar ábhar scoile acu agus ar ndóigh ag an nGluaiseacht Saoirse Teanga, .i., LFM, Language Freedom Movement (Tá cartlann an LFM le fáil anois i Leabharlann Hardiman OÉ - Gaillimh Béarla: Eag) – grúpa a bhí naimhdeach i leith ról an Stáit i gcur chun cinn na teanga.

Ina chuid anailíse féin sa mheamram Rialtais thagair an tAire Richie Ryan don dualgas teanga a bhí ar an Stát faoin bhunreacht agus dúirt gur gá freastal ar an chuid sin den phobal a roghnaigh an Ghaeilge dá ngnóthaí oifigiúla. “There has been legitimate criticism that this responsibility has not always been discharged. The position will tend to worsen if staff without Irish are recruited” a d’admhaigh sé.

I meamram eile thug státseirbhíseach sinsearach i Roinn an Taoisigh rabhadh a bhfuil a mhacalla le cloisteáil go soiléir inniu – dá gcuirfí deireadh le riachtanas Gaeilge: “…could lead eventually to a situation where few, if any, civil servants would have any knowledge of the language and it would almost certainly make it impossible to provide staff in sufficient numbers to deal with those who...would be entitled to expect to be able to conduct business in Irish with Government Departments and Offices.”

Chomhairligh státseirbhíseach sinsearach eile sa Roinn chéanna – a bhí go láidir in aghaidh na Gaeilge éigeantaí - don Taoiseach gur beag an mhaith a bhainfeadh le marcanna bónais don Ghaeilge ag agallaimh sa státseirbhís; “In most cases, the interview board will make certain, through the marking system, that the candidate who, to them, is best qualified for the job, irrespective of his knowledge of Irish, will get it.”

Leid agus leathfhocal a bhí ansin ó Nostradamus éigin go bhféadfaí na cosa a bhaint den chóras nua, fiú sula raibh sé tugtha i bhfeidhm!

Thacaigh Taoiseach na linne, Liam Cosgrave (ar chlé), go láidir le polasaí an Aire Richie Ryan ach i litir a sheol sé chuig an Aire ar an 6 Bealtaine 1974 chomhairligh sé nár cheart déileáil leis an cheist mar ábhar aonair ach i gcomhthéacs beartais níos iomláine, níos leithne i leith na Gaeilge. Ba léir gur thuig sé freisin “that the abolition of the requirement might cause some difficulties in regard to the Constitutional position of Irish as the first official language of the State and might lead to a situation where few civil servants would be able to conduct business in Irish with those members of the public who would wish and would be entitled to do so.”

Ceacht na Staire
Tá ceacht na staire le foghlaim againn ón dá phíosa taighde sin – an dualgas teanga sa Ghaeltacht a cuireadh ar athló go soiniciúil bliain i ndiaidh bliana, ar a laghad 54 uair suas go dtí 1966 agus na leideanna atá le fáil sna comhaid Rialtais sa Chartlann Náisiúnta nach raibh gach duine dall ar na deacrachtaí a thiocfadh chun cinn nuair a chuirfí deireadh le riachtanas na Gaeilge don státseirbhís agus nach gá gur ‘feabhas mór’ ar chúrsaí Gaeilge a bhí mar spreagadh, dáiríre.

Deis stairiúil
Tá deis stairiúil anois ann le dul i ngleic leis an dá réimse sin arís san athbhreithniú atá á dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla sa tréimhse fhíorchinniúnach atá romhainn anois agus muid ag an chrosbhóthar sin dá ndearna mé tagairt ag tús na cainte seo. Tá leasuithe le déanamh ar an Acht Teanga agus cinntí tábhachtacha le déanamh faoin mbealach a fhreastalóidh an státchóras feasta ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Níor cheart an deis seo a ligean le sruth – ní féidir géilleadh do Bhéarla éigeantach. Mura seasfar anois le cearta teanga na nGael, má dhiúltaítear an deis a thapú, ní mhaithfidh na glúine atá le teacht dúinn é.

An scéal seo ar TG4
Gaeilge gan cheist, gan choinníoll
Ba cheart go gcinnteoidh na leasaithe atá le déanamh ar an Acht Teanga go mbeidh Gaeilge ag fostaithe an Stáit a bheidh ag freastal ar phobal na Gaeltachta, gan cheist, gan choinníoll. Ag tráth go bhfuil an státchóras ag díriú i dtreo dualgais phleanála teanga a leagan ar na pobail féin sa Ghaeltacht, creidim go mbeadh sé áiféiseach go mbeadh an státchóras féin ag brú Béarla orthu lena gcuid gnóthaí a dhéanamh. B’ionann sin agus an Stát ag rá le pobal na Gaeltachta “Labhraígí Gaeilge le chéile, coinnígí beo í mar theanga pobail ach ná labhraígí linne í!”. (Féach ar thuairisc ar an gComhdháil Idirnáisiúnta ar Chearta Teanga 2013 - Labhraigí Gaeilge le chéile ach nár labhair linne í!: Eag)

Gan costas....
Ní bheadh aon chostas breise i gceist sa leasú seo – níl i gceist ach eagrú agus lonnú foirne a bhfuil Gaeilge acu cheanna féin in oifigí sa Ghaeltacht nó lasmuigh den Ghaeltacht atá ag déileáil le pobal na Gaeltachta.

Polasaí earcaíochta
Is gá freisin dul i ngleic leis an fhadhb is bunúsaí dá bhfuil ann maidir le soláthar seirbhísí stáit trí Ghaeilge, i.e. easpa foirne sa chóras poiblí ag a bhfuil cumas in dhá theanga oifigiúla an Stáit.

Beidh maolú ar an embargo reatha ar earcaíocht in am trátha.

Thug an Roinn Oideachais agus Scileanna le fios dom cúpla bliain ó shin nach raibh dóthain Gaeilge ach ag 1.5% dá foireann riaracháin chun seirbhís a chur ar fáil sa teanga sin. Ní haon eisceacht í an Roinn sin agus tá easpa cumais sa Ghaeilge forleathan i bhformhór na Ranna Rialtais agus na ngníomhaireachtaí stáit.

Léiríonn an staitistic sin ón Roinn Oideachais agus Scileanna scála na géarchéime – fíorú na réamhaisnéise sa bhliain 1974 ó státseirbhísigh áirithe i Roinn an Taoisigh ar thagair mé dóibh ar ball beag.

Ar ndóigh, níl aon duine ag moladh gur cheart filleadh ar chóras na Gaeilge éigeantaí, ach is gá teacht ar chomhréiteach éigin mura bhfuil an Béarla le bheith ina riachtanas don phobal ina ngnóthaí ar fad leis an Stát.

An bhfuil muid – agus muid ag druidim le comóradh cead bliain Éirí Amach na Casca 1916 - chun Béarla éigeantach a chur in áit na Gaeilge éigeantaí i gcóras stáit na tíre seo?

Leis sin a sheachaint theastódh gníomh athchothromaithe, trí idirdhealú dearfach nó a leithéid, fiú ar feadh tréimhse shealadach, le líon leordhóthanach d’fhoireann ag a mbeadh inniúlacht sa Ghaeilge a chinntiú sa tseirbhís phoiblí.

Sa bhreis air seo, is léir gur gá do chóras foirfe oiliúna agus traenála a bheith ann le forbairt a dhéanamh ar chumas teanga na foirne sa státchóras. Ba cheart go ndéanfaí foráil do chóras den chineál sin agus go mbeadh teastais aitheanta le fáil a léireodh go cruinn cumas na mball foirne seirbhísí a sholáthar i dteangacha oifigiúla an Stáit. Ba cheart go mbeadh dualgas dá réir ar an bhfoireann a bhainfeadh tairbhe as an oiliúint agus as an traenáil sin de chuid an Stáit seirbhís i nGaeilge a thairiscint don phobal.

Tús maith
Is tús maith é an Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil seo de chuid Ghaelchultúir ach tá sé tábhachtach go mbeadh comhlachtaí an stáit sásta an deis a chur ar fáil dá bhfostaithe tabhairt faoin cháilíocht seo. Agus ba cheart fostaithe a roghnú ar bhonn straitéiseach chun tabhairt faoin Teastas chun a chinntiú go mbeidh scileanna cearta Gaeilge ar fáil i ngach rannán de gach comhlacht poiblí.

Tréaslaím le Gaelchultúr an obair atá déanta acu le hocht mbliana anuas, go háirithe ó thaobh oiliúna san earnáil phoiblí de. Guím gach rath ar an tionscadal úrnua seo, Coláiste na hÉireann, agus ar céad chúrsa an choláiste, an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán. Tá súil agam go mbeidh ráchairt ar an chúrsa sin agus ar chláracha eile an choláiste agus go mbeidh go leor d’fhostaithe an stáit i measc chéimithe Choláiste na hÉireann sna blianta atá amach romhainn.>>

Leis sin d'fhógair sé an Coláiste na hÉireann ar oscailt. 

Agus muid ag léamh an méid a bhí le rá aige nach ritheann an smaoineamh faoin méid atá á dhéanamh ag an Rialtas s'againne i leith chúrsaí Ghaeilge sa tír.  Céard atá ag tárliúint taobh thiar de dhóirse Sráid Muirfeann? Bhfuill nótaí spéisiúil ag dul ó roinn go roinn ag iarraidh fháil amach conas is féidir úsáid na Gaeilge a sheacaint go bunreachtúil. Cé mhéid Sir Humpheries atá ag caint le chéile ina gclubanna? 

Nach raibh beagáinín scáineadh ann nuair a bhí na státsheiribhísigh ós comhair Comhairle Oireachtais i mí na Samhna 2012? Nár osclaíodh na geataí beagáinín dúinn? 

Bhí Stáit Sheirbhísigh ós a comhair le ceisteanna a fhreagairt faoi thuarascáil an Choimisinéara Teanga maidir le bronnadh marcanna bónais as inniúlacht sa Ghaeilge i gcomórtais inmheánacha sa Roinn Coimirce Sóisialaí (ag éirí as iniúcadh an Choimisinéara ar Rialacha bunaithe i bpáirt ar ráiteas úd Richie Ryan.) Seo mion tuairisc ar a thárla.

Tharla nach raibh an Roinn sásta glacadh le moltaí an Choimisinéara ach ag an am céanna níor ceapadh go raibh sé “de dhualgas orainn an cás a thógaint ar scéim atá i bhfeidhm ar fud na státseirbhíse”, dar leis an Dr Orlagh Quinn, státseirbhíseach sinsearach leis an Roinn Coimirce Sóisialaí. Bhí ionadaí ón Roinn Caiteachais agus Athchóirithe Poiblí den tuairim chéanna.
Dúirt Patricia Coleman nach raibh aon dualgas achomharc a lorg sa chás nach raibh aon phointe dlí i gceist agus nárbh ionann léamh an Choimisinéara ar an scéal agus an léamh a bhí ag an Roinn Caiteachais agus Athchóirithe Poiblí. Thug sí aird ar an gcostas a bhainfeadh le cás cúirte a thionscnamh ar chleachtas atá fadbhunaithe sa státchóras. Tá léamh na Roinne bunaithe ar an gcleachtas atá ann go forleathan sa státchóras ó bhí 1975 ann


Dár liomsa is adhmhaill stairiúil é seo ag na státseirbhísí agus é bunaithe ar an gcoincheap, “Ní fhéadfhaimíd go léir a bheith mícheart an t-am ar fad!” 

Fealsúnacht "Yes Minister" á léiriú go soiléir dúinn:

Stáit Sheirbhíseach "Well, they placed their own interpretation on ministers regulations. Someone has to interpret them."

Coiste Oireachtais: "What about the commisioner's interpretation?"

Stáit Sheirbhíseach: "It didn't seem appropriate."

Share/Save/Bookmark