26.11.09

6.8 Réimsí Gnímh

An Saol Eacnamaíochta

Scéimeanna Deonacha Teanga
Tabharfar isteach Scéim Ghaeilge ar bhonn deonach san earnáil phríobháideach a bheidh múnlaithe ar an Scéim Teanga don earnáil phoiblí arna soláthar in Acht na dTeangacha Oifigiúla. Is é an aidhm a bheidh léi spreagadh a thabhairt do chuideachtaí san earnáil phríobháideach ar mór acu éagsúlacht teanga go ginearálta agus go háirithe an Ghaeilge agus ar mian leo a bheith páirteach sa chlár náisiúnta ó thaobh seirbhísí ar ardchaighdeán a sheachadadh ar ardchaighdeán i nGaeilge agus i mBéarla araon. Déanfar tionscnaimh eiseamláireacha ó thaobh tacaíochta don Ghaeilge a aithint go poiblí agus a cheiliúradh.

Lipéadú agus Pacáistiú Dátheangach
Féachfaidh an Rialtas an bhféadfaí cód deonach a thabhairt isteach do lipéadú agus do phacáistiú dátheangach i gcás gach earra a dhíoltar in Éirinn. Bhainfí úsáid as an sásra sin le forbairt a dhéanamh ar raon de réimsí ina bhféadfadh daoine Gaeilge a roghnú mar an teanga mhalartaithe.

Gníomhaíocht eacnamaíochta

Bunófar sraith tionscnamh le fiontraíocht agus gníomhaíocht eacnamaíochta a spreagadh i measc an phobail a labhraíonn Gaeilge ar bhonn cuideachta, earnála nó áitiúil. Beidh an cur chuige ar thrí bhealach:
    - trí fhiontraíocht a spreagadh trí chláir oiliúna cothaithe gnó; cuideachtaí campais agus gréasáin eacnamaíochta a chruthú;

    - spreagadh agus tacaíocht a thabhairt don gheilleagar teanga atá ábalta na seirbhísí riachtanacha a sholáthar don Stát agus don AE i réimsí mar aistriú, ateangaireacht, múineadh teangacha, foilsiúchán, comhchomhairle teanga, bainistiú tionscadal. Áireofar ar na bearta tacaíocht do thosú amach, seirbhísí meantóireachta, forbairt táirgí, comhairle faoi mhargú agus chur chun cinn, seirbhísí forbartha bainistíochta;

    - Éire a shocrú mar cheannródaí ó thaobh réitigh teicneolaíochta a chur ar fáil ó thaobh seirbhísí ilteangacha a sholáthar ar bhonn costas-éifeachtach.


Cuirfidh Údarás na Gaeilge tacaíochtaí ar fáil do na tionscnaimh sin. Déanfaidh an tÚdarás éascú freisin do chruthu Chumann Tráchtála don Ghaeltacht agus do ghnóthaí eile trí Ghaeilge. Oibreoidh an Cumann chun tacú le gnóthaí a sholáthraíonn seirbhísí trí Ghaeilge nó a oibríonn trí Ghaeilge agus le tuiscint a chothú i measc an phobail gnó faoin nasc atá idir an teanga agus forbairt eacnamaíochta, lena n-áirítear an nasc idir leas eacnamaíochta limistéir Ghaeltachta agus stádas na teanga iontu sin chomh maith le gné na teanga ó thaobh chomh maith agus a éiríonn le cuideachtaí aonair.

Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment