28.5.14

Mar a labhair Julian de Spáinn leis an gCoiste Oireachtais! #Gaeilge #Gaeltacht

Cur i láthair don Fhochoiste Oireachtais um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030 agus Rudaí Gaolmhara ó Julian de Spáinn, Ard‐Rúnaí Chonradh na Gaeilge

A chathaoirligh agus a chairde,

Ar dtús ba mhaith liom buíochas a ghabháil libh as an deis seo a chur ar fáil do Chonradh na Gaeilge lenár gcáineadh agus níos tábhachtaí ná sin ár moltaí le Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014 a chur os bhur gcomhair inniu. San áireamh sna moltaí a bheidh le déanamh agam, beidh roinnt mhaith de na moltaí a chuir an Conradh ar aghaidh mar chuid den phróiseas athbhreithnithe ar an Acht dhá bhliain go leith ó shin agus chomh maith leis sin beidh roinnt de na moltaí eile ó phobal na Gaeilge agus Gaeltachta a bhí san áireamh sna haighneachtaí san athbhreithniú céanna.

Julian de Spáinn,
Árd Rúnaí Chonradh na Gaeilge
Is fiú dom tagairt a dhéanamh ar dtús don athbhreithniú a rinneadh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 i mí na Samhna 2011. Mar is eol dúinn, bhí 1,466 freagra ar an suirbhé agus 262 aighneacht curtha chuig an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta don athbhreithniú. As na céadta moladh déanta sna haighneachtaí ar fad ní raibh ach 60 moladh san áireamh san achoimre ar na moltaí a leag an Roinn amach sa cháipéis oifigiúil a d’fhoilsigh siad i mí Aibreáin 2014 le torthaí an athbhreithnithe.

Is fiú aitheantas a thabhairt don Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta as glacadh leis an moladh gan Oifig an Choimisinéara Teanga a chur isteach le hOifig an Ombudsman. Ba iad an Rialtas, áfach, a chruthaigh an fhadhb seo an chéad lá riamh agus ní raibh sé ceart go raibh orainn stocaireacht agus feachtasaíocht a dhéanamh ar feadh breis is dhá bhliain le dul i bhfeidhm orthu faoin gceist seo. Dar ndóigh, b’éigean do 10,000 duine dul ar shráideanna Bhaile Átha Cliath ar 15 Feabhra ag Lá Mór na Gaeilge agus 1,000 duine i gConamara ag Slán le Seán ar 23 Feabhra leis seo a chur ina luí ar an Rialtas.

Maidir leis an athbhreithniú agus an 60 moladh sna torthaí oifigiúla den athbhreithniú as na céadta moladh a cuireadh chun cinn ag an bpobal Gaeilge agus Gaeltachta, níl ach 13 ceannteideal molta agus baineann ceannteidil 1, 2, 3, 5, 10, 11 agus 12 le hathruithe teicniúla nach mbaineann le moltaí san athbhreithniú. Níl ach 6 fíorcheannteideal mar sin molta ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta san athbhreithniú seo ar fad a ghlac dhá bhliain go leith a chur le chéile.
Tá an teacs iomlán mar aon leis na moltaÍ ón gConradh agsu daoine eile i bhfoirm pdf anseo!

• Labhair an Coimisinéir Teanga leis an gcoiste céanna. Seo mar a labhai se leo.

I gcás na 6 fíor‐cheannteideal sin molta, mar sin, is é tuairim an Chonartha gur lagú atá i ndán don Acht le ceannteidil 4 agus 7, go bhféadfadh ceannteidil 6 agus 8 cur leis an Acht má tá an fhoclaíocht sna leasuithe don Bhille láidir agus go mbeadh fiúntas le ceannteidil 9 agus 13, má tá an fhoclaíocht chuí láidir sa Bhille. Déanfaidh mé cur síos níos cuimsithí go luath ar na 6 fíor‐cheannteideal seo agus ar na moltaí a fágadh ar lár a bhfuil géarghá lena gcur san áireamh sa Bhille.

Ar an iomlán ní fheadfaí a rá gur athbhreithniú cuimsitheach atá i gceist san athbhreithniú seo. Níl ann, i ndáiríre, ach iarracht an tAcht a lagú agus cúpla moladh beag a ghlacadh leis an gcuma a chur ar an scéal gur éist an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta leis an bpobal agus na moltaí a rinne siad don athbhreithniú. Ach, i ndáiríre, bhí na céadta moladh ann agus níl ach 2‐4 moladh san áireamh sna ceannteidil go bhfuil an fhéidearthacht ann go bhfeadfadh maitheas a bheith leo.

‘Siad na moltaí is tábhachtaí gur gá a chur san áireamh sa Bhille nach bhfuil ann faoi láthair ná: 1. Go mbeidh foráil nua san Acht go mbeidh faoi dheireadh 2016 gach seirbhís ar fáil do phobal na Gaeltachta trí Ghaeilge agus na seirbhísí sin a bheith ar chomhchaighdeán leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil trí Bhéarla in áiteanna eile; 2. Go leasófar an reachtaíocht sa chaoi is go mbeidh oibleagáid ar chomhlachtaí poiblí ar a laghad 30% d’fhostaithe nua sa státseirbhís fostaithe don chéad 10 mbliana eile a bheidh in ann cumarsáid a dhéanamh leis an bpobal trí Ghaeilge i scríbhinn nó le post leictreonach. Labhróidh mé arís faoi na moltaí seo níos déanaí.

Maidir le ceannteideal 4 agus cúrsaí aistriúcháin, is maith é go bhfanfaidh an ceanglas reatha faoi ailt 10(b), (c) agus (d) chun líon teoranta doiciméad sonraithe ar díol spéise poiblí iad a chur ar fáil go dátheangach (i.e. tuarascálacha bliantúla, cuntais bhliantúla agus ráitis straitéise). Táimid buartha, áfach, nach mbeidh aon doiciméad ina leagtar amach tograí beartais phoiblí aistrithe amach anseo mar go bhfuil sé ag brath ar thuairim an Aire reatha. B’fhearr an cinneadh a fhágáil faoin gCoimisinéir Teanga atá neamhspleách ar an bpolaitíocht ar céard iad na beartais phoiblí gur chóir a aistriú don phobal Gaeilge agus Gaeltachta. Dar ndóigh, ní fiú daoine a spreagadh agus a oiliúint le Gaeilge a úsáid mura mbíonn cáipéisí ,srl.. ann dóibh sa todhchaí le húsáid. Tá cúpla moladh ábhartha eile againn don cheannteideal seo nó le cur san áireamh mar cheannteidil nua:
  • Ba chóir gach foirm chlóite nó leictreonach a mbainfeadh an pobal úsáid as a chur leis an liosta ag alt 10 (e)
  • Ba chóir suíomhanna gréasáin a chur leis an liosta ag alt 10 (f)
  • Ba chóir na meáin shóisialta a chur leis an liosta ag alt 10 (g)
  • Ba chóir rialacháin a chur le halt 10 go mbeidh an Ghaeilge agus an Béarla in aon cháipéis nó foirm dhátheangach taobh le taobh leis an teanga eile faoi aon chlúdach amháin (réiteodh seo an fhadhb nach mbíonn foirmeacha Gaeilge ar fáil in oifigí stáit agus thabharfadh sé deis agus spreagadh don phobal ar fad foirmeacha a líonadh as Gaeilge más mian leo) 
  • Ba chóir go mbeadh gach cáipéis chorparáideach curtha ar fáil go leictreonach amháin (d’fhéadfadh na comhlachtaí poiblí nó na leabharlanna cóipeanna aonaracha de na cáipéisí a chur i gcló ar ghnáthinneall fótachóipeála d’aon duine gan teacht ar ríomhaire. Shábhálfadh a leithéid de mholadh na milliúin Euro ar an Stát gach bliain mar gheall nach mbeadh orthu na milliúin cáipéis chorparáideach a chur i gcló - Dar ndóigh, tá argóint láidir ann nach léann mórán daoine na cáipéisí curtha i gcló i nGaeilge nó i mBéarla, agus dóibh siúd a léann go bhfuil sé i bhfad níos éasca teacht ar eolas i leagan leictreonach d’aon cháipéis mar gur féidir le duine cuardach a dhéanamh le haghaidh focail nó téarma go gasta).
Maidir le ceannteideal 7 agus tréimhse na scéimeanna teanga, níor chóir dul ar aghaidh leis an leasú seo in aon chor. Níor chóir aon síneadh ama a thabhairt. Ó thosaigh córas na scéimeanna, tá siad lag agus an rud a chuir an Rialtas in iúl i gcónaí ná go n‐éireoidís níos láidre gach trí bliana. Moltar sa cheannteideal seo go sínfí an tréimhse go 7 mbliana, rud a ligfeadh do na ranna Rialtais éagsúla a ndualgais a sheachaint. Tá cúpla moladh ábhartha eile againn don cheannteideal seo nó le cur san áireamh mar cheannteidil nua:

• Ba chóir fáil réidh le córas na scéimeanna agus córas nua a fhorbairt le caighdeáin bunaithe ar rialacháin reachtúla, cosúil leis Na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (ALT 9) 2008, nó an córas caighdeáin atá bunaithe acu sa Bhreatain Bheag

• Ba chóir go mbeadh sé riachtanach d’aon scéim nó aon chóras caighdeán go mbeidh ar an gcomhlacht poiblí a bheith gníomhach ag cur in iúl don phobal na seirbhísí as Gaeilge atá ar fáil uathu Maidir le ceannteideal 6 agus inniúlacht sa Ghaeilge san earnáil phoiblí, mar a dúirt me níos luaithe molann an Conradh go leasófar an reachtaíocht sa chaoi is go mbeidh oibleagáid ar chomhlachtaí poiblí ar a laghad 30% d’fhostaithe nua sa státseirbhís fostaithe don chéad 10 mbliana eile a bheidh in ann cumarsáid a dhéanamh leis an bpobal trí Ghaeilge i scríbhinn nó le post leictreonach (dá ndéanfaí an beart seo bheadh ciorrú ar an gcaiteachas ar sheirbhísí aistriúcháin chomh maith). Ní haon rud aisteach é ag leagan céatadán amach i reachtaíocht le fadhb a réiteach, mar shampla tá leagtha amach do na páirtithe polaitiúla ag glacadh le maoiniú ón Stát gur gá go mbeidh céatadán de 30% dá n‐iarrthóir sa chéad olltoghchán eile a bheith baineannach agus tá an céatadán sin le hardú go 40% i gceann 7
mbliana.

Tá cúpla moladh ábhartha eile againn don cheannteideal seo nó le cur san áireamh mar cheannteidil nua:
• Ba chóir go mbeadh sé mar fhoráil nua san Acht go mbeidh faoi dheireadh 2016 gach seirbhís ar fáil do phobal na Gaeltachta trí Ghaeilge agus na seirbhísí sin a bheith ar chomhchaighdeán leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil trí Bhéarla in áiteanna eile

• Mar chuid de rialacháin nua san Acht ba cheart go mbeidh dualgas ar an bhfoireann a bhainfidh tairbhe as oiliúint sa Ghaeilge seirbhís i nGaeilge a thairiscint don phobal

• Ba cheart go ndéanfaí foráil do chóras chun go mbeadh teastais aitheanta ar fáil a léireodh go cruinn cumas na mball foirne seirbhísí a sholáthar i dteangacha oifigiúla an Stáit Maidir le ceannteideal 8 níl aon ghá leis an tríú leasú mar níor chóir tréimhse na scéimeanna a shíneadh go 7 mbliana. Ba chóir an fhoclaíocht a láidriú sa dara leasú chomh maith chun nach mbeidh aon lagú déanta ar aon scéim trí scéim nua a chur ina áit, i. D’fheadfaí seo a dhéanamh leis an fhoclaíocht seo a chur leis an alt ‘Ní chuirfear scéim níos laige in áit scéim reatha nó scéim imithe as feidhm’.

Bhí an Coimisinéir Teanga ós comhair an
Choiste níos lua ar an lá chéann
a
Maidir le ceannteideal 9 agus úsáid leagan Gaeilge nó Béarla in ainmneacha agus seoltaí poist, tá an moladh seo rólag. Caithfear teorainn ama a chur sa reachtaíocht, i. go mbeidh ar gach córas san earnáil phoiblí réidh d’úsáid ainmneacha agus seoltaí i nGaeilge taobh istigh de 3 bliana agus go ndéanfar socrú sealadach le haon saoránach ag iarraidh a ainm nó a sheoladh a úsáid as Gaeilge idir an dá linn. Chomh maith leis sin, tá deis iontach anois leis an gcóras códphoist nua, Eircode, gur féidir dualgas a leagan ar gach comhlacht príobháideach agus poiblí an rogha a chur ar fáil do gach saoránach an leagan Gaeilge nó Béarla dá seoladh a úsáid más mian leis/léi.

Maidir le ceannteideal 13 agus ag cur leis an sceideal de na grúpaí a thagann faoi choimirce an Achta, aontaíonn muid leis an moladh seo. Tá cúpla moladh ábhartha eile againn don cheannteideal seo nó le cur san áireamh mar cheannteidil nua:

• Sa chás go gceapann nó go n‐údaraíonn comhlacht poiblí cuideachta phríobháideach nó gníomhaireacht de chineál ar bith eile le feidhmiú thar a cheann agus é ag déileáil leis an bpobal ba chóir go mbeadh na dualgais chéanna acu is atá ag an gcomhlacht poiblí le seirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge don fheidhm a cheapfar iad a chur i gcrích ar son an chomhlachta phoiblí, m.sh. Dublin Bikes

• Ba chóir go dtiocfadh aon chomhlacht gur leis an stát é ina iomlán nó cuid de (bainc, comhlachtaí leathstáit, srl. san áireamh) nó aon chomhlacht a fhaigheann ceadúnas ón stát le gníomhú sa tír (ní chosnóidh seo airgead ar an Stát) faoin Acht

Lasmuigh de na ceannteidil agus na moltaí déanta ag an gConradh chun iad a láidriú, tá roinnt mhaith moltaí eile gur chóir a chur san áireamh sa Bhille nach bhfuil san áireamh sna ceannteidil. Cuirim i gcuimhne arís nach bhfuil ach 2‐4 mholadh san aireamh sna ceannteidil ag teacht ó mholtaí an phobail Gaeilge agus Gaeltachta san athbhreithniú. San áireamh sna moltaí breise, tá:

  • Ba chóir go mbeadh ainm gach comhlacht poiblí nua atá le teacht ar an bhfód as Gaeilge agus úsáidte go poiblí as Gaeilge. Chuirfeadh seo go mór le stádas na Gaeilge gan aon chostas sa bhreis, mar shampla bhí sé de cheart an teideal “Uisce Éireann” a úsáid seachas “Irish Water”.
  • Ba chóir ról monatóireachta a thabhairt d’Oifig an Choimisinéara Teanga ar chur i bhfeidhm an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010‐2030
  • Tá lógó comhlachta lárnach d’íomhá an chomhlachta sin. Ba cheart deireadh a chur le heisceacht a dhéanamh de lógónna comhlachtaí poiblí sna rialacháin agus féachaint chuige go mbeidh an Ghaeilge chomh feiceálach ar gach lógó nua comhlachta poiblí feasta.
  • Maidir le híomhá na tíre seo mar thír dhátheangach thar sáile, ba cheart deireadh a chur le heisceacht a dhéanamh d’fheidhmiú comhlachtaí poiblí thar lear: na hambasáidí, Coláiste na nGael sa Lobháin, srl.
  • Ba chóir go mbeadh rialacháin ann maidir le fógraíocht, m.sh. ba chóir go mbeadh 20% den fhógraíocht déanta ag comhlachtaí poiblí sna meáin déanta sna meáin Ghaeilge
  • Ba chóir foráil a chur isteach go mbeidh ar chomhlachtaí lipéid ar earraí díolta in Éirinn a bheith i mBéarla agus i nGaeilge, ar nós na foláirimh sláinte ar phacáistí tobac. Ní chosnódh seo airgead ar an stát.
  • I dTithe an Oireachtais ba chóir go mbeidh foráil ann ag leagan dualgais ar an Rialtas billí a fhoilsiú go dátheangach. Ba chóir atheagar a chur ar na rannóga aistriúcháin chun an bhforáil seo a fheidhmiú.
  • Ó tharla go bhfuil formhór na reachtaíochta ar fáil sna rialacháin a dhéantar de bhun Achtanna, ba chóir an reachtaíocht tánaisteach a fhoilsiú go dátheangach feasta.
Tá neart moltaí ag Conradh na Gaeilge anseo bunaithe ar mholtaí ag teacht ón bpobal Gaeilge agus Gaeltachta. Tá cúis agus gá le gach ceann díobh. Chuir sé iontas orainn i ndiaidh phróiseas dhá bhliain go leith d’athbhreithniú nach raibh ach 2‐4 mholadh ag teacht ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta a bhféadfadh Acht na dTeangacha Oifigiúla a láidriú. Tá súil agam agus ag Conradh na Gaeilge go mbeidh an Comhchoiste Dála seo sásta glacadh lenár moltaí ar fad agus iad a chur ar aghaidh chuig an Roinn chun iad a chur san áireamh i mBille Acht na dTeangacha Oifigiúla (leasú) 2014 sula foilseofar é.

Tá an Conradh an‐bhuíoch díbh as an deis seo inniu ár moltaí a chur in bhur láthair agus as an tacaíocht leanúnach a thugann sibh do mhianta phobal na Gaeilge agus Gaeltachta.
Share/Save/Bookmark

20.5.14

Iarrathóirí Lár Tíre Thuaidh-Thiar & pobal na Ghaeltachta agus na Gaeilge!

Tá trí lá (ó dheas) go dtí na toghcháin áitiúla agus na toghcháin Eorpacha. Tá na freagraí faighte ar ais ag Conradh na Gaeilge ó na h-iarrthóirí do Parlaimint agus tá na cinn a fuarathas ó iarrthórí don togh cheantair Lár Tíre Thuaidh-Thiar ar an dtábla anseo.  Tá na freagraí seo agus ó an dá thogh cheantair eile le fáil ar líne anseo!


Beidh an t-eolas seo fíorthábhachtach amach anseo leis na daoine a thoghtar a cheangal leis na gealltanais a dhéanfaidh siad do phobal na Gaeilge agus Gaeltachta.

Iad siúd a thug freagra
Mairéad Mc Guinness
Pat the Cope
Thomas Byrne
Matt Carthy
Lorraine Higgins
Mark Deary
Marian Harkin
Ronán Mullen
Luke Ming Flanagan
Cordeila Nic Fhearraigh

Mairéad Mc Guinness, Fine Gael:
“Question 1. (b) If you are not comfortable with your own standard of Irish, will you improve upon your level of Irish by taking classes or a self-taught online course so as to ensure that you will have sufficient Irish to appropriately represent, the Irish speaking community especially, in the European Parliament? YES

Question 2. YES, I would support moves to end the derogation. The Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht is currently consulting with relevant stakeholders regarding the derogation and a decision is required by the latest December 2015."

Pat the Cope Gallagher, Fianna Fáil:
“Ceist 1. Táim cinnte toillteanach Gaeilge a labhairt go rialta, mar atá déanta agam thar tréimhse na cúig bliana atá thart. Má éiríonn liom suíochán a bhaint amach athuair leanfaidh mé liom ag labhairt Gaeilge go rialta i bParlaimint na hEorpa

Ceist 2. Táim toillteanach tacú go poiblí le tograí i dtaca le deireadh a chur leis an maolú ar stádas na Gaeilge. D’fhéadfaí idir 183 agus 188 post lánaimseartha a chruthú d’Éireannaigh dá gcuirfí deireadh leis an maolú. Ní mór do Rialtas na hÉireann cinneadh a dhéanamh anois maidir le togra a chur síos i dtaca le deireadh a chur ar an maolú roimh an athbhreithniú oifigiúil sa bhliain 2015. Mar atá faoi láthair, tá éiginnteacht ann agus caillfear amach ar deiseanna fostaíochta mura nglactar cinneadh gan mhoill. Tá a dhóthain aistritheoirí, ateangairí, dlí-theangeolaithe agus cúntóirí ann anois chun go mbeifí in ann deireadh a chur leis an maolú ag deireadh na tréimhse seo.

Labhair mé féin amach cupla babhta i bParlalimint na hEorpa maidir leis an éagóir ata déanta ar an nGaeilge.

Chuaigh mé i mbun gnímh nuair nach raibh suíomh idirlín Pharlaimint na hEorpa ar fáil as Gaeilge. Ní heasca a bhí sin ar chor ar bith, go háirithe toisc an maorlathas agus riarachán a bhíonn i gceist agus cé go raibh leagan Gailge den suíomh idirlín curtha ar fáil ag na hinstitiúidí Eorpacha eile. Labhair mé amach cupla uair i bParlaimint na hEorpa ar an gceist chéanna agus d'eagraigh mé toscaireacht chun bualadh le hUachtarán na Parlaiminte Martin Schulz, a gheall leagan Gaeilge den suíomh idirlín a chur ar fáil.

Cuireann an cinneadh sin deireadh leis an éagóir a bhí á déanamh ar an nGaeilge.

Tá leagan Gaeilge de shuíomh idirlín na Parlaiminte do na toghcháin Eorpacha ar fáil anois agus beidh suíomh iomlán Pharlaimint na hEorpa ar fáil as Gaeilge go luath.”

Thomas Byrne, Fianna Fáil:
Freagra ar an bhfón

Matt Carthy, Sinn Féin:
“In reply to your questionnaire I can confirm that in reply to question 1 (a) I will make every speak Irish regularly and 1 (b) will take classes to improve my level of Irish (and have already done so since my selection as Sinn Féin candidate in the Midlands North West) to enable me to properly representing the large Irish speaking community across this constituency).

I can also confirm that I am willing to announce in public as part of my electoral campaign that I want to see the derogation concerning the status of the Irish language in the European Union ended at the end of the year 2016.”

Lorraine Higgins, Lucht Oibre:
“Thank you for your email and apologies for the delay in responding. I am part of Lorriane's campaign team for the elections and it has been quite an intense few weeks give the distance to be covered in the midlands north west constituency.

Lorraine has spoken on this issue only last week at a hustings event in NUI Galway. She is not a native Irish speaker herself but is very passionate about the importance of the language and our politicians using it where possible. She would be very keen to improve her own Irish if elected to the parliament and would be very supportive of taking classes to improve her level.

She has also indicated she would be happy to see the derogation concerning the status of the Irish language ended in 2016.

Kind regards, Karen.”

Mark Dearey, Comhaontas Glas:
"Below you will find the Green Party's position on the derogation which I am sure meets with your approval.

My own commitment to learning the language wont I am afraid.I dont have anything approaching a working grasp of the language despite passing at pass level all those years ago at school.

And I am afraid I am so over committed on so many fronts( I am self employed with 13 employees to look after as well as 4 children at 6 years and under) that it would be less than honest of me to pretend that if elected I will have the time to dedicate to the challenge . I don't feel good about that but its my reality.
Despite my own limitations I see the protection of minority languages as of apiece with the political agenda of sustainability that inspires me to stick with politics. In everything from our conceptual reasoning to our mental health I can only see good in an on going revival of the language and am very happy that the party has adopted the following.

Irish in the European Union
The Green Party supports the enhanced status of Irish as an official working language of the European Union, and will work to ensure that the status is implemented in full and that the derogation of that full status which is currently in place be lifted. It will support any educational or training initiatives aimed at
increasing the supply of trained translators and interpreters. The Party welcomes the fact that official status has increased funding opportunities for educational and cultural projects in Irish at European level, and has enhanced job opportunities for Irish citizens seeking work in EU institutions.

Increased bilingualism within the party is currently being introduced and a charter for the Irish language is due to be published shortly.

Míle buíochas, Mark.”

Marian Harkin, Neamhspleách:
“Yes I will commit to taking a course in the Irish Language to improve my spoken Irish. Question 2. Yes I am now officially announcing it publicly that I support the ending of the derogation concerning the status of the Irish language in the EU at the end of 2016.”

Ronán Mullen, Neamhspleách:
“Ceist 1. Déanann sé iarracht i gcónaí ag Ghaeilge a labhairt agus tá sé lán sásta í a labhairt mar ghnáthchleachtas sa Pharlaimint.
Ceist 2. Tá sé sásta fógraí a dhéanamh go poiblí agus tá sé in aghaidh an maolú. sin ar an Ghaeilge agus bíonn sé i gcónaí an Ghaeilge a chur chun cinn.

Luke Ming Flanagan, Neamhspleách:
“Question 1. Answer (b). Question 2. Answer Yes. Thanks and Regards. Luke 'Ming' Flanagan TD.”

Cordeila Nic Fhearraigh, Fís Nua:
“Ceist 1 (a). Ceist 2. Níl polasaí ar leith ag Fís Nua ar an cheist seo. Tá mé i bhfathach na ceiste go pearsanta fhad is nach cur amú airgid a bheas ann i. Cé a bheas ag léamh na cáipéisí dlíthiúla seo? Ba mhaith liom ateangairí a fheiceáil san Dáil agus sna Comhairlí Contae sa tír seo áit go dtig le polaiteoirí a bhfuil cumas labhairt na Gaeilge acu í a úsáid le plé a dhéanamh ar cheist ar bith atá os a gcomhar.”
Share/Save/Bookmark

9.5.14

Fine Gael agus an Ghaeltacht! Plus ça change, plus c’est la même chose.

Tagann na focail sin ó  Jean-Baptiste Alphonse Karr sa bhliain 1849 i gcuimhne dom inniú! "Plus ça change, plus c’est la même chose!' Ní athríonn an liopard áirithe seo a chuid spotaí is cosúil!

Bhí Dinny McGinley ag caint ar RnaG faoi céim mór éigin eile i Straitéis 20 Bliain na Gaeilge ar maidin. Seo an Straitéis atá geall ina chorpán dár leis an Dr John Walsh!

Béarla amháin ó Fhine Gael
Um thráthnóna fuireamar anseo i gcroí lár na Gaeltachta, "Litir um Thoghchán" ón mbeirt iarrthóirí ó Pháirtí Fhine Gael don Eoraip, a bhí i mBéarla amháin. Gan focal Gaeilge air seachas "Litir um Thoghcháin!"

Bhí an seoladh aisteach ann leis, Caorán Na Gcearc (sic), Baile Na Habhann (sic), Co Galway (sic), a bhí air. Is cosúil nach bhfuil fhios acu conas úraí a scríomh!

Má bhuaileann tú le éinne den bheirt seo tá treoir cheisteanna anseo dóibh! Nach bhfuil sé aisteach i dtoghcheantair ina bhfuil an dá cheantair Gaeltachta is mó so tír nach bhfuil éirim aigne ag duine éigin sa pháirtí is mó sa tír, meas de short éigin a theaspáint do phobal na Gaeltachta?

An cuma leo?



Share/Save/Bookmark

8.5.14

Dea-scéal do Thuismitheoirí!

Fógraíodh ag Cruinniú Cinn Bhliana Thuismitheoirí na Gaeltachta tráthnóna go bhfuil maoiniú de €40,000 in aghaidh na bliana ar feadh tréimhse trí bliana ceadaithe ag an Aire Stáit Gaeltachta don eagraíocht.

Páistí na Gaeltachta ag chuir teachtaireacht isteach
ag Roinn na  Gaeltachta ar Lá "Slán le Seán!"
(23 Feabhra 2014)
D'fhógair an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T.D., inniu (8 Bealtaine 2014) go bhfuil deontas suas le €120,000 (€40,000 in aghaidh na bliana ar feadh 3 bliana) ceadaithe aige don eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta (facebook!) le cumasú dóibh forbairt a dhéanamh ar na seirbhísí a chuirtear ar fáil do theaghlaigh atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge sa Ghaeltacht. Is mar chuid de Chlár Tacaíochta Teaghlaigh na Roinne atá an deontas á cheadú don eagraíocht chun cabhrú leo an plean 3 bliana atá acu a fheidhmiú. Tá an maoiniú á chur ar fáil as allúntas na Roinne don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Dúirt an tAire Stáit: “Tá obair fhónta ar bun ag an eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta agus iad ag cuidiú le teaghlaigh Ghaeltachta chun a bpáistí a thógáil le Gaeilge. Nuair a chuirtear san áireamh an dlúthbhaint atá ag an obair sin leis an phróiseas pleanála teanga atá á chur i bhfeidhm faoi Acht na Gaeltachta, feictear dom gur fiú go mór cuidiú le obair na heagraíochta. De thoradh an chúnaimh atá ceadaithe agam, beidh an eagraíocht in ann an obair sin a threisiú le gníomhaíochtaí nua i nGaeltacht Chonamara agus an tseirbhís a leathnú amach go dtí Gaeltacht Dhún na nGall. Is léiriú é seo ar thiomantas an Rialtais tacú go praiticiúil leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm."


Deireann ráiteas ón eagraíocht, "Is aitheantas iontach é seo ar obair na heagraíochta ach níos tabhachtaí ná sin is aitheantas é dár ngasúir agus dá gcearta mar chainteoirí dúchais Gaeilge. Táimid thar a bheith buíoch den Aire as an maoiniú seo a chur ar fáil. Cuirfidh sé seo ar chumas na heagraíochta plean trí bliana a chur i bhfeidhm le cúnamh agus tacaíocht phraicticiúil a chur ar fáil do theaghlaigh Ghaeltacha atá ag tógáil a gclann le Gaeilge nó ar mian leo a leithéid a dhéanamh."

Share/Save/Bookmark