26.11.09

6.2 Réimsí Gnímh

An Ghaeltacht

Ina Ráiteas i leith na Gaeilge 2006 dhearbhaigh an Rialtas a pholasaí ó thaobh an Ghaeltacht a neartú mar phobal ina labhraítear Gaeilge agus dhaingnigh tacaíocht an Rialtais don Ghaeilge. Tá trí chuspóir a thagraíonn don Ghaeltacht sa Ráiteas:
Cuspóir 3: Tabharfar spreagadh agus tacaíocht do phobal na Gaeilge sa Ghaeltacht agus lasmuigh di, an Ghaeilge a thabhairt don chéad ghlúin eile mar theanga teaghlaigh. Chuige sin, cuirfear réimse leathan seirbhísí ar fáil trí mheán na Gaeilge.
Cuspóir 4: Tabharfar tacaíocht ar leith don Ghaeltacht mar cheantar labhartha Gaeilge.
Cuspóir 11: Leanfar le treisiú na hoibre atá ar bun ag An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus ag na gníomhaireachtaí agus na comhlachtaí a thagann faoina scáth, ar nós Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta agus Bord na Leabhar Gaeilge chun an Ghaeilge a chur chun cinn go náisiúnta agus chun í a chaomhnú agus a threisiú sa Ghaeltacht.

Moltar sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht 2007 gur chóir gurb é an príomhfhócas straitéiseach ó thaobh polasaí teanga sa Ghaeltacht ná tacaíocht a thabhairt do ghlúnta tuismitheoirí óga Gaeltachta amach anseo agus a chur ar a gcumas a gcuid leanaí a thógáil le Gaeilge. Dearbhaíonn an Tuarascáil ach go háirithe an tábhacht a bhaineann leis an méid cainteoirí gníomhacha Gaeilge atá i limistéir Ghaeltachta a chaomhnú agus cur leis an líon sin.

Is in aghaidh an chomhthéacs sin atá an Rialtas ag feidhmiú na n-athruithe móra atá leagtha amach sa Straitéis seo. Beidh forbairt córais pleanála teanga chuimsithigh ag leibhéal pobail sa Ghaeltacht ag croílár na straitéise a bhunófar lena chinntiú go mairfidh an Ghaeilge mar theanga pobail sa Ghaeltacht.

Stádas Teanga Pobal Gaeltachta – reachtaíocht nua
Glacann an Rialtas tríd is tríd le treo ghinearálta na moltaí i Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht maidir le stádas na Gaeltachta a bheith bunaithe ar chritéir teanga. Tabharfar stádas reachtúil dó sin trí Acht Gaeltachta nua. Beidh an sainmhíniú bunaithe ar an mórchuid ar na critéir atá leagtha amach sa Tuarascáil le roinnt athruithe bunúsacha.

Mar a dúradh cheana déanfar athstruchtúrú bunúsach ar Údarás na Gaeltachta mar ghníomhaireacht Gaeilge náisiúnta – Údarás na Gaeilge (agus a cheannáras sa Ghaeltacht) - agus beidh freagracht air maidir le cúrsaí Gaeilge ar fud an Stáit, agus coinneoidh sé cuid mhaith de na feidhmeanna atá faoi láthair aige. Ullmhófar reachtaíocht chun an comhlacht nua a chur ar bhonn reachtúil. Reáchtálfaidh Bord, a bheidh comhdhéanta d’ionadaithe tofa agus de chomhaltaí a cheapfaidh an tAire, Údarás na Gaeilge.

Comhthreomhar leis sin bunófar Coiste Comhairle Gaeltachta a bheidh comhdhéanta de chomhaltaí tofa de chuid Údarás na Gaeilge agus comhaltaí údáráis áitiúil a bheidh ina gcónaí laistigh den Ghaeltacht le comhairle a thabhairt go sonrach faoi chúrsaí a bhaineann leis an nGaeltacht. Cuirfidh Údarás na Gaeilge tacaíocht rúnaíochta ar fáil don Choiste.

Chun críocha pleanála teanga agus feidhmithe teanga beidh na cineálacha éagsúla idirghabhálacha straitéiseacha agus cothabhála teanga (lena n-áirítear pleananna teanga comhtháite) bunaithe ar riachtanais teanga aitheanta na bpobal éagsúil le súil an méid daoine a labhraíonn Gaeilge ó lá go lá a ardú.

I gcás pobal ina labhraíonn an tromlach iontu Gaeilge cuirfear an bhéim ar na pobail sin atá láidir ó thaobh na teanga a chosaint agus a neartú trína chinntiú go gcoinneofar an Ghaeilge mar theanga an phobail sna réigiúín sin. I gcás réigiúin Ghaeltachta eile ina labhraíonn mionlach sách mór an Ghaeilge ó lá go lá cuirfear an bhéim ar na gréasáin phobail Ghaeilge atá fós iontu a neartú.

Tabharfar tréimhse 2 bhliain do phobail nach mbeidh ábalta na critéir sa reachtaíocht nua a chomhlíonadh le pleananna a fhorbairt lena chinntiú go gcoinneoidh siad a stádas mar phobail Ghaeltachta. Ní bheidh pobail a dteipfidh orthu pleananna inbhuanaithe inghlactha a fhorbairt laistigh den tréimhse dhá bhliain san áireamh níos mó mar chuid den Ghaeltacht.

Déanfar athbhreithniú ar na pleananna gach seacht mbliana agus caillfidh áiteanna nach sroicheann an critéar teanga Gaeltachta a bheidh leagtha síos san Acht nua a stádas Gaeltachta. Féadfar áiteanna nua freisin a chur isteach sa Ghaeltacht má chomhlíonann siad na critéir teanga a bheidh leagtha síos faoin Acht nua.

Pleanáil Teanga sa Ghaeltacht

Faoin Acht nua tosófar próiseas pleanála teanga agus déanfar plean teanga a ullmhú ag leibhéal pobail do gach ceantar Gaeltachta. Déanfaidh na pleananna sin comhthathú ar an gcur chuige maidir le ceisteanna teanga, oideachas, pleanáil fhisiciúil agus forbairt shóisialta agus pobail. Beidh rannpháirtíocht agus comhoibriú ón bpobal ríthábhachtach. Cuirfear acmhainní ar fáil leis na pleananna teanga a chur i bhfeidhm.

Thar aon ní eile beidh na pleananna sin teangalárnaithe, beidh gach gné de shaol an phobail sna ceantair sin clúdaithe iontu. Le aghaidh a thabhairt ar an mbagairt d’inbhuanaitheacht na Gaeltachta mar eintiteas teanga tabharfar tosaíocht do ghníomhaíochtaí pleanála teanga a bhfuil gá leo le háit na Gaeilge mar theanga pobail a chinntiú. Beidh gníomhaíochtaí/pleananna sna pleananna teanga sin leagtha amach faoi na cinnteidil seo a leanas:
    ➢ Pleanáil Oideachais

    ➢ Seirbhísí Tacaíochta Teaglaigh, lena n-áirítear seirbhísí cúraim leanaí, seirbhísí réamhscoile, seirbhísi comhairle teanga do theaghlaigh, seirbhísí iarscoile, gréasáin do thuismitheoirí agus do leanaí a labhraíonn Gaeilge, seirbhísí comhairle réamhphósta agus réamhbhreithe, clár feasachta teanga do theaghlaigh, teiripe labhartha agus seirbhísí siceolaíochta agus seirbhísí sláinte poiblí.

    ➢ Seirbhísi Óige, lena n-áirítear feasacht teanga a chur chun cinn i measc daoine óga sa Ghaeltacht, i gcoláistí samhraidh agus i gcampaí Gaeltachta.

    ➢ Seirbhísí Rialtais Áitiúil.

    ➢ Pleanáil áitiúil agus fhisiciúil, lena n-áirítear forbairt infreastruchtúir, forbairt eacnamaíochta, polasaí tithíochta agus imlonnaithe.

    ➢ Forbairt Pobail.

    ➢ Pleanáil d’fhorbairt eacnamaíochta, thionsclaíoch, agus gnó áitiúil, lena n-áirítear cur chun cinn feasachta teanga i measc soláthróirí seirbhísí gnó i gceantair Ghaeltachta.

    ➢ Forbairt ar Thurasóireacht Oideachais/Cultúir.

    ➢ Seirbhísí Reiligiún.

    ➢ Cúram do Dhaoine Scothaosta.

    ➢ Cúram do Leanaí lena mbaineann riachtanais speisialta.

    ➢ Seirbhísí Sláinte.

    ➢ Spórt.
Cinnfear caiteachas an Stáit amach anseo sa Ghaeltacht de réir an tionchair a bheidh aige ar an teanga agus tabharfar tosaíocht faoi leith do thacaíochtaí teanga do theaghlaigh agus do dhaoine óga lena chinntiú go leanfar ag cur na teanga ar aghaidh ó ghlúin go glúin.

Cuirfear béim faoi leith ar chur chun cinn cultúr óige Gaeilge sa Ghaeltacht agus dá bharr sin déanfar tuilleadh forbartha ar sheirbhísí óige na Gaeltachta agus ar naisc trí Choláistí Samhraidh Gaeltachta le heagraíochtaí óige náisiúnta.

Déanfaidh an Stát forbairt freisin ar shraith chuimsitheach tacaíochtaí do theaghlaigh sa Ghaeltacht a labhraíonn Gaeilge i gcomhchomhairle le tuismitheoirí leanaí óga agus naíonán agus tuismitheoirí a bhíonn ag súil le páiste.

Pleanáil agus Forbairt sa Ghaeltacht
Ullmhóidh An Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil treoirlínte leathana pleanála chun cuidiú le húdaráis áitiúla maidir le feidhmiú an Achta Pleanála agus Forbartha sa Ghaeltacht lena chinntiú go dtabharfar cosaint d’fhéiniúlacht teanga faoi leith na Gaeltachta.

Agus aithint á tabhairt don ghá atá le comhoibriú níos fearr idir rialtas áitiúil agus rialtas náisiúnta agus idir na hearnálacha éagsúla agus iad ag seachadadh seirbhís éifeachtúil níos lánpháirtithe beidh sé mar aidhm ag An Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil i gcomhar leis An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus na Bainisteoirí Cathrach agus Contae forbairt a dhéanamh ar sheirbhísí roinnte nua agus beidh saineolas cuí do na limistéir Ghaeltachta ar fáil san earnáil pleanála.

Bainfidh an stádas céanna le pleananna limistéar Gaeltachta agus a bhaineann le pleananna bailte. Chomh maith le ceadú a fháil ón údarás áitiúil ceadóidh Údarás na Gaeilge na pleananna lena chinntiú go mbeidh dóthain ionchuir iontu ó thaobh a chinntiú go bhfuil an ghné a bhaineann le hinbhuanaitheacht na teanga sna pleananna.

Seirbhísí á Seachadadh chuig Pobail Ghaeltachta
Is iad An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus Údarás na Gaeilge a dhéanfaidh seachadadh ar an oiread seirbhísí nach seirbhísí teanga agus is féidir in aitheantas a bhfuil cruthaithe acu ó thaobh seirbhísí a sheachadadh trí Ghaeilge. Níl sé i gceist mar sin a mholadh go n-aistreofaí aon scéimeanna atá ann agus a fheidhmíonn Údarás na Gaeltachta nó An Roinn chuig Ranna nó gníomhaireachtaí eile ach scrúdófar cláir eile a d’fhéadfadh An Roinn nó an tÚdarás a sheachadadh sa Ghaeltacht.

Share/Save/Bookmark

No comments:

Post a Comment