31.3.11

Gramadach gan stró!

Tá eagrán nua de ghraiméar móréilimh Éamoinn Uí Dhónaill, Gramadach gan Stró!, díreach foilsithe ag Gaelchultúr. Díoladh na cóipeanna go léir den chéad eagrán agus tá 20% níos mó ábhair agus cleachtaí san eagrán úrnua seo.

Le fáil ó siopa.ie
Gramadach gan Stró! á úsáid ag ranna Gaeilge i gcoláistí éagsúla sa tír agus ag daoine atá ag obair trí mheán na Gaeilge. Tá sé dírithe orthu siúd a bhfuil caighdeán réasúnta maith bainte amach acu sa Ghaeilge labhartha cheana féin ach ar mian leo feabhas a chur ar a gcuid gramadaí. Ní fhéachtar sa leabhar le cur síos cuimsitheach a thabhairt ar ghramadach na Gaeilge; tá príomhghnéithe na gramadaí sin roghnaithe ag an údar agus tá iarracht déanta aige iad a chur i láthair go simplí sothuigthe.

Foilsíodh an chéad eagrán de Gramadach gan Stró! in 2008 agus díoladh 5,000 cóip den leabhar taobh istigh de dhá bhliain go leith. Tá Ó Dónaill dóchasach go mbeidh ráchairt ar an eagrán nua seo chomh maith.

“Fuair mé moltaí agus aiseolas luachmhar ó go leor de lucht úsáidte an chéad eagráin,” arsa Ó Dónaill, “agus chuir mé an méid sin san áireamh agus an dara heagrán á ullmhú agam. Tá dearadh an leabhair athraithe go mór againn chomh maith. Tá cuma i bhfad níos fearr ar an eagrán nua agus measaimid go gcabhróidh an scéim dathanna leis an úsáideoir nithe a aimsiú go gasta.


“Tá cartún ag tús gach aonaid fosta, rud a chuireann go mór leis an leabhar, measaim. Dírítear sna cartúin seo ar na hearráidí a dhéantar sa Ghaeilge go rialta: ‘fear le féasóg’, cuir i gcás, agus ‘Dé Déardaoin’. Tá súil agam go mbainfidh lucht úsáidte an leabhair sult as na cartúin seo agus go bhfoghlaimeoidh siad rud éigin uathu fosta!”
Share/Save/Bookmark

28.3.11

Na Rialtais Nua....

Harry McGee
Labhróidh an t-iriseoir clúiteach Harry McGee, comhfhreagraí polaitíochta leis an Irish Times, agus Niall Comer, Uachtarán ar Chomhaltas Uladh de chuid Chonradh na Gaeilge, ar an ról atá ag an dá rialtas ó thuaidh agus ó dheas maidir le cur chun cinn na Gaeilge ag oscailt oifigiúil Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2011 san Óstán Killashee, Nás na Ríogh, Co. Chill Dara ag 9.00in oíche Aoine, 01 Aibreán 2011.

Arsa Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Is fóram daonlathach phobal na Gaeilge agus eagraíocht uile-oileánda é Conradh na Gaeilge; creideann muid go bhfuil sé riachtanach go mbeadh béim láidir ar an teanga i gclár an dá rialtas - thuaidh agus theas - ionas go bhfuil ról
gníomhach, comhordaithe ag na rialtais sa phleanáil fadtéarmach don Ghaeilge ar fud na tíre ina hiomláine."

Árd Fheis ar líne
Ba chóir go mbeadh an Ustream ar siúl don chaint oíche Aoine agus tríd an lá do ghnó na hArd-Fheise Dé Sathairn:
Beidh Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2011 á chraoladh beo ar-líne ag U-Stream, d’éinne nach féidir freastal agus is féidir páirt a ghlacadh i ngnó na hArd-Fheise ar twitter trí theachtaireachtaí leis na carachtair #afcnag a chur ag deireadh gach teachtaireachta, agus taispeánfar an sruth Twitter ar scáileán ag an Ard-Fheis.
Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: "Ní hamháin gur ghlac an Rialtas ó dheas leis an moladh go mba chóir go mbeadh pleanáil don Ghaeilge á dhéanamh sa phobal de réir contae ins An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030, ach oiriúnach go maith, tá Conradh na Gaeilge tar éis tús a chur leis an obair seo i gCo. Chill Dara i bpáirt le Glór na nGael agus Comhluadar cheana féin, agus tá súil againn go gcuirfidh an Rialtas nua agus Feidhmeannas Stormont na hacmhainní cuí ar fáil leis seo a leathnú do chontaetha eile ar fud na tíre."

Déanfar plé ar a bhfuil sa chlár rialtas nua-aontaithe ag Fine Gael le Páirtí an Lucht Oibre sna 26 Chontae mar chuid d'Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge, mar aon leis an méid a gheall siad sna forógraí s'acu roimh an olltoghchán ar an 25 Feabhra 2011, le béim ar leith ar chúrsaí oideachais agus an Ghaeilge mar chroí-ábhar Ardteiste. Pléifear freisin an géarghá atá ann le straitéis Gaeilge sna 6 Chontae atá ar a laghad chomh cuimsitheach leis An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030 ó dheas, chomh maith le hAcht Gaeilge don Tuaisceart le cearta teanga phobal labhartha na Gaeilge ó thuaidh a chumhdaigh agus a chosaint.
Share/Save/Bookmark

15.3.11

Imscrúduithe, scannail, finscéalta, agus imní ón gCoimisinéar


Tá sé tugtha le fios ag Oifig an Choimisinéara Teanga gur theip go leanúnach ar bhreis agus an ceathrú cuid de Ranna agus Oifigí Rialtais fiú an leibhéal seirbhíse is bunúsaí ar fad a sholáthar trí Ghaeilge do
chustaiméirí ar an teileafón agus gur theip ar 29% eile oiread seirbhíse trí Ghaeilge a chur ar fáil agus a chinnteodh go raibh a ndualgais reachtúla a gcomhlíonadh acu. Tá mioneolas faoi iniúchadh a rinne an Oifig sin ar an ábhar tugtha sa Tuarascáil Bhliantúil don bhliain 2010 a foilsíodh i nGaillimh 15 Márta 2011.
Seán Ó Cuireáin

“Tá an teip seo níos suntasaí fós nuair a chuirtear san áireamh gur bhain an tiniúchadh le comhlachtaí poiblí a raibh plean reachtúil teanga i bhfeidhm acu le 4 bliana ar a laghad” a dúirt an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin. Rinneadh 700 gearán leis an gCoimisinéir Teanga le linn na bliana i dtaca le deacrachtaí nó fadhbanna le seirbhísí stáit á fháil trí Ghaeilge – an bhliain ba mhó ar cuireadh gearáin ón bpobal i láthair na hOifige ó bunaíodh í. Réitíodh formhór mór na gcásanna sin trí idirbheartaíocht neamhfhoirmiúil leis an gcomhlacht poiblí cuí nó trí chomhairle a chur ar an ngearánach.

Ó Bhaile Átha Cliath is mó a tháinig na gearáin le linn na bliana (41%) agus bhí líon suntasach gearán freisin ó chontaetha ar fud chósta an Iarthair: an Clár (9.5%), Gaillimh (9%), Ciarraí (6%), Dún na nGall (4%), Corcaigh (4%) agus Maigh Eo (3%). Ón nGaeltacht a tháinig beagnach gearán amháin as gach cúig cinn.

Imscrúduithe
Seoladh 11 cheann d’imscrúduithe foirmiúla le linn na bliana 2010 . Sa bhreis air sin, bhí imscrúdú amháin fós idir lámha ó dheireadh na bliana roimhe sin. Ní théitear i mbun imscrúdú ach amháin nuair atá an chosúlacht ann go bhfuil sárú reachtúil tarlaithe agus nuair a theipeann ar iarracht neamhfhoirmiúil comhréitithe.

Ar na comhlachtaí poiblí sin ar cinneadh gur sháraigh siad forálacha reachtúla teanga ar leith bhí an Roinn Oideachais agus Scileanna, an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Comhairle Contae an Chláir, Coiste Gairmoideachais Chontae Chill Dara, Iarnród Éireann agus an Bord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha.

Chinn an Coimisinéir Teanga gur sháraigh an Roinn Oideachais agus Scileanna foráil de chuid an Achta Oideachais 1998 trí raon suíomhanna gréasáin oideachasúla a sholáthar trí Bhéarla amháin, beag beann ar riachtanais na ngaelscoileanna nó scoileanna Gaeltachta.

Cé gur cinneadh de thoradh imscrúdú eile gur sháraigh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath na rialacháin maidir le húsáid teangacha oifigiúla i gcomharthaíocht phoiblí ina gcuid treo-chomharthaíocht nua do choisithe, níor mhol an Coimisinéir Teanga gur cheart na comharthaí a leasú de bharr an chostais a bhain leo. Ina áit sin, mhol sé go n-aithneofaí gur sháraigh siad an reachtaíocht agus go gcinnteofaí go mbeadh gach comharthaíocht feasta ag an gComhairle ag teacht leis na riachtanais reachtúla.

Scanrúil
“Scanrúil” a thug an Coimisinéir Teanga ar an eolas a tháinig chun cinn le linn na bliana nach raibh ach 1.5% d’fhoireann riaracháin na Roinne Oideachais agus Scileanna a raibh ar a gcumas seirbhísí a sholáthar i nGaeilge chomh maith le Béarla. B’ionann sin agus laghdú 50% le cúig bliana anuas. Agus é ag admháil gur fadhb choitianta í seo sa Státseirbhís agus sa tSeirbhís Phoiblí, dúirt sé go léiríonn sé níos soiléire ná aon ní eile an bhearna idir cumas seirbhísí a sholáthar trí Bhéarla agus soláthar na seirbhísí sin trí Ghaeilge.

Finscéal
Tá dúshlán na tuairime go gcaitear saibhreas ar aistriú cáipéisí oifigiúla go Gaeilge, ach go bhfuil sé ionann agus saor in aisce iad a sholáthar trí Bhéarla, tugtha ag an gCoimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin. “Finscéal ” a thug sé ar an smaoineamh sin.

Dúirt an tUasal Ó Cuirreáin nach gcaitear ach fíorbheagán doiciméad a sholáthar go dátheangach de réir dlí agus go gceadaíonn an reachtaíocht go bhfoilseofaí go leictreonach iad seachas i bhfoirm chlóite fad is go gcaitear mar a chéile leis an dá theanga oifigiúla.

Léirigh a thuarascáil gur costas iomlán €10,112 a bhain le haistriúchán Gaeilge a dhéanamh ar dhréachtphlean forbartha Chomhairle Contae an Chláir don tréimhse sé bliana idir 2011 agus 2017 – níos lú ná an tríú cuid den mhéid a maíodh i dtuairisc nuachtáin.

Ach thaispeáin imscrúdú de chuid a Oifige go raibh sé measta ag an gComhairle féin go raibh ollchostas €350,000, níos mó na an tríú cuid de mhilliún euro, i gceist le hullmhú na cáipéise i dteanga amháin – Béarla. “Is ionann é seo agus 97.3% den bhuiséad ar an leagan Béarla agus 2.7% ar an leagan Gaeilge” a dúirt sé.

Thagair sé do thuairiscí sna meáin roimhe seo a thug le fios gur beag éileamh a bhí ar a mhacasamhail seo de cháipéis i nGaeilge – tuairim a bhí bunaithe ar easpa díolacháin ag €50 an chóip. “Níor cuireadh na meáin ar an eolas nó fágadh ar lár ó thuairiscí go raibh an Chomhairle tar éis na cáipéisí seo a sholáthar go cuí ar a suíomh gréasáin le híoslódáil saor in aisce. Bhí an t-éileamh ar chóipeanna crua i mBéarla an-íseal freisin toisc go ndearna daoine an rogha chiallmhar – na cáipéisí a íoslódáil saor in aisce ina rogha teanga oifigiúil. Cé nach mbainfidh ceachtar leagan stádas mar leabhar sárdhíola amach aon uair, is léir nach é “Béarla éigeantach” an freagra i gcúrsaí faisnéise poiblí ach an oiread” a dúirt sé.

Ba iad Tithe an Oireachtais a d’achtaigh an riachtanas faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla go mbeadh ar chomhlachtaí poiblí líon beag croícháipéisí a fhoilsiú go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla. Is é an t-aon fheidhm atá ag Oifig an Choimisinéara Teanga i dtaca leis seo ná feidhmiú mar ghníomhaireacht ghéilliúlachta agus mar sheirbhís ombudsman.

Imní
Léirigh an Coimisinéir Teanga imní athuair faoin moill a bhain le daingniú scéimeanna teanga le comhlachtaí poiblí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla agus dúirt go raibh 51 de na 105 scéim daingnithe imithe in éag faoi dheireadh na bliana gan scéim nua a bheith curtha ina n-áit. Bhí 12 de na 51 scéim sin imithe in éag le breis agus dhá bhliain.

Sa bhreis air sin, bhí 26 comhlacht poiblí eile ann a raibh an chéad dréachtscéim iarrtha orthu ach nach raibh siad aontaithe ná daingnithe fós mar scéimeanna ag an Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta. I gcás 10 gcinn acu sin, bhí breis agus 4 bliana imithe ó iarradh orthu an dréachtscéim a ullmhú.

Tá rabhadh tugtha sa tuarascáil ag an gCoimisinéir Teanga nach féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeidh ar chumas na hOifige na feidhmeanna ar fad atá leagtha go reachtúil uirthi a chomhlíonadh go hiomlán agus go cuí le barréifeacht leis na srianta foirne atá i gceist faoi láthair, áit a bhfuil cúigear foirne i mbun oibre in áit an ochtair atá ceadaithe mar íosmhéid.

Share/Save/Bookmark

9.3.11

Gaeilge san daonáireamh

Tá feachtas seolta ag Conradh na Gaeilge chun pobal na Gaeilge a spreagadh leis an leagan Gaeilge den bhfoirm daonáirimh a ghlacadh agus Daonáireamh 2011 á reáchtáil ar an 10 Aibreán 2011.
Déanfar gach duine agus na teaghlaigh ar fad sa tír a áireamh ar an oíche sin (10 Aibreán 2011) agus beidh na foirmeacha daonáirimh chuige seo á ndáileadh ar an bpobal idir 15 agus 20 Márta 2011. Is le linn na tréimhse seo go mbeidh deis ag daoine an leagan teanga is fearr leo a roghnú, agus tá Conradh na Gaeilge ag moladh do dhaoine atá muiníneach as a gcuid Ghaeilge, an leagan Gaeilge den bhfoirm daonáirimh a ghlacadh agus a líonadh.

Arsa Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Comóradh céad bliain atá ann i mbliana ó bhí feachtas Áireamh na nDaoine, 1911 ar bun ag Conradh na Gaeilge; spreag an feachtas sin pobal na hÉireann le bród a bheith acu as a gcumas Gaeilge, agus is tráthúil an bhliain í go bhfuil
Conradh na Gaeilge ar ais i mbun spreagtha arís in am do Dhaonáireamh 2011.

Bhí toradh an-dearfach ar an bhfeachtas Áireamh na nDaoine, 1911 de chuid Chonradh na Gaeilge ag tús an chéid seo caite - mhéadaigh líon na ndaoine a líon an fhoirm daonáirimh isteach i nGaeilge ó 300 iontráil ina raibh an Ghaeilge úsáidte i ndaonáireamh 1901, go breis 's 25,000 iontráil i nGaeilge do dhaonáireamh 1911. (Tá Daonáireamh 1911 (Béarla) ar líne anois!)

Deir Aodán Ó Sé, Ball de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge: "Is iomaí duine le Gaeilge nach mbeadh ar eolas go bhfuil sé de cheart acu an leagan Gaeilge den bhfoirm daonáirimh a lorg, ná go bhfuil fiú a leithéid de leagan den bhfoirm le fáil ar an chéad dhul síos. Tá súil againn, ní hamháin go léireoidh feachtas feasachta Chonradh na Gaeilge go bhfuil a leithéid de rogha ann do Ghaeilgeoirí, ach go spreagfaidh an feachtas líon i bhfad níos mó de phobal na Gaeilge chun leas a bhaint as an bhfoirm i nGaeilge i nDaonáireamh 2011 an mhí seo chugainn."
Share/Save/Bookmark

8.3.11

Easpa cúirtéise Fine Gael!

Anois is arís deanaim teangabháil leis an páirtithe polataíochta, ranna Rialtais nó an Post, BSL, (nó fiú an CLG!). I nGaeilge amháin a scríobhfainn agus bheinn ag súil le freagra sa teanga chéanna. Go ró-mhinic is i mBearla a scrítear thar n-ais chugam!

Entirely commited...?
Deireann na páirtaithe uilig ó dheas go bhfuil siad "i bhfabhar" na teanga, pé brí atá leis seo. Ní baintear úsáid as an teanga ar aon cheann de na suíomhanna idirlín acu.

An ráiteas a rinne Fine Gael (Béarla) agus Lucht Oibre (Béarla) ag an Deiredh Seachtaine is i mBearla amháin a éisíodh é ag an am agus níorbh fhéidir liom an leagan Gaeilge a fháil ar na suíomhanna.

Bhí sampla uafásach den fimínteacht seo le feiceáil i nGaelscéal ar an Aoine. Bhí imní ag cailín óg Gaeltacht i dtaobh polasaí Fhine Gael i leith na Gaeilge agus scríobh sí chuca ina a teanga féin, teanga phobal Rath Chairn. Ba náireach míchúirtéiseach an fhreagra a fuair sí ó Phil Hogan, Stiúirtheoir Toghchánaíochta Fine Gael. Scríobh sé chuig Rath Chairn, An Mi (sic) agus i mBéarla amháin gan oiread is focail amháin Gaeilge ann agus ag maoimh, "....that Fine Gael is entirely committed to the Irish language and it's future."

Agus is féidir linn léamh idir na línte ".....but for God's sake don't ask us to use it!"
Share/Save/Bookmark

2.3.11

Deireadh le scoileanna Gaeltachta?

Nuair a tháinig chomrialtas Liam MacCoscair i réin sa bhliain 1973 rinne siad Scoil Dhún Chaoin a athoscailt a dhún Roinn Oideachais de chuid Fiana Fáil roimhe sin. Anois ní hamháin go bhfuil an scoil cáiliúil sin faoi bhagairt ach tá chuile scoil sa Gaeltacht nach mór.

Le dúnadh?
Tá an Roinn Oideachais ag lorg aighneachtaí faoin athbhreithniú atá ar bun acu faoi lathair maidir le bunscoileanna beaga(níos lú na 50 dalta).

Beidh leir scoileanna beaga Gaeltachta i gceist san athbhreithniú seo agus tá an chontúirt ann go mbeadh brú ar chuid acu nascadh le scoileanna ina bhfuil an bhéarla mar mheán teagaisc iontu. Iarrtar orainn ár  dtacaíocht a leiriú do na scoltacha seo tré aighneacht a sheoladh isteach chuig Roinn an Oideachais ag déanamh cursíos ar thábhacht na teanga agus na scoile go ginearálta ins na pobail bheaga tuaithe seo.


Seo an ceistneoir i bhfoirm doiciméad Word.

 
Share/Save/Bookmark

1.3.11

Clár an Rialtais 2011-2016

Ceist na Gaeilge le tabhairt san áireamh i gClár an Rialtais 2011-2016.
Déanann Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge comhghairdeas leo siúd ar fad ar éirigh leo suíochán a bhaint amach mar Theachtaí Dála don tréimhse 2011-2016.  Anois agus torthaí an Olltoghcháin fógartha i mbeagnach gach dáilcheantar timpeall na tíre faoin tráth seo, bunófar Rialtas nua gan mhoill, beidh Clár an Rialtais sin le daingniú, agus beidh an Chomhdháil ag déanamh cinnte go dtabharfar aird chuí ar cheist na Gaeilge sa Chlár Rialtais sin. 

Bhí feachtas réamhthoghchánaíochta na Comhdhála bunaithe ar cheithre mhórphrionsabail:
• Tábhacht na Gaeilge dár bhféiniúlacht náisiúnta; 
• Stádas na Gaeilge a chosaint agus a neartú; 
• An Ghaeilge a chothú mar theanga bheo sa Ghaeltacht agus lasmuigh di; agus
• Ceart gach saoránach Gaeilge a úsáid i ngach gné dá saol.

Chuir an Chomhdháil liosta d’éilimh faoi bhráid na bpáirtithe polaitíochta, agus faoi bhráid gach iarrthóir neamhspleách roimh an toghchán, agus beidh an Chomhdháil ag oibriú go dian dícheallach sna seachtainí romhainn chun a chinntiú go dtabharfar gach ceann de na 10 n-éileamh seo san áireamh agus Clár an Rialtais 2011-2016 á bheartú.

Dúirt Pádraig Mac Criostail, Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, “Teastaíonn ón gComhdháil go mbeidh pé polasaithe a fheidhmítear i dtaobh na Gaeilge, faoi chlár an chéad Rialtais eile, bunaithe ar fhianaise agus dea-chleachtas pleanála teanga, ar mhaithe le seasamh na Gaeilge a neartú.  Rachaimid i dteagmháil le gach ball den Rialtas nua nó go ndéanfaimid cinnte de go nglacfar le gach ceann dár n-éileamh don Ghaeilge i gClar an Rialtais 2011-2016”.
Share/Save/Bookmark