30.9.16

An Conradh ós comhair Choiste Oireachtais!

Ról Chonradh na Gaeilge i gcur chun cinn agus i gcothú na Gaeilge

Bhí an céad cruinniú Bhuan-Chomhchchoiste Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán, coiste nua de chuid an Oireachtais ar an 22ú lá Meán Fómhair 2016. Sí Catherine Connelly, Teachta Dála nua thofa atá mar Cathaoirleach ar an Coiste. Níl mórán eolas faoin gcoiste seo ar shuíomh Tithe an Oireachtas (seachas eolas faoin gcruinniú féin) agus mar sin níl fhios ag an scríobhnóir seo cé h-iad na baill.  B'é Conradh na Gaeilge a rinne an céad léiriú don gcoiste nua agus an píosa seo bunaithe ar nótaí den méid a bhí le rá acu.

Chuir an Chonradh mar aon le na Gluaiseachtaí agus Eagraíochtaí eile feachtas "GaelVóta" i rith an toghchán agus bhí bunú coiste mar an gcoiste seo i measc na pointe a bhí acu sa bhfeachtas seo.

Tá Fís den gcruinniú le feiscint anseo ar shuiomh Thithe an Oireachtais anseo.

tuairisc Scríofa anseo:
Tá ábhar breise le leamh/feiscint sna tuairiscí/físeanna seo go mór mór na ceisteann agus freagraí gur fiú iad a léamh/fheiscint!

Dhá phíosa i dTuairisc.ie faoin gCoiste.
• ‘Ionsaí fabhtach’ déanta ar TG4 ag RTÉ, ‘stáisiún áitiúil a bhíonn ag breathnú amach do D4 (23/9/2016)
• 'An Ghaeilge ‘i mbaol a báis’ – cáipéis nua de chuid Thithe an Oireachtais (26/9/2016)
Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge agus saothraíonn an eagraíocht ar son na teanga ar fud na hÉireann uile agus timpeall na cruinne. Tá breis is 180 craobh ag an gConradh agus na céadta ball aonair. Tá baill na heagraíochta gníomhach ag cur na Gaeilge chun cinn i ngach gné de shaol na tíre. Bhí Coilín Ó Cearbhaill, ArdRúnai an Conartha, Julian na Spáinn, Peadar Mac Fhlannchadha, Leas‐Ardrúnaí Tionscadail agus Síne Nic an Ailí, Feidhmeannach Cumarsáide sa toscaireacht ann.

Rinneadar Iarratais ar thacaíocht ón mBuan-Chomhchchoiste Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán ag an gcruinniú seo. Seo mar a labhair Julian de Spáinn:

"1. An gá le hinfheistíocht sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht i gCáinaisnéis 2017
Tá Conradh na Gaeilge agus an 80 grúpa eile ag iarradh ar an mBuan-Chomhchoiste seo tacaíocht oifigiúil a thabhairt do phlean infheistíochta na Gaeilge agus na Gaeltachta agus go gcuirfeadh an Buan-Chomhchoiste an tacaíocht sin in iúl go hoifigiúil don Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta agus don Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe mar chuid den phróiseas do Cháinaisnéis 2017.

Go príomha tá cás déanta le haghaidh €4,412,400 sa bhreis i gCáinaisnéis 2017 ó Rialtas na hÉireann le bheith caite ar na spriocthionscadail Gaeilge agus Gaeltachta leagtha amach sa phlean infheistíochta (agus tá briseadh síos ar na spriocthionscadail le bheith maoinithe in 2017 ar fail in aguisín A).

"2. An gá le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a láidriú ar bhonn céimiúil
Le teacht i dtír ar na fadhbanna a d’éirigh as an athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla a tosaíodh in 2011 molann Conradh na Gaeilge go ndéanfar leasuithe ar an Acht ar bhonn céimiúil tríd an mBuan-Chomhchchoiste Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán. Táimid ag moladh go dtosófar láithreach le Bille na dTeangacha Oifigiúla 2016 (Leasú) agus na hábhair seo a leanas a chur san áireamh ann: Comharthaí tráchta; Foirmeacha oifigiúla; Leaganacha Gaeilge nó Béarla d’ainmneacha, de shloinntí, agus de sheoltaí poist; Leasú ar Sceideal an Phríomh-Achta; Ainmneacha Comhlachtaí Poiblí; agus Ainmneacha Comhlachtaí Poiblí.

Molann an Conradh go mbogfadh an Buan-Chomhchchoiste Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán ar aghaidh go dtí an dara Bille nuair a bheidh an próiseas don chéad Bhille ar bun go tréan agus gur chóir don dara bille ábhair a chuimsíonn cumhachtaí agus ról an Choimisinéara Teanga, earcaíocht san earnáil phoiblí, seirbhís stáit sa Ghaeltacht agus eile a chur san áireamh.

"Tréaslú:
Ar dtús ba mhaith liom tréaslú le Cathaoirleach agus le baill an Buan-Chomhchoiste nua seo. Bhí sé mar éileamh ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ó dheas go mbeadh Comhchoiste Dála curtha ar bun: le maoirseacht a dhéanamh ar fheidhmiú Straitéis 20 Bliain an Rialtais don Ghaeilge agus ar an státchóras trí chéile maidir leis an tseirbhís a chuirtear ar fáil trí Ghaeilge don phobal, go háirithe sa Ghaeltacht; le scrúdú a dhéanamh ar gach reachtaíocht a thagann os comhair na Dála chun a chinntiú go bhfuil cosaint cheart ann don Ghaeilge agus don Ghaeltacht; le tionscnaimh agus fiosrúcháin chun leas na Gaeilge agus na Gaeltachta a thosú de réir mar is cuí; agus le heolas a bhailiú ó eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta agus ón phobal faoi ghnéithe a bhaineann le forbairt na teanga agus an t-eolas a úsáid ar mhaithe le cearta na Gaeilge. Tá ardmholadh ag dul do gach páirtí agus polaiteoir a sheas leis an éileamh seo i ndiaidh an olltoghcháin agus a chinntigh gur bunaíodh an Buan-Chomhchchoiste Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán. Guím agus guíonn Conradh na Gaeilge gach rath ar bhur gcuid oibre.

"Cúlra:
Mar is eol do chuid mhaith agaibh, is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge agus saothraíonn an eagraíocht ar son na teanga ar fud na hÉireann uile agus timpeall na cruinne. Tá breis is 180 craobh ag an gConradh agus na céadta ball aonair. Tá baill na heagraíochta gníomhach ag cur na Gaeilge chun cinn i ngach gné de shaol na tíre – ó chúrsaí dlí agus oideachais, go forbairtí sna meáin agus seirbhísí trí Ghaeilge – ó bunaíodh Conradh na Gaeilge ar 31 Iúil 1893. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú, agus bíonn baill na heagraíochta ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Eagraíonn an Conradh feachtais feasachta ar nós Sheachtain na Gaeilge, an fhéile bhliantúil Ghaeilge is mó ar domhan a ghlacann breis is 750,000 duine páirt ann, Gaeilge 24 sna scoileanna a ghlacann 20,000 scoláire páirt ann agus go leor leor feachtais eile.

In 2014 roghnaigh Foras na Gaeilge, an foras uile oileánda ag feidhmiú ar son an dá Rialtas thuaidh agus theas leis an nGaeilge a chur chun cinn, Conradh na Gaeilge mar cheann de na sé cheanneagraíocht atá maoinithe acu leis an nGaeilge a fhorbairt ar oileán na hÉireann. Go príomha, tá Conradh na Gaeilge roghnaithe le tabhairt faoi chosaint teanga, ionadaíocht agus ardú feasachta ar an Ghaeilge.

"Mór-ábhar le plé inniu:
Ba mhaith liom labhairt libh inniu faoi dhá rud atá iontach thábhachtach agus práinneach:
  1. An gá le hinfheistíocht sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht i gCáinaisnéis 2017
  2. An gá le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a láidriú ar bhonn céimiúil

1. An gá le hinfheistíocht sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht i gCáinaisnéis 2017
Táimid ag lorg tacaíocht an Bhuan-Chomhchoiste seo don phlean infheistíochta aontaithe ag 80 grúpa Gaeilge, Gaeltachta agus Oideachais agus go gcuirfeadh an Buan-Chomhchoiste an tacaíocht sin in iúl go hoifigiúil don Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta agus don Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe mar chuid den phróiseas do Cháinaisnéis 2017.

Tá an €18 milliúin lorgtha sa phlean infheistíochta briste síos againn thar 3 bliana (ar fáil in aguisín A) agus táimid ag lorg €4,412,400 in 2017, €10,307,500 in 2018 agus €14,902,500 in 2019 sa bhreis ó Rialtas na hÉireann le bheith caite ar na spriocthionscadail Gaeilge agus Gaeltachta leagtha amach sa phlean (beidh dualgas ar an Rialtas ó thuaidh an chuid eile den €18 milliúin a íoc thar an trí bliain chéanna). Tá briseadh síos ar an airgead atáimid ag lorg i gCáinaisnéis 2017 thíos:
(Brú ar an bPic seo chun é a leamh)
Tá roinnt cúiseanna an-mhaith gur chóir tacú leis an bplean infheistíochta a mhaoiniú:

1. Aontaíonn móramh de na Teachtaí Dála (84 Teachta Dála) a toghadh san olltoghchán le déanaí gur chóir €18 milliúin a chur ar fáil don phlean infheistíochta

2. Tá an plean ag teacht le Clár an Rialtais, áit a deirtear go méadóidh an Rialtas an infheistíocht sa Ghaeilge

3. Chruthódh an plean 1,175+ post leis an gcuid is mó díobh siúd lonnaithe sa Ghaeltacht, rud a chabhróidh go mór le inmharthanacht na Gaeltachta

4. Chuirfeadh an plean maoiniú ar fáil do go leor leor tionscnaíochtaí ríthábhachtacha. Ina meas bheadh maoiniú ar fáil:
  • le plean teanga a chur i bhfeidhm sna dáilcheantair éagsúla (le deiseanna úsáide Gaeilge agus deiseanna foghlama Gaeilge a chur ar fáil ar bhonn pleanáilte), le lárionaid Ghaeilge a bhunú i mbailte éagsúla agus le daoine a fhostú leis na pleananna a chomhordú agus leis na lárionaid a riaradh 
  • le deis a thabhairt do theaghlaigh sna dáilcheantair, go háirithe iad siúd ó theaghlaigh faoi mhíbhuntáiste airgeadais, scoláireachtaí a fháil lena bpáistí nó leis an teaghlach iomlán a chur chun na Gaeltachta
  • le hionaid chúram leanaí a bhunú le seirbhís naíolanna agus eile a chur ar fáil i ndáilcheantair éagsúla do pháistí atá á dtógáil trí Ghaeilge ó aois breithe go haois scoile
5. Tá an pobal ar aon intinn linn gur chóir tacaíocht bhreise a chur ar fáil. Léirítear i suirbhé Millward Brown a ndeachthas ina bhun in Eanáir 2015, go n-aontaíonn 61% den phobal ó dheas (ní raibh ach 18% ina choinne) gur chóir don stát tacaíocht breise a chur ar fáil don Ghaeilge.

Chomh maith leis sin, aontaíonn 65% den phobal ó dheas gur chóir don Rialtas tacaíocht ar leith a chur ar fáil do phobail áitiúla le straitéisí Gaeilge a fhorbairt ina gceantar féin.

6. Laghdaíodh buiséad Fhoras na Gaeilge agus buiséad caipitil Údarás na Gaeltachta ó €45 milliún in 2008 go €22 milliún in 2015. Táimid ag lorg €18 milliún breise don Údarás agus don Fhoras le haghaidh na sprioc-thionscadail san áireamh sa phlean infheistíochta, agus sin ísliú de €5 mhilliún ar a cuireadh ar fáil in 2008.

Is léir ón ngraf thíos, ina ndéantar comparáid idir athruithe buiséid de chuid na Comhairle Ealaíon thuaidh agus theas agus Fhoras na Gaeilge ó 2003 go 2015, nár tháinig aon ardú suntasach ar bhuiséad an Fhorais ó bunaíodh é, fiú i rith thréimhse an Tíogair Cheiltigh nuair a bhí arduithe móra á dtabhairt le haghaidh buiséid áisíneachtaí stáit éagsúla eile, m.sh. na Comhairle Ealaíona
Ní hamháin sin ach nuair a chuirtear boilsciú an innéacs praghsanna san áireamh, b’ionann agus 39% an t-ísliú ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge ó 2001 go 2016:


(Níl sa chomparáid leis an gComhairle Ealaíon thuaidh agus theas ach comparáid le háisíneacht stáit eile a dhéanann obair chomhchosúil. Creidimid gur chóir don Chomhairle Ealaíon thuaidh agus theas tuilleadh maoinithe a fháil anuas ar a bhfuil á fháil faoi láthair.)

Leis an ngraf thíos ina léirítear athruithe i mbuiséid chaipitil na n-áisíneachtaí stáit ó 2007 go 2013, is léir go bhfuil slad déanta ar bhuiséad Údarás na Gaeilge go háirithe:


7. D’fhógair an Rialtas ó dheas caiteachas breise de nach mór €3 bhilliún in 2016 agus go mbeidh caiteachas breise de thuas le €1 bhilliúin in 2017 – idir chaitheamh agus fhaoiseamh cánach don phobal. Is ionann an €18 milliún breise atá á lorg againn agus níos lú ná .05% den tsuim sin. Is mór an dochar a rinneadh do na húdaráis Ghaeilge agus Ghaeltachta ó bhí 2008 ann; ní mór é sin a chur ina cheart anois.

8. Laghdaíodh buiséad an Fhorais agus an Údaráis agus ag an am céanna, cuireadh cúraimí breise ar Údarás na Gaeltachta agus ar Fhoras na Gaeilge araon leis An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-30 agus le hAcht na Gaeltachta 2012. Ghlac an dá Rialtas leis na polasaithe Rialtais / reachtaíocht nua, a raibh impleachtaí móra maidir le hacmhainní ag baint leo (mar a bheadh ann d’aon pholasaí nua stáit eile), gan na hacmhainní riachtanacha a chur ar fáil lena gcur i bhfeidhm. Chomh maith leis sin, tá na ciorruithe tar éis cur isteach go mór ar scéimeanna agus tacaíochta reatha a tugtar do thionscadail Ghaeilge, mar shampla:
  • Laghdaíodh buiséad Sheachtain na Gaeilge 40% in 2016 ó 2015
  • Laghdaíodh buiséad Scéim na gCampaí Samhraidh 20% in 2016 ó 2015
  • Laghdaíodh Scéim na Imeachtaí Óige 40% in 2016 ó 2015
9. Ní hamháin go gcruthófar poist, ach beidh tionchair dhearfacha eile ag an infheistíocht bhreise seo ar gheilleagar an oileáin, m.sh. éiríonn le scéimeanna pobail Gaeilge an méid céanna airgid a thuilleamh agus a chuirtear ar fáil dóibh chun cabhrú lena gcur i bhfeidhm, airgead a théann isteach sa gheilleagar áitiúil. Is fiú cuimhneamh go gcuireann obair na Gaeilge agus na Gaeltachta airgead leis an ngeilleagar cheana féin, m.sh. €6 mhilliún don bhaile / don chathair ina mbíonn Oireachtas na Gaeilge ar siúl; is fiú os cionn €136 milliún an Ghaeilge do gheilleagar na Gaillimhe gach bliain1; is fiú os cionn €20 milliún na coláistí samhraidh Gaeilge don gheilleagar. Is fiú, mar sin, infheistíocht a dhéanamh sna tionscadail agus sna scéimeanna atá beartaithe sa cháipéis seo, ní hamháin leis an teanga a neartú ach leis an ngeilleagar a threisiú chomh maith.

10. Is iomaí comóradh atá ag tarlú le blianta beaga anuas agus ba chóir aitheantas a thabhairt don ról ar leith a bhí ag an nGaeilge i gcuid mhaith de na heachtraí a tharla 100 bliain ó shin. Beidh comóradh speisialta ann in 2018, chun tús na hathbheochana Gaeilge a chomóradh. Ba chóir na scéimeanna agus na tionscadail a bheartaítear sa cháipéis seo a chur i bhfeidhm ó 2017 lena chinntiú go dtabharfar spreagadh ar leith don Ghaeilge faoi 2018, ag an leibhéal áitiúil go mór mór.

"Ar na cúiseanna seo agus go leor cúiseanna eile ba mhaith liom, ar son an Chonartha agus an 80 grúpa eile, iarradh ar an mBuan-Chomhchoiste seo tacaíocht oifigiúil a thabhairt do phlean infheistíochta na Gaeilge agus na Gaeltachta agus go gcuirfeadh an Buan-Chomhchoiste an tacaíocht sin in iúl go hoifigiúil don Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta agus don Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe mar chuid den phróiseas do Cháinaisnéis 2017.

Go príomha inniu, táim ag déanamh an cháis le haghaidh €4,412,400 sa bhreis in 2017 ó Rialtas na hÉireann le bheith caite ar na spriocthionscadail Gaeilge agus Gaeltachta leagtha amach sa phlean
(Tá briseadh síos ar na spriocthionscadail le bheith maoinithe i bhfoirm pdf anseo a foilsíodh Mí Aibreán 2106!).

2. An gá le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a láidriú ar bhonn céimiúil
Is é an dara rud gur mhaith liom a phlé libh inniu ná an géarghá le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a láidriú le cinntiú go mbeidh seirbhísí sásúil Gaeilge ar fáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ón Stát.

Mar is eol daoibh, is dócha, ní raibh na ceannteidil foilsithe d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2014 (Leasú) ag an Rialtas deireanach in 2014 sásúil ar chor ar bith. Níor léirigh siad nó níor aithin siad na moltaí a rinneadh sa chuid is mé de na haighneachtaí agus sna suirbhéanna a cuireadh chuig Roinn na Gaeltachta mar chuid den athbhreithniú ar an Acht in 2011. Ba é tuairim Conradh na Gaeilge agus an fochoiste den Chomchoiste um Comhshaol, Cultúr agus Gaeltacht in 2015 go raibh roinnt de na ceannteidil lag, nó go ndéanfaidís lagú den Acht agus go raibh an-chuid ceannteidil fágtha ar lár.

Le teacht i dtír ar na fadhbanna a d’éirigh as an athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla a tosaíodh in 2011 molann Conradh na Gaeilge go ndéanfar leasuithe ar an Acht ar bhonn céimiúil tríd an mBuan-Chomhchchoiste Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán. Táimid ag moladh go dtosófar leis na ceannteidil seo a leanas láithreach do Bhille na dTeangacha Oifigiúla 2016 (Leasú):

Comharthaí tráchta
Cinntiú le leasú go mbeidh na coinníollacha céanna i bhfeidhm ar chomharthaí tráchta agus atá ar chomharthaí eile de chuid comhlachtaí poiblí de bhun I.R. Uimh. 391 de 2008, go sonrach nach mbeidh an leagan Gaeilge níos lú ná giorraithe ná sa chló iodálach nó fágtha ar lár ar fad. Is faoin Aire Iompair a bheadh sé feidhm a thabhairt don fo-alt seo le heagrán nua den Treoirleabhar Comharthaí Bóthair. De bharr an togra seo bheadh comharthaí tráchta na hÉireann ar aon dul leis an dearadh i ndlínsí dátheangacha eile ar nós na hAlban agus glacadh le dearadh eiseamláireach Gareth Reil ag an gCoiste Uilepháirtí san Oireachtas roimhe seo.

Foirmeacha oifigiúla
Cinntiú le leasú go mbeidh na coinníollacha céanna i bhfeidhm ar fhoirmeacha oifigiúil a bheidh le líonadh amach ag an bpobal agus atá ar stáiseanóireacht de chuid comhlachtaí poiblí de bhun I.R. Uimh.391 de 2008, go sonrach nach mbeidh an leagan Gaeilge níos lú ná giorraithe ná sa chló iodálach nó fágtha ar lár ar fad. Déanfaidh an moladh seo cinnte de go mbeidh foirmeacha i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla. Tá ceart bunreachtúil ann leagan Gaeilge d’fhoirmeacha oifigiúla a fháil: Ó Murchú v. Cláraitheoir na gCuideachtaí, ach déantar neamhaird den cheart bunreachtúil seo agus brútar an Béarla dá réir i ngnóthaí oifigiúla an Stáit leis an bpobal. Freisin moltar ar lean costais a laghdú trí fhoirmeacha íoslódálaithe nó inchomhlíonaithe ar líne a chur chun cinn.

Leaganacha Gaeilge nó Béarla d’ainmneacha, de shloinntí, agus de sheoltaí poist
Cinntiú le leasú go mbeidh an ceart ag daoine leaganacha Gaeilge nó Béarla a n-ainmneacha agus a seoltaí a úsáid lena n-áirítear le linn dóibh cumarsáid a dhéanamh le comhlachtaí poiblí. Is é an prionsabal bunúsach atá leis nár cheart go ndéileálfadh comhlachtaí poiblí le daoine ar mian leo leaganacha Gaeilge a n-ainmneacha a úsáid le níos lú fabhair ná mar a dhéileálfaí le daoine ar mian leo na leaganacha Béarla a úsáid.

Leis an moladh seo, tabharfar aghaidh ar na deacrachtaí is féidir a bheith ag daoine a bhfuil a n-ainmneacha i nGaeilge le linn dóibh a gcuid sonraí pearsanta a chur isteach i gcórais teicneolaíochta faisnéise (TF) a úsáideann comhlachtaí poiblí. I measc na ndeacrachtaí sin, d’fhéadfadh, mar shampla, an síneadh fada a bheith fágtha ar lár nó gan a bheith ina charachtar aitheanta i gcórais TF agus dá bhrí sin tugtar tamall do na comhlachtaí poiblí na córais TF a chur in oiriúint a mhéid agus is gá.

Leasú ar Sceideal an Phríomh-Achta
Sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, liostaítear breis is 600 comhlacht poiblí a chumhdaítear leis an Acht. Ní foláir Rialacháin a dhéanamh chun an Sceideal seo a thabhairt cothrom le dáta nuair a thagann athrú ar stádas comhlachtaí poiblí. Is am-íditheach agus neamhéifeachtúil an modh é chun a chinntiú go dtagann gach comhlacht poiblí faoi réim an Achta. Táimid ag moladh go mbeidh foráil chineálach atá i gcomhréir le forálacha dá samhail i reachtaíocht eile a chur in ionad an Sceidil. D’fhágfadh an méid sin go dtiocfadh gach comhlacht poiblí, agus gach feidhm de chuid an chomhlachta poiblí a roinnfear ar chomhlacht eile, faoi réim an Achta go huathoibríoch agus go mbeadh rangú déanta ar na comhlachtaí poiblí. Tá an leasú seo bunaithe ar alt 6 den Acht um Shaoráil Faisnéise 2014.

Ainmneacha Comhlachtaí Poiblí
Cinntiú le leasú go mbeidh ainmneacha Gaeilge ar chomhlachtaí poiblí nua a bhunófar amach anseo. Ba é seo an cleachtas ar feadh formhór stair an Stáit agus chothaigh sé an-dámh idir na comhlachtaí sin agus an tír agus le Muintir na Éireann. Is féidir eisceacht do na Ranna Stáit agus do chomhlachtaí poiblí a bheidh ag feidhmiú taobh amuigh den Stát den chuid is mó ach go mbeadh orthu comhthosaíocht a thabhairt don leagan Gaeilge agus do leagan Béarla dá n-ainmneacha.

Bheimis ag súil leis go bhfeadfadh an Buan-Chomhchchoiste Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán bogadh ar aghaidh go dtí an dara Bille nuair a bheidh an próiseas don chéad Bhille ar bun go tréan agus gur chóir don dara bille ábhair a chuimsíonn cumhachtaí agus ról an Choimisinéara Teanga, earcaíocht san earnáil phoiblí, seirbhís stáit sa Ghaeltacht agus ábhar nó dhó eile a chur san áireamh.

Thabharfadh próiseas céimiúil le Bille na dTeangacha Oifigiúla 2003 a leasú deis cheart leis na leasuithe a phlé go cuimsitheach agus dearcthaí éagsúla a fháil ar na leasuithe ar fad.

Conclúid:
Mar chonclúid, ba mhaith liom tréaslú libh as bunú an Bhuan-Chomhchchoiste Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán agus tá súil agam agus le Conradh na Gaeilge go n-éireoidh go geal libh leis an obair dhúshlánach atá os bhur gcomhair. Tá súil agam chomh maith go bhfuil níos mó eolais agaibh ar ról Chonradh na Gaeilge i gcur chun cinn agus i gcothú na Gaeilge.

Rinne mé cur síos ar an dá rud is práinní a fheictear dúinn gur gá gníomhú orthu faoi láthair: 1. Tá Conradh na Gaeilge agus an 80 grúpa eile ag iarradh ar an mBuan-Chomhchoiste seo tacaíocht oifigiúil a thabhairt do phlean infheistíochta na Gaeilge agus na Gaeltachta agus go molfaidh an Buan-Chomhchoiste go hoifigiúil don Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta agus don Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe €4,412,400 sa bhreis a chur ar fáil i gCáinaisnéis 2017 do na spriocthionscadail Gaeilge agus Gaeltachta leagtha amach sa phlean infheistíochta; 2. Molann Conradh na Gaeilge go ndéanfar leasuithe le hAcht na dTeangacha Oifigiúla ar bhonn céimiúil tríd an mBuan-Chomhchchoiste Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán. Táimid ag moladh go dtosófar láithreach le Bille na dTeangacha Oifigiúla 2016 (Leasú) agus na hábhair seo a leanas a chur san áireamh ann: Comharthaí tráchta; Foirmeacha oifigiúla; Leaganacha Gaeilge nó Béarla d’ainmneacha, de shloinntí, agus de sheoltaí poist; Leasú ar Sceideal an Phríomh-Achta; Ainmneacha Comhlachtaí Poiblí; agus Ainmneacha Comhlachtaí Poiblí.

Go raibh maith agaibh as éisteacht liom."

Is cosúil go mbeidh an Coiste seo ag leanúint lena scrúdú ar chúrsaí amach anseo. Go raibh rath ar a chuid oibre!


@CnaG @catherinegalway @SeanKyneTD

Share/Save/Bookmark