Showing posts with label Gaeilge. Show all posts
Showing posts with label Gaeilge. Show all posts

13.10.24

Céad míle fáilte?

Is cosúil nach bhfuil eagrán Gaeilge den tréadlitir ó Easpaig na hÉireann le fáil. Rinne mé iarracht é a fháil ar shuíomh Chomhdháil Easpag Caitliceach Éireann ach níl sé ann.

Meas tú cad as a dtánaigh an teideal - "A Hundred Thousand Welcomes?"

Bhfuil "Glór na nGael" a chuala Pádraigh fadó múchadh faoi dheire? 




Share/Save/Bookmark

9.5.24

Éagothromaíocht as cuimse.

English Version.
Tháinig méadú 6% ar líon iomlán na ngearán a fuair Oifig an Choimisinéara Teanga in 2023, sin 634 gearán i gcomparáid le 600 in 2022.

Tá toradh dearfach na reachtaíochta teanga nua (Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021) le feiceáil ón méadú suntasach atá ag teacht ar an bhfógraíocht a dhéanann eagraíochtaí stáit trí Ghaeilge ar na meáin chumarsáide éagsúla (e.g. teilifís, raidió, meáin shóisialta). Leanann sé seo sna sála ar fheachtas feasachta náisiúnta a reachtáil Oifig an Choimisinéara Teanga ar an reachtaíocht nua.

Bhain 39% den 634 gearán a fuair Oifig An Choimisinéara Teanga in 2023 le gealltanais a bhí tugtha ag eagraíochtaí stáit ina gcuid scéimeanna teanga reachtúla. “Léiríonn an líon an-ard gearán a bhaineann le scéimeanna teanga eagraíochtaí stáit an géarghá atá ann córas nua na gcaighdeán teanga, atá le teacht in áit córas na scéimeanna teanga, a thabhairt i bhfeidhm”, a deir an Coimisinéir Teanga, Séamas Ó Concheanainn. "Aire na Gaeltachta a thabharfaidh córas nua na gcaighdeán teanga i bhfeidhm faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021.

Meadú ar líon na gearán.
Tháinig méadú 6% ar líon iomlán na ngearán a fuair Oifig an Choimisinéara Teanga in 2023, sin 634 gearán i gcomparáid le 600 in 2022. Léiríonn líon agus cineál na ngearán easnaimh shuntasacha atá sa soláthar reatha do sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge. 

I measc na n-easnamh is tromchuisí, tá easpa foirne le hinniúlacht chuí sa Ghaeilge le croísheirbhísí poiblí a sholáthar, e.g. seirbhísí teileafóin agus cuntair ar ardchaighdeán trí Ghaeilge; agus an éagothromaíocht as cuimse idir an freastal a dhéantar trí Bhéarla ar an bpobal trí sheirbhísí teicneolaíochta ar líne i gcomparáid leis an lagfhreastal bearnach trí Ghaeilge. Léirigh imscrúduithe foirmiúla ar Chomhairle Contae na Gaillimhe agus An Post freisin na bearnaí reatha maidir le seirbhísí teicneolaíochta agus idirghníomhacha ar líne trí Ghaeilge.

Méadú comhairle.
Tá méadú 140% tagtha ar líon na gcásanna ar roinneadh comhairle le heagraíochtaí stáit faoina ndualgais reachtúla teanga le dhá bhliain anuas. Léirigh faireachán ar 18 Roinn Stáit i gcaitheamh 2023 leibhéal ard géilliúlachta maidir le caighdeán na bhfógairtí taifeadta béil a bhí á n-úsáid acu ar a gcórais teileafóin.

Ní mór athshamhlú a dhéanamh ag an tráth seo ar sheachadadh seirbhísí poiblí an Stáit trí Ghaeilge. Tá dlús criticiúil foirne le Gaeilge mhaith i gcomhlachtaí poiblí ag teastáil ionas go mbeidh muinín an phobail teanga i seirbhísí poiblí trí Ghaeilge. Ba chóir molchampais sheirbhísí poiblí a fhorbairt i Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, i mBailte Seirbhíse sa Ghaeltacht agus lasmuigh den Ghaeltacht, i Líonraí Gaeilge agus i lárionaid Ghaeilge i gcathracha le líon agus caighdeán na seirbhísí poiblí trí Ghaeilge a fheabhsú. Rachfadh na molchampais go mór i ngleic le cuid de na bacanna a bhíonn ar phobal na Gaeilge teacht ar sheirbhísí poiblí ar ardchaighdeán trí Ghaeilge go laethúil.

Dúirt Séamas Ó Concheanainn freisin: “Beidh tábhacht ar leith ag baint leis an bPlean Náisiúnta do Sheirbhísí Poiblí trí Ghaeilge a fhoilseofar níos deireanaí i mbliana. Tá sé riachtanach go leagfaidh an Plean Náisiúnta amach cosán soiléir trína dtiocfaidh feabhas suntasach ar chaighdeán agus ar líon na seirbhísí poiblí trí Ghaeilge. Tá cur chuige réadúil, forásach agus céimnithe, i dtreo na sprice 20% d’earcaithe le Gaeilge sa tseirbhís phoiblí, faoin mbliain 2030 riachtanach freisin, le go rachfar i ngleic leis na bearnaí suntasacha reatha i seirbhísí poiblí trí Ghaeilge”.


@CeartaTeanga @DeptCultureIRL @OireachtasNews @PresidentIRL @ForasnaGaeilge

Share/Save/Bookmark

15.4.24

Ár dteanga iontach náisiúnta! (100 as 3264)

Is gnáth-nós ag poiliteoirí na hÉireann ní baintear úsáid as an Teanga Náisiúnta ag nuair atá siad ag déanamh tagairt don Teanga féin nó don Ghaeltacht. Ní raibh athrú ar bith sa nós nuair a labhair Ceannaire Fhianna Fáil ag a Ard-Fheis ar an Sathairn (13 Aibreán 2023)

In oráid de 3265 focail ar ana chuid ábhar ni raibh ach 115 sa Teanga Náisiúnta ina measc sin dúirt sé "A Chairde" sé n-uaire agus dúirt sé "Gura míle maith agaibh" ag a deireadh. Fágann sin nach raibh ach céad (100) focail san oráid ina iomláin i nGaeilge. Tá an oráid le fáil ar shuíomh (Béarla) a pháirtí. 

Seo mar atá sé ar an suíomh -

Agus is tuairim lárnach de pháirtí Fhianna Fáil go gcaithfimid ár gcultúr agus ár bhféiniúlacht náisiúnta a chosaint agus a fhorbairt.
Is cuid riachtanach dár n-aitheantas náisiúnta é dlúthbhaint a bheith againn le cultúir na hEorpa agus le cultúir an domhain uilig. Sin cuid thábhachtach dár nÉireannachas.
Le cúig bliana anuas, táimid de shíor ag méadú na tacaíochta don oideachas trí mheán na Gaeilge.
Níl aon amhras ach go leanfaidh athbheochan na Gaeilge, ár dteanga iontach náisiúnta, ar aghaidh le díograis sna blianta amach romhainn.
Agus is iontach an scéal é go bhfuil Thomas Byrne mar aire na Gaeltachta anois.

Mar a dúradh ar tuairisc.ie: "Ba mhór idir caint Martin faoi athbheochan na Gaeilge agus admháil lom an aire stáit nua Thomas Byrne an tseachtain seo caite go bhfuil géarchéim teanga sa Ghaeltacht."

Léiríonn oráid Mhichíl Martin an cur chuige atá léirithe go ró mhinic ag an státchóras. Má fhéacann tú ar na teachtaireachtaí ón dTáinaiste ar an gcóras giolcaireachta twitter (X) ní bheadh fhios agat go raibh Gaeilge ar bith aige, fiú nuair a  bhí sé ina Thaoiseach. Déarfainn go raibh níos mó Ghaeilge ann ag an Taoiseach Fine Gael, Leo Varadkar ná ag Ceannaire an pháirtí a deireann "go gcaithfimid ár gcultúr agus ár bhféiniúlacht náisiúnta a chosaint agus a fhorbairt." 

I bhfocal Catherine Connelly, Cathaoirleach, Choiste Oireachtais sa Dáil roimhe seo: "Tá an teachtaireacht ag dul amach ... má tá rud tabhachtach le rá, abair i mBéarla é." 

Nó i bhfocal Sheáin Uí Chuirreáin deich mbliain ó sin, "Labhairígí Gaeilge eadraibh féin ach abair Béarla linne!"

Nó mar a bhí luaite ag Aire Stáit na Gaeltachta nua Byrne, narbh aisteach an rud é go raibh sé níos éasca labhairt i nGaeilge i gcóras na hEorpa sa mBruiséal ná i gcóras riarachán na hÉireann.

Is cosúil nár chuala Fine Gael (nó Fianna Fáil) a dúirt an Coilleánach, "Go dtí go mbeidh an Ghaeilge againn. arís ar ár dteangain agus ar ár n-aigne nílimid saor ..."


Share/Save/Bookmark

8.1.24

Óglaigh na hÉireann á gcosaint?

Feicim go bhfuil dlí á fhógairt ag an Rialtas nach mbeadh cead ag aon dream "Óglaigh na hÉireann" a thabhairt ar aon eagraíocht ach Airm na hÉireann amháin.

Cosantóir an Bhéarla?
Nach mbeadh sé go deas dá dtabharfadh Airm na hÉireann fhéin "Óglaigh na hÉireann" ortha fhéin i gcónaí?

"military.ie/" ar an suíomh idirlín acu cé go bhfuil chuid de dhá theangach. Agus tá "@defenceforces" (Béarla) acu ar twitter ("X") agus ar facebook (Béarla). 

Nach bhfuil sé ait nár chuir Oglaigh na hÉireann, an a ngiolch ar "The official Twitter page of the Irish Defence Forces" nó san "Official Irish Defence Forces Facebook page" sa teanga náisiúnta?

Ar ndóigh ní dea shampla atá ar fáil ón Roinn Cosanta cé go ndearnadar aistriú ar an AAA (URL) don leagan "Gaeilge" dá suíomh go "eagraiocht/an-roinn-cosanta/" ach faraoir is beag Gaeilge atá ar an suíomh acu.

Nó fiú ó Uachtarán na Tíre a úsáideann ainm a oifige i mBéarla ar twitter seachas ár dteanga ársa féin.


@defenceforces @IRLDeptDefence @PresidentIRL @ceartateanga

Share/Save/Bookmark

9.6.23

Dámhachtainí Fulbright fógartha.

Bhí an Roinn Gnóthaí Eachtracha, An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus Chargé d'Affaires, agus Ambasáid na Stát Aontaithe, Mike Clausen  ag fógairt 37 Dámhachtain Fulbright don bhliain 2023-2024 le déanaí. 

Bronnadh Gradaim ar na scoláirí agus na mic léinn ag ócáid i dTeach an Ambasadóra ar an nDéardaoin (8 Meith 2023)

Freastalóidh lucht acadúil, gairmithe, mic léinn agus cainteoirí Gaeilge ar 17 institiúid sna Stáit Aontaithe ag tabhairt faoi thaighde, ag déanamh staidéir, ag teagasc agus ag comhoibriú le saineolaithe ina réimsí spéise ó mhí Lúnasa 2023 go mí Lúnasa 2024.

Tá clú agus cáil ar chlár malartaithe Fulbright as iarrthóirí den scoth á roghnú as gach cearn d?oileán na hÉireann chun staidéir a dhéanamh agus obair a dhéanamh le hInstitiúidí sna Stáit Aontaithe thar gach réimse spéise ó shláinte, eolaíocht, teicneolaíocht agus gnó go dtí na healaíona agus cultúr.

Rachaidh na Fulbrighteoirí ag taisteal go dtí 17 Stát ag neadú iad féin in institiúidí ó Institiúid Ailse Dana-Farber i mBostún, Poets House Nua-Eabhrac agus Ollscoil Haváí go dtí an Smithsonian Institution in Washington DC agus East Los Angeles College. Rachaidh Scoláirí Éireannacha Fulbright, Mac Léinn, agus Cúntóirí Teagaisc Teangacha Iasachta (FLTAanna) i dteagmháil freisin le sochaí na Stát Aontaithe agus roinnfidh siad a gcuid eolais agus saineolais nuair a fhilleann siad abhaile.

I mbliana, thug an t-Uachtarán Joe Biden cuairt ar Éirinn.  Rachaidh na 37 dámhachtainí Éireannacha go SAM chun smaointe agus eolas a mhalartú agus chun feidhmiú mar Ambasadóirí Cultúrtha. Neartaíonn siad naisc idir ár dtíortha chun tuiscint agus comhbhá a bhfuil géarghá leo a chothú.

Osclófar an chéad bhabhta eile d'iarratais do Dhámhachtainí Fulbright Gaeilge ar 28 Lúnasa 2023. Ba cheart d'iarrthóirí a bhfuil suim acu ann cuairt a thabhairt ar an suíomh idirlín le heolas sa bhreis a fháil.

Dúirt an tAire Stáit sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Thomas Byrne TD:
"Tá cairdeas an chaidrimh idir Éire agus na Stáit Aontaithe mar thaca ag ár stair chomhroinnte agus ár gcomhluachanna. Is teist iad Coimisiún Fulbright agus na Fulbrighteoirí, san am a chuaigh thart agus san am atá i láthair, ar na traidisiúin is fearr de mhalartú acadúil agus cultúrta. Tá Rialtas na hÉireann bródúil as an gclár seo, a bhfuil ról riachtanach aige maidir le tuiscint thrasatlantach a chothú agus na naisc iontacha acadúla a chothú, tríd an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus an Roinn Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Comhghairdeachas ó chroí le lucht Fulbright na hÉireann 2023-2024."

Dúirt Mike Clausen ó US Chargé d'Affaires: "Is ionann Clár Fulbright agus tionscnamh malartaithe idirnáisiúnta oideachais agus cultúrtha ceannródaíoch rialtas na Stát Aontaithe. Tá ról ríthábhachtach ag Fulbright maidir leis an gcaidreamh uathúil na Stát Aontaithe agus Éirinn a chothú agus a chur chun cinn. Malartaíonn dámhachtainí Fulbright taighde, eolas, smaointe agus cultúr agus cabhraíonn siad le fadhbanna tábhachtacha domhanda a réiteach. Tréaslaím le lucht bronnta na bliana seo agus guím rath orthu sna Stáit Aontaithe agus níos faide i gcéin."

Dúirt Cathaoirleach Bhord Choimisiún Fulbright in Éirinn, an tOllamh Diane Negra: "Labhraím ar son Bhord iomlán Choimisiún Fulbright na hÉireann agus iad ag tréaslú leis na 37 dámhachtainí Fulbright as a gcuid dámhachtainí a fháil. Is ionann Fulbright agus taighde ardleibhéil, sármhaitheas acadúil agus comhoibriú traschultúrtha agus guím gach rath ar na dámhachtainí agus iad ag taisteal go dtí na Stát Aontaithe ag dul isteach i líonra rathúil Alumni gairmiúla, agus ag fáil taithí ar mhalartú cultúrtha agus oideachais saibhir agus uathúil a chuimsíonn Gradaim Fulbright".

Dúirt Stiúrthóir Feidhmiúcháin, Coimisiún Fulbright in Éirinn, an Dr Dara FitzGerald: "Tréaslaím leis na buaiteoirí nua as an onóir agus an éacht suntasach a bhain le Gradam Fulbright a bhaint amach. Tá an Coimisiún bródúil as na dámhachtainí Éireannacha a théann i ngleic leis na Stáit agus a fhilleann abhaile chun a gcuid foghlama a roinnt. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis na comhpháirtithe, na geallsealbhóirí agus na hurraitheoirí a thug tacaíocht dúinn le blianta beaga anuas. Ní féidir tionchar a gcuid tacaíochta, láithreach agus le himeacht ama, a mheas faoina luach.
"Gabhaimid buíochas lenár gcomhpháirtithe, le Roinn Stáit na Stát Aontaithe agus leis an Ambasáid i mBaile Átha Cliath, le Roinn Gnóthaí Eachtracha agus leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Táimid buíoch as tacaíocht leanúnach ár n-urraitheoirí dámhachtana Éireannacha: an Bord Taighde Sláinte, Fiontraíocht Éireann, an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann, Ollscoil na hÉireann, Teagasc, Clár Cruthaitheach Éireann agus Institiúidí suntasacha SAM ar nós an Exploratorium, an Smithsonian, an Harry Ransom Centre agus Boston College.
"Agus an tacaíocht leanúnach ó institiúidí Éireannacha ar nós Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Coláiste Ríoga na Máinlianna in Éirinn, Ollscoil na Gaillimhe, Ollscoil Mhá Nuad, Ollscoil Luimnigh, Fondúireacht Eolaíochta Éireann, Ollscoil Theicneolaíochta an Atlantaigh , Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, Áras Nua-Ealaíne na hÉireann agus Dánlann Hugh Lane.
Tá fonn orm ár gcaidrimh atá ag fás leis na hOllscoileanna Teicneolaíochta a aithint lena n-áirítear Ollscoil Theicneolaíochta an Atlantaigh, Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, Ollscoil Teicneolaíochta na Sionainne: Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan agus Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt. Guímid gach rath orthu agus iad ag forbairt agus cuirfimid tacaí ar fáil dá dtionscnaimh."


Share/Save/Bookmark

19.4.23

An ndearna an státchóras beart de réir a bhriathair maidir le cearta teanga?

Tuarascáil Bhliantúil 2022 – An Coimisinéir Teanga

Mar ullmhúchán do theacht i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 reachtáil an Oifig (OCT) ceann de na cláir ardaithe feasachta ba mhó ó aimsir a bunaithe. D’fhreastail breis is 2,100 rannpháirtí ar sheimineáir ghréasáin a reachtáil an Oifig, cuid acu a reáchtáladh i gcomhar leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Díol suntais ab ea an méadú de 81%, ó 189 go dtí 284, a tháinig ar líon na gcásanna inar roinn an Oifig comhairle le comhlachtaí poiblí faoina ndualgais faoin Acht. D’eascair an méadú is suntasaí ar líon na gcásanna comhairleacha go príomha ó theacht i bhfeidhm alt 10A. (Fógraíocht ag Comhlachtaí Poiblí) in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, a tháinig i ngníomh mí Dheireadh Fómhair 2022.


Príomhphointí
❖ Méadú 81% ar líon na gcomhairlí a tugadh do chomhlachtaí poiblí in 2022
❖ 600 gearán faighte le fiosrú ag OCT in 2022 – 25% as Contae Bhaile Átha Cliath
❖ Feachtas feasachta is mó riamh rite ag OCT – breis is 2,100 rannpháirtí ar sheimineáir ghréasáin
❖ 5 imscrúdú curtha i gcrích – 3 imscrúdú a bhain le húdaráis áitiúla; teip Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte clárúchán i nGaeilge do vaicsíní a chur ar fáil; agus imscrúdú ar chomharthaíocht de chuid Iarnród Éireann.
❖ Pleanáil tithíochta sa Ghaeltacht agus craoltóireacht i nGaeilge i measc na mórábhar faireacháin i gcaitheamh na bliana 2022.
Fógraíocht.
Leagann alt 10A. dualgas ar chomhlachtaí poiblí go mbeidh 20% ar a laghad dá gcuid fógraíochta in aon bhliain ar leith déanta trí mheán na Gaeilge agus go mbeidh ar a laghad 5% de bhuiséad bliantúil fógraíochta an chomhlachta phoiblí caite leis na meáin Ghaeilge freisin.

Gearáin.
Fuair an Oifig 600 gearán i gcaitheamh 2022, agus cé gur ísliú an figiúr sin ón 727 gearán a fuair an Oifig in 2021 bhí sé ar chomhleibhéal le líon na ngearán ó bhlianta beaga eile anuas, m.s. 604 gearán in 2020. Chomh maith leis sin, tháinig isteach is amach le ceann as gach uile chúig ghearán ón nGaeltacht agus ceann as gach uile cheithre gearán ar bhonn contae as Contae Bhaile Átha Cliath.

Imscrúdaithe.
Bhain trí cinn den chúig imscrúdú a cuireadh i gcrích in 2022 le húdaráis áitiúla. Bhain ceann de na himscrúduithe sin le Comhairle Contae Uíbh Fhailí (Béarla). Ar mhaithe leis an imscrúdú seo a thabhairt chun críche bhí ar an gCoimisinéir Teanga céim neamhghnách a thógáil trí alt 22(1) den Acht a thionscnamh. Foráiltear in alt 22(1) gurbh fhéidir ceangal ar aon duine ar dóigh leis an gCoimisinéir Teanga faisnéis ábhartha a bheith aige nó aici an fhaisnéis sin a chur ar fáil agus más gá iarraidh ar an duine sin freastal os a chomhair chun críche chur i ngníomh a chuid feidhmeanna.

Léirigh imscrúdú eile gur sháraigh FSS - Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (Bearla) an dualgas reachtúil teanga atá daingnithe i bhfo-alt 9 (2) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003. D’eascair an sárú de bharr gur thug an FSS feidhm do chóras chun coinní do vacsaín a dhéanamh ar líne gan dícheall cuí a dhéanamh i leith na gceart teanga atá leagtha amach i bhfo-alt 9(2) trína bhfuil sé de cheart ag an bpobal cumarsáid i scríbhinn i nGaeilge a dhéanamh le comhlacht poiblí.

Rinne an Oifig faireachán ar fheidhmiú moltaí imscrúduithe i gcás 10 gcomhlacht poiblí le linn 2022 freisin. Bhí cúrsaí pleanála agus tithíochta sa Ghaeltacht agus an chraoltóireacht Ghaeilge i measc na n-ábhar ba shuntasaí a raibh monatóireacht le déanamh orthu.

Pleanáil sa Ghaeltacht.
Is díol suntais é an líon gearán a bhaineann le cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht atá tagtha chun cinn le blianta beaga anuas. Faoi alt 10(2)(m) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, cuirtear ceanglas ar údarás pleanála a bhfuil limistéir Ghaeltachta faoina chúram, cuspóirí faoi leith a leagan síos ina Phlean Forbartha Contae chun oidhreacht teanga agus chultúrtha na Gaeltachta a chosaint, lena n-áirítear an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga an phobail.

Léirigh imscrúdú in 2019 gur theip ar Chomhairle Contae na Mí na cuspóirí céanna seo a bhí leagtha amach ina Plean Forbartha Contae a chomhlíonadh agus iarratais phleanála ar fhorbairtí tithíochta sa Ghaeltacht á bpróiseáil, agus cinntí á ndéanamh orthu. Cé go bhfuil iarracht dhílis á déanamh ag Comhairle Contae na Mí moltaí an imscrúdaithe a chur i bhfeidhm, léiríonn an cás seo gurb ann do riachtanas soiléirithe i bhfoirm reachtaíochta nó rialacháin d’údaráis áitiúla a bhfuil limistéir pleanála teanga Ghaeltachta faoina gcúram, amhail cásanna eile atá curtha faoi bhráid na hOifige le blianta beaga. Chuige sin beidh tábhacht ar leith ag baint leis na treoirlínte reachtúla nua atá le heisiúint ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta i mbliana chun feidhmiú alt 10(2)(m) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 a chinntiú.

Rónán Ó Domhnaill
Coimisinéir Teanga 2014-2023
Craoltóireacht.
Maidir leis an gcraoltóireacht Ghaeilge, léiríodh in imscrúdú ar RTÉ (Béarla) sa bhliain 2018 gur sáraíodh dualgais reachtúla a bhaineann le réimse cuimsitheach clár a chur ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla i gclársceidil a chuid seirbhísí craolacháin. Tá méadú suntasach tagtha ar líon na n-uaireanta craolta Gaeilge ar sheirbhísí teilifíse RTÉ ó rinneadh an t-imscrúdú agus táthar ag súil go leanfaí den mhéadú ar bhonn céimnithe sna blianta amach romhainn. Mar thoradh díreach ar chur i ngníomh mholtaí an imscrúdaithe sin, tá curtha in iúl ag RTÉ go gcraolfar clár cúrsaí reatha teilifíse as Gaeilge ar RTÉ 1 in 2023 den chéad uair le breis is fiche bliain.

Scoir Rónán Ó Domhnaill de bheith ina Choimisinéir Teanga nuair a chuaigh sé i mbun a chuid cúraimí nua mar Coimisinéir Forbartha na Meán i gCoimisiún Nua na Meán i lár mhí Feabhra 2023.




Share/Save/Bookmark

22.1.22

Ar son na cúise? Meas nó dímheas?

Cé chomh maith is atá na páirtithe Polataíochta i leith na teanga?

Meas: Daonlathaigh Shoisialta
Deireann siad ar fad go bhfuil siad ar a son ar ndóigh ach is léir ón gcuid is mó acu níl siad sásta an gníomh is simplí ar a son a dhéanamh - eolas futha féin athabhairt ar líne.

Mar a deintear go minic sa lá atá inniú ann, téann gach duine chuig an idirlín lena a suíomh a fheiscint ar an ngréasáin ach má tá ort aon rud sa teanga náisiúnta a fháil bheadh díomá ort.

1. Sinn Féin - níl fiú cnaipe "Gaeilge" ann agus má déannan tú cuardú don bhfocal "Gaeilge" faigheann tú preas ráitaisí - ceann nó dhó i nGaeilge ach an cuid is mó i mBéarla. Ní féidir cabhrú nó síniú suas sa Teanga Náisiúnta!

2. Fine Gael - Níl cnaipe "Gaeilge" ann agus má deanann tu cuardú don bhfocal "Gaeilge" faightear preas ráitaisí i mBearla. Ní féidir cabhrú nó síniú suas sa Teanga Náisiúnta!

Meas: Na Glasaigh
3. Fianna Fáil - Tá cnaipe "Gaeilge" ann tá sé deachair é a aimsiú (ag bun an leathanach beagnach) agus má brútar ar sin tá teachtaireach i mBéárla a deireann go bhfuil siad ag obair ar an "Irish Section" den suíomh. Ní féidir an suíomh a chuardú! Ní féidir cabhrú nó síniú suas sa Teanga Náisiúnta!

4. Comhaontas Glas - tá dhá shuíomh acu, ceann i mBéarla agus ceann i nGaeilge agus tá cnaipe teanga ann le dul chuig an leagan Béarla. Cheap mé nach raibh an leagan Gaeilge suas chun dáta agus tá stuif i mBearla ann chomh maith.

Meas? Fianna Fáil
5. Lucht Oibre - Níl cnaipe Gaeilge ann agus má deantar cuardú don bhfocal "Gaeilge" arís níl ann ach preas ráitaisí i mBéarla atá ann. Ní féidir cabhrú nó síniú suas sa Teanga Náisiúnta!

6. Na Daonlathaigh Shoisialta - tá cnaipe "Gaeilge" ann agus tá leathanach i nGaeilge ann le roinnt stuif i nGaeilge.

7. Pobal roimh Brabús - Níl cnaipe Gaeilge ann agus má cúardítear an focal "Gaeilge" faightear preas ráitisí i mBéarla don chuid is mó.

8. Aontú - Arís níl cnaipe "Gaeilge" ann agus má deantar cúardú don bhfocal "Gaeilge" faightear preas ráitisí, cuid acu i nGaeilge. Ní féidir cabhrú nó síniú suas sa Teanga Náisiúnta!

Di-mheas? SF; FG; LO; PBP

Is léir nach bhfuil fíor spéis ag na Páirtithe éagsúla sa Teanga Náisiúnta nó d'Alt 8 mír 1 den bhunracht. Nach  léir go dtugann Alt 8 mír a 3 cead a gcinn dóibh?

Nó bhfuil dul amu orm?




Share/Save/Bookmark

23.12.21

Deich mbliain agus mí amháin ag fás.

Shínigh Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn, Acht na dTeangacha Oifigiúla 2019 (Leasú) tráthnóna inniu agus tá Acht níos láidre ó dheas, tar éis 10 mbliain d'fheachtasaíocht leis sin a chinntiú, agus ba chóir go mbeidh seirbhís as Gaeilge do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ón státchóras i bhfad Éireann níos fearr curtha ar fáil amach anseo.

Brú ar an bpic chun é a léamh!
Chuir Chonradh na Gaeilge fáilte roimh an nuacht agus tá roinnt cáipéisí curtha amach faoi. Tá amlíne foilsithe acu (ar dheis) agus tá léiriú ar chéard atá san Acht agus tuairimí an Chonartha ar phríomh fhorálacha an Achta (pdf) foilsithe chomh maith.

“Ba mhaith le Conradh na Gaeilge aitheantas agus moladh faoi leith a thabhairt do gach ball den eagraíocht agus gach duine eile i bpobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a sheas an fód in aghaidh na moltaí an-lag don reachtaíocht ó na Rialtais idir 2011 go 2016, a chinntigh neamhspleáchas Oifig an Choimisinéara Teanga, agus a chinntigh idir 2017 agus 2021 reachtaíocht go bhfuil bunús agus deis ann le seirbhísí sásúla Gaeilge a bhaint amach don phobal Gaeilge agus Gaeltachta amach anseo," a dúirt Dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge. "Ba mhaith linn chomh maith aitheantas agus ardmholadh a thabhairt d’Uachtarán na hÉireann, don Aire reatha, na hAirí Gaeltachta agus na hAirí Rialtais eile a thacaigh thar na blianta, na polaiteoirí sa fhreasúra (go háirithe baill an Chomhchoiste Gaeilge agus Gaeltachta), na Coimisinéirí Teanga, na Feidhmeannaigh i Roinn na Gaeltachta agus eile a raibh ról acu i bhforbairt an Achta.”

“Ní haon áibhéil a rá go raibh bóthar fada againn le 10 mbliana anuas le hAcht na dTeangacha Oifigiúla a uasdátú." arsa Julian de Spáinn. "Thosaíomar amach ag cosaint neamhspleáchas Oifig an Choimisinéara Teanga agus ag cur i gcoinne lagú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Rinne an Conradh seo i bpáirt le Guth na Gaeltachta i 2011 agus, thar an chéad 10 mbliana eile, is iomaí grúpa, duine sa phobal agus polaiteoir a thacaigh lenár n-éileamh. Tá dul chun cinn déanta. Ní amháin gur éirigh linn Oifig an Choimisinéara Teanga a choinneáil neamhspleách ach baineadh na rudaí a leanas amach san Acht leasuithe:

  1. 20% ar a laghad den fhoireann a earcófar chuig comhlachtaí poiblí le bheith inniúil i nGaeilge faoi 31 Nollaig 2030 ar a dhéanaí
  2. 20% fógraíocht de chomhlachtaí poiblí le bheith as Gaeilge agus 5% de bhuiséad fógraíochta na gcomhlachtaí le caitheamh ar na meáin Ghaeilge
  3. Na seirbhísí ó na comhlachtaí poiblí ar fad le bheith curtha ar fáil don Ghaeltacht as Gaeilge (ach níl spriocbhliain luaite leis seo)
  4. Aitheantas oifigiúil agus córas le bunú chun go mbeidh an pobal in ann a n-ainmneacha agus a seoltaí, le síntí fada más mian leo, a úsáid le comhlachtaí poiblí (agus nach mbeidh orthu teideal a úsáid mura mian leo)
  5. Comhlachtaí san earnáil príobháideach ag soláthar seirbhísí don phobal, ar son chomhlachtaí poiblí, le cloí le forálacha áirithe den Acht
  6. Cothromaíocht agus cinnteacht don Ghaeilge le bheith in ábhar margaíochta comhlachtaí poiblí
  7. Lógónna reatha as Béarla amháin ag comhlachtaí poiblí le hathrú go lógónna dátheangach, nó go Gaeilge amháin, nuair a bheidh na lógónna le hathnuachan nó le hathrú
  8. Ainmneacha oifigiúla ar chomhlachtaí poiblí nua le bheith as Gaeilge amháin, agus cinnteoidh seo go mbeidh lógó gach comhlacht poiblí nua as Gaeilge amháin nó dátheangach
  9. Foirmeacha oifigiúla áirithe ag comhlachtaí poiblí le bheith dátheangach nó as Gaeilge amháin
  10. Ionadaíocht ar an gCoiste Comhairleach le bheith ag duine mar ionadaí ó limistéir pleanála teanga Gaeltachta agus ag duine eile mar ionadaí ó lasmuigh den Ghaeltacht
  11. Cathaoirleach an Choiste Comhairligh, a bheidh i mbun plean náisiúnta a chur le chéile a thógfaidh earcaíochta gus soláthar seirbhísí san áireamh, le bheith inniúil i nGaeilge
  12. Caighdeáin teanga le bheith ann in ionad scéimeanna teangaAn tAire Gaeltachta le bheith freagrach as comhordú cur i ngníomh an Phlean Náisiúnta ag na comhlachtaí poiblí
  13. Cumhacht breise faireacháin le bheith ag an gCoimisinéir Teanga ar reachtaíocht reatha
  14. Struchtúr bainistíochta sinsearacha le bheith freagrach as cur i bhfeidhm an Achta sna Comhlachtaí Poiblí
  15. An Creat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le bheith in úsáid do dhaoine ag soláthar seirbhísí stáit

"Níl aon amhras ar an gConradh ach go bhfuil dúshlán eile os ar gcomhair agus go mbeidh brú leanúnach ag teastáil le cinntiú go gcuirfear Plean Náisiúnta sásúil agus uaillmhianach le chéile agus go gcuirfear i bhfeidhm ina iomlán é, chomh maith leis na forálacha ar fad eile san áireamh san Acht a chur i bhfeidhm. Leanfaidh Conradh na Gaeilge ag brú leis seo a bhaint amach agus spreagfar rannpháirtíocht leanúnach ón bpobal.”


Share/Save/Bookmark

22.12.21

Tá sé ina dlí.


Tar éis dó a mhachnamh a dhéanamh ar An Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019, tá an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn tar éis a lámh a chur leis leis an mbille a dhéanann leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla dá réir sin tá sé ina dhlí.


Dúirt an Coimisinéir Teanga go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta maidir le cearta teanga toisc Acht na dTeangacha Oifigiúla nua a bheith ina dhlí anois. Ach dúirt Rónán Ó Domhnaill gurb é an rud is tábhachtaí anois ná a chinntiú go gcuirtear an tAcht nua i bhfeidhm mar ba chóir.

“Is cinnte go bhfuil dul chun cinn déanta ó thaobh cearta teanga de toisc gur achtaíodh an reachtaíocht seo. Is gá don Stát gníomhú ar bhealach praiticúil agus réamhghníomhach anois chun feidhm a thabhairt don chuspóir soiléir gur daoine atá inniúil sa Ghaeilge a bheidh i 20% d’earcaithe nua sa tSeirbhís Poiblí agus sa Státseirbhís faoin mbliain 2030. Is léir go mbeidh go leor ag brath ar obair an Choiste Chomhairligh, atá le bunú faoin Acht, agus ar an bPlean Náisiúnta do Sholáthar Seirbhísí Stáit trí Ghaeilge, a mbeidh feidhm reachtúil aige, chun cur go suntasach le líon na gcainteoirí Gaeilge sa tSeirbhís Phoiblí.” 

I measc na bhforálacha sa reachtaíocht nua tá:

  • Cuspóir go mbeadh 20% d’earcaithe nua sa tseirbhís phoiblí agus sa Státseirbhís inniúil i nGaeilge faoin mbliain 2030.
  • Deimhniú go leagfar síos spriocdháta faoina mbeidh chuile sheirbhís Stáit sa Ghaeltacht ar fáil as Gaeilge.
  • Feidhm bhreise faireacháin don Choimisinéir Teanga.
  • Foráil chun deireadh a chur le córas na Scéimeanna Teanga agus córas caighdeán seirbhíse a bhunú.
  • Foráil chun a chinntiú go bhfreagraítear cumarsáid a dhéantar le comhlacht poiblí ar na meáin shóisialta sa teanga chéanna.
  • Foráil lena leagtar dualgas ar chomhlachtaí poiblí ábhar margaíochta a chuirtear faoi bhráid aicme den phobal a bheith i nGaeilge.
  • Foráil lena leagtar dualgas ar chomhlachtaí poiblí 20% dá fhógraíocht a dhéanamh trí Ghaeilge.
  • Foráil lena leagtar dualgas go mbeidh foirmeacha iarratais i nGaeilge.
  • Foráil le cinntiú gur i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla a bheidh lógónna comhlachtaí poiblí.

A lámh curtha ag Uachtarán na hÉireann le bille teanga nua (TuairiscNuacht)
Fáilte áirithe curtha roimh achtú an Bhille Teanga (RTÉ)

Dúirt Rónán Ó Domhnaill go mbeidh a Oifig siúd ag cur comhairle ar an bpobal faoi na cearta breise teanga a bheidh ann de thoradh na reachtaíochta nua. Beidh a Oifig ag cur comhairle ar chomhlachtaí poiblí chomh maith maidir leis na dualgais reachtúla nua. Is in imeacht ama a thiocfaidh na forálacha i bhfeidhm ach ba cheart tosú tabhairt faoin obair sin chomh luath agus is féidir, a dúirt an Coimisinéir sé.

Tá athbhreithniú á dhéanamh shuíomh gréasáin An Choimisinéara d’fhonn na leasuithe ar an reachtaíocht teanga de thoradh an Achta nua a thabhairt san áireamh. Tá súil acu an obair seo a thabhairt chun críche go luath san athbhliain. 

@PresidentIRL @Ceartateanga @OireachtasNews #AchtTeanga

Share/Save/Bookmark

4.8.21

An geall briste ...

An bhfuil an státchóras ag iarraidh “fáil réidh” leis an Ghaeilge agus “beag is fiú” a dhéanamh do Phobal Labhartha na Gaeilge?

Fear socair stuama soineanta é  Ciarán Ó Feinneadha mar is ceart do chuntasóir. Mar a deireann sé féin bíonn "gnáth deachtaireacht" aige ag déileáil leis córas riaracháin an Stáit sa Teanga Náisiúnta agus ní dhéanann sé gearán poiblí futhu. (Ní gá ach breathnú ar thuariscí leis na blianta ón gCoimisinéir Teanga le samplaí de na deachtaireachtaí sin a fheiscint!). Ach i rith caidrimh leis A Roinn Coimirce Sóisialai nuair a tháinig chuig deireadh na feide. Roinn sé an píosa seo ar facebook. Thug sé cead dom é a roinnt ar an mblag seo. *

"Gheall mé dom féin nach ndéanfainn gearán poiblí faoi fhadhbanna a bhaineann le seirbhísí Gaeilge le linn na paindéime. Ach tá brón orm, tá teipithe orm. Deacair seo a chreidiúint ach seo ceithre rud a tharla dom i rith mhí Iúil 2021 mar Éireannach:

1. Cliant ón iasacht ag iarraidh mo tháille a íoc go leictreonach ach ní glacfadh an banc leis. Bhí orm a mhíniú di gur gá di ainm mo ghnó Comhairle Chánach Teo a lítriú MÍCHEART toisc nach nglacann an banc leis an ‘fada’ ar Chánach. Nuair a bhain sí an fada amach ghlac an banc leis.

2. Cuireadh litir a sheol mé sa phost arais chugam, cé go raibh an seoladh iomlán soiléir (clóscríofa), iomlán cruinn agus an stampa ceart íoctha. Bhí an seoladh i Gaeilge. Ar laghad ní raibh “address does not exist” scríofa air an uair seo mar a tharla roimhe.

3. Tá mo theastas Covid digiteach i mBéarla amháin, gan focal amháin Gaeilge air agus m’ainm litrithe mícheart mar atá cinn baill eile den chlann.

Dona go leor a deir tú ach níl anseo ach na fadhbanna a bhíonn agam agus ag Gaeilgeoirí eile i gcaitheamh ár saol. Ach theip orm mo gheallúint a choinneáil nuair a tharla seo:

4. Tá orm Cárta Leasa Sóisialaigh a fháil agus bhí ar an Roinn Coimirce Sóisialaí mo theastas breithe a dheimhniú go leictreonach.
Bhaist mo thuismitheoirí Ciarán Ó Feinneadha orm. Dúradh liom agus mé ag plé leis an Oifig áitiúil “ Ní ann duit ar an gcóras” agus “ níl tú ar an gcóras ar chor ar bith”. Mar sin ar an gcóras cláracháin do theastais bhreithe ag rialtas na hÉireann ní ann do ‘Ciarán Ó Feinneadha’. Tá mo shloinne aistrithe acu go Béarla agus tá an sloinne Béarla a chruthaigh siad dom úsáidte acu chun comhadú a dhéanamh ar m’ainm ceart sa chóras . Dúradh liom faoi thrí go bhfuil seo déanta acu do gach uile dhuine a bhfuil sloinne Gaeilge acu.
Tá an leagan Gaeilge fós ar an teastas féin ach tá siad tar éis ár sloinnte Gaeilge ar fad a aistriú go Béarla (más Béarla é) agus tá comhadú déanta acu orainn faoin leagan Béarla sin amháin. Mar sin nuair a rinne siad iarracht mo theastas breithe a dheimhniú iarradh orm cén leagan Béarla a bhí ar m’ainm agus ar ndóígh dhiúltaigh mé ceann a chumadh toisc nach ann dó – bíonn saghas náire orm maíomh as WARRIOR ar ndóigh. Mar sin ní raibh an oifig áitiúil in ann teacht orm sa chóras gan an leagan truaillithe/Béarla den ainm faoin a bhfuil mé comhdaithe acu, rud nár úsáid mé riamh nó mo thuistí. DOCHREIDTE.

Fuair mo bheirt tuismitheoirí bás le blianta beaga anuas agus mothaím gur masla pearsanta dóíbh siúd é seo chomh maith liom féin agus do gach Gael. Comh maith lena bheith maslach agus drochbhéasach – an é go bhfuil a bhfrithGhaelachas tar éis tuiscint daonna a bhaint."

Maidir liom féin bíonn trioblóid agam-sa aon uair atá orm teangabháil leis an stát-chóras. I ndairírí is cúis imní é agus fhios agam go mbeidh orm brú a chuir ar dhuine éigin seirbhís ceart a fháil mar Éireannach i mo thír féin i mo theanga féin. Ní déanaim riamh teangabháil anois ar ghuthán leo ach scríobhaim chucu i gcónaí agus go minic tógann sé an t-uafas ama freagra a fháil uatha - agus uaireanta is i mBéarla a bíonn an freagra. Má tá orm buaileadh le duine - ag lorg Cearta Seirbhís Poibli nó Ceadúnas Tiomána (Cé chumfadh é? 26/10/2015) bíonn sé an deachair duine a fháil le Gaeilge.

• Bhí agallamh leis ar Adhmhaidin Raidío na Gaeltachta inné (3/8/2021)  chomh maith. Agus tá píosa faoi i dTuairisc.ie anseo: "Ní ann do Ciarán Ó Feinneadha..." (4/8/2021)




* An scéal i mBéarla: "You are not on the system at all..."  (The Hidden Ireland)


Share/Save/Bookmark

1.6.21

Teanga na paindéime!


"Níl an teidlíocht reachtúil seirbhís a fháil as Gaeilge ag brath ar thosca, tosaíochtaí nó acmhainn an chomhlachta phoiblí " 

 Tá dhá rud soiléir i dTuairisc Bliantúil 2020 ón gCoimisinéir Teanga. Bhí laghdú (14%) ar an méad ghearántaí a fuarathas ag an oifig is dócha toisc go raibh an chuid den bhliain faoi dianghlasáil. Bhí imeallú teanga leanúnach ón Rialtas Lárnaigh agus Áiliúla go mór faoin bpaindéin ach bhí comharthaí eile ann fiú i gcúrsaí oideachais. Léiríonn sé chomh maith cé chomh tabhachtach is atá sé Acht Teanga láidir a bheith ann chomh luath agus is féidir.

Ba ghearáin maidir le Covid-19 a bhí in 20% de na gearáin a d’ardaigh an Coimisinéir Teanga le comhlachtaí poiblí anuraidh. Bhain formhór na gcásanna le modhanna éagsúla cumarsáide leis an bpobal a bhí i mBéarla amháin, ina measc leabhráin eolais, suíomhanna gréasáin agus fógraíocht. Ní fhéadfaí go leor de na gearáin a fhiosrú go foirmiúil mar gheall ar easpa soláthar seirbhísí trí Ghaeilge in Acht na dTeangacha Oifigiúla, dar leis an gCoimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill.

“Léiríonn na figiúirí sa Tuarascáil Bhliantúil nuair ba thábhachtaí agus ba phráinní an tseirbhís nó an t-eolas ón Stát gur lú an seans go gcuirfí ar fáil as Gaeilge í. Bhraith go leor de na daoine a rinne teagmháil le m’Oifig go raibh imeallú á dhéanamh ar lucht labhartha na Gaeilge tráth ar ghá an pobal ar fad a thabhairt le chéile in iarracht chomónta. Níor cheart beagán a dhéanamh de na dúshláin ollmhóra atá roimh an Stát in aimsir Covid ach níor cheart go mbeadh coimhlint idir na gníomhartha tromchúiseacha náisiúnta atá idir lámha agus dualgais i dtaca le cearta teanga.” a dúirt sé.

Dúirt Rónán Ó Domhnaill chomh maith: “Léiríonn na gearáin a rinneadh leis an Oifig anuraidh arís eile an gá le hAcht Teanga neartaithe chun seirbhís níos fearr trí Ghaeilge a fháil ón Stát. Tá súil go dtosóidh an Bille Teanga leasaithe á dhéanamh sin ach é a bheith achtaithe.”

Thug Oifig an Choimisinéara Teanga ceithre imscrúdú fhoirmiúla chun críche le linn 2020. Bhain péire acu le Covid.

Léirigh imscrúdú amháin gur sháraigh an Roinn Oideachais an tAcht Oideachais nuair a chinn sí tairseach ar líne chun go gcláródh mic léinn do ghráid ríofa san Ardteist a chur ar fáil i mBéarla amháin.

Léirigh imscrúdú eile gur sháraigh Comhairle Cathrach na Gaillimhe Acht na dTeangacha Oifigiúla nuair a chuir an Chomhairle comharthaí i mBéarla amháin a bhain le Covid in airde ar fud na cathrach.

Ar an iomlán rinneadh 604 gearán leis an Oifig anuraidh – laghdú 14% ó 2019. Tháinig 33% de na gearáin ó Bhaile Átha Cliath agus 23% ó na ceantair Ghaeltachta.


Féach chomh maith:

Bhain 20% de na gearáin a fuair an Coimisinéir Teanga leis an bpaindéim (Tuairisc.ie 1/6/2021)

Sárú déanta ag an Roinn Oideachais agus ag an bhForas Taighde ar Oideachas ar a ndualgais reachtúla. (Tuairisc.ie 1/6/2021)

Neamart córasach’ ba chúis le comharthaí sláinte i mBéarla amháin i gcathair na Gaillimhe (Tuairisc.ie 1/6/2021)

Easpa eolais i nGaeilge ó dhá Roinn Stáit ina mhórchúis ghearáin (NuachtRTÉ/TG4 1/6/2021)

Coimisinéir Teanga gafa ag gearáin faoi chúrsaí Covid-19 in 2020 (NuachtRTÉ/TG4 1/6/2021)


Share/Save/Bookmark

26.4.21

"Tá ár gcroithe briste! "


Tá tuarascáil faoin líon íseal Gardaí le Gaeilge sa Ghaeltacht* curtha faoi bhráid Thithe an Oireachtais ag an gCoimisinéir Teanga.

‘Déanfaidh Coimisinéir an Gharda Síochána, a mhéid is indéanta, a chinntiú go mbeidh comhaltaí den Gharda Síochána a bheidh ar stáisiún i ndúiche ina bhfuil limistéar Gaeltachta inniúil go leor sa Ghaeilge chun a chumasú dóibh í a úsáid go saoráideach le linn dóibh a ndualgais a chomhall.’  
Alt 33(2) d’Acht an Gharda Síochána (2005).
"Is ríléir anois nach bhfuil moltaí an imscrúdaithe curtha i bhfeidhm ag an nGarda Síochána. Tá líon na nGardaí ar dualgas sa Ghaeltacht a bhfuil Gaeilge acu i bhfad ró-íseal agus tá sárú á dhéanamh ar Acht an Gharda Síochána dá bharr. Ba dheacair a áitiú nach bhfuil achar réasúnta ama caite ó rinneadh moltaí in imscrúdú in 2011. Is ar Thithe an Oireachtais a thiteann sé anois aon chéimeanna breise a thógáil, má mheastar gur cuí sin a dhéanamh," a dúirt  an Coimisinéir Teanga,  Rónán Ó Domhnaill. "Tá ár gcroithe briste" a dúirt se ar Adhmhaidin (RnaG 26 Aibreáin 2021), ag iarraidh a chur ina luí ar an Garda Síochána go mbeadh Gaeilge ag Gardaí sa nGaeltacht.

Socraíodh ar thuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas de bharr nach bhfuil moltaí imscrúdaithe a rinneadh in 2011 curtha i bhfeidhm ag an nGarda Síochána agus nárbh fhéidir leis an gCoimisinéir Teanga aon chéim bhreise a ghlacadh chun a chur ina luí ar an nGarda Síochána an méid sin a dhéanamh.

Tá dualgas reachtúil ar Choimisinéir an Gharda Síochána, a mhéid is indéanta, a chinntiú gur comhaltaí den fhórsa atá líofa sa Ghaeilge a chuirtear ar dualgas i ndúiche ina bhfuil limistéar Gaeltachta.

Léirigh an t-imscrúdú a tugadh chun críche i mí na Nollag 2011 nár chomhlíon an Garda Síochána a ndualgais reachtúla teanga comhaltaí den fhórsa atá inniúil go leor sa Ghaeilge a chur ar dualgas i nGaeltacht Dhún na nGall.

Rinneadh moladh sonrach in imscrúdú 2011 go bhfiosródh an Garda Síochána an soláthar foirne ar fud na Gaeltachta lena chinntiú go rabhthas ag comhlíonadh na ndualgas reachtúil teanga atá leagtha ar an nGarda Síochána in Acht an Gharda Síochána, 2005 agus Scéim Teanga an Gharda Síochána, 2009-2012.

Fuarthas amach mar thoradh ar phróiseas faireacháin nach bhfuil ach 35 Garda le Gaeilge as 95 Garda ina iomláine atá lonnaithe i stáisiúin Ghaeltachta. Seo de réir chóras féinmheasúnaithe an Gharda Síochána féin.

*Tuarascáil faoi fho-alt 26(5) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003do Thithe an Oireachtais (Leabharlann an Oireachtais)

 @gardainfo @ceartateanga @OireachtasNews @DeptJusticeIRL


Share/Save/Bookmark

13.4.21

Eolas sláinte gan cnaipe! Eachtra bleachtaireachta Ghaelach.

Fuair mé mo chéad phocáil frith CHOVID breis is seachtain ó shin ("Faighte - cuid a h-aon!" 4/4/2021). Fuair gach éinne leabhrán 12 leathannach ag le "important information" faoin instealladh. Mar aon le sin bhí billeog aon leathanach faoi cad a thárlódh i ndiaidh an snaithid a fháil, pianta, tuirse 7rl.

Is cosúil nach raibh iad le fáil sa Teanga Náisiúnta ag an láthair ina a raibh mé á fháil. (Ní smaoinítear ar pobal na Gaeilge fiú sa Phríomhchathair Seirbhís Gaeltachta!)

Rinne an Coimisinéir Teanga tagairt don bhfadhb seo agus é ós comhair choiste Oireachtais i mí Deaireadh Fomhair 2020.
"Maidir leis na gearáin a d’fhiosraigh m’oifig, a bhain bealach amháin nó bealach eile leis an bpaindéim, feictear dom téama coitianta i gcuid de na freagraí a tugadh: go mb’éigean gníomhú go práinneach agus, i gcúinsí fíoreisceachtúla na géarchéime sláinte, cinneadh an dualgas reachtúil teanga a chur i leataobh, é a chur ar atráth, nó níor tugadh aird ar an dualgas sin toisc go gcuirfeadh sé moill ar an ngníomh a chur i gcrích.
"Dá nglacfaí leis nach raibh dlite ar chomhlacht poiblí na seirbhísí seo a chur ar fáil go dátheangach ar an údar nárbh acmhainn dó sin a dhéanamh gan moill a chur leo, d’fhéadfaí a fhorléiriú as sin nuair ba thábhachtaí agus ba phráinne an tseirbhís nó an chumarsáid, gur lú an seans go gcuirfí ar fáil as Gaeilge í."

Nuair a tháinig mé abhaile rinne mé iarracht an eolas seo a fháil ó shuíomhanna éagsúla sláinte. Ní raibh mé ábalta iad a fháil go héasca ar aon suíomh, Roinn Sláinte nó ar shuíomh Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Aisteach ach bhfuil aon Roinn Rialtas eile sásta bheith ainmnite ar twitter leis an ainm sa Teanga Náisiúnta fiú Uachtarán na Tíre.

Tá sé suimiúil má déantar hse.ie a úsáid le dul ann faightear www.hse.ie/eng/. Níl aon cnaipe ann a deireann "Gaeilge""Irish Version" Má athraíonn to go www.hse.ie/ga/ níl rud ar bith le fáil ach "Page not found!"

Rinne mé beagáinín bleachtairechta ar an suíomh. Chuir mé an focal Gaeilge sa bhosca "How can we help you?". Brú mé an chnaipe agus fuair mé "approx 139 returned for term Gaeilge!" An céad ceann "Gaeilge" agus an miniú "HSE services and information. Breastfeeding Live Chat." Ní raibh mé ag súil le mórán ach nuair a bhrú mé ar sin fuair mé Leathanach Gaeilge de short éigin ach ní raibh ann ach an nasc "Coróinvíreas." Is anseo atá an chuid i nGaeilge faoin gCOVID-19 agus suimiúil go leor tá chuid de an-shuas-chun-dáta. Tá aon leathanach déag le nascanna chuig leathanaigh le mion eolais i nGaeilge (cuid acu chuig na leathnaigh i mBéarla).

Cnaipe?
Is léir go bhfuil neart oibre déanta ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ar seo ach cén fáth nach bhfuil sé ráite acu? Tá an bolscaireacht go léir nach mór i mBéarla uatha. Cén fáth nach bhfuil cnaipe naisc mór nó beag ar an bpríomh leathanach leis an bhfocal "Gaeilge" ar chun cabhrú le Pobal na Gaeilge? Ni nach íonadh nach mbíonn mórán ag breathnú ar foinse i nGaeilge nuair nach ndeirtear linn go bhfuil siad ann. Tá lán cead ag an Fheidhmeannacht an cnaipe ar chlé a aimsiú ar a suíomh gan aon chostas!

Níor éirigh liom cóip den leabhair a bhí á lorg agam a aimsiú áfach - seans go bhfuil sé ann ach ... lean mé orm ag bleachaireacht! 

I measc na leathanaigh Bhéarla d'aimsigh me "COVID-19 resources and translations." Níor smaoinigh mé ar "translations" a lorg aistigh go leor ach chonaic me ag bun an leathannach baile i mBéarla é. Is ansin atá an-chuid den eolas a bhí uaim le fáil ach tá na nascanna i mBéarla mar: "Information leaflet about the COVID-19 vaccine (Pfizer/BioNTech, Comirnaty) Irish (PDF, 430 KB, 12 pages)" agus "What can you expect after your COVID-19 vaccine (Pzizer/BioNTech, Comirnaty) Irish (PDF, 210 KB, 2 pages)"*

Is cosúil go bhfuil leabhráin agus billeoga don tri vacsaíní le fáil sa teanga náisiúnta ach ní mór duit beagáinín Béarla agus meon bhleachtaire a bheith agat chun iad a aimsiú!

Seo na leabhráin:
Pfizer.BioNTech, Comirnaty: - Leabhrán;   - Billeog
Moderna; - Leabhrán: - Billeog
AstraZeneca: - Leabhrán;  - Billeog
Tá eolas faoin Vacsaín Jansson le fáil ann chomh maith ach ní cosúil go bhfuil leagan Gaeilge le fáil (go fóill?). Tá roinnt stuif le fáil i dteangacha eile chomh maith. 

Tá sé deacair a thuiscint an meoin atá ag an bhFeidhmeannacht an méid oibre atá deanta acu (agus atá á dhéanamh acu) i nGaeilge a choimead i bhfolach. Nach bhfuil an baol sláinte céanna ar Pobal na Gaeilge & na Gaeltachta.

*Is cuimhin liom go raibh fadhb mar sin agam nuair a bhí mé ag lorg ceadúnas tiomána 2015.


Share/Save/Bookmark

8.4.21

"Tiomanta!" Freagra ón Aire Chambers!

Re: Cinnteacht i mBille na dTeangacha Oifigiúla 2019

Scríobh mé litir ar líne chuig an Aire Stáit Ghaeltachta, Jack Chambers T.D. ar an 26 Eanáir 2021.

Jack Chambers T.D.
Príomh-Aoire an Rialtais
Aire Stáit na Gaeltachta & an Spóirt
Is mar seo a scríobh mé: 
"Tá mise ag iarraidh gnó a dhéanamh leis an stáit ó 1966 i leth agus is ró mhinic a theipeann ar na Ranna nó Comhluchtaí Stáit seirbhís ceart a thabhairt dom sa Teanga Náisiúnta. I ndairíre bhí sé beagáinín níos éasca duine le Gaeilge a fhail sna seascaidí ach is baolach tá cursaí i bhfad níos measa anois go mór mór ó cuireadh deireadh le riachtanas sa dhá teanga oifigiúil sa stáit sheirbhís sna seachtóidí.
 
"Bhí mé ag breathnu ar an díospóireacht den gCoiste Gaeilge Gaeltacht & Pobal Labhartha na Gaeilge ar an Aoine seo caite (22/1/2021) agus chuir se an díomá orm nach raibh an Aire Stáit, Jack Chambers sásta a admháil go bhfuil rian den “méar-fhadachas” san Bille nua. Tá an iomarca “a luath agus is féidir” trén bille go mór mór nuair a bhaineann sé le fostú daoine le Gaeilge sa Stáit Seirbhís agus ag cinntiú go mbeadh seirbhís ina dTeanga féin sna cheantair Ghaeltachta.

"Tá cónaí agamsa sa Gaeltacht le breis is 20 bliain agus ní féidir liom na seirbhísí is simpli, ceadúnas tiomána, seirbhísí sláinte nó leasa sóisialta agus eile gan mórán trioblóid a chuir orm féin. Níl dóchas ar bith agam go mbeadh feabhas ar bith ar chúrsaí de bharr an Bhille lochtach seo." 

Lean mé liom ag meabhrú dó an stair a bhí ag muintir na Gaeltachta ó 1928 ar aghaidh is iad ag lorg seirbhís i nGaeilge ón stáit mar a léríodh ag Seán Ó Cuirreáin sa bhliain 2013 beagáinín sula ndearna sé an cinneadh "gan leanúint orm agus, ar an bhealach sin, a bheith páirteach sa chur i gcéill!"

Fuair mé r-phoist ar an bpointe óna Rúnaí ar son an tUasal (sic) Jack Chambers TD, Aire Stait do Spóirt agus an Ghaeltacht, ag rá go raibh mo theachtaireacht faighte acu ar  Is minic a fuair mé a leitheid de fhreagra ó airí no rannaí stáit agus mar a déarfadh an seanachaí fadó "things rested so!" 

Ach dúsaigh rudaí! Ar maidin inniú fuair mé freagra, agus freagra sínithe ag an Aire féin - mar Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit na Gaeltachta agus an Spóirt. Thug mé faoi deara go raibh an Ghaeltacht luaite ar dtús anois acu!

Seo mar a scríobh sé:

Tag: - Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019

Eoin, a chara,

Táim ag scríobh chugat maidir le do chomhfhreagras thuas dár dáta 26 Eanáir 2021.

Mar is eol duit, cuireadh tús le Céim an Choiste do Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019 ar an Aoine 22 Eanáir 2021. Is é príomhchuspóir an Bhille ná Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a leasú ionas go mbeifear in ann feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí phoiblí trí Ghaeilge agus líon na gcainteoirí Gaeilge a earcaítear sa tseirbhís phoiblí a mheadú. Tá an Rialtas tiomanta na spriocanna seo a bhaint amach.

Tá mé ag tabhairt aghaidh ar seo trí mo leasú fhéin a chur chun chinn ar an mBille le moladh go mbeidh 20% d’earcaigh nua do chomhlachtaí poiblí inniúil sa Ghaeilge tráth nach ndéanaí ná 2030.

Anuas ar sin, ceadaíonn an Bille Coiste Comhairleach reachtúil um Sheirbhísí Gaeilge a bhunú d’fhonn soláthar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge a mhéadú agus a fheabhsú. Bunófar an Coiste Comhairleach tráth nach ndéanaí ná sé mhí tar éis an Bhille a bheith achtaithe. Leagtar amach feidhmeanna an Choiste Chomhairligh sa Bhille, lena n-áirítear Plean Náisiúnta a fhoilsiú ar mhaithe le soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a mhéadú. Beidh an Plean Náisiúnta ullmhaithe agus curtha faoi bhráid an Aire tráth nach ndéanaí ná dhá bhliain tar éis a bhunaithe.

Mar atá sonraithe sa Bhille, agus iad ag cur an Phlean Náisiúnta i dtoll a chéile, beidh an Coiste Comhairleach ag tabhairt airde ar na seirbhísí a sholáthraíonn comhlachtaí poiblí trí mheán na Gaeilge a mhéadú, ag féachaint go háirithe do sheirbhísí a sholáthraíonn comhlachtaí poiblí i Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, i mBailte Seirbhíse Gaeltachta agus i Líonraí Gaeilge. Anuas ar sin, tá dualgais ar na comhlachtaí poiblí cheana féin faoin bPríomh-Acht agus beidh tuilleadh dualgais acu faoin mBille seo, má achtaítear é. Beidh an tAire in ann rialacháin a fhorodú ionas go mbeidh na mionsonraí a bhaineann leis seo clúdaithe sna caighdeáin.

Chomh maith leis seo, beidh cumhachtaí breise ag an gCoimisinéir Teanga. Bheinn ag súil go gcloífidh na comhlachtaí poiblí leis na forálacha seo agus go ndéanfaidh siad é ar mhaithe leis an custaiméirí a bhfuil Gaeilge acu. Tá i gceist againn cur leo sin tríd leasú a thabharfaidh cumhacht don Coimisinéir Teanga faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh aon achtacháin a bhaineann le stádas nó úsáid teanga oifigiúla ag comhlachtaí poiblí. Is dul chun cinn mhór a bheidh anseo d’Oifig an Choimisinéara.

Tá mé ag iarraidh go mbeidh an Bille seo achtaithe chomh luath agus is féidir, le go mbeidh muid in ann tús a chur leis an obair thábhachtach faoi na caighdeáin, le go mbeidh muid in ann an Coiste Comhairleach a bhunú agus an Phlean Náisiúnta a fháil dréachtaithe.

Le gach dea-ghuí,


 




Jack Chambers T.D. 

Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit na Gaeltachta agus an Spóirt


Agus mé ag breathnú ar an fhreagra seo is níl ach trí rud dearfach le tógaint as nó b'fhéidir dhá rud...nó b'fhéidir rud amháin..

1. 20% d’earcaigh nua do chomhlachtaí poiblí inniúil sa Ghaeilge tráth nach ndéanaí ná 2030. (agus mé á léamh tugaim faoi dearadh gur "moladh" atá le bheith ann!). Má iníochtar ar earcaíocht sa Stáit Sheirbhís go rialta (Tuairisc gach bhliain ag rá "Earcaíodh XX daoine nua ach d'fhág XX ). An dtarlódh sé sin?

2. Coiste Comhairleach reachtúil um Sheirbhísí Gaeilge a bhunú. (Coiste eile????)
Coistí agus Páipéirí - freagra gach cheiste. Féach ar tuairiscí gach coiste eile - páipéirí bán agus páipéirí breaca! Nach bhfuil neart gníomhartha molta arís agus arís eile i gcomhaid ar seilfeanna agus cófraí gach rannog rialtais. Tá na focail go deas ach gníomh?

3. Cumhachtaí breise ag an gCoimisinéir Teanga. 
Is fada ó thuigeamar go raibh gá le méadú chumhachta na hoifige seo. Deireann an tAire go mbeidh sé "ag súil" go gclaoífeadh na comhluchtaí poiblí le na forálacha.... Mar a dúirt an fear eile "God bless his innocence!"

Tá sé deachair gan aontú le focal in alt i dTuairisc.ie le deanaí "Tá siad ag plé tábhacht na Gaeilge agus an Bhille Teanga nua sa Dáil faoi láthair - ‘Just like the time before, and the time before that,’ mar a deir Bob Dylan." 
 
Cé gur maith liom gur thóg an tAire Chambers am le scríobh chugam is baolach go bhfuil an soiniciúlacht go doimhin ionam tar éis níos mó ná cúig mbliain is caoga ag iarraidh plé le Rialtas na hÉireann i mo shaol pearsanta sa Teanga Náisiúnta. 

Tá na focail ón Aire go deas. Deireann sé go bhfuil an Rialtas "tiomanta" agus dairíre. Nach raibh gach rialtas tiománta agus dairíre faoin dteanga? Is baolach go mbaineann an fhadhb leis an "rialtas seasta." Nach bhfuil sé seo aitheanta ag ár nUachtarán féin ""...tá fadhb chulturtha éigin ag cur srian ar an gcóras, agus ar oifigigh shinsearacha sa chóras, an ceannaireacht a mbeadh muid ag súil léi a thaispeáint..." Ní mór déileáil leis an fhadhb sin agus ní fheicim rud ar bith sna díospóireachtaí san Oireachtas a thugann, nó b'fhéidir a admhaíonn sin.

D'admhaigh an Rialtas go raibh géarchéim sláinte ann bliain ó shin agus rinne an Rialtas gníomh ina leith. Tá géarchéim sa Ghaeltacht! An admhaíonn an Rialtas é sin fiú?

• Is fiú chomh maith an píosa seo i dtuairisc.ie a léamh: ‘Tá eagla orthu glacadh leis an fhírinne faoi ghéarchéim na Gaeltachta’ (9/4/2021) agus an píosa seo as NÓS: 'Ba cheart cosaint speisialta a thabhairt don fhocal "Gaeltacht!"' (9/4/2021)

Share/Save/Bookmark

5.4.21

Bua scoile ach teip chórais!

Bhí clár ar Raidío na Gaeltachta inniú faoin agóid ar son Scoil Dhún Chaoin a chuir ar bhoithre na smaointe mé. 

Is de bharr chinneadh Rialtas Fhianna Fáil dúnadh an Scoil sna seachóidí. Is cuimhin liom bheith páirteach i gcuid de na h-agóidí ag an am. Bhí máirseáil ón Scoil go Baile Átha Cliath agus bhí lucht na Gaeilge ar fud na tíre ar buile ach ní raibh Fianna Fáil sásta bogadh ar an gceist. Dúirt Fine Gael go rabhadar sásta í a choimead ar oscailt. 

Is mar gheall ar sin a rinne me rud éigin nach ndearna mé roimhe (nó ó shin). Caith mé mo vóta sa bhliain 1973 ar son Fine Gael!

Richard Burke TD
Rinneadar mar a ghealladar agus d'fhogair an tAire Oideachais, Richard Burke, go gcoimeadfaí Scoil Dhún Chaoin ar oscailt. Bua? 

Cinnte bua don scoil agus do pháistí Dhún Chaoin. Ach ní raibh an scoil ath-oscailte go hoifigiúil nuair a bhuail an Rialtas céanna buile tubaisteach a chuir deireadh le féidearthacht an stáit seirbhís ceart a thabhairt do phobal na Gaeilge agus do phobal Gaeltachta. Rinne Aire Airgeadais an Rialtais sin, Richie Ryan TD, socrú i mí na Samhna 1974 nach mbeadh eolas ar an nGaeilge ina riachtanas feasta do státseirbhísigh.  Mhínigh sé don Dáil go raibh an Rialtas “lánmhuiníneach go músclóidh na hathruithe seo, a chuireann spreagadh in áit éigeantais, dea-mhéin bhreise don Ghaeilge agus go gcuideoidh siad le leathnú na teanga laistigh agus lasmuigh den státseirbhís trí atmaisféar níos fabhraí a chothú di….”

Richie Ryan TD
Cé gur féidir gur le dea-mhéin a mhaígh an tAire Ó Riain an méid sin nach é ceacht na staire go raibh bunús iomlán fabhtach leis. Ó shin i leith, brúdh an teanga an oiread sin go leataobh gur cuma ann nó as di i bhfeidhmiú an-chuid Ranna Rialtais agus gníomhaireachtaí stáit. Teip iomlán mar pholasaí a bhí ann dúirt Seán Ó Cuirreáin, Coimisinéir Teanga sa bhliain 2013. “Déanann an Stát infheistíocht mhór i múineadh na Gaeilge agus cuireann sé de dhualgas ar dhaltaí scoile na tíre staidéar a dhéanamh ar na teangacha oifigiúla, ar aon dul leis an gcleachtas i dtíortha eile. Ach, os a choinne sin, teipeann ar an Stát úsáid na Gaeilge a éascú dóibh siúd atá tar éis í a shealbhú. Tá lúb ar lár suntasach sa chur chuige seo,” 

I bhfocail ár Uachtaráin, Micheál D. Ó hUigin, "...tá fadhb chulturtha éigin ag cur srian ar an gcóras, agus ar oifigigh shinsearacha sa chóras, an ceannaireacht a mbeadh muid ag súil léi a thaispeáint"  Nach féidir a rá gur cuidigh agus gur chúthaigh cinne an Rianaigh leis an bhfadhb chulturtha sin?

Is cosúil anois nach bhfuil páirtí ar bith sa Stáit seo - pairtí ar bith - atá sásta gníomh suntasach a dheanamh ar son na teanga. Chomh luath agus a théann siad i gcumhacht deineann siad dearmad uirthí. 

An féidir linn polaiteoir ar bith i bpairtí ar bith atá sásta labhairt sa Teanga Náisiúnta ár ábhar seachas an Teanga féin, le linn díospóireachta i dteach ar bith den Oireachtas! Agus má táid sásta an féidir a rá go gcabhraínn lucht An Oireachtais leo?

An féidir le Tithe an Oireachtais cuidiú le labhairt na Gaeilge sna díospóireachtaí?


Share/Save/Bookmark

17.10.20

Deireadh le támáilteacht agus méarfhadachas?

Baineadh ardú €17.6m amach sa cháinaisnéis don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. 

Cinnte ba ardú an-suntasach don Ghaeltacht é a bhí ann. Cé go bhfuil sé go maith go bhfuil tús curtha le ciorruithe ar Fhoras na Gaeilge ó 2008 a aisiompú, tá obair mhór fós le déanamh leis an sprioc i leith maoiniú an Fhorais,  maoiniú, láidriú agus daonlathú an Údaráis, agus do na tionscadail aontaithe sa phlean infheistíochta, a bhaint amach. 

Is fiú a rá chomh maith gur baineadh €8m amach don Údarás agus €1.9m amach do TG4 mar airgead aon-uaire i mbliana chomh maith. Ta an-mholadh ag dul do gach duine páirteach sna fheachtais éagsúil, go háirithe iad siúd páirteach i SEAS an Chonartha agus/nó a rinne teagmháil lena polaiteoirí ó 2016, leis an airgead seo a bhaint amach. Agus cé go bhfuil buíochas ag dul do na hAirí, na polaiteoirí agus do na daoine sna húdaráis a rinne gníomh ar son ár n-éileamh chomh maith ní an ach tús - go fiú tús mall!

Dúirt Cathaoirleach ar an gCoiste Gaeltachta & Gaeilge an Oireachtais, Aengus Ó Snodaigh,   gur caitheadh “go dona leis an nGaeilge agus an Ghaeltacht trí chéile” i gcomparáid le réimsí eile." (Tuairisc.ie 14/10/2020)  Tá sé deacair easaontú leis go mór mór nuair a deintear comparáid leis an méid atá á infheistiú ag Rialtas na hÉireann sna ceantair Ghaeltachta agus an teanga sa Bhuiséad seo leis an méid a bhí roinnte leo roimh 2008.

Deireadh ré?
Dúirt an céad Coimisinéir Teanga sular éirigh sé as 2014 go raibh gach cosúlacht go raibh "an teanga á ruaigeadh ar leataobh go leanúnach chuig imeall na sochaí, agus áirím anseo cuid mhaith den riarachán poiblí?"  (Fochoiste Oireachtais faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 23/1/2014)

Bhí alt son Irish Times i 2015 (Mapping the State 21/11/2015 i mBéarla) eile ina dúradh "Even though (Arts, Heritage and the Gaeltacht) is really important in terms of national profile, in terms of funding, the drop since the recession might suggest that is not as important as other aspects.”

Bhuil an dearcadh sin athraithe? 

Fós ar an imeall?
Tá fáilte roimh an tús seo agus tá súil again gur tús atá ann agus nach mbeadh gá ag lucht na Gaeilge a rá go deo arís mar a dúirt Seosamh Mac Donnchadh tráth: “Níl againn ach fo-rannóg ag plé le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta – fo-rannóg de roinn atá mór agus ilghnéitheach...Agus tá an fho-rannóg sin lonnaithe i bhfad ó lár na cumhachta (thiar sna Forbacha i gConamara); tá siad ag bun an tslabhra cumhachta inmheánaigh laistigh dá Roinn féin; agus tá an mháthair-Roinn atá acu ag bun an tslabhra cumhachta lena mbaineann na Ranna Stáit i gcoitinne, rud a fhágann gur deacair di mórthionchar a imirt ar cheapadh polasaí ná ar fheidhmiú polasaí na Rann eile sin a bhfuil ról lárnach acu i bhfeidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge...”

Sílim nach bhfuil ann ach deireadh leis an dtús.  An chúis dóchais é go dtógfar caisleán mór dár bhféiniúlacht ar an mbunús seo agus go bhfuil deireadh leis an támáilteacht agus an méarfhadachas?

Moill, moilliú nó stopadh? Torthaí thaighde an Choimisinéara ar pholasaí Rialtas i leith na Gaeilge. (3/9/2013)


Share/Save/Bookmark