Cén teanga? |
Tá an ceart sin luaite ar shuíomh an Coimisinéara Teanga:
- "Ceadaíonn an Bunreacht don duine gach gnó – agus gach cuid dá ghnó – a dhéanamh leis an stát trí Ghaeilge agus trí Ghaeilge amháin. Ciallaíonn an ceart bunreachtúil go bhfuil, dá réir sin, dualgais ar chomhlachtaí poiblí na tíre géilleadh don cheart sin."
- Content is not available in the English language for this section of Judgments.
- Content is not available in the English language for this section of Judgments. Click on this link to return to the previous page.
- Níl ábhar ar fáil sa Bhéarla don rannóg seo de na Breithiúnais. Cliceáil ar an nasc seo chun filleadh ar an leathanach roimhe seo.
Tá Gaeilge ag an Rialts, deireann said go bhfuil said “lán dairíre” faoi cheist na teangan. Tá Gaeilge ag an-chuid de na brethimh, tá abhchóidí le neart Gaeilge acu. Deirtear linn nár cheart aon abhchóide a bheith ann gan Gaeilge, deineann said scrúdú i nGaeilge sula ndéantaer ina nabhchóide iad! Agus ar ndóigh sí an Ghaeilge teanga bunúsach dlíthúil na Bunreachta.
Mar sin cén fáth ar thóg an fear Gaeiltachta seo, fear gur ball den pháirtí atá in ainm is a bheith níos mó ar son na Gaeilge ná aon pháirtí eile, cén fáth ar thóg sé an cás seo as Béarla?
Dúradh linn ar an preas ráiteas atá le fáil ar shuíomh Sinn Féin (arís i mBéarla amháin!) gur bua don daonlathas atá ann anseo. Ach is cosúiul nach bhfuil áit do theanga an-chuid dá chuid vótálaithe i nDún na nGall Thiar Theas.
Ní dóigh liom go bhfuil Gaeilge líofa ag Caoimhghín Ó Caoláin. B'fhéidir go bfhuil breall orm
ReplyDeleteNí bheadh a fhios agat an bhfuil liosta ann dos na polaiteoirí le Gaeilge líofa nó an féidir teacht ar an eolas sin go héasca.
'cén fáth ar thóg an fear Gaeiltachta seo, fear gur ball den pháirtí atá in ainm is a bheith níos mó ar son na Gaeilge ná aon pháirtí eile, cén fáth ar thóg sé an cás seo as Béarla?'
ReplyDeleteCeist mhaith!
Creidim go bhfuil Gaeilge líofa ag Caoimhín Ó Caoláin ach má chreideann éinne go bhfuil Sinn Féin mar pháirtí, faoi cheannas Gerry Adams agus Martin McGuinness, ar an pháirtí is mó ar shon na Gaeilge, tá breall orthu. Is cinnte gur ar son Sinn Féin amháin atá Sinn Féin....
ReplyDelete