14.8.15

Ní fiú dlí chearta teanga gan é a chomhlíonadh!

"Is féidir coimhlintí contúirteacha a sheachaint trí aitheantas a thabhairt do chearta teanga agus d’fhéiniúlacht chultúrtha," dar leis an iar-Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin. (tuairisc.ie 13/8/2015).

Tá a ráiteas le fáil ar thuairisc ar shuíomh gréasáin (Béarla) na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (OSCE). Ní ag trácht ar chás na hÉireann a bhí an tIar-Choimisinéir ach ar cheist na gcearta teanga go hidirnáisiúnta. Foilsíodh an alt féin beagnach seacht lá ó shin ar suiómh OSCE é. Tá tagairt ann don obair atá ar siúl sa stáit nua, an Cosáibh, i gcúrsaí teanga agus páirt Sheáin Uí Chuirreáin ann.

Eagraíodh seimineár dhá lá (Béarla) i mí Iúl i bpoblacht na Cosáibhe ar chúrsaí cearta teanga ina raibh an Cuirreáineach páirteach.

Nach fiú an méid a deireann Darko Dimitrijević, Cathaoirleachh Coiste san OSCE ag deireadh an ailt?

“If institutions in Kosovo want to respect communities and treat them as equal then they should also respect their linguistic rights. The focus should not be on how good the Law on the Use of Languages is but how well is it being implemented to protect the rights of all.

Nach bhfuil sé sin fíor, mutatis mutandis, in Éirinn leis?

Suíomh Choimisinéara Teanga na Cosáive. (Béarla - & leaganacha in Albánais, Seirbís, Boisnis, Tuircis)
Cumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga. (Béarla agus teangacha eile)



Share/Save/Bookmark

4.8.15

Cearta Teanga: Fís don Todhchaí!

Ba mhaith liomsa súil a chaitheamh ar cén chaoi a bhfuil Stát an lae inniu, Stát a d’eascair as eachtraí agus íobairtí 1916, ag tabhairt seirbhíse do lucht labhartha na Gaeilge.

Bhailigh mór uaisle na tíre le chéile ag cruinnithe éagsúla ag an deireadh seachtaine ag comóradh shocraide Dhiarmada Uí Dhonabháin Rosa. Leag Uachtarán na hÉireann blathfhleasc ar a uaigh i nGlas Naíon, nochtaíodh leach dó ar an droichead thar na Life a ainmníodh ina dhiaidh sna 20í agus bhí roinnt cruinnithe chuimhneacháin eile san Ard Chathair agus in áiteacha eile, Ros Ó gCairbre, a áit dhúchais san áireamh.

I gConamara tá baint nach mór leis an ocáid mar is ansin a chum an Piarsach a oráid cháiliúl spreagúil a thug sé ag uaigh an Shean-Fhinín i 1915. D'fhag sé Ros Muc ar an lá deireannach de mí Iúl leis an oráid ina phóca aige ar an dtraen ón dTeach Dóite go Gaillimh agus ansin soir go Baile Átha Cliath. B'shin an uair deireannach a bhí sé linn i gConamara.

Rónán Ó Domhnaill ag Ros Muc
(Pic:Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie)
Cinneadh ar chomóradh a dhéanamh ar seo ar an lá céanna agus mar sin eagraíodh Scoil Samhraidh an Phiarsaigh ar an lá céanna cead bliain ó shin. I measc na haoianna ann bhí an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill agus thug sé caint uaidh ag an scoil. Is dócha go raibh focail a réamhtheachtaí, Seán Ó Cuirreáin sa bhliain 2014 i gcluasa cuid den lucht éisteachta, gur "...le croí trom a thabharfas pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta aghaidh ar chomóradh 100 bliain Éirí Amach na Cásca, faoi cheann dhá bhliain eile, mura bhfuil inár dteanga náisiúnta ach teanga shiombalach agus, seachas í a bheith ina croíchuid dár gcultúr agus dár n-oidhreacht bheo, go mbeadh sí brúite ar leataobh, fágtha ar an imeall agus in áit na leathphingine i saol an náisiúin seo."

Seo mar a labhair an Coimisinéar Teanga reatha, tá an oráid le fáil i bhfoirm pdf ar shuíomh an Choimisinéara.

Cearta Teanga: Fís don Todhchaí.

A chairde,
Tá an-áthas orm a bheith anseo in bhur measc inniu ag ócáid chomh taitneamhach leis an scoil samhraidh seo a thugann aitheantas agus onóir do Phádraig Mac Piarais, ceann de mhórlaochra na tíre seo.

De réir mar atá an comóradh ar Éirí Amach na Cásca ag teannadh linn is cinnte go mbeifear ag díriú níos mó agus níos mó airde ar na heachtraí a tharla ag tús an chéid – eachtraí a thug, in imeacht ama, breith don náisiún nua. Is maith ann go ndéanfaí an comóradh is dual a dhéanamh agus ag an am céanna go scrúdófaí cá seasann cúrsaí anois. Gan dabht cuirfear an cheist go minic ar baineadh amach na mianta a bhí ag ceannairí na linne sin, agus caithfear súil ghéar i dtreo staid na Gaeilge. Níl sé i gceist agamsa labhairt libh inniu faoi chúrsaí staire, tá daoine i bhfad níos oilte ná mé a bheadh in ann labhairt libh le húdarás ar an ábhar sin agus go deimhin a labhair libh inniu faoin ábhar céanna.

Is eol dúinn, agus tá tagairt déanta ag na cainteoirí a chuaigh romham dó seo, go raibh dlúthbhaint ag an bPiarsach le gluaiseacht athbheochana na Gaeilge ag tús an chéid seo caite. Sa bpíosa cainte seo ba mhaith liomsa súil a chaitheamh ar cén chaoi a bhfuil Stát an lae inniu, Stát a d’eascair as eachtraí agus íobairtí 1916, ag tabhairt seirbhíse do lucht labhartha na Gaeilge.

An Staid Reatha
Bíonn uaireanta ann, go háirithe nuair nach maith linn an iomarca scrúdú a dhéanamh ar ábhar, go ndeir muid gur “ceist chasta í sin”. Bhuel, ná bíodh aon amhras orainn ach gur ceist chasta í ceist na Gaeilge! Má tá sí casta féin tá na fíricí lom, de réir an daonáirimh dheireanaigh níl ach beagán faoi bhun 80,000 duine a labhraíonn Gaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais; ní mór an lear daoine é sin. Den 80,000 sin is beagán faoi bhun 30,000 díobh atá lonnaithe sna ceantair oifigiúla Ghaeltachta. In ainneoin go bhfuil 1.7 milliún de dhaonra na tíre a deir go bhfuil Gaeilge acu, nó ar a laghad ar bith roinnt Gaeilge acu, níl ann ach an beagán a úsáideann go laethúil í.

Maidir le staid na Gaeilge sa Ghaeltacht, táthar ag cloisteáil de shíor an cúlú atá ag teacht ar úsáid na Gaeilge i measc an aosa óig go háirithe. De réir taighde a foilsíodh níos luaithe i mbliana deirtear gur fearr an cumas atá ag gasúir óga sa Bhéarla ná mar atá acu sa Ghaeilge i gceantair láidre Ghaeltachta. Ar bhealach ní shílim gur chuir sé sin aon iontas mór ar dhaoine. Ní hé nach raibh Gaeilge ag an aoisghrúpa a bhí i gceist agus go cinnte Gaeilge mhaith acu ach mar sin féin is fearr a bhí siad in ann iad féin a chur in iúl i mBéarla. Tá iliomad cúiseanna gur mar sin atá, go háirithe agus muid ag maireachtáil i ré na teicneolaíochta ina bhfuil saol an duine óig timpeallaithe ag an mBéarla. Má fheictear gurb é an Béarla an eochair do dhul chun cinn sa saol, an gciallaíonn sé sin nach bhfuil aon spás ná luach ar an nGaeilge? Nuair a léirítear drochmheas oifigiúil ar an teanga treisítear an pointe sin. Tá roinnt daoine den tuairim go bhfuil an pictiúr atáthar a chur os ár gcomhair ródhuairc agus ródhorcha. Cé gur féidir linn a bheith ag díospóireacht faoi sin is deacair an méid a chloiseann muid lenár gcluasa féin a bhréagnú.

Ó bhunú an Stáit ba tríd an gcóras oideachais is mó a rinneadh iarracht athbheochan a dhéanamh ar an nGaeilge. Is tríd an gcóras oideachais a fuair an chuid is mó den 1.7 milliún duine sa tír seo an méid Gaeilge atá acu. Ach fágtar go minic gurb í Gaeilge na gcúpla focal í a foghlaimíodh mar ábhar scoile, a fuair meirgeach agus a d’imigh ó mhaith ceal úsáide. Cé go léiríonn go leor pobalbhreitheanna, fiú ceann a rinne Millward Brown do Chonradh na Gaeilge níos luaithe i mbliana, go bhfuil bá agus gean ag pobal na tíre don teanga tá sí plúchta ag teanga mhealltach chumhachtach an Bhéarla. Cén luach mar sin atá ar an nGaeilge i sochaí an lae inniu? An féidir linn a rá go fírinneach gurb í an Ghaeilge ár dteanga náisiúnta agus céadteanga oifigiúil na tíre? Is i mBunreacht na hÉireann a bronnadh an stádas sin ar an teanga ach cuirim an cheist an gcaitear leis an nGaeilge mar a bheifí ag súil go gcaithfí le teanga náisiúnta agus céard leis go díreach a bhfuil muid ag súil ón Stát nuair a deirtear go gcaithfear níos mó a dhéanamh le tacú leis an nGaeilge.

Tabharfar le fios duit luath go maith go bhfuil infheistíocht shuntasach á dhéanamh cheana féin ag an Stát ó thaobh na Gaeilge de. Déarfar leat go ndéantar é sin tríd an gcóras oideachais, na meáin chumarsáide – lena mbaineann RnaG, TG4 agus Tuairisc.ie – Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus na heagraíochtaí uile a gcuirtear maoiniú ar fáil dóibh agus go deimhin m’Oifig féin. Céard go díreach mar sin a theastaíonn uainn ón Stát? An ceist í sin ar féidir linn í a fhreagairt go hiomlán agus go soiléir? An é an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge an freagra, agus más é an bhfuil muinín againn as nó an eol dúinn céard atáthar ag iarraidh a bhaint amach agus cén chaoi a bhfuil sé beartaithe an méid sin a bhaint amach?

Ceannaireacht agus Comhionannas
"De réir an eolais is deireanaí ar shuíomh gréasáin Thithe an Oireachtais foilsíodh 52 Acht i mBéarla le linn na bliana 2013 agus tá 34 acu sin ar fáil i nGaeilge chomh maith, le linn 2014 foilsíodh 44 Acht i mBéarla agus tá 12 acu sin ar fáil i nGaeilge agus go dtí seo i mbliana foilsíodh 22 Acht i mBéarla agus tá 2 acu sin ar fáil i nGaeilge."
Ó thaobh an Stáit creidim gur chóir a bheith ag feidhmiú de réir dhá phrionsabal, is iad sin Ceannaireacht agus Comhionannas. Is éard atá i gceist agam leis sin ná nach féidir leis an Stát níos mó daoine a chur ag labhairt na Gaeilge mura dteastaíonn uathu an teanga a labhairt. Mura bhfeiceann daoine go bhfuil luach ar an teanga beidh siad in ann a n-intinn féin a dhéanamh suas maidir lena fiúntas. I mo thuairimse caithfidh an Stát mar sin ceannaireacht a léiriú ó thaobh a cuid polasaithe, bídís sin i réimse an oideachais, sláinte, gnóthaí óige nó aon chuid eile den saol poiblí. Ní féidir leis an nGaeilge a bheith fágtha i mbosca léi féin sa gcoirnéal nach n-osclaítear ach anois agus arís. Caithfear freisin ceannaireacht a léiriú ó thaobh úsáid na Gaeilge de. Ní chóir go mbreathnófaí air mar rud as an ngnáth nuair a labhraítear an Ghaeilge i bparlaimint na tíre ar ábhair eile seachas nuair a bhíonn cúrsaí Gaeilge faoi chaibidil. Go cinnte, níl Gaeilge ar a dtoil ag chuile Theachta Dála ná ag chuile Sheanadóir atá san Oireachtas ach níor chóir gur aon bhac a bheadh ansin d’úsáid na Gaeilge nuair atá na háiseanna cearta curtha ar fáil. Ach i láthair na huaire, mar shampla, tá cheithre sheomra coistí i dTithe an Oireachtais ach is i seomra amháin acu sin atá fáil ar áiseanna ateangaireachta comhuainí. Fágtar mar sin go gcaitear socruithe a dhéanamh nuair atá an Ghaeilge le húsáid ag seisiúin de chuid choistí an Oireachtas in áit é a bheith nádúrach go bhféadfaí an teanga a úsáid gan chonstaic.

Sampla eile b’fhéidir den ísliú stádais oifigiúil a tugadh don teanga ná leasú a rinneadh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla a d’fhág nár ghá Achtanna den Oireachtas a fhoilsiú go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla a thuilleadh. Is féidir anois an leagan leictreonach a fhoilsiú i mBéarla ar dtús agus ag tráth níos deireanaí an leagan Gaeilge a fhoilsiú nuair a bhíonn na hAchtanna foilsithe i bhfoirm chrua. Dá thoradh sin tá bearna le feiceáil cheana féin ó thaobh teacht a bheith ar an leagan Gaeilge d’Achtanna an Oireachtais. B’fhéidir go ndéarfadh daoine nach é foilsiú an leagain Gaeilge de reachtaíocht an chuid is tábhachtaí de chearta teanga, agus b’fhéidir go bhfuil an ceart acu, ach ar bhealach eile b’fhéidir go dtugann sé teachtaireacht maidir leis an tábhacht nó easpa stádais atá ag an teanga náisiúnta mura féidir Achtanna an Oireachtais a fhoilsiú sa dá theanga oifigiúla ag an am céanna. De réir an eolais is deireanaí ar shuíomh gréasáin Thithe an Oireachtais foilsíodh 52 Acht i mBéarla le linn na bliana 2013 agus tá 34 acu sin ar fáil i nGaeilge chomh maith, le linn 2014 foilsíodh 44 Acht i mBéarla agus tá 12 acu sin ar fáil i nGaeilge agus go dtí seo i mbliana foilsíodh 22 Acht i mBéarla agus tá 2 acu sin ar fáil i nGaeilge. De réir na reachtaíochta níl aon dualgas go bhfoilseofaí Bille de chuid an Oireachtais sa dá theanga cé go bhfuil an riachtanas sin i ndlínsí eile.

Mar aon le ceannaireacht a léiriú caithfear comhionannas a chruthú idir an dá theanga oifigiúla ionas gur léir go bhfuil luach ar an teanga agus gur féidir í a úsáid go héasca. Roimh theacht Acht na dTeangacha Oifigiúla bhí muid ag brath cuid mhaith ar dhea-thoil an státchórais i leith na Gaeilge, an fhealsúnacht a deir ‘tá an Ghaeilge tábhachtach agus déanfaidh muid a oiread agus is féidir linn chun í a chur chun’. Tá sé sin go breá má leantar leis ach ar nós gach rud eile le himeacht ama tagann athrú ar thosaíochtaí agus nuair a thagann an crú ar an tairne ní hé an dea-thoil amháin ar cheart a bheith ag brath air. Bhí sé mar chuspóir le teacht Acht na dTeangacha Oifigiúla go leagfaí síos le dlí na seirbhísí a mbeadh dualgas ar eagraíochtaí stáit iad a chur ar fáil trí Ghaeilge. Chomh maith leis sin, bhunaigh sé Oifig ina bhféadfadh daoine gearáin a dhéanamh má bhí siad den tuairim go raibh a gcearta teanga á séanadh orthu ag eagraíochtaí stáit.

Dul chun chinn ach bearnaí móra.
Creidim go bhfuil dul chun cinn déanta ó thaobh na Gaeilge de thoradh an Achta. Ní féidir a shéanadh ach go bhfuil an Ghaeilge níos feiceálaí anois ná mar a bhí sí riamh roimhe seo i bhfoirgnimh Rialtais, a bhuíochas sin ar an dualgas a bhaineann le comharthaíocht, stáiseanóireacht agus fógairtí taifeadta béil. Tá an Státchóras níos feasaí ar chúrsaí cearta teanga ná mar a bhí sé roimhe seo. Is lú an seans anois go bhfreagrófar litir i nGaeilge trí Bhéarla, ní shin le rá nach dtarlaíonn sé fós ó am go chéile, ach is eisceacht é sin anois seachas gnáthimeacht.

An méid sin ráite tá bearnaí móra fós ag baint leis an mbealach a bhfreastalaíonn an Stát ar lucht labhartha na Gaeilge. Is deacair fós do dhaoine muinín a bheith acu go mbeidh duine le Gaeilge mhaith rompu nuair a théann siad i dteagmháil le heagraíocht stáit. Má tá an duine sách muiníneach agus gur cás leo a ndóthain é lorgóidh siad a gcuid cearta. Ar ndóigh, dhéanfainnse an pointe más ceart é níor chóir go mbeadh ort é lorg. Tá bóthar fada amach romhainn sula mbeidh muid ag leanúint shampla Cheanada, áit a dtairgtear rogha seirbhíse duit i gceachtar den dá theanga oifigiúla.

Ról na Reachtaíochta Teanga
Mar is eol do chuid mhaith agaibh is i mí Márta na bliana seo caite a ceapadh mé mar an dara Coimisinéir Teanga. Ní raibh aon dallamullóg orm agus mé ag tabhairt faoin gcúram seo. Ag leibhéal pearsanta ba mhór an onóir a bheith ceaptha mar Choimisinéir Teanga ach ag an am céanna bhí ceisteanna dlisteanacha ardaithe faoi chur chuige an Stáit i leith na Gaeilge. Bhí an cás déanta go láidir go raibh an córas polaitiúil agus an státchóras ag loic ar a gcuid dualgas i leith na teanga. Bhí daoine tar éis a míshástacht a léiriú ar na sráideanna. Den chéad uair le blianta fada bhí cúrsaí cearta teanga curtha i lár an aonaigh arís. Bheinn den tuairim gur bhain an mhíshástacht agus go deimhin an fhearg a bhí ar dhaoine ní hamháin leis an mbealach a raibh na húdaráis oifigiúla ag caitheamh leis an nGaeilge ach freisin an mothú seo go raibh muid mar phobal teanga i sáinn. Ón am sin tá an bhagairt a bhí ann ar neamhspleáchas Oifig an Choimisinéara Teanga curtha go leataobh ach tá muid go fóill ag fanacht le leasuithe a neartódh Acht na dTeangacha Oifigiúla agus dá réir na cearta teanga atá againn mar shaoránaigh na tíre seo.

"...is dlúthchuid dár gcéannacht é ár n-ainm agus níor chóir go dtógfadh aon duine nó eagraíocht orthu féin é a ghalldú."
Tá sé feicthe againn le mí anuas an t-olc a bhí ar dhaoine nuair a fuair siad an cód poist nua ó Eircode. Daoine ag fáil litreacha lena n-ainm agus sloinne i mBéarla nuair nár úsáid siad riamh ach an leagan Gaeilge agus míchruinneas de réir cosúlachta ag baint le seoltaí agus logainmneacha Gaeilge agus Gaeltachta. Thabharfadh sé le fios duit gur deacair leis an Stát déileáil le pobail agus le daoine aonair in aon teanga ach amháin i dteanga oifigiúil agus réamhshocraithe an Bhéarla. Níl sé i gceist agam a oiread sin eile a rá ar an ábhar seo de bhrí go bhfuil an cás á fhiosrú againn faoi láthair ach ba mhaith liom an méid seo a rá, is dlúthchuid dár gcéannacht é ár n-ainm agus níor chóir go dtógfadh aon duine nó eagraíocht orthu féin é a ghalldú.

Scéimeanna Teanga
Ar bhonn níos ginearálta, tá na dualgais teanga a leagtar ag eagraíochtaí stáit le dlí ag brath cuid mhaith ar an méid a bhíonn aontaithe acu i scéimeanna teanga. Is éard atá i gceist le scéim teanga ná plean ina n-aontaíonn an eagraíocht stáit le hAire na Gaeltachta na seirbhísí a chuirfear ar fáil trí Ghaeilge. Is tréimhse trí bliana a bhíonn luaite le gach scéim, is é sin caitear an plean a chur i bhfeidhm thar an tréimhse sin, ach fanann gach a mbíonn geallta i bhfeidhm nó go n-aontaítear scéim nua. An tuairim atá taobh thiar de seo ná faoi mar a bhíonn eagraíocht ag aontú níos mó scéimeanna go gcuirfear leis an réimse seirbhísí a bheas ar fáil i nGaeilge. Níl aon locht ar an teoiric agus é bunaithe ar mhúnla a bhí in úsáid sa Bhreatain Bheag. De bhrí go bhfuil stádas reachtúil ag scéim teanga tá sé mar láidreacht leis go gcaitear scéim a chur i bhfeidhm nuair a bhíonn sí daingnithe. Ní scéimeanna roghnacha iad seo agus titeann sé ar m’Oifigse a chinntiú go gcuirtear gach a mbíonn aontaithe i scéim i bhfeidhm.

Tar éis 10 mbliana d’fheidhmiú an chórais seo creidim nach bhfuil ag éirí le córas na scéimeanna teanga na bunchuspóirí a bhí ann dó a bhaint amach. Ceann de na deacrachtaí is mó a bhaineann le córas na scéimeanna teanga ná gur féidir gealltanas a thabhairt go gcuirfear seirbhís áirithe ar fáil i nGaeilge ach go ndéantar é sin ar bhealach go mbíonn coinníoll nó teorainn ag baint leis. Sampla maith de seo ná an tríú scéim teanga a d’aontaigh an Roinn Comhshaoil sa bhliain 2013 ar a raibh 13 ghealltanas coinníollach ar dóthain acmhainní a bheith ar fáil. Sa scéim teanga is deireanaí a d’aontaigh an Roinn Coimirce Sóisialaí níos túisce i mbliana tugtar le fios go ndéanfar gach iarracht an leibhéal seirbhíse trí Ghaeilge ag na hoifigí agus ar an teileafón a choinneáil ar bun ach go mbeidh sé sin ag brath ar pholasaí earcaíochta an rialtais agus an t-airgead riachtanach a bheith ar fáil. Sa scéim chéanna tugtar le fios go bhfuil an Roinn faoi cheangal ag socruithe a ndearnadh comhaontú lárnach fúthu maidir le daoine a aistriú. Is é an chiall atá le baint as seo ná go bhféadfadh socruithe eile a aontaíodh ag an leibhéal náisiúnta teacht salach nó tionchar a imirt ar chumas na heagraíochta cloí le dualgais reachtúla teanga. Tarlaíonn sé sin ar ndóigh mar is minic nach gcuirtear cúinsí teanga san áireamh agus na comhaontuithe náisiúnta seo á ndéanamh. Tagann sé seo uile ar ais chuig an bpointe a rinne mé níos túisce go gcaithfear ceannaireacht a léiriú ag an leibhéal náisiúnta don teanga agus í a bheith áirithe i ngach gné de pholasaithe an Stáit.

D’fhéadfainn liosta fada eile a thabhairt de dheacrachtaí a bhaineann le scéimeanna teanga, an mhoill a bhaineann lena n-aontú, a laghad a bhíonn aontaithe i gcinn áirithe, an easpa comóntachta a bhíonn idir scéimeanna éagsúla agus an chaoi nach bhfuil scéim teanga go fóill ag eagraíochtaí tábhachtacha ar nós Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus an Post. Le cothrom na Féinne a thabhairt, caithfidh mé a admháil freisin go bhfuil roinnt scéimeanna teanga ann ina mbíonn iarracht dháiríre á déanamh cur le raon agus caighdeán na seirbhísí a chuirtear ar fáil i nGaeilge agus go mbíonn fiúntas dá réir ag baint leo.

Creidim gurb é an croílocht atá ar chóras na scéimeanna teanga nár gur conradh atá ann bunaithe ar idirbheartaíocht idir an comhlacht stáit agus an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Feictear domsa go bhfágann sin na máimh uile i lámha na heagraíochta stáit. Más mian leis an eagraíocht stáit é, is féidir leo cosa a chur i dtaca agus a rá ‘siod é an méid atá muid sásta a thairiscint – tóg é nó fág é”. Faoi réir na reachtaíochta is féidir leis an Aire a thuairisciú do Thithe an Oireachtais gur theip air teacht ar shocrú le heagraíocht stáit ach níor tharla sé sin le deich mbliana anuas.

Tá bealach i bhfad níos simplí agus níos éifeachtaí ann, dar liom, ar féidir tabhairt faoi seo agus is é sin go roinntear eagraíochtaí stáit i ngrúpaí, bunaithe ar an leibhéal teagmhála a bhíonn acu leis an bpobal. Ina dhiaidh sin ba chóir go mbunófaí córas caighdeán. Is éard atá i gceist agam leis sin ná go leagfaí síos caighdeáin seirbhíse teanga a chaithfeadh eagraíochtaí stáit a bhaint amach taobh istigh d’achar socraithe ama. De réir an méid teagmhála a bhíonn ag an eagraíocht stáit leis an bpobal, go háirithe lucht labhartha na Gaeilge, is ea is mó seirbhísí a chaithfí ar chur ar fáil trí Ghaeilge.

In ionad a bheith ag iarraidh teacht ar réiteach le heagraíochtaí stáit ina gceann is ina gceann maidir le céard atá siad sásta a thairiscint, leis an gcóras seo leagfaí síos céard iad na caighdeáin seirbhíse Gaeilge a chaithfí a chur ar fáil, mar cheart. Go cinnte, is athrú ó bhonn é seo ar an gcóras atá ann faoi láthair agus beidh cur ina choinne, ach creidim go mbeadh toradh i bhfad níos fearr le feiceáil dá bharr. Is é an toradh ba mhaith liomsa a fheiceáil ná go mbeadh saoránach de chuid na tíre seo, arb í an Ghaeilge a rogha teanga, in ann a chuid gnó a dhéanamh go héasca agus go héifeachtach leis an Stát. Creidim gur féidir an méid sin a bhaint amach ach caithfear an bhunsraith a leagan ar dtús. An chuid is tábhachtaí de sin ná go mbeadh dóthain daoine le Gaeilge mhaith fostaithe sa chóras stáit, go háirithe sna seirbhísí sin is mó a bhíonn ag teastáil ón bpobal.

Pobal na Gaeltachta
"...an bhfuiltear ag iarraidh ar na pobail Ghaeltachta níos mó a dhéanamh ó thaobh na Gaeilge de ná mar atá an Stát féin sásta a dhéanamh?"
Inniu tá an scoil samhraidh seo á tionól i gceartlár na Gaeltachta, an áit ar thug an Piarsach cuairt air blianta fada ó shin agus san áit ar thóg sé teach, siar an bóthar ón scoil náisiúnta seo. Is i bpobail ar nós phobal Ros Muc atá an Ghaeilge fós beo mar theanga labhartha laethúil. Is i bpobail ar nós an phobail seo, fud fad na Gaeltachta, atáthar ag tabhairt faoin bpróiseas pleanála teanga, léiriú má theastaigh sin go bhfuil labhairt na Gaeilge faoi bhrú fiú sna ceantair is láidre Ghaeltachta. Ón léamh atá agamsa ar an bpróiseas pleanála teanga, agus níl aon bhaint díreach agam leis, feictear dom go bhfuil an t-ualach á leagan go trom ar na pobail áitiúla agus cheisteoinn an bhfuil an córas stáit sásta a chuid féin den ualach a iompar. B’fhéidir gur cirte dom a fhiafraí an bhfuiltear ag iarraidh ar na pobail Ghaeltachta níos mó a dhéanamh ó thaobh na Gaeilge de ná mar atá an Stát féin sásta a dhéanamh?

Nuair a thosaigh mise sa ról seo chuir sé beagán iontais orm nuair a fuair mé amach gur beag atá ráite san Acht maidir leis an nGaeltacht. Nuair a thosaigh an Roinn Oideachais ag cur brú ar scoil Ghaeltachta glacadh le múinteoir ó phainéal earcaíochta, beag beann ar chúrsaí teanga, is faoin Acht Oideachais agus ní faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla a bhí muid in ann gníomhú. I gcás na nGardaí nuair nach raibh Gaeilge ach ag Garda amháin as naonúr i stáisiún an Bhuna Bhig is faoi Acht an Gharda Síochána, 2005 is mó a bhí muid in ann tarraingt air leis an méid sin a chur ina cheart. Léiríonn an dá shampla sin mura mbeadh tada eile ann gur gá an tAcht a neartú ó thaobh cearta teanga sa Ghaeltacht. Caithfear, dar liom, foráil shoiléir a leagan síos a chinntíonn go gcaithfidh Gaeilge ar a dtoil a bheith ag aon oibrithe stáit a bhíonn lonnaithe nó ag cur seirbhísí ar fáil sna pobail Ghaeltachta. Chuideodh dualgas soiléir reachtúil den chineál seo le cultúr a bhuanú sa Státchóras go gcaithfear aird faoi leith a thabhairt ar an mbealach a gcuirtear seirbhísí stáit ar fáil sna ceantair Ghaeltachta.

Is furasta a bheith soiniciúil faoi na cúrsaí seo agus tuigim go mbíonn údar maith leis go minic ach tá súil agam go mbainfidh na pobail Ghaeltachta úsáid as an tréimhse seo le scrúdú a dhéanamh ar cén sórt pobal teanga a bheas againn amach anseo. Tá súil agam freisin go n- éileoidh siad go gcaithfidh an Stát an cheannaireacht agus an comhionannas ar thagair mé dó níos túisce a léiriú agus go ndéanfar leis athréimniú ar ár dteanga náisiúnta, teanga na nGael.
Share/Save/Bookmark