17.5.12

Faoi uisce!

Comhfhreagras leis an Aire Chomhshaol, Pobal agus Rialtas Áitiúil

19 Aib 2012, @ 10:16, Scríobh Eoin Ó Riain:

A Aire,

Cén fáth go nglaoghtar "Irish Water" ar an eagraíocht Stáit nua le cáin uisce a bhailiú! Bhíodh nós le fada ainm Gaelach a thabhairt ar Eagraíocht Stáit ach tá se seo ag briseadh (Ní don chéad uair) an nós sin - Bórd na Móna, Coras Iompair Éireann, BIM, Iarnród Éireann, Bus Éireann, Bórd Gháis agus eile.

Beir bua

Eoin Ó Riain


Freagra!

Dáta: 17 Bealtaine, 2012.


Eoin Ó Riain.


RE: REP3987/PH/12

A chara,

Deanaim tagairt arís do d’ ríomhphost maidir le teideal an chomhluchta nua a bheidh os cionn cursaí uisce in Eirinn.

Cé go bhfuiltear ag úsáid “Irish Water” anois, níl ann ach teideal oibre.  Níl aon bheartas déanta go fóill ar ainm oifigiúil an chomhluchta. 

Míle buíochas as ucht seo a thabhairt chun aire.


Mise le meas,


________________
Eddie Kiernan,
Rúnaí Aire

Share/Save/Bookmark